Pota Focal Intergaelic
Scríobh focal Gaeilge nó Béarla. Type a word in Irish or English.
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
curtha i bhfeidhm implemented
" Cén fhís atá agat féin don Ghaeilge? An bille teanga a bheith curtha i bhfeidhm.
cuirtear i bhfeidhm go tréan í it is strictly enforced
" Tá na húdárais lándáiríre faoin riail seo agus cuirtear i bhfeidhm go tréan í.
go gcuirtear i bhfeidhm go hiomlán iad that they are fully implemented
" Beidh orainn dul i ngleic leis na moltaí seo agus féachaint chuige go gcuirtear i bhfeidhm go hiomlán iad.
Má chuirtear na struchtúir chearta i bhfeidhm if the proper structures are put in place
" Má chuirtear na struchtúir chearta i bhfeidhm, má thugtar neart cluichí dóibh, agus má bhíonn an t-ádh leo, d'fhéadfaidís an bua a fháil ar chontaetha láidre sa chraobhchomórtas.
curtha i bhfeidhm put into operation
" Is córas Meiriceánach é an córas GPS, agus tá córas eile ar a dtugtar GLONASS curtha i bhfeidhm ag an Rúis freisin.
a chuirtear dlíthe i bhfeidhm in which laws are enforced
" Tá monatóireacht ar an bhealach a chuirtear dlíthe i bhfeidhm mar chuid dá chúraim freisin.
mar nach gcuirfear i bhfeidhm i gceart iad because they won't be properly enforced
" An é go bhfuil an gá seo leis an alcól i síol na nÉireannach agus go bhfuil sé á iompar ó ghlúin go glúin mar a bheadh gruaig rua ann nó súile donna? Cé go ndéanfar na dlíthe nua seo a achtú gan mhoill, is dócha go mbeidh siad cosúil le go leor dlíthe eile a thagann chun cinn in Éirinn - gan éifeacht mar nach gcuirfear i bhfeidhm i gceart iad.
Dá gcuirfí na rialacha i bhfeidhm if the rules were enforced
" Dá gcuirfí na rialacha i bhfeidhm ina chás siúd mar a dhéanfaí le "gnáthimreoirí" seans maith nach mbeadh sé ag imirt i gCluiche Ceannais na hÉireann.
mura gcuirtear plean gníomhaíochta i bhfeidhm go luath if an action plan isn't implemented soon
" Is cuma leis má sheasann sé ar bharraicíní, mar a déarfá, agus is minic a cháineann sé oifigigh a chontae dhúchais féin, Loch Garman (chuir sé Coiste an Chontae i gcomparáid le hiasc lofa in alt amháin!) faoin easpa iarrachta, dar leis féin, maidir le cur chun cinn na hiománaíochta i Loch Garman, cluiche atá i mbaol a bháis, dar leis, sa chontae sin mura gcuirtear plean gníomhaíochta i bhfeidhm go luath.
cuireadh i bhfeidhm iad they were implemented
" Cuid de na moltaí a bhí aige faoi reáchtáil agus fhorbairt na hiomána i Loch Garman, diúltaíodh dóibh ar dtús, ach cuireadh i bhfeidhm iad blianta níos faide anonn.
dá gcuirfí i bhfeidhm iad if they were implemented
" Bhí go leor moltaí fónta sa straitéis seo, dá gcuirfí i bhfeidhm iad, a mhaolódh fadhb na ndaoine gan dídean, ach toisc nach raibh sé ar bhonn reachtúil ní raibh aon rud a d'fhéadfaí a dhéanamh le húdaráis áitiúla a thug neamhaird uirthi.
go gcuirfear an plean seo i bhfeidhm that this plan will be enforced
" Tá chuile chosúlacht ann go gcuirfear an plean seo i bhfeidhm taobh istigh de shé mhí mar go n-aontaíonn an freasúra (an Lucht Oibre agus na Australian Democrats) leis.
