Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
ag comhlíonadh ár ndualgais fulfilling our duty
" Tharla sé gach áit ar glacadh le roinnt mhaith eachtrannach, mar sin tuige nach dtarlódh sé in Éirinn? Muna nglacaimid leis na hinimircigh, áfach, ní bheimid ag comhlíonadh ár ndualgais sa domhan, dualgas atá orainn de bharr go bhfuil rath eacnamaíoch ar an tír faoi láthair.
ag comhlíonadh a cuid dualgas fulfilling their duties
" An teifigh iad nó daoine ag lorg dídine? Ar chóir iad a ligint i dtír? An raibh an Astráil ag comhlíonadh a cuid dualgas? An raibh cáineadh tuillte ag an Astráil? An cúis náire a bhí ann? Má bhí tairbhe ar bith ag baint leis an scéal, dhírigh sé aird na meán ar an méid teifeach atá ar domhan - tuairim is 22 milliún, beagnach ceithre mhilliún acu ón Afganastáin, fiú sular thosaigh an cogadh is deireanaí ansin.
ag comhlíonadh a ndualgaisí cothromaíochta fulfilling their responsibilities as regards equality
" Ach is ar mhaithe *linne *ba cheart dóibh í a fhoghlaim, d'fhonn is go mbeadh sé ar a gcumas ar deireadh thiar thall feidhmiú mar shaoránaigh chóra chearta na Poblachta, ag comhlíonadh a ndualgaisí cothromaíochta i leith chlann na tíre go léir.
ag comhlíonadh a chuid dualgas fulfilling his duties
" Deir sé go raibh sé ag comhlíonadh a chuid dualgas mar shagart ach go raibh sé an-deacair.
Níor comhlíonadh an gealltanas sin that promise hasn't been fulfilled
" Níor comhlíonadh an gealltanas sin go fóill.
atá le comhlíonadh aige that he has to fulfil
" Sa saothar seo, léirítear Íosa mar dhuine cráite a bhful cathú air, agus dírítear ar na dualgais atá le comhlíonadh aige.
ag comhlíonadh na ndualgas beag eile fullfilling all the other little duties
" Bhí go maith agus ní raibh go holc; luigh sé isteach ar an obair, ag scuabadh an urláir, ag déanamh an tae, agus ag comhlíonadh na ndualgas beag eile a tugadh dó.
ag comhlíonadh fulfilling
" Bhí an neamhaird a thug an rialtas ar an mhórshiúl frithchogaidh i Londain ar a raibh milliún duine ina chomhartha nach raibh an rialtas ag comhlíonadh mhian na ndaoine, measann Fisk.
ag comhlíonadh fulfilling
" Bíonn méid áirithe aistriúcháin agus profála le déanamh ag an bhfoireann in Oisín, ag comhlíonadh ár dtaobhna de chonarthaí móra, bíonn forbairt le déanamh ar thionscadail ghearrthéarmacha agus ar thionscadail atá á bhforbairt go hinmheánach ag eagraíochtaí.
ag comhlíonadh fulfilling
" Bíonn méid áirithe aistriúcháin agus profála le déanamh ag an bhfoireann in Oisín, ag comhlíonadh ár dtaobhna de chonarthaí móra, bíonn forbairt le déanamh ar thionscadail ghearrthéarmacha agus ar thionscadail atá á bhforbairt go hinmheánach ag eagraíochtaí.
ag comhlíonadh na ngealltanas delivering on their commitments
" “Sa mhéid sin, tá an IRA ag comhlíonadh na ngealltanas a rinne siad mí Iúil seo caite, ní hamháin maidir le deireadh a chur le gníomhaíocht pharaimíleatach ach maidir le stop a chur le coiriúlacht.
ag comhlíonadh a bhreithiúnas aithrí. fulfilling his penance.
