Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
tá peann curtha le pár aige he has put pen to paper
" Tá an tír siúlta aige féin ó shin mar iriseoir agus mar fhanaiceach spóirt agus tá peann curtha le pár aige chun cuntas a thabhairt dúinn, ní hamháin ar na cluichí ar fhreastail sé orthu, ach ar dhaoine a casadh dó, eachtraí a tharla dó, scéalta a insíodh dó agus amhráin a canadh dó.
chuir sin go leor daoine le báiní that made a lot of people furious
" Tharla, i rith na mblianta, gur ceileadh an gradam ar imreoir de bharr gur díbríodh den pháirc é i gcluiche club gan tábhacht agus chuir sin go leor daoine le báiní.
Chuir sin lucht iomána le báiní ar fad that really drove the hurling crowd mad
" Ach nuair a cuireadh deireadh le Purgóid i gcomhthéacs na peile, cuireadh deireadh leis i gcomhthéacs na hiomána freisin – gan é a bheith triailte fiú amháin! Chuir sin lucht iomána le báiní ar fad agus thosaigh tuilleadh clamhsáin agus gearáin.
rud a chuireann daoine le báiní go minic which often makes people very angry
" Cé go mbíonn gach imreoir i dteideal a scéal féin a chur faoi bhráid an choiste smachta, sin an méid ama a thógann an próiseas ar fad, rud a chuireann daoine le báiní go minic.
ach tá dlús curtha leis le déanaí. but it has speeded up recently.
" Sílim gur thosaigh an t-athrú seo thart ar scór bliain ó shin, ach tá dlús curtha leis le déanaí.
chuir sé ar ceal socrú a rinne sé le réimeas Clinton it scapped an arrangement it has made with the Clinton regime
" In 2001, tar éis dóibh baghcat a thionscnamh in aghaidh Smith and Wesson, ghéill an comhlacht sin don bhrú agus chuir sé ar ceal socrú a rinne sé le réimeas Clinton a chuirfeadh glais ar thruicir a ghunnaí.
mar gur cuireadh na ceamaraí slándála as le linn dó bheith sa bheairic. because the security cameras were turned off during his time in the barracks.
" Mhaígh Barrett le linn a thrialach go raibh a fhios ag na húdaráis cad é bhí ar bun aige mar gur cuireadh na ceamaraí slándála as le linn dó bheith sa bheairic.
cuirtear an ruaig ar an chur i gcéill go bhfuil ag éirí go maith le gach duine acu the pretence that each of them is doing well is chased away
" Gloine ar ghloine, cuirtear an ruaig ar an chur i gcéill go bhfuil ag éirí go maith le gach duine acu agus sleamhnaíonn an fhírinne shearbh isteach sa scéal nuair a insíonn gach fear acu a scéal truamhéalach féin.
ní chuireadh sí críoch le dán she wouldn't put an end to a poem
" Agus í ina girseach óg, ní chuireadh sí críoch le dán go dtí go mbíodh léaráid déanta aici le cur leis, agus le linn a déaga dhéanadh sí cur síos ildaite ar na brionglóidí a bhíodh aici.
a cuireadh le chéile which was put together
" Anuas air sin, níor tugadh cead dom alt a scríobh don fhorlíonadh speisialta a cuireadh le chéile mar chomóradh ar nócha bliain Éirí Amach na Cásca.
ceann a cuireadh ansin le duine a chur ar a chúl one that was put there to put people behind it
" Cad é a mheasann siad atá de dhíobháil orm? Cad é faoin spéir a bheadh ó dhuine, agus é ina sheasamh in óstán os comhair cuntair – ceann a cuireadh ansin le duine a chur ar a chúl ag tabhairt amach eochracha! Agus bíonn an strainc seo curtha acu orthu féin.
Tugadh cuireadh dó le bheith mar chaptaen foirne He was invited to be a team captain
" Tugadh cuireadh dó le bheith mar chaptaen foirne ar an gclár “Don’t feed the Gondolas” ar RTÉ.
go háirithe ó cuireadh dlús le tionscal na turasóireachta. especially as the tourist industry intensified
" Thosaigh an Mhanainnis ag meath go tubaisteach sa naoú haois déag, go háirithe ó cuireadh dlús le tionscal na turasóireachta.