curtha i bhfeidhm implemented
" Bhí, agus fuair mé amach gur chuir seisean an cheist chéanna orthu fá dtaobh díomsa," arsa Angie Lean an rialtas ar aghaidh leis an pholasaí príobháidithe agus i 1991 fuarthas amach nach raibh ach ocht gcinn de na 26 mholadh sábháilteachta a rinne Fiosrúchán Fennell curtha i bhfeidhm.
dá gcuirfí i bhfeidhm riamh é if it were ever implemented
" Tá siad den tuairim nach mbeadh aon spás do stát mar seo laistigh de fhráma an Aontais Eorpaigh agus gurb iad na gnáthdhaoine Bascacha a bheadh thíos le moladh Ibarretxe dá gcuirfí i bhfeidhm riamh é.
dá gcuirfeadh réiteoirí i bhfeidhm iad if referees enforced them
" Níos mó ná riamh tá gá le ciall agus stuaim i gCLG agus córas atá soiléir agus atá dian ar lucht calaoise, agus, mar a scríobh Joe Lennon, iarpheileadóir cáiliúil de chuid an Dúin, chuideodh sé go mór le feabhas na gcuichí Gaelacha dá nglacfadh imreoirí leis na rialacha agus dá gcuirfeadh réiteoirí i bhfeidhm iad.
siocair nár cuireadh i bhfeidhm na treoirlínte a bhí leagtha síos because the guidelines that had been laid down were not implemented
" Rialaigh an chúirt go raibh an otharlann faillíoch siocair nár cuireadh i bhfeidhm na treoirlínte a bhí leagtha síos le dul i ngleic leis an ghalar.
má chuirtear an treoir i bhfeidhm if the guideline is enforced
" Is dócha go mbeidh an scéal amhlaidh don eaglais i dtíortha eile má chuirtear an treoir i bhfeidhm, mar nach féidir léi riail amháin a bheith aici sna Stáit Aontaithe gan í a leagan síos mar threoir i ngach áit eile.
má chuirtear na moltaí seo i bhfeidhm if these recommendations are implemented
" Tá an chontúirt ann go gcuirfear an Ghaeilge ag bun an liosta, áfach, má chuirtear na moltaí seo i bhfeidhm.
is beag dá gcuid moltaí a cuireadh i bhfeidhm few of their recommendations were implemented
" Ach bhí rud amháin i bpáirt acu uilig – is beag dá gcuid moltaí a cuireadh i bhfeidhm.
dá mba rud é go gcuirfí a leithéid de pholasaí i bhfeidhm if such a policy were implemented
" Measann sé gur buille tubaisteach a bheadh ann don teanga dá mba rud é go gcuirfí a leithéid de pholasaí i bhfeidhm.
go gcuirfí srianta dochta pleanála i bhfeidhm that stringent planning curbs be implemented
" Is léir go bhfuil an-bhá ag an dá pháirtí rialtais le lucht tógála agus forbartha ach bheadh na Glasaigh ag éileamh go gcuirfí srianta dochta pleanála i bhfeidhm.
Cuirtear smachtbhannaí i bhfeidhm sanctions are imposed
" Cuirtear smachtbhannaí i bhfeidhm ionas go gcaithfidh gach duine a dtréada a dhíol le feirmeoirí a bhfuil tréada níos mó acu.
leis an gcinsireacht a cuireadh i bhfeidhm. with the censorship that was implemented.
" ” Measann Gearóid fosta gur chuir Rialtas na hÉireann leis an bhfadhb leis an gcinsireacht a cuireadh i bhfeidhm.
ar an mbeart a bhí curtha i bhfeidhm acu on the policy which they had implemented
" “Ní hamháin sin, beidh cuntais ar stailceanna ocrais a raibh éifeacht mhór leo thall agus abhus; an chríochdheighilt a tharla i 1947 san Ind, a múnlaíodh, de réir cosúlachta, ar an gcríochdheighilt sin, ar an mbeart a bhí curtha i bhfeidhm acu in Éirinn.
cuireadh dlí nua i bhfeidhm a new law was brought into force
" Ag an am chéanna, cuireadh dlí nua i bhfeidhm a d’ordaigh go gcaithfí tochailt seandálaíochta a dhéanamh idir treascairt agus atógáil.
a chuir an rialtas i bhfeidhm anuraidh. which the government enacted last year.
