Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
údar clamhsáin cause to complain
" Is annamh a bhíonn feilméaraí na hAstráile gan údar clamhsáin.
clamhsáin complaint
" Is cinnte go bhfágann siadsan pingin nó cent maith ina ndiaidh! Ní cúis náire nó clamhsáin é a bhfuil d'airgead tugtha ar ais ag an Rialtas don CLG - tá sin tuillte go maith ag an gCumann mar atá léirithe thuas, agus go mór mór de bharr na tacaíochta atá tugtha ag an gcumann do dhaoine agus do phobail ar fud na tíre ó bunaíodh é - tacaíocht phraiticiúil agus spreagúil don chosmhuintir a thugann le fios go bhfuil fiúntas leis an gcaitheamh aimsire dúchasach agus leis an gcultúr Gaelach agus nach gá dóibh aithris a dhéanamh ar éinne eile.
clamhsán complaining, fault-finding
" " "Ní dhéanfaidh an clamhsán maith ar bith duit nó tachtóidh Ruth í féin thú muna mbíonn sé ort," arsa Niall.
ábhar clamhsáin reason for complaining
" Go dtí le déanaí, ní raibh gearáin le cloisint ach faoi phraghas na nglaonna gutháin chuig an gcomhlacht a bhí ag soláthar an cheangail idirlín, agus cé go bhfuil na gearáin sin fós le cloisint (agus daoine ag éirí níos glóraí i gcónaí), tá ábhar clamhsáin nua ag úsáideoirí ríomhairí na laethanta seo: gur gá dóibh íoc as na bogearraí agus as na seirbhísí idirlín a bhíonn á n-úsáid acu.
ag clamhsán complaining
" Is minic a bhíonn daoine ag clamhsán faoi chomórtais den chineál seo, ag rá i gcás na hamhránaíochta go mbíonn tionchar diúltach acu ar stíl na bhfonnadóirí.
ag clamhsán complaining
" Ach in ionad áthas a bheith ar lucht na meán go bhfuil leasuithe breise á mbeartú tá ceardchumann na n-iriseoirí ag clamhsán mar gheall ar roinnt de na moltaí eile a chreidtear a dhéanfaidh an tAire iarracht a shleamhnú isteach sa bhille.
ag clamhsán complaining
" Is cosúil gur chuir sé in iúl do na himreoirí oíche amháin go raibh sé ag éirí as ach cúpla lá ina dhiaidh sin bhí sé ar ais arís tar éis do chúpla duine de na himreoirí dul chun cainte leis agus a intinn a athrú dhó! Is minic a bhíodh sé ar buile le himreoirí a bhí ag pleidhcíocht ar an bpáirc thraenála (nó ligeadh sé air féin go raibh) agus b'fhéidir go sínfeadh sé an fheadóg chuig an duine a bhí ag clamhsán nó a leithéid agus go ndéarfadh leis dul i gceannas ar an bhfoireann é féin feasta.
clamhsán complaining
" Cnáimhseáil, clamhsán agus gearán.
clamhsán complaining
"clamhsán dhá dhéanamh le fada faoi sholáthar uisce na Ceathrún Rua.
de shíor ag clamhsán forever complaining
" Tá sé de nós ag an lucht acadúil, agus aos léinn na Gaeilge go háirithe, a bheith de shíor ag clamhsán faoi chaighdeán na mac léinn agus a bheith ag caitheamh i ndiaidh na ré órga, nuair a bhí formhór na mac léinn, dar leo, ar fheabhas an tsaoil.
ag clamhsán go minic often complaining
" Ceapadh go mbeidís sásta triail a bhaint as toisc go mbíonn siad ag clamhsán go minic faoi laghad na gcluichí a bhíonn acu sa chraobhchomórtas gach bliain (ceann nó dhó gach bliain i gcoinne foirne láidre - an Clár agus Tiobraid Árann anuraidh, mar shampla).