gcuirfidís le líon they'd increase the number
" Ar aon dul leis na hinnill vótála gan rath nach raibh aon fhianaise ann go gcuirfidís le líon na ndaoine a chaithfeadh vóta, is beag spreagadh a thabharfadh Acht na dTeangacha Oifigiúla do dhaoine an Ghaeilge a labhairt, dar leis.
chuireann le báiní mé drive me mad
" Agus in Éirinn, céard atá i ndán dúinn? Cá bhfuil an té a thabharfas treoir dúinn? Ní haon Stéphane Hessel mé ná baol air ach tá rudaí ann a chuireann le báiní mé.
bhí gá le cuireadh one needed an invite
" D'fhógair Google an tseachtain seo i gcomhtharlúint (mar dhea) go bhfuil Google+ anois ar oscailt do chách; go dtí an tseachtain seo, bhí gá le cuireadh ó úsáideoir eile de chuid Google+.
Cuireadh tús le lonnaíocht Eorpach European settlement commenced
" Cuireadh tús le lonnaíocht Eorpach san Astráil mar áitreabh pionóis agus bhí tionchar bunúsach ag na daoránaigh ar shaíocht na tíre.
chuireann le saibhreas an tsaoil dhaonna enriches human existence
" “Tá sé ríthábhachtach éagsúlacht teanga agus cultúir a chothú, mar is é seo a chuireann le saibhreas an tsaoil dhaonna”.
Cuireadh líomhaintí go leor i ndáil le many complaints were made regarding
" Cuireadh líomhaintí go leor i ndáil le ceannach agus breabaireacht i gcoinne rialtas Karzai ó shin i leith.
cuireadh coiste le chéile a committee was formed
" Bhí ceann ag teastáil go géar i dToronto féin! Agus mar sin, cúig bliana ó shin nó mar sin, cuireadh coiste le chéile d’aon ghnó chun deireadh seachtaine Gaeilge a eagrú.
chuirfeadh le daonlathas na tíre which would add to the country’s democratic process
" Tá súil agam go gcíorfar an cheist seo i gceart nó d’fhéadfadh feidhm fhiúntach a bheith ag an tSeanad a chuirfeadh le daonlathas na tíre.
a chuir dlús le who invigorated
" Bhí meas an domhain ag Pecker ar Fuller, mar b’fhacthas dó gurb eisean a chuir dlús le borradh faoi na rabhcáin sa Bhreatain sna 1960aidí.
Chuir sé sin teorainn le réimse na gcarad acu that limited their range of friends
" Chuir sé sin teorainn le réimse na gcarad acu.
Chuir an teip seo go mór le himeagla this failure accentuated the feeling of terror
" Chuir an teip seo go mór le himeagla agus le báiní mhuintir Darwin agus thairg na húdaráis $100,000 mar luaíocht ar eolas a chuideoidh leo lucht déanta na coire a ghabháil.
nár cuireadh ceamradóir le Gaeilge amach an Irish speaking camera man wasn’t sent out
" Thuig mé go maith nach í an tuairisceoir ba chúis leis an iompar náireach seo agus dúras leí go mba é an trua nár cuireadh ceamradóir le Gaeilge amach in éindí leí chun an scéal a thaifeadadh.
a chuir tús le gluaiseacht who started the movement
" Tá sé ar dhuine de na daoine óga is cumasaí faoi scór go leith bliana d’aois ar domhan atá luaite sa chomhluadar céanna le Mark Zuckerberg, Adele agus Lady Gaga, ach ní chuirfidh an clú agus cháil go léir an dallamullóg ar an gCorcaíoch a chuir tús le gluaiseacht Coderdojo, James Whelton.
curtha i gcóimheas le ardealaíon compared to the high art form
" Agus seachain nuamhaisiú Hollywood ‘Let Me In’ (2010) nach fiú tráithnín é, curtha i gcóimheas le ardealaíon Alfredson.
gcuirfidh siad beart indéanta le chéile they’ll put some plausible move afoot
" Tá súil agam go n-aithneoidh na baill na fadhbanna atá acu - agus ag an phobal náisiúnaíoch chomh maith - agus go gcuirfidh siad beart indéanta le chéile a bheas chun sochair gach duine ó thuaidh, ní dá bpobal amháin.
nach gcuireann in aon slí le doesn’t help in any way
" Dúil sa Titim agus san Ainghníomh =============== Ocht milliún is fiche duine timpeall an domhain a bhí ag faire de réir lucht an chainéil, léiriú ar cháil Armstrong agus ar an tsuim atá curtha ag daoine ar fud na cruinne i scéal nach gcuireann in aon slí le huaisleacht nó le hardghradam an spóirt.
