Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
curtha as a riocht ar fad totally distorted
" Tá cuid mhór de na leabhartha Gaeilge scríofa i dteanga atá curtha as a riocht ar fad ag teanga dúchais an scríbhneora, an Béarla.
gur chuir sé sin as beagainín dom that that bothered me a little
" Caithfidh mé a rá gur chuir sé sin as beagainín dom.
Ní chuireann sé as dom rómhór. It doesn't bother me too much.
" Ní chuireann sé as dom rómhór.
cuireadh an ruaig ar ocht dteaghlach Moslamach as a gcuid tithe eight Muslim families were forced out of their homes
" An bhliain seo caite, cuireadh an ruaig ar ocht dteaghlach Moslamach as a gcuid tithe.
na hinnill curtha as the engines switched off
" Tá cead gutháin ghluaisteacha a úsáid tar éis tuirlingthe, nuair atá an t-eitleán san áit pháirceála, na hinnill curtha as agus na doirse ar oscailt.
ba bheag nár cuireadh mé féin as mo mheabhair I was nearly driven mad myself
" D’oibrigh mé ar feadh míosa i gclinic do dhaoine a raibh fadhbanna intinne acu, agus ba bheag nár cuireadh mé féin as mo mheabhair.
ní chuireann sin as dom ar chor ar bith that doesn't bother me at all
" De dheasca bheith chomh gnóthach le hobair an choláiste samhraidh, níl an spórt chomh lárnach i mo shaol ó lá go lá is a bhíonn de ghnáth agus, le fírinne, ní chuireann sin as dom ar chor ar bith.
a chuir as dom go mór which really bothered me
" Rud amháin a chuir as dom go mór faoin gceantar seo ná nár casadh mórán Astrálach orm in aon chor - ach casadh go leor Francach, Gearmánach, Sasanach, Éireannach, Sualannach agus Meiriceánach orm! Nuair a bhímse i dtír, is mian liom aithne a chur ar a muintir, ach bhí orm dul sa tóir ar na hAstrálaigh sa tonn mhór cúlphacálaithe a raibh an áit faoina smacht.
mar gur cuireadh na ceamaraí slándála as le linn dó bheith sa bheairic. because the security cameras were turned off during his time in the barracks.
" Mhaígh Barrett le linn a thrialach go raibh a fhios ag na húdaráis cad é bhí ar bun aige mar gur cuireadh na ceamaraí slándála as le linn dó bheith sa bheairic.
cuireadh brú air eirí as a phost pressure was put on him to resign from his job
" Sa bhliain 2002, cuireadh brú air eirí as a phost mar mhéara i ndiaidh do líomhaintí a bheith curtha ina leith go raibh sé bainteach le caimiléireacht agus breabaireacht.
go bhfuil an saol curtha as aithne that life has changed beyond recognition
" Is cinnte go dtuigeann daoine gur bhain an tír seo tairbhe as a bheith ina ballstát den Aontas Eorpach, ach tuigeann siad freisin go bhfuil an saol curtha as aithne.
curtha as an áireamh not included
" Níl na figiúirí déanta againn ach déarfainn nach mbeadh mórán os cionn míle duine fágtha nuair a bheadh na daltaí meánscoile curtha as an áireamh.
coinín é a bhí curtha as tom aitinn it was a matter brought into discussion
" Cheap mé gur coinín é a bhí curtha as tom aitinn ag Éamon Ó Cuív le aird a tharraingt ó rudaí eile a bhí le déanamh.
curtha as a riocht malformed
" Bréagnú Finscéil ======== Dá mbainfeadh Martin McGuinness an Rás chuig an Áras, bheadh finscéal bunaithe an Stáit curtha as a riocht.
curtha as a riocht bent out of shape
" "Ní bhfaighfeá ach, arís eile, na póilíní agus an tArm sa duga agus an stair curtha as a riocht," ar sé, ionann is a rá gur thuig sé gach cor i stair na dtrioblóidí agus go raibh lom na firinne ina chroí istigh.
níor chuir sé sin as dá ndíograis it didn’t bother their zeal
" Cur isteach ar lá iomlán ceiliúrtha ab ea comórtas seo na caide, ach níor chuir sé sin as dá ndíograis ar pháirc an chatha i ndeireadh na dála! Laghdú Foirne ===== Toisc gurbh é an babhta deiridh de chraobh na bliana seo níor éirigh leis an uile fhoireann an turas a dhéanamh go dtí an Cruinne.
cuireadh dúinn ciall a bhaint as an invitation to us to make sense of
" Tugann Vermeer cuireadh dúinn ciall a bhaint as an phictiúr le comharthaí atá mar leideanna mealltacha dúinn.
chuir i bhfeidhm as seo amach to use from now on
" Fuair an mhuintir Arabana freagracht as riar cheantar an locha i mí na Bealtaine anuraidh agus chuir siad ina luí gaidhte ar an Geographical Names Unit dhá ainm an locha a chuir i bhfeidhm as seo amach.
Tá domhan na hiománaíochta curtha as a riocht the world of hurling has been turned upside down
" Tá domhan na hiománaíochta curtha as a riocht ar bhealach maith faoi láthair.
cuireadh as do chearta the rights (of L) were infringed
" Ghlac an Breitheamh Aindrias Ó Caoimh leis gur cuireadh as do chearta Uí Lubhlaí triail chothrom a fháil siocair go raibh cáipéisí de chuid an Gharda Síochána caillte.
a chuireann as do go leor daoine óga which bothers many youngsters
" Feictear dom nach mbíonn sí róbhuartha faoina ‘híomhá’, íomhá shamhailteach úd na linne a chuireann as do go leor daoine óga, cailíní ach go háirithe.
tá béím as cuimse curtha ag has placed a lot of emphasis
" Le cúpla bliain anuas tá béím as cuimse curtha ag Google ar fhíseanna a chur chun cinn sna torthaí cuardaigh.
scannán atá curtha as a riocht ag scátháin a film which has been misshapen by a mirror
" Is é atá i gceist anseo ná scannán atá curtha as a riocht ag scátháin agus ag lionsaí agus déanfaidh FiS tionlacan ceoil leis na híomhánna seo.
Cuireann sé as dom it bothers me
" "Cuireann sé as dom", arsa seisean (i measc rudaí eile) "go bhfuil tú ag guairdeall thart le daoine Gorma.
níor chuir an teilifís as do television didn’t impinge on
" Thit an slua go tubaisteach an-tapa ón 40,000 duine a bhíodh i láthair sna caogaidí ach níor chuir an teilifís as do na cluichí i gcoitinne ach a mhalairt.
dtiocfaidh maitheas as deireadh a bheith curtha leis good may come from its demise
" Maidir le Gaelscéal, b’fhéidir go dtiocfaidh maitheas as deireadh a bheith curtha leis.
chan as a bhfuil curtha i gcrích cheana féin amháin é not because of what has already been done
" Beidh baint níos dlúithe ag Cathair Dhoire le saol na healaíne feasta, chan as a bhfuil curtha i gcrích cheana féin amháin é, ach as ucht a bhfuil ar na bacáin, faoi cheann dhá bhliana go háirithe, nuair a lonnófar Duais Turner sa chathair sin.
as an gcomaoin mhór a chuireann siad ar shaol a chathrach máthardha féin for their enriching the life of his home city
" Tá moladh nach beag ag dul don chompántas Corcadorca dar le John-Paul Mc Carthy as an gcomaoin mhór a chuireann siad ar shaol a chathrach máthardha féin ó dheas, Corcaigh.