" B’fhearr leis an rialtas go mbeadh aird an phobail dírithe ar bhainistiú an gheilleagair, ach is ríléir go bhfuil aird á díriú ar na dlíthe nua caidrimh thionsclaíoch a chuir an rialtas i bhfeidhm anuraidh.
a chuir an t-iar-rialtas i bhfeidhm which the last government brought into effect
" WorkChoices* *a tugadh ar na dlíthe seo, aa chuir an t-iar-rialtas i bhfeidhm go luath in 2006.
an córas breá nua a bhí curtha i bhfeidhm acu the fine new system that they had implemented
" Ní nach ionadh, mar sin, go raibh ar fhoireann Facebook leithscéal a ghabháil lena n-úsáideoirí ar fad agus an córas breá nua a bhí curtha i bhfeidhm acu a athrú ó bhonn.
a bhí curtha i bhfeidhm which they had implemented
" Ní nach ionadh, mar sin, go raibh ar fhoireann Facebook leithscéal a ghabháil lena n-úsáideoirí ar fad agus an córas breá nua a bhí curtha i bhfeidhm acu a athrú ó bhonn.
a chuirfí i bhfeidhm which would be put in place, into effect
" Shuigh sé féin agus an Graoisín síos le chéile agus d’oibrigh siad amach plean oibre a chuirfí i bhfeidhm dá bhfaigheadh Huck an jab mór – péindlithe le rith ina n-éadan siúd nach WASPS iad, céasadh ar an chros a thabhairt isteach mar phionós ar chraiceann a bhualadh, toitíní a chaitheamh, alcól a ól nó a dhíol nó a cheannach, agus vótaí a chaitheamh ar son Daonlathach.
ó cuireadh Acht na dTeangacha Oifigiúla i bhfeidhm, since the Official Languages Act was enacted
" **Oiliúint** Mar chuid den scéim teanga atá forbartha ag eagraíochtaí éagsúla – na comhairlí contae agus na ranna stáit, cuir i gcás – ó cuireadh Acht na dTeangacha Oifigiúla i bhfeidhm, is gá oiliúint ar chur ar fhostaithe de chuid na n-eagraíochtaí rannpháirteacha chun go mbeidh siad ábalta seirbhísí a chur ar fáil don phobal trí Ghaeilge.
cuireadh cláracha eacnamaíocha i bhfeidhm economic programmes were implemented
" Agus é ag obair leis an Roinn Airgeadais, cuireadh cláracha eacnamaíocha i bhfeidhm faoina chúram a raibh dea-thoradh fadtéarmach acu ar chúrsaí sóisialta agus ar gheilleagar na tíre.
an tslí a bhfuil sé curtha i bhfeidhm the way in which it is implemented
" Costais ardaCaithfidh mé a admháil go bhfuil an prionsabal taobh thiar den chóras nua go maith, ach ní maith liom an tslí a bhfuil sé curtha i bhfeidhm agus na costais arda a bhaineann leis.
nár cuireadh i bhfeidhm wasn’t put into effect
" Ceann de na cúiseanna gur theip ar an chóras úr ná nár cuireadh i bhfeidhm ina iomláine é.
curtha i bhfeidhm enforced
" Is léir an meas atá ag Hessel ar mhuintir Gaza agus ar an dóigh ina dtéann siad i ngleic leis an saol in ainneoin an ghátair i measc an phobail de dheasca coscanna trádála atá curtha i bhfeidhm ag na hIosraelaigh.
cuirtear i bhfeidhm í it is enforced
" Tá reachtaíocht righin ar úinéireacht ghunnaí san Ísiltír, agus cuirtear i bhfeidhm í.
