Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
ar bhonn coinníollach on a conditional basis
" , £35,000 breise) don bhliain sin ar bhonn coinníollach.
coinníollacha neamhghnácha unusual conditions
" Bíonn fadhbanna go fiú le seirbhísí ríomhphoist saor an aisce ar nós Hotmail toisc go bhfuil coinníollacha neamhghnácha sa "chló beag" ag na seirbhísí sin.
coinníollacha conditions
" Bhí na coinníollacha ar fad atá riachtanach ar fáil - teocht ard, taise íseal, gaoth láidir agus dalladh breosla.
coinníollacha sláintíochta sanitary conditions
" Is minic nach dtuigeann na daoine bochta seo cad é atá i ndán dóibh, go mbeidh siad ag dul trasna na mara i long atá dainséarach agus go mbeidh coinníollacha sláintíochta go dona ar fad le linn an turais.
choinníollacha maireachtála living conditions
" " Tá níos mó ná ceangal proifisiúnta ag Flannery leis an ionad cuimhneacháin seo: Bhí a athair Patrick ar dhuine de na hoideachasóirí a bhailigh eolas ar choinníollacha maireachtála in Áit Tí an Mheasaigh tar éis an Ghorta.
coinníollacha na ngnáthchimí conditions of the ordinary prisoners
" "Bhí coinníollacha na ngnáthchimí ní ba mheasa fiú ná coinníollacha na gcimí polaitiúla.
Mhodh Coinníollach Conditional Moods
" ÉÓD: Cén rud is deacra faoin Ghaeilge, dar leat? SF: Tá an ghramadach damanta ach tá an ghramadach san Iodáilis damanta fosta! Tá ceithre Mhodh Coinníollach san Iodáilis agus ceithre Mhodh Foshuiteach, mar sin níl eagla orm roimh an ghramadach.
coinníollacha oibre work conditions
" Fágann sé seo nach bhfuil mórán daoine sna tríochaidí ábalta teach a gcuid tuismitheoirí a fhágáil, toisc nach féidir leo morgáiste mór a íoc leis an gcinéal airgid a shaothraíonn siad i bpostanna nach bhfuil na coinníollacha oibre rómhaith iontu.
coinníollacha conditions
" Ach is é an córas is iontaofa, is fusa a úsáid, is saoire, agus is gaiste chun toradh a chur ar fáil an ceann atá le moladh, más ann dó! Agus mura bhfuil ann dó, an córas is mó a shásóidh an chuid is tábhachtaí de na coinníollacha sin.
an modh coinníollach the conditional mood
" Is múinteoir fuinniúil agus iontach díograiseach é Pádraig agus d'fhoghlaim gach duine sa rang an ghramadach is bunúsaí, ar nós an difríocht idir *is *agus *tá *(reasúnta cosúil leis na briathra *ser *agus *estar *sa Spáinnis), na huimhreacha, uaireanta an chloig, an aimsir láithreach, chaite agus fháistineach, an modh coinníollach, chomh maith leis an tuiseal ginideach agus rud eile an-aisteach ar fad do na mic léinn go léir: na forainmneacha réamhfhoclacha.
coinníollacha conditions
" Ach bhí coinníollacha ag baint leis - níor mhór do na daoine a bheith beo in 2002 agus bhí orthu admháil a shíniú go raibh aon cheart dlíthiúil acu d'aon airgead eile dá shórt curtha ar ceal.
coinníollacha oibre work conditions
" Tá rialacha dochta i gceist in RTÉ maidir le huaireanta agus coinníollacha oibre, atá rud beag ródhocht, dar léi, ach a mhalairt atá i gceist san earnáil neamhspleách.
faoi choinníollacha mídhaonna under inhuman conditions
" D'oibir líon mór sclábhaithe i 1944 agus i 1945 faoi choinníollacha mídhaonna don taispeántas seo.
coinníollacha conditions
" "Tá coinníollacha deacra san amharclann faoi láthair agus tá an t-uafás infheistíochta de dhíth.
coinníollacha conditions
" Mar shampla, cuirimid iachall ar na comhlachtaí fóin a dtáillí agus coinníollacha a fhoilsiú agus is gá dóibh cloí go daingean leo.
