Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
Comhtharlú coincidence
" Comhtharlú??? Táthar ann a déarfadh nach ea.
comhtharlú coincidence
" Tchím féin é le mo mhac 19 mí d'aois, Neil Óg; tá rian amháin a sheinnim dó san oíche, comhtharlú atá ann gur píobaí agus ceolfhoireann atá i gceist, agus tá a fhios agam go cinnte go gciúnaíonn sé síos é - níl a fhios aige cén dígh nó cén fáth ach téann sé isteach ann agus tá a shaol níos fearr dá bharr.
chomhtharlú coincidence
" Mar chomhtharlú breá, tá gá le ríomhairí an-chumhachtacha chun é sin a dhéanamh i gceart.
chomhtharlú teagmhasach fortuituous coincidence
" Agus ansin, mar chomhtharlú teagmhasach, bhí eagraíocht Éireannach i gCanberra, Cairde na hÉireann, ag déanamh iarrachta rang Gaeilge a bhunú agus iarradh orm cabhrú leo.
trí chomhtharlú by coincidence
" Mhaígh Dixon gur beag seans go mbeadh Hirst ábalta an cóiriú céanna a dhéanamh trí chomhtharlú ar an oiread spotaí datha is a rinne sé féin agus, dá bhrí sin, go bhfuil sé ag lorg aitheantais agus cúitimh mar an dearthóir bunaidh.
trí chomhtharlú by coincidence
" Níl mórán a chreideann gur trí chomhtharlú a ardaítear praghas na dí an méid céanna ag an am céanna i dtithe tábhairne éagsúla! Agus mar bharr dánaíochta, chuir na tábhairneoirí i gcoinne na reachtaíochta a bhaineann le hól agus tiomáint nuair a bhí sí á hachtú.
Mar chomhtharlú, by coincidence
" Mar chomhtharlú, bhí polasaithe maidir leis an gcaidreamh tionsclaíoch ag croílár an fheachtais toghchánaíochta sa bhliain 1929, mar a bhí siad an iarraidh seo.
faoin chomhtharlú about this coincidence
" Níl a fhios agam cé acu an raibh a fhios acu faoin chomhtharlú seo nuair a bhuail siad lena cheile i mBaile Átha Cliath.
trí chomhtharlú through coincidence
" Is ceoltóir mé agus tharla sé, d'fhéadfá a rá, trí bhotún nó trí chomhtharlú go raibh mé páirteach i scannáin cúpla uair.
Mar chomhtharlú coincidentally
" Mar chomhtharlú, mar dhea, tá an-chosúlacht idir an moladh seo agus polasaí Pháirtí an Lucht Oibre – an páirtí arb é Kevin Rudd a cheannaire! Le blianta fada anuas, léirigh – agus léiríonn – na pobalbhreitheanna ar tugadh fúthu i leith na ceiste áirithe seo go bhfuil formhór mhuintir na hAstráile i bhfách leis an aidhm go mbeidh duine a rugadh agus a tógadh san Astráil, seachas eachtrannach ríoga, ina cheann stáit.
comhtharlú coincident
" Is cineál comhtharlú iontach é, ach bhog sí go Trondheim cúpla bliain ó shin! (Chan mórán de chomhtharlú atá ann le bheith réasúnta, ach amháin nár mhothaigh mé riamh iomrá ar Trondheim go dtí mí ó shin.
comhtharlú coincidence
" ” B’fhéidir gur comhtharlú é, ach téann fréamhacha ‘intleachtacha’ na nuachoimeádach siar go Chicago chomh maith, áit a raibh Richard Perle agus Paul Wolfowitz i measc an chaidre de mhic léinn a bhí ag an Ollamh Albert Wohlstetter in Ollscoil Chicago.
comhtharlú coincidence
" Maíonn na Daonlathaigh (páirtí an rialtais faoi láthair) nach bhfuil ann ach comhtharlú, ach, agus an ceistiú seo ar siúl os comhair coiste seanaid, tá díospóireacht ar siúl ar urlár an tseanaid faoi reachtaíocht nua a chuirfeas srian ar na comhluchtaí móra.
chomhtharlú coincidence
" Ní foláir nach aon chomhtharlú é caint den saghas seo agus an laghdú atá ag teacht ar bhuiséid chúnaimh na dtíortha saibhre le blianta beaga anuas.
Comhtharlú staire a coincidence of history
" Comhtharlú staire a bhí ann mar sin.