Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
ag creimeadh eroding
" Tá an-iomaíocht ag teacht ó na stáisiúin tráchtála, leithéidí Highland Radio, Clare FM agus Kerry Radio, agus iad ag creimeadh a lucht éisteachta, sa Ghaeltacht go háirithe.
creimeadh eroding
" Déanann ollionaid mar The Villages, a bhfuil a bhformhór lonnaithe i ndeisceart na Stát Aontaithe ar fad, creimeadh ar an snaidhm idir baill éagsúla teaghlach agus nóisean an bhaile.
creimeadh erosion
"creimeadh na gaoithe, na haimsire agus na farraige ag leá na cloiche aoil agus mar sin tá an t-oileán ag laghdú ó lá go lá.
creimeadh erosion
" Bhí a fhios ag seandálaithe le roinnt blianta anuas go raibh na híomhánna ar chlocha Stonehenge, ach mar gheall ar an gcreimeadh a tháinig ar na clocha ó na 1950í i leith ní raibh siad le feiceáil go soiléir.
creimeadh erosion
" Ach le deich mbliana anuas, is dócha go bhfuil creimeadh mór tagtha ar an nGaeilge mar ghnáth-theanga labhartha.
creimeadh erosion
" Tá méadú tagtha ar úsáid an Bhéarla sna Gaeltachtaí is láidre fiú, agus creimeadh tagtha ar an Ghaeilge dá réir.
an creimeadh is déanaí the latest erosion
" Níl ansin ach an creimeadh is déanaí atá déanta ar an Acht le blianta beaga anuas.
creimeadh erosion
" Is cuma cé mhéid cainte a dhéanann siad faoina “léirmhíniú” siúd agus faoin idirdhealú idir comórtais idir-ranna agus comórtais inmheánacha, is é an tuiscint atá ag an phobal ná go bhfuil creimeadh tagtha ar an chóras a tháinig in áit na Gaeilge éigeantaí.
creimeadh erosion
" ” Má thagann an tuar fá thairngreacht na Roinne maíonn siad go dtiocfaidh creimeadh nach beag ar chumas a gcuid feidhmeannach seirbhís a sholáthar trí mheán na Gaeilge.
ag creimeadh eroding
" Thug sé spreagadh freisin do chultúr agus dúchas na tíre trí dheontais saor ó cháin a thabhairt do lucht cleachta na n-ealaíon agus, dár ndóigh, chuir sé an síol a chuir deireadh leis na Trioblóidí sna Sé Chontae, fadhb a bhí ag creimeadh mhórtas cine phobail uile na hÉireann.
creimeadh erosion
" Ba mhór an peaca é dá dtiocfadh creimeadh ar cheann de na buanna ba mhó a bhí ag an Gharda Síochána ó bhunú an stáit anall, is é sin an dlúthcheangal a bhí aige leis an phobal ónar fáisceadh é.
seachas creimeadh rather than a wearing down
" Cé go bhfuil neart ábhair éadóchais ann faoi láthair, agus córas baincéireachta na tíre faoi scamall náire, tá sé tábhachtach go ndéanfaí ciorruithe sna háiteanna cuí seachas creimeadh a dhéanamh ar sheirbhísí riachtanacha.
creimeadh eating away at
" Cibé duine atá ceart nó mícheart sna cúrsaí seo go léir, is deacair a rá, ach is cinnte nach bhfuil deireadh fós le ceisteanna, leath-thagairtí, ná le ráflaí faoi ábhar atá ag creimeadh spórt na rothar agus spórt eile le fada.
creimeadh loss, erosion
" Ach chuir teacht na mBriotanach go hOgoniland i 1901 tús le creimeadh an chultúir atá fós ar siúl sa lá atá inniu ann.
creimeadh waring away
" Nílim fós in ann na heasanna úd a mhíniú, ach bhraitheas go rabhadar ag creimeadh ní éigin ionam a bhí stroimpithe leis na blianta.
creimeadh a weakening
" Feictear dóibh go dtiocfaidh creimeadh ar chaighdeán na teanga i measc daltaí Gaeltachta, Gaelscoileanna agus i measc daltaí líofa eile.
creimeadh erosion
" D’eisigh bord bainistíochta na páirce dréachtphlean riaracháin bliain ó shin inar luadh na fadhbanna éagsúla a bhí ag cur isteach ar an gcarraig: na daoine ag fáil bháis uirthi, an bruscar a fágadh uirthi agus an creimeadh a bhí ag tarlú uirthi.
ag creimeadh na tíre eroding the country
" Bíonn ceardchumainn agus rialtais ag creimeadh na tíre, agus ag cur moille ar fhorbairt an domhain dar leis.
ag creimeadh gnawing away
" Ba gheall le galar ar nós ailse a bheith ag creimeadh na heagraíochta an íocaíocht mhídhlisteanach seo a dúirt an tUachtarán Ó Cuana go neamhbhalbh leis na baill agus tá sí á cothú ag easpa agus ag droch-cheannaireachta agus bíonn sí á stiúradh go grinn trí dhreamanna ar a dtugtar ‘clubanna tacaíochta’ agus ‘cairde an CLG’.
