Pota Focal Intergaelic
Scríobh focal Gaeilge nó Béarla. Type a word in Irish or English.
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
Níor chuir siad san áireamh an pobal aontachtach they didn't take into consideration the unionist community
" Níor chuir siad san áireamh an pobal aontachtach mar phobal a raibh saol acu féin, agus nach n-imeodh mar a shlogfadh an talamh iad nuair a d'imeodh na Sasanaigh.
nuair a chuireann tú san áireamh when you take into account
" Is iontach an t-éacht é sin ag club ar bith agus nuair a chuireann tú san áireamh gur baile beag agus club beag i lár tíre atá i gceist, is iontaí fós é mar éacht.
nuair a chuirtear san áireamh when you consider
" Is cúis an-mhór imní é gur féidir drugaí mar seo a n-éiríonn daoine tugtha dóibh a dháileadh thar an idirlíon, go háirithe nuair a chuirtear san áireamh go bhfuil líon chomh mór sin Meiriceánach á dtógáil agus go bhfuil sé cruthaithe go bhfuil seachthorthaí dainséaracha ag baint leo, mar shamplaí taomanna inchinne, an galar dubhach, preabadh croí, ardú i mbrú fola, agus laige croí forlíonta.
nuair a chuireann tú san áireamh when you consider
" Go háirithe nuair a chuireann tú san áireamh gur gá do dhuine seoladh baile a bheith aige sula mbíonn cead aige vóta a chaitheamh sa stát seo.
nuair a chuireann tú san áireamh when you consider
" " Is ráiteas rud beag sotalach é seo nuair a chuireann tú san áireamh gurbh é Charles Saatchi a cheannaigh suiteáil de chuid na ndeartháireacha ar £500,000 darbh ainm *Hell*, agus a rinne iad a tharrtháil ón bhochtanas agus ón easpa aitheantais nuair a bhí siad ag dul i mbun oibre ar dtús.
curtha san áireamh taken into consideration
" Ní éiríonn le gach déagóir plean chomh dian seo a leanúint, áfach - agus tá sé seo curtha san áireamh ag True Love Waits chomh maith.
nuair a chuireann tú stair shóisialta na tíre san áireamh when you consider the country's social history
" Gan amhras, caithfidh an Rialtas an caiteachas atá á dhéanamh aige a chosaint, ach ní bheifeá ag súil le cinneadh mar seo i gcás na hÉireann nuair a chuireann tú stair shóisialta na tíre san áireamh.
nuair a chuireann tú san áireamh when you consider
" Ar ndóigh, ba ré chrua i stair na tíre í ré an Chumannachais, go háirithe nuair a chuireann tú san áireamh go raibh an tSeicslóvaic rathúil mar thír roimh an dara cogadh domhanda, agus nascanna láidre eacnamaíocha aici ar fud iarthar na hEorpa.
nuair a chuireann tú san áireamh when you consider
" Tá sé seo suimiúil nuair a chuireann tú san áireamh gur tháinig an stíl lom seo, an tÍostachas, chun tosaigh an chéad lá riamh mar fhreagra dáiríre ar na lochtanna a d'aithin roinnt ealaíontóirí ar an chineál ealaíne a bhí á shaothrú ag an am.
nuair a chuireann tú san áireamh when you consider
" Déarfaidh daoine leat a bhíonn sna tithe tábhairne go minic nach bhfuil an laghdú sin le feiceáil agus ní bheifeá ag súil lena leithéid i ndáiríre, go háirithe nuair a chuireann tú san áireamh go bhfuil siad ag mealladh daoine anois nach rachadh in aice le tábhairne roimhe seo de bharr na toite.
nuair a chuireann tú san áireamh when you consider
" Is dócha, nuair a chuireann tú san áireamh an méid atá bainte amach aici, go bhfuil éalúchas mar seo tuillte go maith aici! *Is as Baile Átha Cliath í Caoimhe Ní Laighin.