mura gcuirfí i bhfeidhm í if were not to be enforced
" Ceisteanna le Cur ========== Chuir Ó Cuana ceisteanna mar seo a leanas ar na baill: cén fáth go bhfuilimid ag séanadh (go bhfuil íocaíocht a déanamh)? Cén fáth go gcraolaimid luachanna nach gcloítear leo? Nach mithid dúinn seasamh a ghlacadh os comhair an tsaoil? Dúirt an Cuanach go raibh roinnt contaetha ag cliseadh ina gcuid dualgas ar na ceisteanna seo agus go mba dhiomailt ama ag an eagraíocht dúnghaois a cheapadh mura gcuirfí i bhfeidhm í.
gcuirfí i bhfeidhm cur chuige eile another approach be put into effect
" Mhol an coiste dóibh go gcuirfí i bhfeidhm cur chuige eile ar ar thug siad an “no advantage principle”.
chuir i bhfeidhm as seo amach to use from now on
" Fuair an mhuintir Arabana freagracht as riar cheantar an locha i mí na Bealtaine anuraidh agus chuir siad ina luí gaidhte ar an Geographical Names Unit dhá ainm an locha a chuir i bhfeidhm as seo amach.
chuir sé i bhfeidhm he implemented
" “Beidh Jim in ann tógáil ar an taithí foirne atá ag Paul, ach thairis sin, beidh sé in ann tagairt a dhéanamh do na beartais a chuir sé i bhfeidhm mar bhainisteoir ar Dhún na nGall agus atá anois ag cuidiú le foireann Celtic,” dar le Michael Mc Ginley.
sular cuireadh na moltaí sin i bhfeidhm before the resolutions were put into effect
" Bheadh céad bliain eile ann sular cuireadh na moltaí sin i bhfeidhm áfach.
gcuirfí i bhfeidhm would be put into effect
" ’Sé cúlra an scéil seo ná gur thionscain iar-Uachtarán Chonradh na Gaeilge, Tomás Mac Ruairí athbhreithniú breithiúnach i 2011 le go gcuirfí i bhfeidhm treoir de chuid an Aontais Eorpaigh, ina raibh sé de dhualgas ar Éirinn agus ar gach ballstát eile lipéadú a dhéanamh i ngach teanga oifigiúil dá gcuid ar chógais agus ar na bileoga eolais a théann leo (Airteagal 63 de Threoir 2001/83/EC).
dá gcuirfí na beartais chearta i bhfeidhm if the correct policies were put into effect
" céad bhaile), mar aon leis na himircigh féin, ar ndóigh, tairbhiú den imirce dá gcuirfí na beartais chearta i bhfeidhm.
beartais úra curtha i bhfeidhm new policies put in place
" Cé go raibh beartais úra curtha i bhfeidhm ag na Gardaí ó shin, d'admhaigh an Coimisinéir go mb'fhéidir go raibh ceachtanna le foghlaim go fóill faoin mhéid a tharla san am atá caite.
a cuireadh i bhfeidhm orainn which were put into effect on us
" Ní aontóinn le gach athrú a rinneadh sa cháinaisnéis ach sílim go ndearna an rialtas iarracht an leigheas anróiteach a scaipeadh go cothrom, go háirithe nuair a chuirtear san áireamh na hathruithe pianmhara a cuireadh i bhfeidhm orainn le cúig bliana anuas.
chuirfí i bhfeidhm would be put into effect
" ’ Rogha an dá díogha a bhí ag na ceardchumainn: glacadh le athruithe a bhí i socrú Bhóthair Haddington, a bhí oibrithe amach tré idirbheartaíocht leo, nó glacadh le hathruithe níos measa a chuirfí i bhfeidhm gan aon idirbheartaíocht.
gcuirfí cionmhéid i bhfeidhm feasta a quota would be put into effect henceforth
" Ábhar mór conspóide ab ea an cinneadh sin i measc lucht labhartha na Gaeilge nuair a d’fhógair an tAire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe, Brendan Howlin, i mí Dheireadh Fómhair, 2013 go rabhthas ag cur deireadh leis na pointí bisigh agus go gcuirfí cionmhéid i bhfeidhm feasta nuair a bheadh earcú á dhéanamh.