curtha le chéile in aon dream amhrais amháin lumped together in one suspect group
" Is é an dóigh go ndearna sí staidéar ar an mhéid a bhí le rá ag na meáin chumarsáide agus ar pholaiteoirí agus thug sí faoi deara go raibh na Moslamaigh curtha le chéile in aon dream amhrais amháin, d’ainneoin a gcúlraí difriúla.
cuirtear téagar le focla substance is given to the words
" Maidir le laigí polaitiúla - cuirtear téagar le focla Thaddeus Stevens (nár ghearráin iad ag an seanrógaire aclaí céanna) gur éascaigh Lincoln camastaíl pholaitiúil.
le cuireadh amháin by invite only
" An buntáiste is mó atá leis seo ná gur le cuireadh amháin a ligeann tú imreoirí teacht isteach; an míbhuntáiste ná is faoin tuismitheoir, de ghnáth, an freastalaí a riaradh.
Chuirfeadh sé uisce le do cháir it’d make your mouth water
" Chuirfeadh sé uisce le do cháir éisteacht lena chuntas ar “*at least six beautiful ways you can cook a rabbit*.
a chuirfeadh deireadh le cogaíochta which would end all wars
" 
D'éirigh le fear na dtaifead pinsin teagmháil a dhéanamh le gaolta an iarshaighiúra agus, dar ndóigh, bhí siad thar a bheith mórtasach as an tsin-seanathair a rinne éachtaí sa "chogadh a chuirfeadh deireadh le cogaíochta" - go dtí go bhfuair siad amach gur fear ‘dubh’ a bhí ann.
a chuir go mór le rath phoirt na hÉireann which greatly helped Irish ports
" Bhí Daniel O Connell, an Fuascailteoir, go láidir i bhfách le cealú na sclábhaíochta agus nuair a tháinig daoine dubha ó Mheiriceá san 18ú céad le labhairt ar an sclábhaíocht sna hIndiacha Thiar - a chuir go mór le rath phoirt na hÉireann - cuireadh fearadh na fáilte rompu.
chuir muid clár ar bun in éineacht le we put a program together
" Thug mé liom leathbhádóir de mo chuid as an bPolainn, agus chuir muid clár ar bun in éineacht le duine d’fhilí oirthear na hEorpa.
cuireadh tús le cogadh cathartha the civil war was started
" Mar thoradh ar an coup d’état seo, cuireadh tús le cogadh cathartha i nGuatamala a mhair ó 1960 go 1996 inar maraíodh suas le ceathrú milliúin Guatamalach.
cuireadh le ráta na dífhostaíochta unemployment rates increased
" Ós rud é go ndearnadh cána siúcra a fhás ar mhórscála ag tús na haoise seo caite, cuireadh le ráta na dífhostaíochta i bPórtó Ríce agus d’imigh roinnt de na daoine a fágadh díomhaoin go dtí na Stáit.
cuireadh tús le forbairt an bhonneagair the development of the infrastructure started
" Bord ar Bhord le Chéile ========== Thuig rialtais na hEorpa sa deireadh – agus na comhlachtaí cumarsáide chomh maith – an tábhacht a bhain leis an idirlíon agus cuireadh tús le forbairt an bhonneagair ar a bhfuil an t-idirlíon bunaithe.
a chuir deireadh le deachtóireacht mhíleata na linne which ended the military dictatorship of the time
" Bhí seisean ag léirsiú don chéad uair ina shaol, ba chuimhin léise na holl-léirsithe ag tús na 1980í a chuir deireadh le deachtóireacht mhíleata na linne.
faoin gcath a chuir sé suas le fanacht ina bheatha about his fight for life
" Bliain is fiche d’aois, 5’11” ar airde agus meáchan breá folláin 10 gcloch ann, ní bheadh a fhios agat ag breathnú ar Simon Metin faoin gcath a chuir sé suas le fanacht ina bheatha.
