Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
tréimhse chomhairliúcháin consultation period
" Bhí tréimhse chomhairliúcháin ag an Roinn Sláinte go dtí 5 Meán Fómhair agus, le barúil mhuintir Learphoill a chur in iúl don Aire Sláinte, Patricia Hewitt MP, chuir níos mó ná 12,000 duine cárta poist ó Smoke Free Liverpool chuici ag iarraidh cosc iomlán ar chaitheamh tobac i ngach áit phoiblí faoi dhíon.
ag stiúradh a chomhlachta comhairliúcháin, running his consultancy company,
" Le cois a bheith ag stiúradh a chomhlachta comhairliúcháin, Peter Quinn Consultancy Services (PQCS), a bhunaigh sé i 1994, tá Peter tar éis a bheith bainteach thar na blianta le neart painéal comhairleach, coimisiún, bord gnó agus rialtais, agus fondúireachtaí éagsúla.
a chéad chomhlacht comhairliúcháin. his first consultancy company.
" Cé go mbreathnaítear ar Peter i gcónaí mar fhiontraí, deir sé nach ndeachaigh sé leis an bhfiontraíocht ar bhonn neamhspleách go dtí na nóchaidí nuair a bhunaigh sé a chéad chomhlacht comhairliúcháin.
gur chóir tabhairt faoi chomhairliúchán forleitheadach pobail that widespread public consultation should be undertaken
" Má éiríonn leis an bpobalbhreith seo, mhol an grúpa gur chóir tabhairt faoi chomhairliúchán forleitheadach pobail – a mhairfeadh ar feadh cúig bliana – roimh an dara pobalbhreith, ina roghnófaí an cineál poblachta ba mhian le muintir na tíre a chur ar bun.
Comhairliúcháin advisory
" Cuireadh an Grúpa Comhairliúcháin ar bun chun comhráite a beith acu le grúpaí agus le haonaráin ar an dóigh is fearr ‘oidhreacht na dTriobloidi’ a láimhseáil.
chomhairliúcháin advisory
" Níor mhór an cheist a chur, cad chuige ar dhiúltaigh an rialtas do bhreis is tríocha ceann de na moltaí sin? An raibh fiúntas ar bith leis an phróiseas fhadálach chomhairliúcháin - idir chruinnithe pobail, aighneachtaí srl.
comhairliúchán council, advice
" Cé gur mhaígh siad nach raibh ann ach comhairliúchán, ba léir nach raibh ach aon toradh amháin uathu, agus bunaíodh gan mhoill buíonta éagsúla a bhí i gcoinne an bheartais.
comhairliúcháin consultation
" Ar an dara lá den mhí seo tháinig deireadh leis an phróiseas comhairliúcháin idir Foras na Gaeilge agus na heagrais dheonacha Ghaeilge maidir leis an chóras nua mhaoinithe atá beartaithe dóibh.
phróiseas comhairliúcháin a counselling process
" Cuireadh na moltaí a bhí á ndéanamh ar fáil mar phróiseas comhairliúcháin leis an bpobal ar shuíomh Gréasáin na Roinne agus chuir baill den phobal aiseolas ar ais.
comhairliúchán le hionadaithe na gcomhphobal Maorach council with the representatives of the Maori communities
" ‘De Ghlaschloich an Oileáin’ =========== Rinne an Bord comhairliúchán le hionadaithe na gcomhphobal Maorach, ar a dtugtar na iwi, fud fad na tíre cúpla bliain ó shin le moltaí a fháil i ndáil le hainmneacha oiriúnacha Maoraise do na hoileáin.
cháipéis chomhairliúcháin an advisory document
" *" Ach tagann sé seo salach ar cháipéis chomhairliúcháin a d'ullmhaigh feidhmeannaigh na Roinne don Aire Sláinte, James Reilly, sula ndeachaigh sé i mbun a chuid cúraimí, inar dhúirt an Roinn Sláinte gur cuireadh in iúl daofa trí chomhairle dlí go raibh gá le lipéadú i nGaeilge agus i mBéarla faoi Threoir an Aontais Eorpaigh: "*Legal advice received by the Department indicates that the relevant EU Directive requires labelling and packaging in Irish and English.
phróiséas cuimsitheach comhairliúcháin comprehensive advisory process
" In ainneoin mianta léitheoireachta an phobail, mar a léiríodh iad go soiléir sa phróiséas cuimsitheach comhairliúcháin a reáchtáladh níos túisce i mbliana le fáil amach céard a theastaigh ó phobal na Gaeilge ó thaobh nuachtáin dhó, níl Foras na Gaeilge sásta tacaíocht a thabhairt do nuachtán clóite a thuilleadh! Ghlacas féin páirt sa bpróiséas, mar chuid de ghrúpa fócais a tugadh le chéile ag tús an tsamhraidh ar an gCeathrú Rua.
chomhairliúcháin advisory
" Leasú ar Acht na dTeangacha Oifigiúla:** Cuireadh fáilte chroíúil roimh fhógra Aire Stáit na Gaeltachta, Dinny Mc Ginley, ag an Oireachtas i 2011, go raibh an tAcht le leasú agus go mbeadh ról ag an phobal ins an phróiseas chomhairliúcháin.
deireadh na tréimhse comhairliúcháin seo the end of this consultation period
" Déanfar leasú ar fhoclaíocht an bhille ag deireadh na tréimhse comhairliúcháin seo sula gcuirfear faoi bhráid an tSeanaid é.
ar bhonn comhairliúcháin on a consultancy basis
" Is comhshaolaí mór le rá é Maurice Strong a bhfuil na blianta fada caite aige ag obair ar bhonn comhairliúcháin le heagrais mar na Náisiúin Aontaithe.
Comhairliúcháin advisory
" D’fhág sé ábhar machnaimh ag cách, ar dhroim a raibh sa tuarascáil féin a d’fhoilsigh an Grúpa Comhairliúcháin an lá sin.
comhairliúcháin of consultation
" Tá sé ríthábhachtach go dtabharfaí aird ar an mhéid a eascróidh as dhá phróiseas comhairliúcháin a bhaineann le todhchaí na Gaeilge, dar le Breandán Delap.