Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
Chuir an chinniúint a ladhar isteach sa scéal fate intervened in matters
" Chuir an chinniúint a ladhar isteach sa scéal ansin nuair a tharla an galar crúibe agus béil.
Níor chuir an brú isteach ná amach orm The pressure didn't bother me at all
" * Níor chuir an brú isteach ná amach orm.
mar a chuirfeadh sí an oíche isteach how she would pass the night
" Ní raibh a fhios aici cad é faoi Dhia mar a chuirfeadh sí an oíche isteach nó níor cheil a hathair ariamh an dubhghráin a bhí aige ar Dhónall.
a chuireann isteach orm which annoys me
" AÓF: Ar thóg sé mórán ama ort? TM: Thosaigh mé i 1997 agus mé ag ceapadh nach mbeadh stró ar bith orm a bheith réidh don bhliain ina dhiaidh sin, ach gach áit a bhreathnaigh mé tháinig mé ar a thuilleadh ábhair! Níor éirigh liom é a chríochnú faoi dheireadh go dtí an bhliain dhá mhíle! AÓF: Dhá n-iarrfainn ort rud amháin a phiocadh amach nach dtaitníonn leat faoi staid an cheoil thraidisiúnta in Éirinn faoi láthair, céard a déarfá? TM: An rud is mó a chuireann isteach orm ná an bealach go bhfuil deighiltí tar éis teacht isteach sa traidisiún.
ní chuirfidh mise isteach ort I won't bother you
" * Gluais • Glossary i gcoinne na dtonntrachaagainst the waves ag dreapadhclimbing gíogsqueak ionadhsurprise míthuiscintmisunderstanding a bhéic CathalCathal shouted bhfolachhiding an-mhíshasúilvery unsatisfactory ní chuirfidh mise isteach ortI won't bother you gáire meidhreachmirthful laugh ag útamáil thartfumbling around gan amhrasundoubtedly lig dom mo mhachnamh a dhéanamhlet me have a think ag déanamh aithrise arcopying a cásher situation bhraith séhe felt praiseachmess os ísealin a low voice mí-ádhbad luck piseogsuperstition caladhport, harbour Gháir SaidíSaidí laughed catachcurly chun é a ghríosadhto incite him ceangalbond an tríú mílaoisthe third millennium mí-ádhbad luck cinneadhdecision chun na líonta a tharraingtto draw the nets péarlachpearly íoróinirony i gcruachásin a predicament ag treabhadhploughing déanachlate ag ardúrising ag luascadh go fíochmharrocking fiercely fothainshelter fliuch báitesoaking wet cuma chrostaa cross look sorncooker doirtealsink cuisneoirfridge ar eagla go gcasfadh séin case he'd turn around Bhí sí i bponc ceart.
nár chuir sé isteach orm that it didn't bother me
" Caithfidh mé a rá nár chuir sé isteach orm ag an am.
níor chuir sé isteach nó amach ar na capaillíní seo it didn't bother these little horses
" Ní smaoineoinn riamh ar dhul suas nó síos aill ar chapall in Éirinn, ach níor chuir sé isteach nó amach ar na capaillíní seo.
cuireann tú isteach ar mhaoiniú ar thionscadail you apply for funding for projects
" Ar ndóigh, ní bhíonn a fhios againn ó bhliain go bliain cé mhéad atá muid ag dul a fháil ó aon cheann acu sin mar cuireann tú isteach ar mhaoiniú ar thionscadail agus éiríonn leat nó ní éiríonn leat.
Ní chuireann sé isteach ná amach ar Dhaire it doesn't bother Daire
"Ní chuireann sé isteach ná amach ar Dhaire nach bhfuil éirithe ach le cúpla grúpa go dtí seo (na cinn a luadh thuas, mar shampla) slí bheatha a bhaint amach mar cheoltóirí lánaimseartha traidisiúnta.
a chuirfeadh isteach ar thaitneamh an lucht éisteachta a bhaint amach. took out anything which would detract from listeners' enjoyment
" D’úsáid siad speisialtóirí chun na taifeadtaí a ghlanadh suas agus aon rud a chuirfeadh isteach ar thaitneamh an lucht éisteachta a bhaint amach.
Ní chuireadh seo isteach orm mórán this didn't annoy me much
" Ní chuireadh seo isteach orm mórán óir a luaithe is a thosaíodh Shea ag obair ba mhinic a bhíodh sé deacair stop a chur leis.
nach gcuirfeadh sé isteach orm that it wouldn't annoy, worry me
" Dúirt an chéad fhear a luadh: “Chonaic mé scannán beag dar teideal *Once* le gairid agus thug sé an oiread sin inspioráide dom nach gcuirfeadh sé isteach orm mura mbeinn in ann scannán eile a fheiceáil ar feadh an chuid eile den bhliain.
ar chuir an t-agallamh isteach uirthi did the interview upset her
" Nuair a bhí an t-agallamh thart, d’fhiafraigh mé di ar chuir an t-agallamh isteach uirthi an uair seo.