Cuireadh go mór le tacaíocht support was increased greatly
" Tábhacht Dhearcadh an Phobail ============ Cuireadh go mór le tacaíocht Rudd ina pháirtí nuair a léirigh gach pobalbhreith a foilsíodh le cúpla bliain anuas go raibh an páirtí i bhfad chun cúil ar an bhfreasúra.
a cuireadh i gcrích le linn cúpla uair which lasted a couple of hours
" Athchruthú na hEachtra ======= Chonaiceamar an t-allas ar leiceann D’Aughton mar aon le hualach na croise ar a dhroim, agus bhraith an lucht féachána go léir an phríomhimní a chur isteach go mór ar Chríostaithe an naoú aois déag: ar chóir creideamh uilíoch a chruthú ar dhúnmharú uafásach duine soineanta, dúnmharú a cuireadh i gcrích le linn cúpla uair, dúnmharú a thosnaigh le huirlisí cosúil le tairní agus sceanra agus a chríochnaigh le tachtadh mall agus cliseadh na scámhóg? B’shin an rud a bhí i gceist ag Julian Morrow, an múinteoir líofa san úrscéal The Secret History nuair a mhínigh sé dá rang: “ *‘The Roman genius, and perhaps the Roman flaw*’, he said, ‘*was an obsession with order….
gcuireann imircigh le forbairt emigrants add to the development
" Aithníonn sé go gcuireann imircigh le forbairt na dtíortha saibhre is gur minic a bhíonn forbairt na dtíortha bunaidh thíos leis nuair a théann saoránaigh oilte thar lear.
tús láidir curtha le gnéithe tábhachtacha a good start to important aspects
" B’fhéidir go bhfuil sé róluath a bheith ag súil le torthaí móra ar an straitéis, ach níl sé míréasúnta a bheith ag súil go mbeadh tús láidir curtha le gnéithe tábhachtacha den straitéis.
go gcuirfear le cumas COGG aon cheo breise a bhaint amach that the ability of COGG to achieve anything extra shall be increased
" Níl duine ar bith i saol na Gaeilge ag ceapadh go gcuirfear le cumas COGG aon cheo breise a bhaint amach, má dhéantar é a shá isteach faoin NCCA, dream a rinne praiseach iomlán de churaclam Ghaeilge na hArdteiste.
cuireadh deireadh le riachtanas na Gaeilge sa státchóras the necessity for Irish was ended in the civil service
" ) Tréas an Stáit ====== Nuair a theip ar Ghluaiseacht na Gaeilge oll-mhórshiúl 1909 a chomóradh b’fhéidir go mba cheart dúinn ullmhú anois leis an mbuille is mó a buaileadh ar an nGaeilge ó bhunú an stáit a chomóradh ina áit an chéad bhliain eile: ’sé sin an tréas a d’imir an rialtas (Fine Gael/Lucht Oibre) faoi cheannas Liam Cosgrave nuair a cuireadh deireadh le riachtanas na Gaeilge sa státchóras.
Dá gcuirfí deireadh le rialtas were the government (of A.) to be ended
" Dá gcuirfí deireadh le rialtas Assad, ba bhuille mharfach é, nach mór, don chomhghuaillíocht neamhfhoirmeálta Siach seo idir thrí thír.
chuir deireadh le rialtais lofa ended the rotten governments
" Ní fios go cinnte cé mar a thosaigh an éirí amach sa tSiria, ach go cinnte fuair sé a inspreagadh ón ‘Earrach Arabach’, gluaiseacht frithrialtais a chuir deireadh le rialtais lofa san Éigipt, sa Libia, sa Túinéis, agus i bPoblacht Éimin.
cuireadh tús le feachtas iomána a hurling campaign was started
" Ag tús 2012, cuireadh tús le feachtas iomána – feachtas earcaíochta, seisiúin traenála/oiliúna agus cluichí dúshláin.
chuireann go mór le tarraingt an duine add a lot to one’s attractiveness
" Is fíor nach féidir féachaint ar ghluaiseachtaí nó gothaíochta an duine leis an áis – rudaí a chuireann go mór le tarraingt an duine – ach mar sin féin, tugann grianghraf de dhuine an-chuid eolais mar gheall ar an duine sin agus is féidir cinneadh a dhéanamh bunaithe ar an méid a fheiceann tú den phearsantacht sa ghrianghraf.
