Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
comhoibrí fellow worker
" Dhírigh sí isteach ar scríbhneoireacht theicniúil agus ar obair ghrafach le Bechtel's ansin ar feadh roinnt blianta ach chinn sí féin agus comhoibrí dá cuid, Sandy Neal, ar a gcomhlacht féin, One Source Graphics, a bhunú i 1993 nuair a tharla "downsizing" a d'fhág díomhaoin iad.
an leibhéal comhoibrithe the level of cooperation
" Tuigtear do *Beo! *nach bhfuil an Breitheamh Barron fós sásta leis an leibhéal comhoibrithe atá á fháil aige ón Ministry of Defence sa Bhreatain.
suíomh lucht comhoibrithe sites of collaboration
" Bhí macasamhail diúracáin mar chrois acu, agus rinneadh dráma sráide ag roinnt "suíomh lucht comhoibrithe", oifigí Chomhairle na Cathrach ina measc.
chomhoibrithe fellow-workers
" Bhí Dorothee ansin san oifig, i gcuideachta a beirt chomhoibrithe, Paula Ní Riagáin agus Niall Mac Oscair, a bhfuil cónaí orthu ar an oileán fosta.
a chomhoibrithe his fellow-workers
" Mar a bheifeá ag súil, bítear i gcónaí ag spochadh as de bharr go bhfuil blas láidir tuaisceartach ar a chuid cainte agus, gan amhras, déanann seisean amhlaidh i gcás a chomhoibrithe.
comhoibrithe cooperation
" Saothar iontach comhoibrithe idir aos pinn agus aos scuaibe an dá thír is ea *An Leabhar Mòr*, agus tosaíonn na samplaí liteartha atá le léamh ann chomh fada siar le hAmhra Cholm Cille, a cumadh go gairid i ndiaidh aimsir Cholm Cille féin - foinse inspioráide na hIomairte - agus críochnaíonn siad le scríbhneoirí mar Shomhairle Mac Gill Eain agus Rita Duffy, Nuala Ní Dhomhnaill agus Craig MacKay - cuid d'aos ealaíne ár linne féin.
a comhoibrithe her fellow workers
" " Bíonn Máire agus a comhoibrithe an-ghnóthach an bhliain ar fad.
Dala go leor dá chomhoibrithe like many of his co-workers
" Dala go leor dá chomhoibrithe, bhí caighdeán maith maireachtála ag Buckley; d'óladh sé cúpla pionta tar éis na hoibre agus bhaineadh sé sult as cluichí spóirt ag an deireadh seachtaine.
spiorad comhoibrithe a spirit of cooperation
" Cothaíonn an caidreamh sin spiorad comhoibrithe sa rang.
dá chomhoibrithe of his co-workers
" Ar an 11 Meán Fómhair, 2001, fuair McEneaney bás i gcuideachta go leor dá chomhoibrithe.
comhoibrithe co-workers
" Níl suim agam a bheith ag caitheamh anuas ar oifigigh ar comhoibrithe de mo chuid iad nó atá i gceannas orm.
comhoibrithe fellow-workers
" Ach níl a fhios agam cé mhéad duine a dhéanfadh a gcuid comhoibrithe a áireamh i measc na ndaoine is mó a bhfuil urraim acu dóibh.
a n-iar-chomhoibrí their former co-worker
" Is beag iontas mar sin is cóir a dhéanamh den fhallaing bhróin a tháinig ar phobal KUL agus a n-iar-chomhoibrí éagtha.
a n-iar-chomhoibrí their former co-worker
" Is beag iontas mar sin is cóir a dhéanamh den fhallaing bhróin a tháinig ar phobal KUL agus a n-iar-chomhoibrí éagtha.
féidearthachtaí comhoibrithe co-operation possibilities
" Ní nach ionadh, chuir Feidhmeannas na hAlban fáilte roimh an mholadh agus chuir siad coiste ar bun le féidearthachtaí comhoibrithe le hÉirinn, thuaidh agus theas, a iniúchadh.
lena gcomhoibrithe with their co-workers
" Dúirt Andrew Robb, rúnaí parlaiminte le haghaidh inimirce agus ilchultúrachais, gur chóir dóthain Béarla a bheith ag daoine le labhairt lena gcomhoibrithe, le comharthaí sábháilteachta a léamh agus a thuiscint agus le foirmeacha a líonadh.
