chun an scéal a dheimhniú
to confirm the story
Ba léir ag an am gur beag cruthúnas a bhí ag an rialtas leis na líomhaintí seo, agus nuair a ceistíodh iad, tugadh dhá ghrianghraf do na meáin chumarsáide in éineacht le físeán ar dhrochchaighdeán
chun an scéal a dheimhniú.
moill a chur ar an dul chun cinn polaitiúil
to hold up political progress
**PM:** Cén fáth?
**ANO:** Le tríocha bliain anuas tá tionchar mailíseach ag an scata fear seo - 100 faoin chéad Protastúnach a bhfuil dlúthbhaint acu leis na Máisiúin - atá saor ó smacht, atá ina "fhórsa taobh istigh de fhórsa" a bhfuil líomhaintí seanbhunaithe agus forleathana curtha ina leith gur chuidigh siad le dúnmharaithe agus le coireanna eile, gur úsáid siad paramílitigh dhílseacha le hionsaithe a dhéanamh agus go ndearna siad a ndícheall
moill a chur ar an dul chun cinn polaitiúil.
an chumas chun rogha a dhéanamh
the ability to choose
Ní raibh daoine ábalta glacadh leis an fhíric scanrúil sin gur féidir leis an olcas a bheith mar chuid de nádúr gach duine, gur rugadh muid ar fad leis
an chumas chun rogha a dhéanamh.
chun an riaráiste oibre a ghlanadh
to clear the backlog
Struchtúr níos éifeachtaí a bheith bunaithe agus foireann bhreise a bheith earcaithe agus oilte
chun an riaráiste oibre a ghlanadh agus chun tionscadail nua a phleanáil agus a chur sa siúl.
chun dul i ngleic leis an bhfadhb seo
to tackle this problem
Eagraíonn an Comharchumann club óige, campa samhraidh agus scoláireachtaí chuig Gaeltachtaí eile mar iarracht
chun dul i ngleic leis an bhfadhb seo.
chun an tart a chosc
to quench thirst
Tá cuntas ann ar an streachailt a bhí le déanamh chun uisce a thabhairt chun na cathrach nua,
chun an tart a chosc, chomh maith (ar ndóigh) leis na tinte a mhúchadh a scaip go minic trí na foirgnimh adhmaid.
chun an aidhm seo a bhaint amach
to achieve this aim
Ach, faraor, tá cuid mhaith samplaí timpeall a léiríonn nach leor iomaíocht an mhargaidh
chun an aidhm seo a bhaint amach.
an dóigh chun tosaigh
the way forward
Tá mé ag déanamh
an dóigh chun tosaigh ná iad a mhealladh chomh maith is a thig linn.
nach bhféadfaí brath ar na grianghrafanna uilig a tógadh ar an lá chun an fhírinne a chruthú
that all the photos taken on that day couldn't be depended upon to prove the truth
Chruthaigh an taithí sin, dar leis,
nach bhféadfaí brath ar na grianghrafanna uilig a tógadh ar an lá chun an fhírinne a chruthú.
chun leasa an phobail
for the public good
Ach, níos measa ná sin, de bharr na gcúiseanna thuasluaite tá drogall ar scríbhneoirí, eagarthóirí agus foilsitheoirí tuairisciú a dhéanamh ar ábhar conspóideach, fiú nuair is léir a bhfiosruithe a bheith
chun leasa an phobail.
chun an baol ó Sellafield a mhaolú
to lessen the danger from Sellafield
Ach ní leor é
chun an baol ó Sellafield a mhaolú: tá monarchana eile ar an láthair chéanna atá chuile phioc chomh contúirteach léi, nó níos measa.
chun an páirtí a athbheochan
to revive the party
Nuair a toghadh ina cheannaire ar Fhine Gael é, i ndiaidh thoghchán na tubaiste 2002, mheas tráchtairí áirithe nach raibh an taithí ná na scileanna ag Enda Kenny
chun an páirtí a athbheochan.
