Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
níor chuir sé isteach nó amach ar na capaillíní seo it didn't bother these little horses
" Ní smaoineoinn riamh ar dhul suas nó síos aill ar chapall in Éirinn, ach níor chuir sé isteach nó amach ar na capaillíní seo.
cuireann tú isteach ar mhaoiniú ar thionscadail you apply for funding for projects
" Ar ndóigh, ní bhíonn a fhios againn ó bhliain go bliain cé mhéad atá muid ag dul a fháil ó aon cheann acu sin mar cuireann tú isteach ar mhaoiniú ar thionscadail agus éiríonn leat nó ní éiríonn leat.
Ní chuireann sé isteach ná amach ar Dhaire it doesn't bother Daire
"Ní chuireann sé isteach ná amach ar Dhaire nach bhfuil éirithe ach le cúpla grúpa go dtí seo (na cinn a luadh thuas, mar shampla) slí bheatha a bhaint amach mar cheoltóirí lánaimseartha traidisiúnta.
a chuirfeadh isteach ar thaitneamh an lucht éisteachta a bhaint amach. took out anything which would detract from listeners' enjoyment
" D’úsáid siad speisialtóirí chun na taifeadtaí a ghlanadh suas agus aon rud a chuirfeadh isteach ar thaitneamh an lucht éisteachta a bhaint amach.
ar chuir an t-agallamh isteach uirthi did the interview upset her
" Nuair a bhí an t-agallamh thart, d’fhiafraigh mé di ar chuir an t-agallamh isteach uirthi an uair seo.
agus nár chuir faic isteach ar thuirlingt an spásárthaigh and that nothing interfered with the landing of the spacecraft
" Tá a fhios againn anois gur éirigh go han-mhaith le Phoenix agus nár chuir faic isteach ar thuirlingt an spásárthaigh.
ní chuirfidh sé isteach ar it shall not affect
" ) Is léir go mbíonn an mhallréir ar an othar ach ní chuirfidh sé isteach ar an duine ar feadh ceithre bliana mar gheall ar na rianta lioganna breise a bhíonn ag feidhmiú in inchinn an duine a bhfuil dhá theanga ar a thoil aige.
bí an daille a chuir isteach ar mhná rialta the nuns were affected with blindness
" Má bhí na páistí bodhar, bí an daille a chuir isteach ar mhná rialta St.
Is beag rud a chuireann isteach ar few things affect
" Is beag rud a chuireann isteach ar Bhalor chomh mór leis an síorolagón a bhíonn ar siúl ag lucht caointe agus lucht cáinte na teanga ársa áille seo.
a chuireann isteach ar mhná óga amháin which only affects young women
" “Breathnaíonn daoine ar anaireicse mar ghalar a chuireann isteach ar mhná óga amháin.
cionn is go gcuirfeadh sé isteach ar because it would annoy
" Mhol sé ráiteas ó Naomi Long, Pháirtí an Alliance, gur ceart droichead in oirthear na cathrach a bhaistiú as an leanbh úr ríoga thall cionn is go gcuirfeadh sé isteach ar phoblachtaigh.
gcuireann sé isteach go mór ar shaol daoine it troubles peoples’ lives
" Tuigeann sí gur fadhb mhór atá ann agus go gcuireann sé isteach go mór ar shaol daoine agus iad ag iarraidh a bheith ‘foirfe’, ‘togha’ nó cibéard.
a chuirfidh isteach ar which shall be detrimental to
" Is iad na ciorraithe beaga fadtéarmacha, cuid acu folaithe nach mór, a chuirfidh isteach ar dhaoine áirithe sna míonna atá amach romhainn: athruithe ar scéim na gcártaí liachta, an forlíonadh ús morgáiste, táillí na n-oideas leighis, na harduithe ar tháillí ollscoile, agus mar sin de.
nár chuir an ailse isteach ar cancer didn't upset
" Más ea, ní haon ábhar iontais dá lucht léite nár chuir an ailse isteach ar a chuid síorabhcóidíochta.
Ar chuir sé isteach ná amach ar did it bother
" Ar chuir sé isteach ná amach ar Ó Cuinneagáin? Níor chuir, ná baol air.
a chuirfeadh isteach ar an obair dheonach sin who would offer to do that voluntary work
" B’fhéidir gur fóirsteanaí thú féin ná mórán eile a chuirfeadh isteach ar an obair dheonach sin.
chuir mé isteach ar an bpost I applied for the job
" Bhí Bord na Gaeilge ag cuardach duine ar chonradh cúig bliana mar fheidhmeannach sinsearach san rannóg oideachais agus chuir mé isteach ar an bpost – thaitin an teideal go mór liom! Ba ghearr go raibh na blianta istigh agus tharla go raibh an oiread spéise agam sa chineál oibre a bhí ar bun agam gur shocraigh mé an tsnaidhm leis an mhúinteoireacht a ghearradh.
a chuireann isteach ar bhláth na sochaithe daonlathacha which affects the growth of democratic societies
" Anseo, bhí Garvin ag iomrascáil leis an bhfadhb chéanna, ach bhain seisean ceol as saothar Mancur Olson, *The Logic of Collective Action*, ach go háirithe an teoiric aige siúd a bhaineas leis an “*free rider effect*” a chuireann isteach ar bhláth na sochaithe daonlathacha.
Níor chuir sé sin isteach ná amach ar that didn’t bother in the slightest
" Níor chuir sé sin isteach ná amach ar Mhichael Dee ná ar Bheití féin ach oiread, agus as go brách leis an bheirt acu sa chóiste, le Pilib na Gréige ag gíománaíocht ar suíochán ard taobh amuigh.
gcuirfeadh sé isteach ar dhaoine it’d upset people
" Bhí a fhios agam ar bhealach, b’fhéidir go gcuirfeadh sé isteach ar dhaoine, ó tharla go raibh mé ag magadh faoi chuid de na fíor-Ghaeil, más maith leat, ach ag an am chéanna, cuireadh fáilte mhór roimh an leabhar.
an gcuirfidh an eagla isteach ar a n-intinn shall fear worry them
" Níl a fhios agam an gcuirfidh an eagla isteach ar a n-intinn, nó an ligfidh siad dá gcroí an cinneadh a thabhairt.