ag iarraidh creimeadh trying to whitle away
" Bheadh an baol ann fosta gur sciath cosanta a bheadh i bpróiseas rúnda do naimhde na teanga a bheadh ag iarraidh creimeadh faoi choim a dhéanamh ar a bhfuil bainte amach le blianta beaga anuas, mar a mheabhraigh an Coimisinéir Teanga dúinn: “Níor cheart cosaint na rúndachta nó an dorchadais a thabhairt dóibh siúd a bheith in aghaidh chearta teanga phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta.
creimeadh na talún land erosion
" Thuig sé trí rud: cuireann na préamhacha srian le creimeadh na talún; bíonn foscadh faoi chraobh ó sceo na gaoithe agus ó dhó na gréine; agus is leasú créafóige atá sa duilliúr a sceitheann an choill sa bhfómhar.
ag creimeadh is being wore away
" "Tá tionchar na Dála ag dul i méid ó thuaidh," a dúirt sé agus dá bhrí sin, tá an deighilt ag creimeadh de réir a cheile.
an creimeadh millteanach the desperate erosion
" Is rud maith é go raibh sé ann, mar tá seisean i gceannas ar an togra ‘forbairt’ atá ag dul ar aghaidh ansin faoí láthair agus chonaic sé an creimeadh millteanach ar an chosán ar an bhealach suas, an graffiti *‘Carl loves Breege’* agus croí atá ann le trí bliana agus ‘Bóthar na mBrící Buí’ar an bharr.
creimeadh áirithe a bhrath ar sense a certain deterioration
" Is mór an tionchar a bhíonn ag cláir fógraí ar aeistéitic áite, gan amhras, ach an féidir chomh maith creimeadh áirithe a bhrath ar chaighdeán morálta na n-údarás poiblí a leanann beartais mar seo? Deir Hanno Rauterberg, a scríobhann don nuachtáin Gearmánach, Die Zeit, gur cineál deachtóireacht nua atá san fhógraíocht nach bhfuil duine ar bith ábalta a sheachaint agus, le himeacht aimsire, go nglacfar leis mar rud atá, ní hamháin ‘nádúrtha,’ ach go bhfuil sé de cheart ag fógróirí an lámh in uachtar a bheith acu ar spásanna poiblí.
cheana féin ag creimeadh already eating into
" Ní hamháin go raibh na bóithre go leír dúnta agus an leictreachas ar shiúl ag an gcuid ba mhó de theaghlaigh an stáit, ach bhí nach mór gach tollán cairr agus traenach i Nua-Eabhrac lán le huisce goirt, a bhí cheana féin ag creimeadh pé sreanga leictreachais iontu nár dódh cheana féin.
Tá creimeadh mór tarlaithe ar a great decay happened
" Tá creimeadh mór tarlaithe ar an nGaeilge ó shin, mar a léirítear i staidrimh éagsúla atá le fáisceadh amach as uimhreacha Scéim Labhairt na Gaeilge agus ón Daonáireamh.
ag creimeadh a dhóchais wearing down his hope
" “Cén mhaith dúinn a bheith ag caitheamh airgid ar theanga atá marbh, ná atá ag fáil bháis?” Cé chomh minic a chluintear abairtí mar seo, go háirithe in am seo an ghátair ó thaobh an gheilleagair de? In ainneoin go bhfuil creideamh an-láidir ar fad ag Balor i dtodhchaí gheal na Gaeilge, bhí an tsíorcháisíneacht agus an chnáimhseáil shíoraí ag creimeadh a dhóchais… go dtí gur thug sé cuairt ar Ghaelscoil na Gaeilge Gaelaí i mBaile Gaelach sa chathair cois Life.
creimeadh ar chaighdeán na Gaeilge a deterioration of the standard of Irish
" Ní bheidh de thoradh ar an riail sheafóideach seo ach creimeadh ar chaighdeán na Gaeilge i nGaelscoileanna agus i nGaelcholáistí na tíre.
ag creimeadh eating away at
" Tá créacht agus loscadh cléibh eile ag creimeadh misnigh óg is aosta, in Éirinn go háirithe, agus braithim, ceart nó mícheart, go bhfuil ciúnas aduain ina thaobh.
an creimeadh cósta ag nochtadh the coastal erosion laying bare
" , Iarsmalann na Breataine, Londain), go raibh an creimeadh cósta ag nochtadh agus ag scríosadh go tapa suíomh iontach tábhachtach ón tréimhse Pléisticéineach Luath, idir milliún bliain agus 0.
ag creimeadh rompu eroding away before them
" Ní féidir iad a stopadh, le díocas Dé ag gleadhradh ina súíle, agus tá arm na hIaráice, a chaith rialtas Mheiriceá na scórtha milliún á n-oiliúint, ag creimeadh rompu.
creimeadh tagtha ar rot has set in
" Ba dheacair don bhall is dílse do pháirtithe an rialtais a mhaíomh nach bhfuil creimeadh tagtha ar an phróiseas daonlathais mar thoradh ar an chinneadh deireadh a chur le toghcháin do Bhord Údarás na Gaeltachta.
creimeadh erosion
" Taobh istigh de naoi mí, áfach, b'éigean an t-ionad a dhúnadh de bharr go raibh creimeadh ag tarlú.