chun an Cumann a ghríosadh
to spur the Society into action
*
Gluais • Glossary
beathaisnéis údaraitheauthorized biography
a dialanna pearsantapersonal diaries
páipéir phríobháideachaprivate papers
go dtí gur insealbhaíodh í ina hUachtaránuntil she was installed as President
dódh nó tréigeadh 1,800 teach1,800 houses were burnt or abandoned
lámhachshooting
rachtoutburst
acraí tíhousehold utensils
as go brách leooff they went
léiriúproduction
cheanncheathrúheadquarters
coistí cosanta áitiúlalocal defence committees
dírbheathaisnéisautobiography
gan strówithout difficulty
i dtaiscesaved
do lá na coise tinnefor a rainy day
bhí cúrsaí chomh dona sinthings were so bad
dá mba gháif it was necessary
leithleachasselfishness
scoilt aduainstrange split
chiap sé Máire ar fadit really tormented Máire
easpa suimelack of interest
tragóidítragedies
Cumann Naomh Uinseann de PólVincent de Paul Society
baill shinsearacha na heagraíochta sin cois Lifethe senior members of that society in Dublin
tuairisc suas lena bhéal dóa report up to his face
géarchéimcrisis
chun an Cumann a ghríosadhto spur the Society into action
saothar in aiscewaste of time
déistindisgust
ag cáineadhcriticising
ciúnaithe go mórgreatly quietened
línte síochánapeace lines
ruathair laethúladaily raids
polarúpolarization
girseacha ógayoung girls
nóibhéinenovena
cailín aonaira lone girl
ní ba ghaire don ghráscarnearer to the scuffle
le dul i gcabhair ar Catherineto go to Catherine's help
an cúigear a ruaigeadhto drive the five off
riochtstate
a cuid néarógher nerves
clocharconvent
ar an Iúrin Newry
tachrántoddler
eachtraincident
círéibriot
faoi lán seoilin full swing
ag glioscarnachglistening
bréan le boladh gáissmelling bad from gas
comhracfight
otharcharrambulance
formhór an bhealaighmost of the way
ag dul ar foscadhsheltering
ag sciorradhsliding
ag lámhacáncrawling
fras lámhaighvolley
babhlaíbowls
a gciarsúirtheir hankies
leachtliquid
cosaintprotection
bodhardeaf
bhí scolaíocht speisialta de dhíth airhe needed special schooling
ba ghnách leishe used to
d'fhaigheadh sé síob abhailehe used to get a lift home
stad an bhusthe bus stop
thuirling séhe disembarked
neamhurchóideachinnocent
bábántainnocent
ag cogarnaíl taobh thiar dewhispering behind him
trup na mbrógthe sound of the shoes
neamhchoireachinnocent
níor shamhlaighhe didn't imagine
an t-uafásthe horror
anfaterror
cortwist
dírithe ar a chloigeann lomaimed at his bare head
scáilshadow
scoilteadh a bhlaoschis skull was split open
scréachascreams
na hionsaitheoiríthe attackers
níos truacántamore plaintive
go prasquickly
ag maothú an chairpéidmoistening the carpet
Ba dhóbair dó bás a fháilHe nearly died
go raibh an t-ádh dearg airthat he was extremely lucky
ar mire le feargmad with rage
beaginmhehelplessness
cé a bhí ciontachwho was responsible
níor cúisíodh duine ar bith riamhnobody was ever charged
ciontach i ndúnmharúguilty of murder
go gairid i ndiaidh an ionsaitheshortly after the attack
ag maíomhstating
seanphionós na fuipethe old whip punishment
i gcás coirpeach a gheofaí ciontach i dtromionsaíin case of criminals found guilty of assault
peann a chur le párto put pen to paper
aiféalaregret
gur éiligh sí pionós corparthathat she demanded corporal punishment
ag teacht salach ar gach ar chreid sí riamh anngoing against everything she ever believed in
chun saol an oileáin a bhlaiseadh
to get a taste of island life
Is iad na rudaí céanna atá uathu siúd a thugann cuairt orainn inniu
chun saol an oileáin a bhlaiseadh.
leis an Ghaeilge a chur chun cinn
to promote Irish
Bhunaigh grúpa gníomhaithe teanga an chraobh seo sa bhliain 1983
leis an Ghaeilge a chur chun cinn i measc phobal Dhoire agus leis an ráchairt a bhí ann ag an am ar ranganna Gaeilge a shásamh.
chun an ceann is fearr a fháil
to get the better (of)
Ina dhiaidh sin, áfach, nílim cinnte go bhfuil an láidreacht agus an teacht i láthair atá riachtanach i bhfoireann Aontroma
chun an ceann is fearr a fháil ar fhoirne áirithe níos faide ó dheas agus Craobh na hÉireann a bhaint amach, cé go mba bhreá liom féin dá ndéanfadh.