curtha i bhfeidhm ag enforced by
" Ag an am sin, ní raibh reachtaíocht i gceist ach treoirlínte a bhí curtha i bhfeidhm ag an Aire, Micheál D Ó hUiginn.
a chuirfí i bhfeidhm which would be used
" Iamhchríoch Chultúir nó Iamhchríoch Báine? ========================= Ach céard atá i gceist leis an bplean seo? An cosaint chultúrtha é, mar atá á rá ag an PQ, ar son na luachanna uathacha a fhaightear sa chúige, nó an uirlis chiníochais é a chuirfí i bhfeidhm chun an ruaig a chur ar an mionlach a roghnaíonn an Béarla a labhairt seachas an Fhraincís - na Giúdaigh, na Moslamaigh agus na Sícigh ach go háirithe? Chun beagán de chúlra a thabhairt don scéal seo, ba shochaí faoi ordóg na hEaglaise Caitlicí í Québec go dtí deireadh na seascaidí.
curtha i bhfeidhm put into effect
" Is fíor go raibh cuid mhaith de na ciorruithe is mó curtha i bhfeidhm ag Fianna Fáil sular tháinig Fine Gael agus an Lucht Oibre i gcumhacht.
dá gcuirfí i bhfeidhm were it to be enforced
" Dúirt an chéad Choimisinéir Teanga Seán Ó Cuirreáin, go dtógfadh an córas nua, dá gcuirfí i bhfeidhm go hiomlán agus ar an bhealach is dearfaí é, thart ar 28 mbliana le líon na foirne riaracháin sa Roinn Oideachais le líofacht i nGaeilge a mhéadú ón 1½% atá ann faoi láthair go dtí 3%.
dá gcuirfí i bhfeidhm go hiomlán were it to be fully in place
" Mheas an Coimisinéir Teanga go dtógfadh an córas nua, dá gcuirfí i bhfeidhm go hiomlán agus ar an bhealach is dearfaí é, thart ar 28 mbliana le líon na foirne riaracháin sa Roinn Oideachais le líofacht i nGaeilge a mhéadú ón 1½% atá ann faoi láthair go dtí 3%.
má chuirtear moltaí an Pháipéir Bháin ar Oideachas agus Scileanna i bhfeidhm if the recommendations of the White Paper on Education and Skills are implemented
" Tá an-dochar déanta ag príomhoidí áirithe i gcoláistí tríú leibhéal i Sasana do na hinstitiúidí a bhfuil siad i gceannas orthu agus tá eagla ar Tony Birtill go dtarlóidh an rud céanna sna scoileanna má chuirtear moltaí an Pháipéir Bháin ar Oideachas agus Scileanna i bhfeidhm.
go dtí go gcuirfear na dlíthe i bhfeidhm until the laws are implemented
" Ní thiocfaidh athrú ar iompar thiománaithe na hÉireann ar na bóithre, agus ní thiocfaidh laghdú ar líon na dtaismí, go dtí go gcuirfear na dlíthe i bhfeidhm ar bhealach níos doichte.
nach gcuirfí acht Gaeilge i bhfeidhm that an Irish language act would not be implemented
" D'fhógair an tAire Cultúir, Ealaíon agus Fóillíochta ó thuaidh, Edwin Poots, ar na mallaibh nach gcuirfí acht Gaeilge i bhfeidhm sa Tuaisceart.
curtha i bhfeidhm put into effect
" Tá athruithe curtha i bhfeidhm ar chúrsaí inimirce na hAstráile ag rialtas an Lucht Oibre arbh fhéidir a rá fúthu, dar le Bearnaí Ó Doibhlin, nach bhfuil siad aon bhlas éagosúil leis an Pacific Solution, córas na gCoimeádach féin.