coinníollacha conditions
" Is tasc fíorchasta é toisc gur gá na mionsonraí, téarmaí agus coinníollacha go léir a shocrú.
coinníollacha teanga language conditions
" Chuir sé olc ar dhaoine áirithe nuair a bhí coinníollacha teanga sa chóras pleanála faoi chaibidil i mBaile an Fheirtéaraigh.
coinníollacha teanga language conditions
" Rialaigh an Bord Pleanála ar an 22 Aibreán gur cheart go mbeadh coinníollacha teanga ceangailte le forbairtí a bhí beartaithe sna Forbacha agus i mBaile an Fheirtéaraigh.
coinníollacha conditions
" Nochtadh scéal ní ba mheasa fós ag deireadh na míosa seo caite nuair a rinne an clár “Primetime” ar RTÉ na coinníollacha a fhiosrú i dteach altranais Leas Cross i dtuaisceart Chontae Bhaile Átha Cliath.
coinníollacha conditions
" coinníollacha diana ======= Ní mór a rá ag an staid seo gur beag taiscéalaíocht atá déánta amach ó chósta na hÉireann le scór bliain anuas.
coinníollacha conditions
" Agus an chomhairle atá ag Údarás Rialála Seirbhísí Airgeadais na hÉireann do shiopadóirí na Nollag: ná ceannaigh aon ní nach bhfuil tú in acmhainn díol as, go háirithe má bhíonn ort dul i muinín iasachta agus mura dtuigeann tú go díreach na coinníollacha a bhaineann leis an iasacht sin nó cé mhéad a bheas le haisíoc.
coinníollacha taistil conditions of travel
" Fiú, bhí na coinníollacha taistil scríofa i nGaeilge ar thaobh amháin de thicéid Bus Éireann, rud a chuir ionadh orm.
coinníollacha ceannann céanna the exact same conditions
" An mbeidh na coinníollacha ceannann céanna i bhfeidhm do na hoibrithe seo a bhogfaidh ó earnáil go hearnáil? Más buncheisteanna iad seo do dhaoine aonair, tá ceist ollmhór á tógáil ag na ceardchumainn fosta.
coinníollacha conditions
" Ina chroí istigh ní raibh ach ceist amháin ag déanamh tinnis dó an lá cinniúnach sin – cathain agus conas a chruthódh sé na coinníollacha ina bhféadfadh sé siúl isteach arís leo, bealach amháin nó bealach eile.
an iomarca coinníollacha too many conditions
" Ghlac mé leis an iomarca coinníollacha ar mhaithe le bheith foilsithe.
coinníollacha conditions
" Réitigh an Chomhairle Phleanála áitiúil an chonspóid i ndiaidh vóta a chaitheamh inar sheas naonúr as ceithre dhuine dhéag ar son na bpíosaí dealbhóireachta a fhágáil san áit a raibh siad ach coinníollacha a bheith ann leis na héin, an dúlra agus daoine a chosaint ó bhaol.
an modh coinníollach agus an modh foshuiteach caite the conditional mood and the past subjunctive mood
" Ach theastaigh uaim an múinteoir ceart a fháil – múinteoir a thabharfadh an ghramadach cheart chruinn chruthanta dom; tuiseal ginideach iolra na n-aidiachtaí, an modh coinníollach agus an modh foshuiteach caite san áireamh.
maidir le hathrú coinníollacha oibre a bhfostaithe regarding changing the work conditions of its employees
" Is amhlaidh gur tugadh gealltanas ar leith nach bhféadfadh Aer Lingus aon chinntí a dhéanamh, maidir le hathrú coinníollacha oibre a bhfostaithe nó maidir le hathlonnú a gcuid mol, gan cead follasach a bheith faighte acu ón Rialtas.
go raibh droim láimhe á thabhairt do choinníollacha teanga a leag siad féin síos do thithe úra i nGaeltacht na Rinne. that language conditions laid down by themselves for new houses in the Ring Gaeltacht were being ignored.