chun an eachtra sin a chomóradh
to commemorate that event
Sa lá atá inniu ann, tá ionad oidhreachta i Ráth Maolain
chun an eachtra sin a chomóradh.
chun láthair an iriseora a aimsiú agus a ionsaí
to find and attack the location of the journalist
Baineadh roinnt de na fóin sin de na hiriseoirí ag tús an chogaidh toisc go raibh eagla ar arm Mheiriceá go bhféadfadh arm na hIaráice na comharthaí a bhí ag teacht uathu a úsáid
chun láthair an iriseora a aimsiú agus a ionsaí.
chun an táille a shaothrú
to earn the fare
Bhí rún aige dul go Ceanada le Kathleen agus phill sé go Learpholl
chun an táille a shaothrú.
chun an pobal a chosaint ar ghalair
to protect the public from diseases
Deir an ceardchumann, áfach, gur tugadh isteach an córas cigireachta ar ríomhaire
chun an pobal a chosaint ar ghalair ar nós BSE, agus chun "*traceability*"- an focal draíochta úd a bhíonn ar bharr a ghoib ag chuile cheannaitheoir ollmhargaidh - a chinntiú.
an Ghaeilge a chur chun cinn
to promote Irish
Níl mé ar an choiste níos mó, ach tá mé i dteagmháil leo fós mar is mian liom
an Ghaeilge a chur chun cinn sa tír seo.
chun an comórtas a bhuachaint
to win the competition
An freagra a fuair sé ná go raibh "éinín", sé sin buille faoi phar, ag teastáil
chun an comórtas a bhuachaint.
chun an taoide a chasadh
to turn the tide
An é seo spiorad an Chumainn Lúthchleas Gael? An é seo an fáth ar bunaíodh an CLG? Tá mórán le déanamh ag an Stiúrthóir nua
chun an taoide a chasadh agus stádas na hiomána a ardú i mBaile Átha Cliath.
chun an bua a bhaint amach
to achieve victory
Sa chéad áit gríostar imreoirí le dul thar fóir ina n-iarrachtaí
chun an bua a bhaint amach.
chun an t-ús ar iasachtaí na n-úinéirí nua a aisíoc
to repay the interest on the new owners' loans
Tá airgead mór déanta dá bharr, airgead a cuireadh ar leataobh
chun an t-ús ar iasachtaí na n-úinéirí nua a aisíoc.
chun leanúint leis an dea-obair
to continue the good work
Ach céard a tharlóidh d'Aontroim nuair éireoidh Ó Cathal as? An dtiocfaidh duine eile an bealach ar fad ó Chorcaigh nó Cill Chainnigh
chun leanúint leis an dea-obair? An bhfostóidh an CLG traenálaí aitheanta chun an obair sin a dhéanamh mar ba chóir? Ní fios.
an-dul chun cinn
great progress
Rinne mé
an-dul chun cinn sa teanga ag an am sin.
chun an teanga a chur chun cinn trí mheán na drámaíochta
to promote the language through drama
Tar éis an dráma a chur ar an stáitse, rinneamar scannán de agus bhunaíomar eagraíocht
chun an teanga a chur chun cinn trí mheán na drámaíochta.
an ceart chun dídine
the right to housing
I measc na mórcheisteanna atá á bplé ag an choiste seo, tá an cheist ar chóir
an ceart chun dídine ag duine a chur isteach sa Bhunreacht nó an leor reachtaíocht nua le dul i ngleic leis an fhadhb.
le meabhrú ar an bhealach chun cinn
to think about the way ahead
Bhí leathbhliain acu
le meabhrú ar an bhealach chun cinn - ná teipeadh orthu arís.
an-dul chun cinn
great progress
"Bheadh sé brónach na daltaí a scaipeadh ar na meánscoileanna Béarla, mar réitíonn siad go maith lena chéile sa bhunscoil agus tá
an-dul chun cinn déanta acu i ngach ábhar trí Mhanainnis," arsa Paul.
an Ghàidhlig a chur chun cinn
to promote Gaelic
"Ach, an dtuigeann tú, creidim go daingean go bhfuil dualgas orm
an Ghàidhlig a chur chun cinn.
chun an óige a mhealladh
to attract the young people
An uair sin ba leor an geansaí
chun an óige a mhealladh.