clamhsán complaint
" leac oighirice liomóidlemon ag diúlsucking bodhairedeafness béasamanners gránnahorrible cumhachtpower mo leithéidsethe likes of me docharharm múrshower caiteover fás maithgood growth ag feadaílwhistling sáite amachstuck out stróeffort leidclue bodhraithedeafened gleonoise oibleagáideachtobligingness cothrom na Féinnefair play dúnárasachreticent cantalpetulance aisteachasqueerness, strangeness ar fheabhasexcellently a chur as a riochtto distort sádh amach an cloigeann údthat head was stuck out an iarraidh seothis time coiscéimstep filltefolded muinchillesleeve plaitbald patch burlaí bána gruaigewhite trusses of hair malaíbrows ag sméideadh a chloiginnnodding his head gach re soicindevery second second in ard a chinnas loud as he could ríforearm clúmhachdown (on face) smigchin dallamullóg a chur ormto hoodwink me nár thug mé neamhaird airthat I didn't ignore him ar feadh na síoraíochtafor an eternity bearnagap tuillteearned meangadhsmile clamhsáncomplaint luaigh séhe mentioned bréanfoul tá fíorbhrón ormI'm really sorry múiscnausea slisínslice chinn mé arI decided a chur díomto give up tioncharinfluence á tochasbeing scratched go gontaconcisely eachtra gadaíochtatheft incident trealamh lofarotten equipment ag geonaílwhimpering croitheadh uafásachterrible shaking samhlaighimagine a scáthhis shadow leata chomh móropen so wide macallaecho boinnsoles ag coisíochtpacing ag comhaireamh na gcoiscéimeannacounting the steps óltachdrunk dheasaighadjusted mo bhaithisthe top of my head luasc siarrocked backwards sálaheels glanbhearrthaclean-shaven olldoirdbasses bhreac mé na sonraí cuíI wrote down the appropriate details ceann dúbáiltea double bhain searradh asam féinI stretched myself shéid séhe blew á spreagadhencouraging him á thionlacanaccompanying him clingireachttinkling cantaireachtchanting grágaílcroaking, braying dalltavery drunk ag éalúescaping go séimhgently a chonúisyou useless person an oiread fuadair faoi teitheadhtrying to flee so quickly bailigh leat mar singet lost then mallachtaícurses líomhaintíallegations mhaslaigh éI insulted him barántas gabhálaarrest warrant ionchúiseamh poiblípublic prosecution cillíncell luaithreadáinashtrays stóltastools go ngéillfeadh sé gach rud domuntil he would surrender everything to me pleotafool sciotaíl searbhasachsarcastic tittering uirlisíinstruments píopaí lonrachashining pipes tiubhthick tanaíthin boghabow sreangáinstrings béicílyelling búireachroaring leis an imeacht thar fóir seofor this going overboard bródpride uabhararrogance i mbarr mo réimeat my peak a admháilto admit ní raibh neart agam airI couldn't help it iomrascálaíwrestler togha a
ag clamhsán go géar complaining bitterly
" Bhí siad ag clamhsán go géar faoi na ceadúnais mhianadóireachta agus faoin gcaimiléireacht a bhain leo.
údar eile clamhsáin another cause for complaint
" I nDeireadh Fómhair, bhí údar eile clamhsáin acu nuair a dúnmharaíodh duine de na mianadóirí agus ligeadh saor an tábhairneoir a rinne an dúnmharú.
ag clamhsán complaining
" An chéad bhliain sin, bhí go leor daoine ag clamhsán faoin bhfoireann pheile, go mór mór toisc nár roghnaíodh Mícheál Ó Conaill agus Mícheál Ó Duibhir as Ciarraí.
clamhsán complaint
" Nuair a cuireadh tús le feilméaracht sa stát sin ag tús an naoú céad déag, rinneadh clamhsán go raibh siad ag marú caorach agus ainmhithe eile.
chlamhsáin complaints
" Ba ghnách le leithéidí Ted Kennedy agus Peter King an chluas bhodhar a thabhairt do chlamhsáin na Breataine ach ba bhuille mór don ghluaiseacht phoblachtánach é a gcinneadh gan castáil le Gerry Adams aimsir na Féile Pádraig i mbliana.
clamhsáin complaints
" Ach nuair a cuireadh deireadh le Purgóid i gcomhthéacs na peile, cuireadh deireadh leis i gcomhthéacs na hiomána freisin – gan é a bheith triailte fiú amháin! Chuir sin lucht iomána le báiní ar fad agus thosaigh tuilleadh clamhsáin agus gearáin.
ag clamhsán complaining
" Tá cuid de na saothraithe fíniúna ag clamhsán go bhfuil an tóin tite as an margadh dá gcuid fíonchaor agus nach mbeidh brabach ar bith le déanamh acu i mbliana.
ag clamhsán complaining
" Bhí na meáin eile ar buile, ag clamhsán faoi “iriseoireacht an tseicleabhair”, rud a bhíonn ar siúl acu féin nuair a fheileann sé.
ag clamhsán complaining
" Arsa aeróstach de chuid aerlíne idirnáisiúnta liom agus mé ag eitilt idir an tSionainn agus Nua-Eabhrac le déanaí, agus é ag clamhsán faoi bhogás na foirne slándála in Aerfort na Sionainne, "Ní thuigeann Éireannaigh in aon chor.
ag clamhsán complaining
" Bhuel, níor cheart dom bheith ag clamhsán.
clamhsán faoin easpa maoinithe complaints about lack of funding
" Dhéanadh baill áirithe d’fhórsaí cosanta Cheanada clamhsán faoin easpa maoinithe a thabharfadh orthu earraí fabhtacha den chineál sin a cheannach.
chlamhsán complaint
" Ach más mian linn go gcaithfí leis ar an bhonn sin seachas mar phlean buile eile de chuid an Aire Uí Chuív, caithfidh pobal na Gaeilge a chinntiú go dtarlóidh díospóireacht leathan roimhré, sa dóigh is go dtig leo teacht roimh aon chlamhsán faoi chaiteachas an stáit ar an teanga (bíodh sé bunaithe ar an fhírinne nó ar an aineolas.