" Go deimhin léiríonn cáipéisí inmheánacha de chuid na Comhairle Contae gur chuir sí in iúl d’fheidhmeannaigh ón rannóg pleanála i 2006 gur mheas sí go raibh droim láimhe á thabhairt do choinníollacha teanga a leag siad féin síos do thithe úra i nGaeltacht na Rinne.
ar an gcoinníollach on the condition
" Meastar gur ghlac Howard leis an iarraidh a bheith páirteach sna fórsaí forghabhála ar an gcoinníollach go mbeadh na trúpaí Astrálacha lonnaithe i gcúigí ciúine i ndeisceart na tíre, ceantair nach raibh na ceannaircigh gníomhach iontu.
coinníollacha oibre working conditions
" Bhí cuid de na ceardchumainn abhus, ámh, glan in aghaidh an chur chuige seo, ag maíomh go mbainfeadh fostóirí áirithe mí-úsáid as le coinníollacha oibre san Astráil a ísliú.
coinníollacha oibre working conditions
" Bhí cuid de na ceardchumainn abhus, ámh, glan in aghaidh an chur chuige seo, ag maíomh go mbainfeadh fostóirí áirithe mí-úsáid as le coinníollacha oibre san Astráil a ísliú.
coinníollacha oiriúnacha fitting conditions
" Is tír an-tirim í an Astráil agus leis na mílte bliain anuas, bhíodh tinte á n-adhaint go nádúrtha inti ach na coinníollacha oiriúnacha a bheith i bhfeidhm.
coinníollacha foircneacha extreme conditions
" Bíonn sé dodhéanta na tinte a choimeád faoi smacht nuair a bhíonn na coinníollacha foircneacha i bhfeidhm.
coinníollacha conditions
" Tá níos mó taithí ag na sléibhteóirí thíos in Albain le coinníollacha geimhridh ach le sléibhte níos airde agus sneachta níos doimhne, tá contúirt mhór eile acu ansin- maidhmeanna sneachta.
coinníollacha conditions
" Is léir ó na coinníollacha seo nach raibh aon fháilte roimh an lucht dídine ar na víosaí cosanta sealadacha cur fúthu sa tír seo.
coinníollacha conditions
" Ceann de na coinníollacha a bheadh leis an chóras ná nach mbeadh cead ag an duine, dá dtoghfaí é/í, a bheith ina chomhalta ach ar feadh aon téarma amháin.
Modh Coinníollach conditional mood
" Modh Coinníollach aici ansin) Agus chun an fhírinne a rá, ní dóigh liom go n-iarrfaí orm seasamh.
coinníollacha conditions
" MOSOP Ní hionadh mar sin nach raibh na hOgoni sásta glacadh le coinníollacha maireachtála den saghas sin.
coinníollacha foirfe suitable
" Cineál Idaho beag atá ann, le coinníollacha foirfe lena bhfás – créafóg dhearg ghainmheach shaibhir, geimhreadh fuar fada, agus mar a deir an connoisseur fíona den chéad rogha – ar an tslí chéanna leis an dóigh gur féidir leat an chréafóg a bhlaiseadh i gcaora fíniúna – is mar gheall ar an chréafóg shaibhir dhearg seo atá an blas chomh heisceachtúil.
coinníollacha conditions
" Ní hionadh coinníollacha den saghas sin agus fiagaithe-cnuasaitheoirí na Céinia gan ionadaíocht pholaitiúil.
coinníollacha conditions
" Tá na comharthaí go maith agus tá, mar a deirtear, na coinníollacha in áit.
choinníollacha conditions
" Bhí sé ceadaithe ag an rialtas, de thoradh an chinnidh sin, dlíthe a chur i bhfeidhm a chuirfeadh isteach ar choinníollacha pá (agus ar an mhargadh go ginearálta).
coinníollacha conditions
" Binn na hIomána === Socraíodh roinnt coinníollacha sna cainteanna a bhí eadrainn nuair a luamar leis den chéad uair go raibh sé i gceist againn dul chun cónaithe sa Fhrainc.
coinníollacha conditions
" Bhí a fhios againn mar sin faoi na coinníollacha sa champa, chomh maith le mothúcháin na gcimí.
coinníollacha conditions
" Níl an reachtaíocht ná na struchtúir oiriúnacha ag roinnt mhaith tíortha ceann scríbe chun coinníollacha maithe oibre is cosaint na gceart a chinntiú d’imircigh.