Chuaigh an scéal chun donais
things got worse
Chun donais
=======
Chuaigh an scéal chun donais ag deireadh na míosa.
an teanga a chaomhnú agus a chur chun cinn
to preserve and to promote the language
Chabhraigh an tseachtain leis an eagraíocht
an teanga a chaomhnú agus a chur chun cinn.
go maith chun deiridh ar an chuid eile
way behind the others
Ní raibh mórán ar an liosta, ach go dtí an lá inniu bhí Dónall
go maith chun deiridh ar an chuid eile.
mar thoradh ar an dul chun cinn sa gheilleagar
as a result of the economic progress
"
An dóigh leis gur cailleadh aon rud
mar thoradh ar an dul chun cinn sa gheilleagar; ar chailleamar aon rud mar shochaí leis an bhforbairt sin? "Ní tharlaíonn aon athruithe, fiú amháin athrú chun feabhais, gan ceataithe cinnte a bheith ag baint leis agus, cé go bhfuil caoi i bhfad níos fearr orainn anois, is laige anois, creidim, an tionchar ar iompar na ndaoine, meas na gcomharsan agus an mhoráltacht thraidisiúnta.
a réitigh an tslí chun an Tí Bháin dó
who cleared the way to the White House for him
Thug sé neamhaird ar chomhaontaithe sollúnta idirnáisiúnta ar nós Koyoto agus lean sé air go meidhreach ag cabhrú lena chuid cairde sna comhlachtaí ola
a réitigh an tslí chun an Tí Bháin dó.
agus chun an fhírinne a cheilt
and to hide the truth
Rinne rialtas an Partido Popular gach iarracht chun dallamullóg a chur ar phobal na Spáinne
agus chun an fhírinne a cheilt ar eagla go dtapódh an pobal an deis a míshásamh le tacaíocht láidir Aznar don chogadh san Iaráic a chur in iúl san olltoghchán.
chun an caitheamh a chaitheamh suas
to give up smoking
Le cothrom na Féinne a thabhairt do Bhalor bocht tá dua caite aige
chun an caitheamh a chaitheamh suas.
an dul chun cinn
the progress
Tá an teicneolaíocht a bhaineann leis na gléasanna seo á forbairt i gcónaí - teicneolaíocht atá ag brath ar
an dul chun cinn a déanadh in Éirinn thart ar 150 bliain ó shin.
chun an Ghaeilge a chur chun cinn
to promote the Irish language
uk))
Ócáid Éireannach/Bhreatnach a bhí i nochtadh leachta i bhFrongoch i Meitheamh 2002 (*Beo!, *eagrán 14), áit a raibh 1,863 Éireannach i ngéibheann tar éis Éirí Amach na Cásca i 1916 agus áit ar bunaíodh craobh de Chonradh na Gaeilge, Craobh na Sróine Deirge,
chun an Ghaeilge a chur chun cinn i measc na bpríosúnach.
chun an saol mór a chur ar an eolas
to inform the wider population
Ní bhíonn cead isteach ag iriseoirí chuig cruinnithe den choiste rúnda seo, agus ní eagraítear preasócáidí ina ndiaidh
chun an saol mór a chur ar an eolas faoin méid a thit amach iontu.
chun an fhírinne a nochtadh
to reveal the truth
In ainneoin na ndeacrachtaí agus na mblianta atá imithe, tá an HJC ag leanúint ar aghaidh leis an fheachtas
chun an fhírinne a nochtadh faoi Hillsborough agus ceart a fháil do na híospartaigh, idir bheo agus mharbh.
ag briseadh chun an bhaile
dying to go home
Ní raibh sí ar an chúrsa Gaeltachta ach an lá amháin nuair a bhí sí
ag briseadh chun an bhaile.
chun an mhaitheas a chur in iúl
to express his goodness
D'úsáid mé duilleog órga ar an gCríost
chun an mhaitheas a chur in iúl.
chun an luach is fearr a fháil
to get the best value for money
Ach tá difríochtaí suntasacha idir na ceamaraí digiteacha is saoire agus na cinn is daoire agus is gá an teicneolaíocht atá le fáil iontu a thuiscint
chun an luach is fearr a fháil.
chun an bonn a ghnóthú
to win the medal
Ach, dáiríre, is é an bua atá ag teastáil ó gach iomaitheoir agus go minic tá siad sásta rud ar bith a dhéanamh
chun an bonn a ghnóthú.
