Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
a chuireann cosc ar shnámh which prohibits swimming
" Bíonn scata maith daoine i mbun marcaíochta toinne ansin, cé go bhfuil fógra ann a chuireann cosc ar shnámh.
cén fáth nach gcuirfí cosc ar chaitheamh tobac why smoking wouldn't be banned
" An bhliain seo caite cuireadh ceist cén fáth nach gcuirfí cosc ar chaitheamh tobac i dtithe tábhairne agus bialanna na Gearmáine.
nuair a cuireadh cosc ar chuairteanna oscailte. when open visits were banned.
" Cosc ar chuairteanna oscailte Bhí aighneas idir na príosúnaigh agus na húdaráis nuair a cuireadh cosc ar chuairteanna oscailte.
a chuireann cosc ar thuismitheoirí which prohibits parents
" Cáineadh go géar an dlí a chuireann cosc ar thuismitheoirí a bhfuil leanaí níos sine ná ocht mbliana déag d’aois acu iarratas a dhéanamh ar iad a thabhairt go hÉirinn le cur fúthu anseo.
Cuireadh cosc ar was banned
" Cuireadh cosc ar an mBriotáinis san eaglais ó 1902 ar aghaidh.
chuirfeadh cosc ar would stop
" Mhol sé cláir scoile a chuirfeadh cosc ar an bhfadhb roimh ré de bharr go mbíonn sé an-deacair dul i ngleic leis an bhfadhb nuair a bhíonn na gasúir tite i bhfeoil cheana féin.
chuireann cosc ar which blocks
" Uirlis atá tagtha chun tosaigh sa Bhreatain le bliain nó dhó anuas ná an ‘sárurghaire’ a chuireann cosc ar nuachtáin eolas a chur i gcló faoi chaidrimh ghnéis sheachphósta a bhíonn ag daoine cáiliúla áirithe.
cuireadh cosc ar aon earcaíocht recruitment was stopped
" Chuir muid cúrsaí oiliúna faoin dlí ar fáil do Phrotastúnaigh amháin; chuaigh muid go hollscoileanna in Albain le daoine a mhealladh ar ais (tá imirce Protastúnach oilte go hAlbain aitheanta le fada) ach nuair a thuigeamar go raibh bealaí ann chun feabhas a chur ar rudaí, cuireadh cosc ar aon earcaíocht.
chuir siad cosc ar they banned
" Bhí An Scread ina ábhar iontais nuair a taispeánadh don chéad uair é i 1893 agus nuair a tháinig na Naitsithe i gcumhacht, chuir siad cosc ar an saothar ag rá go raibh sé mídhúchásach.
chuireann cosc ar neutralizes
" Tá damhna eile san fhéitheach, áfach, a chuireann cosc ar an einsím seo: in uireasa an fhéithigh, ní bheadh tionchar ag an duilleog.
Bhí cosc curtha ar cheol music was banned
" Bhí cosc curtha ar cheol ag Coimisiún na Mórshiúlta, bhí cosc ar an bhuíon, the Young Conway Volunteers a bheith páirteach sa mhórshiúl i ndiaidh iad tús a chur leis an achrann agus iad ag bualadh amhráin seicteach, The Famine Song, taobh amuigh den teach pobail atá ar an suíomh i sráid Dhún na nGall ó 1877.
a chuireann cosc ar idirdhealú ar bhonn aoise which ban discrimination on grounds of age
" Níor mhiste an cheist a chur fosta an bhfuil a leithéid de choinníoll leatromach i bhfianaise na ndlithe déine a chuireann cosc ar idirdhealú ar bhonn aoise i réimsí eile de shaol na hÉireann? Níor mhiste amharc ar thréimhse feidhme an Uachtaráin fosta.
chuir údarás na Síne cosc láithreach ar the Chinese authorities immediately banned
" Nuair a chuir údarás na Síne cosc láithreach ar a fhiseán agus bhain den Idirlíon é, dúirt Ai Weiwei go raibh sé ina cheart ag daoine iad féin a chur in iúl dá chéile agus go raibh an ceart seo ceangailte go dlúth le cruthaíocht, sonas agus le saol daoine agus an tsochaí ar di iad.
chuir sé cosc ar bhia a dhul a fhad he stopped food from reaching
" Sa chogadh in éadan Uí Néill, chuir sé cosc ar bhia a dhul a fhad leis na Gaeil.
nach annamh a chuirtear cosc ar shagart a priest is occasionally stopped
" Tchítear sa tír seo féin nach annamh a chuirtear cosc ar shagart a labhródh go hoscailte faoi cheisteanna móra an lae, cuirim i gcás ról na mban san Eaglais nó ceist na haontumha.
a chuir cosc iomlán ar which completely banned
" Siocair Achrainn ======= Chuir an tUachtarán Bill Clinton a shíniú le hacht Comhdhála a chuir cosc iomlán ar phósadh aerach sna Stáit Aontaithe i 1996.
a chuireann cosc seachtarach ar which puts an external brake on
" Má sháraíonn polaiteoir áirithe cuimsí na polaitíochta le haitheasc ciníoch, mar shampla, is í an mhoráltacht a chuireann cosc seachtarach ar allagar na polaitíochta agus ba cheart go dtabharfadh an mhoráltacht ar an bpolaiteoir leorghníomh a dhéanamh sa ghníomh réamhluaite as féin.
chuir coiste ealaíne na Comhairle cosc ar the art(s’) council committee banned
" Bhí an seó sna cinnlínte nuachta cionn is gur chuir coiste ealaíne na Comhairle cosc ar an achoimre ar an Bhíobla, baill den DUP ag seasamh na fóide ar son na Críostaíochta agus in éadan an Diamhaslaithe.
cuireadh cosc ar was banned
" Ar ndóigh, bhí raic ann, an chéad uair gur cuireadh cosc ar *Complete Word of God (Abridged)* ó thosaigh sé 20 bliain ó shin.
a chuireann cosc ar which prevents
" 4) cead don Stát cabhair a thabhairt do ghrúpaí creideamhacha i riocht airgid san earnáil oideachais, is deacair éalú ó théarmaíocht lom ríshoiléir an ghealltanais bhunúsaigh sin a chuireann cosc ar chánacha ginearálta an Stáit a aistriú go dtí forais chreidimh.
gcuirtear cosc ar dhaoine people are blocked
" Tá ráite ag DoneDeal go mbítear ag ar fhógraíocht agus go gcuirtear cosc ar dhaoine a bhíonn ag fógairt go rómhinic.