clamhsán complaining
" Is fada iad ag clamhsán gur beag sochar airgid a bhaineann siadsan as an siúl sléibhe agus nach bhfuil uathu ach a sciar féin den teacht isteach.
clamhsán complaining
" Ní rachaidh mé isteach sa scéal go mion, ach tá mé dubh dóite di ag gearán de shíor agus ag clamhsán gan stad.
ag clamhsán complaining
" I mbliana, agus ní den chéad uair ach oiread, bhí bainisteoirí ag clamhsán faoin gcóras go mór mór i dtaca le cúrsaí peile.
clamhsáin of complaint
" An t-údar clamhsáin ba mhó a bhí ann is ag bainisteoirí na mbuaiteoirí cúige a bhí sé, is é sin nach mbíonn an dara deis acu i gCraobhchomórtas na hÉireann má chailleann siad an chéad chluiche eile tar éis craobh an chúige a bhaint, is é sin cluiche ceathrú ceannais na hÉireann.
ag clamhsán complaining
" Tá siad ag clamhsán faoi na táillí ach cá bhfuil siad sna ranganna? Agus bíonn siad chomh tostach sin nuair a bhíonn siad sna ranganna, mar cuirfidh tú ceist orthu, ach ní bhfaighidh tú freagra.
lucht an chlamhsáin the people complaining
" Conspóid amaideach a thabhairt do lucht an chlamhsáin chun a n-aird a dhíriú ó rudaí níos tromchúisí.
ag clamhsán complaining
" An samhradh seo, tá lucht an Tea Party ag clamhsán faoi fhiacha náisiúnta Mheiriceá.
Ainneoin roinnt clamhsáin is ceasachta despite some complaint
" Ainneoin roinnt clamhsáin is ceasachta, glacadh leis an gcaighdeán nua litrithe is gramadaí, go háirithe nuair a foilsíodh foclóir Béarla-Gaeilge de Bhaldraithe i 1959, áit ar cuireadh an caighdeán nua litrithe agus gramadaí i bhfeidhm agus i gcló don phobal.
ag clamhsán complaining
" Is fada eagrais Ghaeilge ar nós An Chomhairle um Oideachas Gaeilge is Gaeltachta (COGG) agus Eagraíocht na Scoileanna Gaeltachta ag clamhsán nach mbeadh de thoradh ar an siollabus nua Gaeilge don Ardteist ach ísliú ar chaighdeáin.
ag clamhsán go hoifigiúil officially complaining
" Chomh dona céanna, is cosúil go raibh rialtas Mheiriceá ag bradaíl fud fad córais ríomhaireachta na Síne ag an am ceannann céanna is a raibh Meiriceá ag clamhsán go hoifigiúil agus go hidirnáisiúnta go raibh rialtas na Síne ag déanamh bradaíl orthu! B'fhéidir an rud is mó nach ndearnadh suntas de go fóill ná go raibh an tUasal Snowden ag obair do chomhlacht príobháideach spiaireachta, Booz Allen Hamilton, faoin am a d'fhoilsigh sé an t-eolas rúnda, agus go raibh sé ar dhuine de 0.
ní hannamh a chloistear an clamhsán one may often hear the complaint
" Seachas ceantair thurasóireachta, ámh, is deacair teacht ar sheisiúin cheoil thraidisiúnta i rith na bliana ar fad, agus má thagtar, ní hannamh a chloistear an clamhsán gur fearr “*anything but diddly idle*”.
Níl ach ábhar clamhsáin amháin ina shaol there’s just one complaint in his life
" Níl ach ábhar clamhsáin amháin ina shaol agus is é sin easpa cluichí iomána lánbhrí, rialta.
ag clamhsán de shíor always complaining
" Ach thuigfinn dóibh siúd a chaitheann leis an nGaeilge mar mheán cumarsáide amháin agus nach mbíonn ag troid nó ag agóidíocht i gcónaí ar a son, go háirithe iad siúd a tháinig in inmhe le linn ré an tíogair Cheiltigh agus nach cuimhin leo na drochlaethanta nuair nach raibh leabhra Gaeilge ar fáil ar scoil, nuair a bhíodh daoine ag caitheamh anuas ar an nGaeilge go minic, nuair nach raibh pingin rua ar fáil don teanga - cé gur léir go bhfuil na drochlaethanta sin linn arís!” Cailleadh nó Caomhnú? ======== Agus nach fíor go bhfuil an t-aos óg ag tabhairt droim láimhe don Ghaeilge agus ag iompú ar an Bhéarla? “Cinnte ní féidir linne neamhaird a dhéanamh ar an iompú seo, agus bheinn buartha faoin sealbhú teangan ach ceapaim go dteastaíonn gníomh anois seachas a bheith ag clamhsán de shíor faoin bhfadhb.
cibé cén t-ábhar clamhsáin atá acu whatever reason they have to complain about
" Ach cibé cén t-ábhar clamhsáin atá acu, ní thig a mhaíomh nach bhfuil a dhóthain comharthaí sa tír.