" Bíodh sin mar atá, tá rudaí athraithe go mór ón uair a bhí an Teachta McQuillan ag comhlíonadh a bhreithiúnas aithrí.
le comhlíonadh to be fulfilled
" Agus slán á fhágáil againn ag a chéile fiafraím de Justinean bhfuil aon uaillmhian fós le comhlíonadh aici.
ag comhlíonadh a gcuid dualgas fulfilling their duties
" An mbeidh ciorclán eile á chur aici chuig bunús na mbunscoileanna eile lena chinntiú go bhfuil siad ag comhlíonadh a gcuid dualgas i leith mhúineadh na Gaeilge? Nuair a chuir comhghleacaí de mo chuid i Nuacht TG4 sraith ceisteanna faoi bhráid na roinne faoi stádas dlíthiúil an churaclaim agus ag fiafraí cad chuige nach ndearnadh é a fhorordú, ní bhfuair sí mar shásamh uathu ach an ráiteas seo: *“The Department’s policy in this area, which has been set out in replies to Parliamentary Questions, is that all schools, including Irish medium schools, should provide the minimum recommended instruction time in English in the infant classes of 2.
ag comhlíonadh complying with
" Thug sí foláireamh láidir don Chomhairle Contae go raibh tithe díolta sa Rinn gan aon fhianaise go bhfuiltear ag comhlíonadh an choinníll teanga atá leagtha orthu.
comhlíonadh fulfilling
" Tá an Tionól, ar a laghad, ar ais i mbun oibre agus iad ag comhlíonadh cuid de na cúraimí atá orthu.
comhlíonadh fulfilling
" Bhí mé i dtacsaí an lá eile agus thosaigh an tiománaí ar stócach a bhí romhainn, go múinte macánta ag rothaíocht – ag comhlíonadh rialacha an bhóthair.
comhlíonadh fulfilment
" Is insint í seo a chíorann an grá paiseanta idir an file agus Fanny Brawne, an maintín béaldorais - ina dtáinig easláinte, bochtú agus ógbhás an fhile idir iad agus an comhlíonadh collaíoch nádúrtha a bhí ag dul d’aon bheirt a bhí chomh nua-aimsireach dá n-aois féin is a bhí an dís fíoreisceachtúil sin ina ré siúd.
ag comhlíonadh fulfilling
" Deirtear fosta go mbeidh an tÚdarás úr ag comhlíonadh ‘feidhmeanna ábhartha’ atá acu faoi láthair, ach níl na feidhmeanna ábhartha úd beachtaithe ann.
comhlíonadh a ndualgas reachtúil fulfilling their legislative obligations
" Locht ar an mBord ========== Mura raibh Údarás na Gaeltachta ag comhlíonadh a ndualgas reachtúil i leith na Gaeilge, tá cuid mhaith den locht ar Bhord an Udaráis.
ag comhlíonadh a shainchúraim fulfilling its special obligations
" Tá Conrad Atkinson, chomh maith le léirmheastóirí éagsúla eile, den tuairim nach bhfuil an t-aitheantas seo tuillte mar nach bhfuil an Iarsmalann ag comhlíonadh a shainchúraim maidir le healaín chonspóideach a chur i láthair an phobail ar mhaithe le díospóireacht agus le hathbhreithniú ar mhórcheisteanna náisiúnta.
nár comhlíonadh weren’t fulfilled
" Chuir sé síos ar an chaimiléireacht, an tsaint, an craos chun cumhachta, na gealltanais nár comhlíonadh agus doirteadh ollmhór na fola nuair a bhí an ceathrú cuid de dhaonra an domhain faoi smacht ag Impireacht na Breatáine.
na coinníollacha atá le comhlíonadh conditions to be fulfilled
" Ar na coinníollacha atá le comhlíonadh ag iarratasóir sula mbronnfaidh an tAire deimhniú eadóirseachta air, caithfear taispeáint gur duine measúil é.
le comhlíonadh to be fulfilled
" Tá éiginnteacht faoi na coinníollacha atá le comhlíonadh ag iarratasóirí agus faoi na baill teaghlaigh atá i gceist.
ag comhlíonadh a dhualgas fulfilling its duties
" Níl an Rialtas ag comhlíonadh a dhualgas faoin Chairt Eorpach chun teanga mhionlaithe, nó mar a deir siad, mionteanga, a chosaint is a chaomhnú, agus níos measa, tá naimhdeas don Ghaeilge sa Tionól, deirtear.