Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
teideal an chnuasaigh seo title of this collection
" Chuirfeadh teideal an chnuasaigh seo, *Ón tSeanam Anall: Scéalta Mhicí Bháin Uí Bheirn,* leis an tuigse sin.
cnuasaithe accumulated
" Laistigh den chéad lá trádála bheadh roinnt milliún cnuasaithe ann.
chnuasaigh collections
" Tabharfar tús áite d’úrscéalta agus do chnuasaigh gearrscéalta, ach beidh seánraí eile (filíocht agus leabhair thaistil, cuir i gcás) i gceist ó am go chéile fosta.
cnuasaíodh was gathered
" De réir na ngiolcacha a léigh mé ar *Twitter* ar an oíche, bhí an-am ag cách sna trí ionad agus cnuasaíodh an-chuid airgid.
sméar mhullaigh an chnuasaigh the very best story in the collection
" Agus tá sé seo uilig le feiceáil sa scéal ‘Neill’, sméar mhullaigh an chnuasaigh.
ceann de na cnuasaigh is saibhre dá chineál ar domhan one of the richest collections of its kind in the world
" Ach is é Cnuasach Bhéaloideas Éireann ceann de na cnuasaigh is saibhre dá chineál ar domhan agus is acmhainn uathúil é ó thaobh staidéar chultúr traidisiúnta na hÉireann.
cnuasaithe gathered
" **Seán Ó Ríordáin - Na Dánta** Sa leabhar seo tá cnuasaithe le chéile faoi aon chlúdach amháin, den chéad uair riamh, saothar iomlán filíochta Sheáin Uí Ríordáin: na trí chnuasach a foilsíodh lena bheo, Eireaball Spideoige (1952), Brosna (1964), agus Línte Liombó (1971), chomh maith leis an saothar a cuireadh i gcló tar éis don fhile imeacht ar shlí na fírinne, Tar Éis mo Bháis (1978).
Mar sméar mullaigh an chnuasaigh to cap it off
" Mar sméar mullaigh an chnuasaigh, bronnadh sochraid stáit air i ndiaidh a bháis.
cnámh droma agus buaic an chnuasaigh seo the strength and crowning glory of this collection
" Saibhreas Tiomsaithe ======== Is iad na nótaí a théann leis na hamhráin seo, agus atá tiomsaithe ag saineolaithe aitheanta ar an sean-nós - ar amhránaithe cuid mhór díobh - (Meaití Joe Shéamais Ó Fátharta, Lillis Ó Laoire, Ann Mulqueen, Treasa Ní Mhiolláin agus Róisín Nic Dhonncha i measc daoine eile) cnámh droma agus buaic an chnuasaigh seo.
Ní fios an t-eolas atá cnuasaithe no one knows the amount of information gathered
" Ní fios an t-eolas atá cnuasaithe ag fear an chreidimh faoin am seo.
a chnuasófaí ar which would be obtained about
" Ní fios an tuiscint a chnuasófaí ar an tsaol bhraonach cheachartha mhíorúilteach álainn seo.
cnuasaithe thar na blianta gathered over the years
" Fágfar Beo! ar líne don am atá romhainn sa chruth go mbeidh fáil ag cách feasta ar an chartlann luachmar atá cnuasaithe thar na blianta ann.
chnuasódh saibhreas céadach would accumulate vast monies
" Molann Tony Birtill san alt seo athrú dearcaidh agus cur chuige gnó nach gcosnódh a dhath sa bhreis, ach a chnuasódh saibhreas céadach i saol na turasóireachta.