choinníollacha comhaimseartha current state
" B’fhéidir go ndéanfaidh mé cur síos ar chuma na teanga am éicint eile, ach ba mhaith liom scríobh ar stair agus ar choinníollacha comhaimseartha na Briotáinise anseo.
coinníollacha conditions
" Feictear domsa gur mar iarsmaoineamh a cuireadh agallamh le hiníon le Micheál Ó Seighin, Bríd, isteach nó chun coinníollacha TG4 a chomhlíonadh.
mhodh choinníollach conditional mood
" Tá mé ag stracadh liom leis an mhodh choinníollach agus sílim go dtuigim an tuiseal ginideach ach níl mé rómhaith a n-úsáid sa chaint.
modh coinníollach conditional mood
" Má bhí ormsa an tuiseal ginideach agus an modh coinníollach a fhoghlaim i gceart, beidh ar gach duine iad a fhoghlaim.
coinníollacha diana severe conditions
" Bhí ar rialtas na Gréige cabhair a ghlacadh ón CIA – is é sin, ón IMF - agus ón AE agus tá coinníollacha diana ag baint leis an chabhair úd.
dhroch-choinníollacha na carcrach the poor conditions in the jail
" Dúirt Eileen Gillespie nach raibh sí ag scríobh chuige maidir le héagóir na trialach ach faoi dhroch-choinníollacha na carcrach.
coinníollacha agus srianta conditions and restraints
" (a) Íocaíochtaí do bhainisteoirí a cheadú ach coinníollacha agus srianta áirithe a bheith leagtha amach go soiléir.
téarmaí agus coinníollacha terms and conditions
" (Féach an nasc de leataobh) De réir a gcuid téarmaí agus coinníollacha, níor chóir d’aon úsáideoir íomhá a roinnt air gan chead an úinéir chóipcheart na híomhá.
coinníollacha na víosa the visa conditons
" Maidir leis an dara pointe, is cinnte go bhfuil an dlí briste ag duine a thagann trasna na teorann gan cead nó a fhanann i dtír i slí nach bhfuil ag teacht le coinníollacha na víosa atá nó a bhí aige.
coinníollacha cáilitheachta eligibility criteria
" Ba é ba mhó ba chúis le líon beag na n-iarratasóirí ar éirigh leo faoin gcéad dá scéim ná na coinníollacha cáilitheachta agus a dheacra a bhí sé iad a chomhlíonadh.
shásaigh na coinníollacha seo satisfied these conditions
" Bronnadh cead cónaithe bliana ar dhaoine a shásaigh na coinníollacha seo.
coinníollacha oibre ní ba mheasa working conditions worse
" Thug na ceardchumainn tacaíocht láidir don bhille de bharr go raibh imní orthu go mbeadh oibrithe Áiseacha toilteanach glacadh le coinníollacha oibre ní ba mheasa ná iad siúd a bhí bainte amach ag oibrithe geala.
roinnt coinníollacha some conditions
" Bhronnfaí cead cónaithe ar thuismitheoirí a chomhlíonfadh roinnt coinníollacha faoin scéim seo.
coinníollacha lóistín na Gaeilge the lodging conditions of Irish
" Tá sé thar am go mbeadh coinníollacha lóistín na Gaeilge in RTÉ ag brath ar chearta seachas ar dhea-thoil mhuintir an tí agus nach ligfí don ‘landlady’ lóistéir na Gaeilge a bhrú isteach sa seomra ar chúl an tí, as amharc an náisiúin.
leagann síos na coinníollacha lays down the conditions
" Is é an tAcht Náisiúntachta agus Saoránachta Éireann 1956 a leagann síos na coinníollacha a ghabhann le deonú saoránachta agus rinne an Breitheamh tagairt don chuid den Acht a deir gur “dá rogha féin amháin” a bhronnfaidh an tAire deimhniú eadóirseachta ar iarratasóirí.
na coinníollacha atá le comhlíonadh conditions to be fulfilled
" Ar na coinníollacha atá le comhlíonadh ag iarratasóir sula mbronnfaidh an tAire deimhniú eadóirseachta air, caithfear taispeáint gur duine measúil é.
gclásal ina dtéarmaí is coinníollacha clause in their terms and conditions
" Mar a tharlaíonn ní fíorscéal a bhí ann ón Daily Mail ar chor ar bith, ach mhúscail sé ceist spéisiúil atá cíortha agam i gcás na líonraí sóisialta i gcoitinne anseo cheana: cé leis d’ábhar digiteach i ndiaidh do bháis? Sea, ábhar iontach do mhí Eanáir! De réir scéal an Daily Mail bhí Willis ag tabhairt dúshláin Apple faoin gclásal ina dtéarmaí is coinníollacha a léiríonn go n-éagann úinéireacht do chuid ábhair leo.