Chuirfeadh a leithéid go mór le hualach na hoibre such would add to the workload
" Chuirfeadh a leithéid go mór le hualach na hoibre ar oifigigh na ranna sin, dar leo.
cuirfear tús le sraith físeán a new series of videos will start
" An mhí seo chugainn cuirfear tús le sraith físeán ar TG Lurgan ina mbeidh seisear foghlaimeoir fásta ag tabhairt faoi dhúshlán ar leith: an Ghaeilge a fhoghlaim agus iad ag baint úsáide as an áis nua ‘Oide’ atá á forbairt ag Coláiste Lurgan le tamall anuas.
cuireadh le líon na scáileán teilgeora the number of projector screens increased
" De réir a chéile cuireadh le líon na scáileán teilgeora sin ionas go bhféadadh na híomhánna gluaiseacht níos tapúla agus go raibh leanúnachas níos fearr le sonrú orthu.
chuir sé deireadh nach mór le he almost ended
" In 1898 a fuair Gladstone bás, agus le linn na dtrí sheal a thug sé ina Phríomh-Aire, chuir sé deireadh nach mór le réim na seantiarnaí talún agus tús le seilbh na cosmhuintire ar an talamh.
Cuireadh tús le feachtas in éadan a campaign was started
" Cuireadh tús le feachtas in éadan córas dlí cóiriúil na hIndinéise sna meáin Astrálacha a luaithe is a gabhadh í.
Cuireadh deireadh tobann le mo shuim féin my own interest was ended suddenly
" Cuireadh deireadh tobann le mo shuim féin sa dornálaíocht chéanna tar éis do bhuachaill eile dorn breá a leagadh ar mo shrón bhocht! Bhíodh rásaí rothar againn dar ndóigh timpeall na sráideanna – Rás Tailteann a bhíodh i gceist mar ní raibh aon eolas againn ar ‘Tour de France’ cé go raibh cáil ar Shay Elliott mar rothaí Éireannach ag an am.
le hiachall a bheith curtha ag an AE ar the EU should compel
" A Mhalairt d’Éileamh ar an Eoraip ============= Ceisteanna difriúla a bheadh agamsa ar na hiarrthóirí: (i) an dtacóidís leis an smaoineamh go mbeadh aitheantas ag na ceantair ina bhfuil Gaeilge fós á húsáid iontu mar cheantair speisialta chaomhnaithe teanga; (ii) an dtacóidís le hiachall a bheith curtha ag an AE ar Rialtas na hÉireann lena chinntiú go mbeadh cosaint cheart tugtha do na ceantair sin ó aon chineál forbairtí nó beartais a chuirfeadh an teanga pobail i mbaol iontu; (iii) an dtacóidís le hiarratas ar an AE ciste speisialta tacaíochta a chur ar bun le caitheamh ar scéimeanna agus ar thionscnaimh chaomhnaithe teanga sa chuid bheag den Ghaeltacht oifigiúil ina bhfuil an Ghaeilge fós in úsáid.
gcuirfear le cumas leanta eitleáin the ability to track planes shall be improved
" Níl ann ach sos áfach, nó táim cinnte go gcuirfear le cumas leanta eitleáin de bharr na timpiste seo – cibé ba chionsiocair léi.
Muintir a chuir deireadh le goirteannas a people who expelled the hurt, bitterness
" An bhféadfadh duine ar bith agaibh gan a bheith bródúil as muintir a tháinig chomh fada seo chun cinn le scór bliain anuas? Muintir a chuir deireadh le goirteannas as súil na ndeorachtaí, tré monarchana a éileamh agus a fháil.
cuireadh go tréan le beartais frith-Shunnaíocha anti-Sunni policies were increased
" Faoi stiúir Núrí al Malící, príomhaire Siach na hIaráice, cuireadh go tréan le beartais frith-Shunnaíocha sa tír, agus d’fhás an cairdeas idir a rialtas agus an Íaráin.
Cuir Comhar i gcomórtas le compare C. to A.
" Cuir Comhar i gcomórtas le Archaeology Ireland nó History Ireland, dhá iris atá ag freastal ar mhargadh an-teoranta chomh maith.
curtha le chéile combined
" Scaoil an Foras an ghaoth amach as an iris sin chomh maith, cé go raibh díolaíocht 2,000 in aghaidh an eagráin ag an iris, níos mó ná Comhar agus Feasta agus an tUltach curtha le chéile.
sula chuir sé peann le pár before he started writing
" Cé go raibh Mícheál Ua Ciarmhaic cúig bliana is seachtó sula chuir sé peann le pár, tá deich leabhar foilsithe aige faoin am seo.
a chuir náire ar go leor Polannach le dornán blianta anuas. who embarressed a lot of Polish people for the last number of years
" Tháinig muintir na Polainne amach ina sluaite le gairid le vóta a chaitheamh san olltoghchán agus chinn siad an ruaig a chur ar an rialtas a chuir náire ar go leor Polannach le dornán blianta anuas.