an easpa comhoibrithe the lack of co-operation
" Tá an rialtas tar éis an bealach éasca a thógáil le léiriú go bhfuil iarracht éigin á déanamh acu laghdú a dhéanamh ar an líon daoine atá á marú ar na bóithre (366 duine sa bhliain 2006) ach níl mórán iarrachtaí á ndéanamh maidir le fadhbanna eile: na mílte tiománaí atá ag tiomáint gan ceadúnas ar bith; na mílte atá ag fanacht le triail tiomána; na céadta eachtrannach atá ag tiomáint gan árachas nó ceadúnas; agus, an easpa comhoibrithe atá ann idir na húdaráis ó thuaidh agus ó dheas, a chiallaíonn go bhfuil ráta an-ard timpistí i gcontaetha na teorann.
mo chomhoibrithe my fellow-workers
" Bhain mé taitneamh an domhain as an bpost sin; chuir mé aithne ar dhaoine ó cheithre chearn na cruinne agus bhí mo chomhoibrithe fíordheas.
barraíocht comhoibrithe too much co-operation
" Ach nach é *raison d'être* na ngunnaí céanna an tAontas a choinneáil slán? Cad é a tharlódh dá measfadh an UDA go raibh barraíocht comhoibrithe ag dul ar aghaidh idir an dá stát ar an oileán seo? Nach é a ndualgas é Ulaidh a shábháil ó dhaorsmacht phoblachtánach, nó an bhfuil dearmad déanta acu ar “an cheist náisiúnta”.
an triúr comhoibrithe the three collaborators
" *Aniar: Voices and Verse from the Edge of the World* atá mar theideal ar an saothar seo, agus is cinnte gur éirigh leis an triúr comhoibrithe a bhí bainteach leis atmaisféar ar leith a chruthú ann – tá rian den “Saol Eile” le braith go láidir uaidh.
Chuir sé muinín ina chomhoibrithe he placed trust in his co-workers
" Chuir sé muinín ina chomhoibrithe agus thug sé saoirse dóibh ina gcuid oibre le go dtiocfadh siad faoi bhláth.
ag féachaint le féidearthachtaí comhoibrithe a aimsiú looking to find opportunities for co-operation
" Níos tábhachtaí fós, beidh lucht na comhdhála ag féachaint le féidearthachtaí comhoibrithe a aimsiú a chuirfidh ar ár gcumas ár misean coitianta a chur i gcrích.
comhoibrithe collaborators
" Ba thruamhéalach an ráiteas a cuireadh amach gur “comhoibrithe leis an namhaid” a bhí sna fir pizza agus ba shuarach é daoine a mharú in imeacht chomh coitianta sin, ag glacadh le greim gasta.
chomhoibrithe collaborators
" Comhoibriú dearmadtha, neamhiontas domhanda Sular bhain Burma neamhspleáchas amach i 1948 rinneadh ionsaithe ar na Carainn toisc gur féachadh orthu mar chomhoibrithe leis an mBreatain.
chomhoibrithe collaboration
" Nuair a d’fhiafraigh mé ar Twitter “Céard é an ghné is fearr de Wave dar leat?” dúirt bean amháin liom “The "close browser window" is my favourite feature of Google Wave - sorry!”Tá roinnt caidrimh phoiblí fós le déanamh ag Google Wave is dócha! Chruthaigh Google an uirlis nua seo, ní hamháin mar athchur r-phoist ach mar uirlis chomhoibrithe.
chomhoibrithe cooperation
" D'ainneoin an chomhoibrithe, chuir na póilíní brú ar roinnt daoine le linn an mhórshiúil.
mar chomhoibrithe as colleagues
" Salvador Dalí ===== Ní rud nua é go mbeadh dearthóirí slachtaíochta agus ealaíontóirí mar chomhoibrithe agus i mbun tograí le chéile tar éis an tsaoil.
dlúthchara agus comhoibrí close friend and co-worker
" Crónófar a dhóigh shéimh agus a cheannasaíocht dhocht, a deir dlúthchara agus comhoibrí dá chuid, Antaine Ó Donnaile.