Tá éiginnteacht faoi na coinníollacha there’s an uncertainty about the conditions
" Tá éiginnteacht faoi na coinníollacha atá le comhlíonadh ag iarratasóirí agus faoi na baill teaghlaigh atá i gceist.
faoi choinníollacha áirithe under particular conditions
" Liosta a Chuideos le Daoine **Balor: Agus caidé atá sna rialacháin úra?** Richie: Leoga, a Bhaloir, duine ar bith nach bhfuil in ann an morgáiste a íoc ar ais, gheobhaidh siad faoiseamh ama faoi choinníollacha áirithe nach bhfuil ródhian.
coinníollacha oibre measartha maith working conditions (were) fairly good
" Bhí an obair seasmhach agus bhí na coinníollacha oibre measartha maith.
choinníollacha tarcaisneacha oibre shameful work conditions
" Ciallaíonn sé sin gur faoi cheilt, leis, a tharlaíonn an íospairt, idir fhoréigean gnéasach agus choinníollacha tarcaisneacha oibre.
an Modh Coinníollach conditional tense
" “An bhfuil aon chur amach agat ar an Modh Coinníollach?” a d’fhiafraigh bean na hOstaire de.
an mbó choinníollach the conditional cow
" “Bhuel,” arsa fear Chorcaí, “ Cé gur feirmeoir mé féin, agus go bhfuil cur amach agam ar an mbó bhainne agus ar an mbó thirim, caithfidh mé a admháil nár chuala mé riamh aon chaint ar an mbó choinníollach.
a fhad is go gcomhlíonfaí coinníollacha áirithe as long as certain conditions were fulfilled
" Mhol an cigire ón Bhord Pleanála a bhí ag láimhseáil an iarratais go mbronnfaí cead pleanála air a fhad is go gcomhlíonfaí coinníollacha áirithe.
má tá coinníollacha oibre níos measa if worse working conditions
" Ag an am céanna beidh leisce ar an rialtas an reachtaíocht a úsáid in éadan baill den ASTI, mar go bhféadfadh sin deacrachtaí a chruthú, ní hamháin sa ghearrthéarma ach sa bhfadthéarma chomh maith, má tá coinníollacha oibre níos measa ag baill an ASTI seachas mar atá ag múinteoirí gur baill iad den cheardchumann eile, an TUI nó nach baill iad de cheachtar cheardchumann.
coinníollacha ar leith certain conditions
" gov/ocr/privacy/>) ach ní fheadar an fiú é sin don AE? Tá coinníollacha ar leith ((Support Google)(https://support.
sna coinníollacha in the (planning) conditions
" Níor chaill Airdeall oiread is achomharc amháin os comhair an Bhord Pleanála maidir le scéimeanna tithe a bheith á gceadú ag Comhairlí Contae éagsúla gan aird acu ar riachtanais teanga sna coinníollacha.
mhodh choinníollach conditional mood
" Ansin gach lá ar feadh seachtaine ina dhiaidh sin beidh mé i mo shuí sa seomra ranga ag éisteacht le May Mac Ránais ag bladar faoin tuiseal ginideach agus faoin mhodh choinníollach agus ag ceol Thíos i Lár an Ghleanna arís agus arís agus arís eile; agus beidh mise ag samhlú dom féin go bhfuil mé ar ais sa Róimh ag ól cappuccino i gcaife beag i gCathair na bhFáithe.
coinníollacha conditions
" De réir Facebook, ghlac na húsáideoirí le rannpháirtíocht sa triail nuair a d’aontaigh siad le téarmaí agus le coinníollacha úsáide.
choinníollacha áirithe certain conditions
" Is céad míle fáilte faoi choinníollacha áirithe an fháilte a fhearaimid roimh an duine isteach sa tír as tíortha eile an domhain.