Pota Focal Intergaelic
Scríobh focal Gaeilge nó Béarla. Type a word in Irish or English.
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
a cuireadh le chéile which was put together
" Anuas air sin, níor tugadh cead dom alt a scríobh don fhorlíonadh speisialta a cuireadh le chéile mar chomóradh ar nócha bliain Éirí Amach na Cásca.
cuireadh coiste le chéile a committee was formed
" Bhí ceann ag teastáil go géar i dToronto féin! Agus mar sin, cúig bliana ó shin nó mar sin, cuireadh coiste le chéile d’aon ghnó chun deireadh seachtaine Gaeilge a eagrú.
gcuirfidh siad beart indéanta le chéile they’ll put some plausible move afoot
" Tá súil agam go n-aithneoidh na baill na fadhbanna atá acu - agus ag an phobal náisiúnaíoch chomh maith - agus go gcuirfidh siad beart indéanta le chéile a bheas chun sochair gach duine ó thuaidh, ní dá bpobal amháin.
curtha le chéile in aon dream amhrais amháin lumped together in one suspect group
" Is é an dóigh go ndearna sí staidéar ar an mhéid a bhí le rá ag na meáin chumarsáide agus ar pholaiteoirí agus thug sí faoi deara go raibh na Moslamaigh curtha le chéile in aon dream amhrais amháin, d’ainneoin a gcúlraí difriúla.
curtha le chéile combined
" Scaoil an Foras an ghaoth amach as an iris sin chomh maith, cé go raibh díolaíocht 2,000 in aghaidh an eagráin ag an iris, níos mó ná Comhar agus Feasta agus an tUltach curtha le chéile.