ní chuireann siad isteach nó amach orm. they don't bother me at all
" Ar ndóigh, táim dulta i dtaithí ar na hionsaithe anois, agus ní chuireann siad isteach nó amach orm.
agus nár chuir faic isteach ar thuirlingt an spásárthaigh and that nothing interfered with the landing of the spacecraft
" Tá a fhios againn anois gur éirigh go han-mhaith le Phoenix agus nár chuir faic isteach ar thuirlingt an spásárthaigh.
chuir siad a ladar isteach sa scéal. they interfered with things
" Bhí go leor airgid acu – bhí leithéidí Frankie Goes to Hollywood i measc a gcuid cliant – ach níor thug siad aon tacaíocht dúinn agus chuir siad a ladar isteach sa scéal.
chuir an mheánaicme a ladhar isteach the middle class stuck their nose in
" Ach an rud a rinne muid ná ionad a bhunú i mBéal Feirste, Art and Research Exchange, agus ba é an fhealsúnacht a bhí taobh thiar de, gur áit a bheadh ann a dtiocfadh le gach duine i measc an lucht oibre theacht isteach agus úsáid a bhaint as an ábhar - bhí ábhair phéintéireachta ann, seomra dorcha do na grianghrafadóirí, bhí mise ag iarraidh áit ar leith a chruthú do lucht na Gaeilge agus an ealaíon a theagasc fríd an Ghaeilge - agus chuaigh muid chuig taispeántas mór a bhí cosúil leis an Venice Biennale agus bhí mise ag dul thart ag déanamh amharclainne sráide agus dá réir, ach mar a tharlaíonn go minic, chuir an mheánaicme a ladhar isteach agus ghlac siad smacht ar an ait.
gcuirfeadh sí a ladhar isteach she'd intervene
" Agus an Ghníomhaireacht um Slándáil Náisiúnta ag déanamh cluasaíochta ar spiairí Iosraelacha i SAM, mar a scríobh Jeff Stein in Congressional Quarterly ar an 11 Aibreán, chualathas Jane Harman, Feisire Daonlathach, ag labhairt le gníomhaire Iosraelach, agus í ag gealladh dó go gcuirfeadh sí a ladhar isteach leis an Roinn Dlí agus Cirt ar son beirt oifigeach AIPAC, an brúghrúpa ar son Iosrael, a díotáileadh i 2005 maidir le faisnéis rúnaicmithe a thabhairt don ambasáid Iosraelach i Washington.
chuir isteach go mór orm greatly upset me
" ‘Blanketmen’, leabhar a chuir isteach go mór orm, leabhar a scríobh Richard O Rawe.
ní chuirfidh sé isteach ar it shall not affect
" ) Is léir go mbíonn an mhallréir ar an othar ach ní chuirfidh sé isteach ar an duine ar feadh ceithre bliana mar gheall ar na rianta lioganna breise a bhíonn ag feidhmiú in inchinn an duine a bhfuil dhá theanga ar a thoil aige.
níor chuir sé isteach air in aon chor it didn’t bother him at all
" Imeacht ó Phost ======= **CF: Caithfidh go raibh dúil mhór aige san aisteoireacht ón chéad lá, an raibh?** PNC: Á, bhí sé fiáin agus sa deireadh, bhí Áine óg, is dóigh liom, bhí obráid croí aige, *murmur*, ach níor chuir sé isteach air in aon chor… Bhí sé ag obair sa *Bonding Company*, ach bhí *The Full Shilling* (dráma le Lee Dunne, Joe McPartland sa phríomhpháirt) ar siúl i 1971.
chuir an lucht slándála isteach uirthi chomh mór sin the security men upset her so much
" Cé go raibh cárta an tseomra ina lámh aici, chuir an lucht slándála isteach uirthi chomh mór sin nach raibh cuimhne aici cén uimhir a bhí ar a seomra, agus ní raibh siad sásta í a ligean tharstu le dul a luí.
gur chuir sé isteach rómhór orthu they were too bothered by it
" Ní dóigh liom mar sin gur chuir sé isteach rómhór orthu”, a deir sé.
bí an daille a chuir isteach ar mhná rialta the nuns were affected with blindness
" Má bhí na páistí bodhar, bí an daille a chuir isteach ar mhná rialta St.
Is beag rud a chuireann isteach ar few things affect
" Is beag rud a chuireann isteach ar Bhalor chomh mór leis an síorolagón a bhíonn ar siúl ag lucht caointe agus lucht cáinte na teanga ársa áille seo.
a chuireann isteach ar mhná óga amháin which only affects young women
" “Breathnaíonn daoine ar anaireicse mar ghalar a chuireann isteach ar mhná óga amháin.
cionn is go gcuirfeadh sé isteach ar because it would annoy
" Mhol sé ráiteas ó Naomi Long, Pháirtí an Alliance, gur ceart droichead in oirthear na cathrach a bhaistiú as an leanbh úr ríoga thall cionn is go gcuirfeadh sé isteach ar phoblachtaigh.
chuir sí iarratas isteach she put in an application
" Faoi cheann tamaill, bhí sí ag iarraidh bogadh go Baile Átha Cliath agus chuir sí iarratas isteach do RTÉ mar aisteoir glór.