an-dul chun cinn
great progress
Is léir go ndearna Brian Cowan
an-dul chun cinn le linn a thréimhse sa Roinn Gnóthaí Eachtracha; éireoidh chomh maith céanna leis cibé áit a rachaidh sé agus tá comharba cumasach, Dermot Ahern, tagtha ina áit.
go maolfaidh an dul chun cinn
that the progress will lessen
Is iomaí uair a cuireadh síos do David Trimble gur rug sé an díombua as béal na bua go rómhinic agus tá an seans ann
go maolfaidh an dul chun cinn a rinneadh i gcaisleán Leeds cúpla seachtain ó shin.
chun taispeántas a eagrú ar an toirt
to organise an exhibition immediately
Bhí sé chomh tógtha sin leis an mhéid a chonaic sé gur chuir sé a chuid laethanta saoire ar ceal
chun taispeántas a eagrú ar an toirt.
an ceart chun marthana
right to life
Sa tréimhse roimh agus i ndiaidh bhás Terri Schiavo in Florida seans gur rith sé le go leor daoine go bhfuil tuiscint an-aisteach ar fad ag Críostaithe Poblachtánacha sna Stáit Aontaithe ar an choincheap sin “
an ceart chun marthana”.
Tá muid chun an fód a sheasamh
we're going to stand our ground
Cén fáth ar gá dúinne, na tomhaltóirí, íoc as na fiacha móra atá ar na comhlachtaí fóin toisc go ndearna siad botúin amaideacha fadó?!
A chairde Gael, tá an réabhlóid ag tosú anseo!
Tá muid chun an fód a sheasamh i gcoinne na nguthán siúil ainnis! Anois, fan nóiméad go seolfaidh mé teachtaireacht téacs chun an scéal a scaipeadh …
Is léiritheoir/stiúrthóir sa réimse eolaíochta agus oideachais é Diarmaid Mac Mathúna leis an gcomhlacht teilifíse Agtel ((www.
chun an scéal a scaipeadh
to spread the word
Cén fáth ar gá dúinne, na tomhaltóirí, íoc as na fiacha móra atá ar na comhlachtaí fóin toisc go ndearna siad botúin amaideacha fadó?!
A chairde Gael, tá an réabhlóid ag tosú anseo! Tá muid chun an fód a sheasamh i gcoinne na nguthán siúil ainnis! Anois, fan nóiméad go seolfaidh mé teachtaireacht téacs
chun an scéal a scaipeadh …
Is léiritheoir/stiúrthóir sa réimse eolaíochta agus oideachais é Diarmaid Mac Mathúna leis an gcomhlacht teilifíse Agtel ((www.
chun an aidhm sin a bhaint amach
to achieve that aim
Ní hionadh é go bhfuil muintir Chill Chainnigh chun cinn ar fhormhór na gcontaetha nuair a thuigeann tú go gcuireann siad an oiread sin béime ar mhúineadh agus ar chleachtadh na scileanna agus go bhfuil gach meán agus seift in úsáid acu
chun an aidhm sin a bhaint amach.
an dul chun cinn poblachtánach seo
this republican progress
Agus déanfar
an dul chun cinn poblachtánach seo gan na gunnaí agus an semtex.
leis an amhránaíocht a chur chun cinn
to promote singing
Tá an-mheas agam ar dhuine ar bith a dhéanfadh moltóireacht ag aon chomórtas - gan moltóirí ní bheadh aon chomórtas ann agus, mar a dúirt muid níos luaithe, ní gá gurb é an comórtas an bealach is fearr
leis an amhránaíocht a chur chun cinn ach, mar sin féin tá ról an-tábhachtach aige.
chun an teicneolaíocht a fhorbairt
to develop the technology
De réir cuid de na saineolaithe, beidh níos mó ama de dhíth (mar shampla go dtí 2015 nó 2020) díreach
chun an teicneolaíocht a fhorbairt as a dtiocfaidh carranna hidrigine a bheas éifeachtach go leor, slán go leor, agus saor go leor freisin.
