Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
comhpháirtíochtaí partnerships
" Tá muid ag obair go cruthaíoch le soláthraithe sláinte chun seirbhísí d'ár bpobal a fheabhsú; ghlac muid páirt ghníomhach san idirphlé ar chearta daonna i dtuaisceart Éireann; chuir muid polasaí Gaeilge le chéile don earnáil dheonach; bíonn muid ag reáchtáil ócáidí eolais agus traenála; cothaíonn muid comhpháirtíochtaí le ranna rialtais, le heagraíochtaí Gaeilge fud fad na tíre.
Comhpháirtíocht copartnership
" Comhpháirtíocht le Coiste Cleamhnais Chorca Dhuibhne, Coiste Chasán na Naomh agus Coiste Áitiúil Oireachtais 2001.
i gcomhpháirtíocht in copartnership
" Dúirt sé go raibh cúrsaí spóirt i gcónaí tábhachtach i saol an choláiste agus go raibh siad i ndiaidh dámh nua leighis i gcúrsaí spóirt a bhunú i gcomhpháirtíocht le Coláiste Ríoga na Lianna.
comhpháirtíochtaí rúnda secret partnerships
" I gcás Enron, an seachtú comhlacht ba mhó sna Stáit Aontaithe le 21,000 fostaí i mbreis is daichead tír, bhí comhpháirtíochtaí rúnda i gceist.
dul i gcomhpháirtíocht leo to go into partnership with them
" Ach is íoróin é gur bhain an chathair an fhorbairt seo amach trí achainí ar institiúid Mheiriceánach dul i gcomhpháirtíocht leo.
comhpháirtíocht copartnership
" Ach tá an líon daoine atá sásta agus ábalta dul leis an ollscolaíocht trí Ghaeilge teoranta, mar sin is dóigh liom go gcaithfidh comhpháirtíocht a bheith ann idir institiúidí.
i gcomhpháirtíocht leis an aicme oibre Caitliceach in partnership with the Catholic working class
" Caithfidh siad díriú ar a leas féin i gcomhpháirtíocht leis an aicme oibre Caitliceach.
comhpháirtíochtaí partnerships
" Rogha astu seo, b'fhéidir: seirbhisí úra, áiseanna breise, foirgnimh eile, foireann níos mó, comhpháirtíochtaí éagsúla, agus scoil nua a chur ar fáil do phobal Gaelach atá níos leithne is níos feiceálaí.
trí chomhpháirtíocht phríobháideach phoiblí through public private partnership
" Beidh os cionn 1,200 d’fhoireann na Roinne Oideachais féin mar aon leis an Roinn Talmhaíochta agus an Roinn Fiontar Poiblí lonnaithe sna hoifigí seo, a thógfar trí chomhpháirtíocht phríobháideach phoiblí (public private partnership).
comhpháirtíocht láidir strong partnership
" Dar leis go bhfuil sé an-tábhachtach go mbeadh comhpháirtíocht láidir idir an pobal, an Roinn agus an tÚdarás i dtaca le pleananna forbartha as seo amach.
comhpháirtíochtaí partnerships
" AÓF: An bhfuil sibh den tuairim go n-oibreodh an modh seo foghlamtha i gcás na n-ealaíon eile? Go mbunófaí comhpháirtíochtaí idir speisialtóirí, údaráis áitiúla agus na daltaí a dteastaíonn uathu an cheird an fhoghlaim? RM: B'fhéidir é.
tacú le comhpháirtíochtaí áitiúla to support local partnerships
" Braitheann muid go bhfuil dualgas ar údaráis áitiúla, Comhairle Chontae Loch Garman sa chás seo, tacú le comhpháirtíochtaí áitiúla chun cabhrú leo feidhmiú go héifeachtach.
do Chomhpháirtíochtaí Áitiúla Spóirt to Local Sports Partnerships
" Is gá níos mó airgid a thabhairt do Chomhpháirtíochtaí Áitiúla Spóirt atá dírithe ar dhaoine ar ioncam íseal agus easpa oideachais agus na comhpháirtíochtaí seo a fhorbairt tuilleadh.
na comhpháirtíochtaí seo a fhorbairt tuilleadh. to develop these partnerships more.
" Is gá níos mó airgid a thabhairt do Chomhpháirtíochtaí Áitiúla Spóirt atá dírithe ar dhaoine ar ioncam íseal agus easpa oideachais agus na comhpháirtíochtaí seo a fhorbairt tuilleadh.
chun comhpháirtíocht a chothú to foster partnership
" Pearsa shuntasach i saol na Gaeilge ab ea Riobard Mac Góráin agus rinne sé mórán chun comhpháirtíocht a chothú idir eagrais.
chomhpháirtíocht shóisialta social partnership
" *CMA: Tá an chomhpháirtíocht shóisialta i mbéal an phobail le tamall anuas.
i gcomhpháirtíocht as a team
" Is fiú mná Francacha eile a bhain clú amach dóibh féin sa chomhthéacs idirnáisiúnta a lua chomh maith: Christine Lagarde, an tAire Airgeadais sa Fhrainc, an chéad bhean riamh ar aire airgeadais í ar thír de chuid an G8 agus Françoise Barré-Sinoussi a bhuaigh an Duais Nobel i Leigheas i mbliana, in éineacht le Luc Montagnier, as an obair a rinne siad i gcomhpháirtíocht lena chéile chun an víreas SEIF a aithint.
chomhpháirtíocht partnership
" Ní mór an chomhpháirtíocht shóisialta a athmheas.
chomhpháirtíocht alliance
" Trí sprioc a bheas ag an Independent leis an chomhpháirtíocht seo: cur le líon a gcuid léitheoirí, cur lena n-ioncam fógraíochta agus glúin úr léitheoirí a mhealladh tríd an leas a bhainfear as Foinse i scoileanna na tíre.
Comhpháirtíocht co-partnership
" Beidh Meiriceá ag bunú Tionscnamh Comhpháirtíocht um Thrádáil agus Infheistíocht le hathchóiriú agus comhtháthú geilleagair le margaí SAM agus na hEorpa a chur chun cinn freisin.
níl acu mar fhuascailt ach comhpháirtíocht their only release is partaking in it together
" ” Saoránaigh coimthíocha iad araon ag an tsochraid sin, agus níl acu mar fhuascailt ach comhpháirtíocht.
comhaontú straitéiseach comhpháirtíochta a strategic alliance agreement
" Bhí cruinniú déthaobhach ag Gillard le hUachtarán na hAfganastáine, Hamid Karzai, in Chicago freisin agus shínigh siad comhaontú straitéiseach comhpháirtíochta, a leagann síos bunús an chaidrimh a bheidh idir an dá thír tar éis aistarraingt na bhfórsaí Astrálacha.
comhpháirtíochta joint participation
" Tá súil agam, leis an bhfóram comhpháirtíochta atá le bunú, go mbeidh comhphleanáil ar bun idir na heagraíochtaí agus go mbeimid ag obair as lámha a chéile.