cuireadh ladar eile isteach sa scéal another voice entered the fray
" Agus Obama ar a chorrabhuais, go tobann cuireadh ladar eile isteach sa scéal.
gcuireann sé isteach go mór ar shaol daoine it troubles peoples’ lives
" Tuigeann sí gur fadhb mhór atá ann agus go gcuireann sé isteach go mór ar shaol daoine agus iad ag iarraidh a bheith ‘foirfe’, ‘togha’ nó cibéard.
níor chuir sé isteach ná amach orm it didn’t bother me one way or the other
" Ghortaigh sé sin ana-mhór nuair a bhíos ocht mbliana déag ach ina dhiaidh sin níor chuir sé isteach ná amach orm.
a chuirfidh isteach ar which shall be detrimental to
" Is iad na ciorraithe beaga fadtéarmacha, cuid acu folaithe nach mór, a chuirfidh isteach ar dhaoine áirithe sna míonna atá amach romhainn: athruithe ar scéim na gcártaí liachta, an forlíonadh ús morgáiste, táillí na n-oideas leighis, na harduithe ar tháillí ollscoile, agus mar sin de.
cuireann an bhuíon a n-anam isteach the group put their souls into
" "Beag beann ar lucht ar bith éisteachta, bíodh siad beag nó mór, faoi dhraíocht nó dúdóite, cuireann an bhuíon a n-anam isteach sa cheol agus sin an rud is tábhachtaí," arsa Úna.
nár chuir an ailse isteach ar cancer didn't upset
" Más ea, ní haon ábhar iontais dá lucht léite nár chuir an ailse isteach ar a chuid síorabhcóidíochta.
chuir sé isteach ina chlab mór iad he put them in his big mouth
" Tháinig Dinny ar an tsaol seo le dhá chois ar a cholainn, agus cosa breátha móra atá iontu, bail ó Dhia orthu, nó is minic a chuir sé isteach ina chlab mór iad; agus cé gur fhoghlaim Dinny go hóg ina shaol an dóigh le seasamh ar a dhá chois féin, is léir go bhfuil an cumas sin caillte aige anois.
gortú nár chuir isteach orm an injury which hasn’t bothered me
" 2 mhíle? Aontaíonn mo láirig gur mise a rith an maratón, agus anois tá mo rúitín ag cur as dom freisin, gortú nár chuir isteach orm le cúig bliana.
Ar chuir sé isteach ná amach ar did it bother
" Ar chuir sé isteach ná amach ar Ó Cuinneagáin? Níor chuir, ná baol air.
a chuirfeadh isteach ar an obair dheonach sin who would offer to do that voluntary work
" B’fhéidir gur fóirsteanaí thú féin ná mórán eile a chuirfeadh isteach ar an obair dheonach sin.
chuir mé isteach ar an bpost I applied for the job
" Bhí Bord na Gaeilge ag cuardach duine ar chonradh cúig bliana mar fheidhmeannach sinsearach san rannóg oideachais agus chuir mé isteach ar an bpost – thaitin an teideal go mór liom! Ba ghearr go raibh na blianta istigh agus tharla go raibh an oiread spéise agam sa chineál oibre a bhí ar bun agam gur shocraigh mé an tsnaidhm leis an mhúinteoireacht a ghearradh.
a chuireann isteach ar bhláth na sochaithe daonlathacha which affects the growth of democratic societies
" Anseo, bhí Garvin ag iomrascáil leis an bhfadhb chéanna, ach bhain seisean ceol as saothar Mancur Olson, *The Logic of Collective Action*, ach go háirithe an teoiric aige siúd a bhaineas leis an “*free rider effect*” a chuireann isteach ar bhláth na sochaithe daonlathacha.
Níor chuir sé sin isteach ná amach ar that didn’t bother in the slightest
" Níor chuir sé sin isteach ná amach ar Mhichael Dee ná ar Bheití féin ach oiread, agus as go brách leis an bheirt acu sa chóiste, le Pilib na Gréige ag gíománaíocht ar suíochán ard taobh amuigh.
chuirfí isteach would be included
" Dá rithfí é bhainfí na focail ‘offend, insult agus humiliate’ as 18C, ach chuirfí isteach ‘vilify’ ina n-áit.
gcuirfeadh sé isteach ar dhaoine it’d upset people
" Bhí a fhios agam ar bhealach, b’fhéidir go gcuirfeadh sé isteach ar dhaoine, ó tharla go raibh mé ag magadh faoi chuid de na fíor-Ghaeil, más maith leat, ach ag an am chéanna, cuireadh fáilte mhór roimh an leabhar.
an gcuirfidh an eagla isteach ar a n-intinn shall fear worry them
" Níl a fhios agam an gcuirfidh an eagla isteach ar a n-intinn, nó an ligfidh siad dá gcroí an cinneadh a thabhairt.
níor chuir sé isteach air it didn’t affect him
" D’ainneoin na béicíola agus an díspeagadh go léir, níor chuir sé isteach air cibéard a dúradh nó a scríobhadh tar éis cluiche.