leis an Ghaeilge ar chur chun cinn
to promote Irish
Tá ceannaire Fhine Gael, agus duine a d’fhéadfadh bheith ina Thaoiseach ar an tír lá éigin, ag moladh gurb é an tslí is fearr
leis an Ghaeilge ar chur chun cinn ná an rogha a thabhairt do dhaltaí scoile gan í a fhoghlaim! Bheadh sé beagáinín níos ciallmhaire dó a mholadh go dtabharfaí na deiseanna agus acmhainní nua-aimseartha cuí do scoileanna agus do mhúinteoirí le cur ar a gcumas múineadh na Gaeilge a dhéanamh éifeachtach agus taitneamhach.
chun an geilleagar áitiúil a chothú
to support the local economy
Theastaigh uainn go mbeadh na hoifigí bunaithe i gCúil Aodha,
chun an geilleagar áitiúil a chothú agus fostaíocht d’ardchaighdeán a chruthú do dhaoine go bhfuil spéis acu a gcuid ama gairmiúil a chaitheamh in atmaisféar atá dúshlánach agus Gaelach.
chun an geilleagar áitiúil a chothú
to support the local economy
Theastaigh uainn go mbeadh na hoifigí bunaithe i gCúil Aodha,
chun an geilleagar áitiúil a chothú agus fostaíocht d’ardchaighdeán a chruthú do dhaoine go bhfuil spéis acu a gcuid ama gairmiúil a chaitheamh in atmaisféar atá dúshlánach agus Gaelach.
chun an tí bhig
to the toilet
B’éigean dó an obair a chur uaidh in áit na mbonn agus rith
chun an tí bhig.
chun an sóiscéal a chraobhscaoileadh
to spread the word
Ach i dtaca le Gretzky de, in ainneoin an chultais a leanann de i Meiriceá Thuaidh agus i dtíortha tuaisceartacha na hEorpa ina n-imrítear haca oighir – agus, gan dabht, in ainneoin sheacht ndícheall Fhathaigh Bhéal Feirste, an fhoireann haca a imríonn in Airéine na hOdaisé,
chun an sóiscéal a chraobhscaoileadh in Éirinn – is é an fhírinne é nach sléachtann mórán deisceabal sa chuid eile den domhan go talamh roimh dhia mór an haca.
an Protastúnachas a chur chun cinn
to promote Protestantism
Sa lá atá inniu ann, tá tuairim is ar 30,000 ball gníomhach san Ord, iad ag déanamh a ndíchill ag iarraidh
an Protastúnachas a chur chun cinn agus clú glórmhar William of Orange a chosaint do dhream amháin; ach do dhream eile, is eagraíocht bhiogóideach, sheicteach, fhoréigneach í.
an-dul chun cinn
great progress
Níor labhair sé mórán i gceachtar teanga go dtí go raibh sé ocht mí dhéag ach ansin rinne sé
an-dul chun cinn.
chun go soilseofaí leas an phobail dó
for the public good to be revealed to him
Ní raibh le déanamh aige ach amharc
isteach ina chroí féinig
chun go soilseofaí leas an phobail dó.
ar bhealaí chun an teanga a fhoghlaim
on ways to learn the language
Chomh maith leis sin, ní raibh teacht go héasca ag daoine gan Ghaeilge
ar bhealaí chun an teanga a fhoghlaim.
chun an múnla is fearr a fhorbairt
to develop the best model
”
Tá an plean á chur i bhfeidhm cheana féin agus monatóireacht á déanamh air
chun an múnla is fearr a fhorbairt, agus féachaint cén dul chun cinn is féidir a dhéanamh.
chun an ruaig iomlán a chur ar Hezbollah
to totally drive Hezbollah out
Ina áit sin, thug sí le fios go bhfaigheadh Iosrael seachtain amháin eile
chun an ruaig iomlán a chur ar Hezbollah sula n-iarrfadh na Stáit Aontaithe go gcuirfí sos cogaidh ar bith i bhfeidhm.
ar bís leis an Ghaeilge a chur chun cinn
very keen to promote Irish
Ceann de na príomhrudaí a bheas le déanamh acu ná tacaíocht a chur ar fáil don iliomad eagraíochtaí agus grúpaí ar fud na tíre atá
ar bís leis an Ghaeilge a chur chun cinn, bíodh siad i saol an ghnó, i bpobail, i scoileanna nó in ionaid eile nach iad.
chun an córas a chosaint
to protect the system
Ní raibh sé ann
chun an córas a chosaint.
chun an córas a cheistiú
to question the system
Bhí sé ann
chun an córas a cheistiú, agus an córas a leagadh dá mb’fhéidir leis.
