Pota Focal Intergaelic
Scríobh focal Gaeilge nó Béarla. Type a word in Irish or English.
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
ag cuartú leithscéil le cinedhíothú a dhéanamh looking for an excuse to commit genocide
" “Léigh mé alt le John Shepard, ollamh i St Martin’s College i Lancaster, agus bhí seisean ag déanamh staidéir ar an Hadith (ráitis na bhfáithe) agus an Córán agus an Bíobla agus rith sé leis dá mbeifeá ag cuartú leithscéil le cinedhíothú a dhéanamh, go raibh sé le fáil sna trí leabhar seo,” arsa Fisk.
cinedhíothú genocide
" Ní maith leis an Ollamh Elliott a admháil go raibh cinedhíothú ann.
cinedhíothaithe genocide
" 329 ollsliogán, ar an meán, caite isteach sa chathair gach lá idir 5 Aibreán 1992 agus 29 Feabhra 1996, ag “óglaigh” Arm na Seirbia agus iad i mbun cinedhíothaithe.
ó chinedhíothú na Naitsithe í féin who survived the Nazi genocide herself
" Sa deireadh lonnaíodh an bailiúchán i Músaem Belvedere i Vín, áit ar fhan sé go dtí gur chuir neacht leis na Bloch-Bauers, Maria Altmann (90), a tháinig slán ó chinedhíothú na Naitsithe í féin agus atá ina cónaí i Meiriceá ó shin, gur chuir sí tús le cás gan fasach sa Chúirt Uachtarach sna Stáit Aontaithe chun go dtabharfaí an bailiúchán ar ais do na hoidhrí dlisteanacha.
chinedhíothú genocide
" An bhfuil a leithéid de réimeas sách sibhialta le go mbronnfaí onóir den chineál seo air? **Darfur** Deis a bheas i gcluichí na bliana seo aird a tharraingt ar a laghad iarrachta atá déanta ag an tSín tionchar a imirt ar Rialtas na Súdáine – atá faoi cheangal eacnamaíoch aige, a bheag nó a mhór – faoin chinedhíothú atá ar siúl in Darfur.
cinedhíothú genocide
" **Seanbhratach Ruanda (ar chlé) agus bratach nua na tíre** De réir an leagain den scéal a nglactar leis go forleathan, rinne pobal na Bahutu cinedhíothú ar phobal na Batutsi i Ruanda sa bhliain 1994.
chinedhíothaithe genocide
" I Ruanda, bhí sé de chúram ar Ging 40,000 duine a dúnmharaíodh le linn an chinedhíothaithe ansin i 1994 a adhlacadh.
cinedhíothú ina leith accused him of genocide
" Ba chuma leo gur chuir na Náisiúin Aontaithe cinedhíothú ina leith.
chinedhíothú genocide
" Ba i Ruanda a rinneadh sléacht ar bhreis is 800,000 duine i 1994 le linn iarracht ar chinedhíothú a ndearna an domhan neamhiontas de go dtí go raibh sé ródhéanach.
chinedhíothaithe genocide
" Bhí sé ina bhall de mhóriarracht idirnáisiúnta a cuireadh le chéile faoi scáth na Náisiún Aontaithe chun déileáil leis na fadhbanna iomadúla a d’eascair as an líon mór teifeach a d’fhág Ruanda tar éis an chinedhíothaithe.
chinedhíothú genocide
" *’ Sin an fáth go bhfuil ceist an teanga a bhí ag na dídeanaithe a tháinig i dtír i Learpholl chomh tábhachtach, mar aibhsíonn sé an fhíric gurb iad dream dúchais na hÉireann a fuair bás sa tragóid seo, íobartaigh de chinedhíothú a bhí mar dhúnghaois ag Rialtas na Ríochta Aontaithe.
cinedhíothú genocide
" Rud amháin a rachaidh i gcion ar éinne a dhéanfaidh staidéar ar chás na Rohingya ná nach n-úsáidtear in aon chor an focal ‘cinedhíothú,’ cé gur deacair cur síos níos fearr a dhéanamh ar an ngéarleanúint atá á himirt ar na Rohingya.
Cinedhíothú ar gach taobh genocide everywhere
chinedhíothú na sclábhaíochta the slavery genocide
" Ceann de théamaí ‘Django Unchained’ ná an ‘Uileloscadh’ in éadan chine gorm Mheirceá, mar a thugann Tarantino ar chinedhíothú na sclábhaíochta.
ceist an chinedhíothaithe the matter of genocide
"ceist an chinedhíothaithe agus na coireanna cogaidh a leanann í sa nuacht arís.
den togra cinedhíothaithe of the génocide project
" Dúirt na húdaráis go mba fianaise thar a bheith tábhachtach iad na pictiúir sin den togra cinedhíothaithe a chuir na Naitsithe i gcrích agus, dá bhri sin, gur gné riachtanach d’oidhreacht chultúrtha an domhain i gcoitinne iad.
thréimhse mhillteanach an chinedhíothaithe terrible period of genocide
" Tá an leagan oifigiúil den scéal cloiste ag gach duine, ach san alt seo, tugann Maidhc Ó Cathail léargas eile dúinn mar gheall ar thréimhse mhillteanach an chinedhíothaithe sa tír sin.