cén chaoi ar tháinig an smaoineamh seo chun cinn
how this idea emerged
Antaine Ó Faracháin: A Dhónail, inis dom i dtosach
cén chaoi ar tháinig an smaoineamh seo chun cinn.
an dul chun cinn náisiúnach ó thuaidh
the nationalist progress in the north
Mar sin, tá smacht ag Sinn Féin ar
an dul chun cinn náisiúnach ó thuaidh.
chun an tsíocháin a choimeád
to keep the peace
Ach le dhá ghlúin anuas, is de mhiotas nua Ceanadach nach ann d’arm Cheanada chun páirt a imirt i gcogaí ach
chun an tsíocháin a choimeád i dtíortha a mbíodh an chogaíocht iontu.
chun dul i dtaithí ar an ollscoil ann
to get used to the university there
AÓF: An bhfuil tú chun cuairt a thabhairt ar an áit roimh ré le socrú isteach ann?
TC: Beidh mé ag caitheamh coicíse ann i Meán Fómhair 2006 chun labhairt leis an Dochtúir Mick Maloney faoin obair a bheas romham ann agus
chun dul i dtaithí ar an ollscoil ann.
chun a chinntiú gur oibrigh an trealamh ar fad i gceart
to ensure that all the equipment worked properly
Bhí thart ar 300 duine ag obair do Sky Sports ag an K Club
chun a chinntiú gur oibrigh an trealamh ar fad i gceart agus go raibh siad in ann gach iarracht de chuid na n-imreoirí a leanúint.
chun an deis a thapú
to avail of the opportunity
Ar aon nós, d’fhreastail daoine ar chomórtas Chorn Ryder ina sluaite móra gach lá ó Mháirt go Domhnach agus is dóigh gurb é an fáth ba mhó ná
chun an deis a thapú le ceithre dhuine is fiche de na galfairí is cáiliúla ar domhan a fheiceáil i mbun imeartha.
an Ghaeilge a chur chun cinn ar bhonn traschultúrtha.
to promote Irish on a cross-cultural basis.
Le cois na leabhair seo a fhoilsiú, déanann sé féin iad a dhearadh agus canann sé amhráin idir na ceachtanna!
Ar bhord dhá eagraíocht
Le trí bliana déag anois, tá Risteard ar bhord Iontaobhas Ultach, an eagraíocht atá lonnaithe i mBéal Feirste a bhfuil sé mar sprioc aici
an Ghaeilge a chur chun cinn ar bhonn traschultúrtha.
an bhfuil sé chun a scíth a ligean
if he intends having a rest
”
Fiafraím de Risteard ag deireadh an agallaimh an bhfuil pleananna móra aige ó thaobh oibre de sa todhchaí nó
an bhfuil sé chun a scíth a ligean agus sult a bhaint as an saol.
chun an deacracht sin a shárú.
to overcome that difficulty.
Tuigim go mbeadh deacracht láithreach ar fud na tíre maidir le craobhchomórtais na gclub ach, arís, ba ghá samhlaíocht agus tionscnamh a úsáid
chun an deacracht sin a shárú.
chun freastal i gceart ar an ngnáthimreoir club.
to cater properly for the ordinary club player.
Tá gá cheana féin, agus cás na gclubanna mar atá sé, le polasaí nua
chun freastal i gceart ar an ngnáthimreoir club.
chun staidéar a dhéanamh ar an iriseoireacht.
to study journalism.
Agus an mheánscolaíocht curtha di aici chuaigh Justine níosfaide fós ó bhaile agus aghaidh tugtha aici ar Choláiste na Tráchtálai Rathmines i 1977
chun staidéar a dhéanamh ar an iriseoireacht.
go rachadh sé chun an phríosúin
that he'd go to prison
Bhí tábhairneoir amháin i nDún na nGall a gheall ar Raidió na Gaeltachta
go rachadh sé chun an phríosúin mar agóid i gcoinne an choisc ar an tobac; níor tharla sin de bharr gur thosaigh go leor daoine nár thaitin an t-aer brocach a bhíodh ann roimhe seo ag dul amach go dtí na tábhairní den chéad uair.
an dul chun cinn suntasach
the impressive progress
Nuair a thrácht mé ar an snagcheol agus ar
an dul chun cinn suntasach a bhí déanta ag snagcheoltóirí maidir le comhcheol, d'aontaigh sé liom.
chun eolas a fháil ar an eagraíocht
to learn about the organisation
Tháinig Dubhghlas de hÍde go Nua-Eabhrac in 1891
chun eolas a fháil ar an eagraíocht agus a ranganna agus bhí Cumann Carad na Gaeilge agus a ranganna cáiliúla mar eiseamláir aige in 1893 nuair a bhunaigh sé Conradh na Gaeilge in Éirinn.
chun an dorchadas a scaipeadh.
to drive away the darkness.
Bíonn babhtaí againn ar fad a bhíonn dorcha agus deacair agus is guí nó paidir an t-amhrán seo go mbeadh an mhaitheas agus an grá atá inár gcroí láidir go leor
chun an dorchadas a scaipeadh.
chun an tionscadal a reáchtáil
to run the scheme
De bhrí gur scéim phíolótach a bhí inti, d’úsáid muid í leis na bealaí is fearr
chun an tionscadal a reáchtáil a aimsiú.
ar chur chun cinn an spóirt
on the promotion of sport
Tá ciste níos lú ná sin ag an gComhairle Náisiúnta Spóirt freisin le caitheamh
ar chur chun cinn an spóirt agus ar scéimeanna áitiúla.
thapaigh mé an deis chun éalú ón mbaile
I seized the opportunity to escape from home
Mar is gnách san earnáil seo, tháinig brú ollmhór díreach roimh an mbriseadh lár téarma, agus na spriocdhátaí ag bagairt orthu! Mar sin, bhí mise lánsásta le teacht na Cásca, agus
thapaigh mé an deis chun éalú ón mbaile agus m’aghaidh a thabhairt ar thuaisceart an Oileáin Thuaidh.
chun an scéal a ríomh.
to recount the story.
George Morrison a bhí ina léiritheoir agus bhain sé úsáid fhorleathan as ábhar cartlainne
chun an scéal a ríomh.
chun dul ar an drabhlás,
to go drinking,
Is léir go bhfuil clú agus cáil dhomhanda ar ár dtír bheag féin mar áit iontach
chun dul ar an drabhlás, agus meastar gur féidir le hÉireannach ar bith na céadta pionta a ól! Tá a fhios agamsa go bhfuil níos mó ná sin i gceist le bheith i d’Éireannach.
chun an cineál seo mí-úsáide a sheachaint.
to avoid this type of misuse.
Cad ba chóir a dhéanamh? Ba cheart go mbeadh smacht níos doichte ar bharra fuinnimh (agus tacaíocht níos éirimiúla dóibh)
chun an cineál seo mí-úsáide a sheachaint.
ar an tslí chun caidreamh a chothú
about the way to maintain a relationship
Tá taithí ag Bob Corcoran
nach bhfuil ag mórán daoine, agus tuiscint faoi leith aige
ar an tslí chun caidreamh a chothú le deontóir nó le daonchara.
chun saol an phobail a bhisiú.
for the betterment of public life.
"Baineann an Gaeloideachas le comhoibriú idir daoine
chun saol an phobail a bhisiú.
an tionscadal seo a thabhairt chun críche.
to bring this project to fruition.
”
Measann an Dr Welch go bhfuil sé “suimiúil” gur beirt atá ag obair ó thuaidh a thóg an dualgas orthu féin
an tionscadal seo a thabhairt chun críche.
chun íoc as an truailliú.
to pay for polution.
As seo amach, is dócha go mbeidh níos mó cánach ar phraghas an aerthurais
chun íoc as an truailliú.
chun an ruaig a chur ar Al-Qaeda.
to drive out Al-Qaeda.
Scríobhas ráithe ó shin gurbh iad Barack Obama agus Hillary Clinton na príomhiarrthóirí don chéad toghchán eile, ach i ndíospóireacht phoiblí a reáchtáladh le déanaí, thug an tUasal Obama le fios gur mhithid ionruathar a dhéanamh ar an bPacastáin, in ainneoin thoil na tíre sin, dá mba ghá é
chun an ruaig a chur ar Al-Qaeda.
chun an tsochaí Éireannach a shainiú
to define Irish society
Ach ní leithscéal é sin; caithfear dul i mbun gnímh
chun an tsochaí Éireannach a shainiú as an nua.
chun an phluais cháiliúil a bhaint amach
to reach the famous cave
Bhí orainn rith síos an trá
chun an phluais cháiliúil a bhaint amach sula mbéarfadh an taoide orainn.