nuair a chuireann tú san áireamh when you consider
" Faoi láthair, tá suas le 60 duine ag fanacht ar shaothar uaithi - rud atá dúshlánach go leor nuair a chuireann tú san áireamh nach mbíonn Marla ag péinteáil ach ar feadh uair an chloig, trí lá sa tseachtain! Páiste faoi leith ======= Tá roinnt daoine den bharúil gur páiste faoi leith, cineál *prodigy*, í Marla ach diúltaíonn a tuismitheoirí glacadh leis sin; tá siad sásta a admháil go bhfuil bua aici ach, taobh amuigh de sin, deir siad gur gnáthpháiste atá inti.
nuair a chuirtear san áireamh when you consider
" ” Éacht ======= Is éacht nach beag é an t-éacht a bhain foireann *Amharc Éireann *amach nuair a chuirtear san áireamh nach raibh áiseanna nua-aimseartha acu nó fiú saotharlann ar fáil dóibh in Éirinn.
nuair a chuireann tú san áireamh when you consider
" Ar an ábhar sin is cúis mhór díomá é a laghad Gaeilge a bheith le léamh ar shuímh oifigiúla an chumainn, go háirithe nuair a chuireann tú san áireamh nach bhfuil cumann ar bith eile sa tír ina bhfuil níos mó de lucht labhartha na Gaeilge le fáil.
curtha san áireamh taken into consideration
" nach raibh inniúlacht sa Ghaeilge curtha san áireamh ag leath na rann agus na n-oifigí rialtais ina gcuid comórtas d’ardú céime inmheánach.
nuair a chuireann tú san áireamh when you consider
" Mar a dúirt an tAthair Brian Darcy le déanaí, ní nach ionadh nach bhfuil muinín níos mó ag daoine ina bhfuil le rá ag an eaglais, nuair a chuireann tú san áireamh chomh mór ar strae is a bhí compás morálta na heaglaise agus iad ag plé le líomhaintí maidir le mí-úsáid ghnéasach leanaí.
nuair a chuireann tú san áireamh when you take into consideration
" Caitlicigh v Protastúnaigh atá i gceist, ach is údar gáirí ar bhealach é nuair a chuireann tú san áireamh gur cuma sa diabhal leis na himreoirí ina gcroí istigh (nach de bhunadh Ghlaschú nó na hAlban a bhformhór) faoin tseafóid sheicteach.
nuair a chuirtear san áireamh when one considers
" Tá sé tábhachtach go ndéanfaí fóirithint ar na seandaoine seo, go háirithe nuair a chuirtear san áireamh na deacrachtaí ollmhóra atá ag baint le hearnáil na dtithe altranais in Éirinn.
nach gcuireann eagraíochtaí spóirt leas an aosa óig san áireamh that sports organisations don't consider the interests of young people
" Tá an chuma ar an scéal nach gcuireann eagraíochtaí spóirt leas an aosa óig san áireamh nuair a théann siad ar thóir an airgid mhóir i bhfoirm urraíochta agus fógraíochta.
go háirithe nuair a chuireann tú san áireamh especially when you consider
" Creideann an bheirt againn sa chomhoibriú seo, go háirithe nuair a chuireann tú san áireamh go bhfuil baint ag daoine éagsúla ón dá thaobh den phobal leis.
Cuir san áireamh remember (that...)
" Cuir san áireamh gur cheannaigh mé t-léine thall ar phraghas $50 a chosnódh a dhá oiread in Éirinn! Cibé ar bith, caithfidh sé gur chaith mé cúpla uair an chloig ag iarraidh spás a fháil don stuif seo ar fad.
Cuir san áireamh remember
" Cuir san áireamh gur ceantar é – gur rugadh mé i 1940 agus ba mé ba óige de naonúr agus ba cheantar é an ceantar s’againne a ghlac páirt an-ghníomhach i gCogadh na Saoirse.
chuirtear san áireamh when you include the fact
" Turner i nDoire ======= Fuair cathair Dhoire amach ar na mallaibh go mbeidh Comórtas mórchlúiteach Turner lonnaithe ansin i 2013 – onóir agus aitheantas mór a bheidh ann don chathair nuair a chuirtear san áireamh nach raibh an comórtas riamh taobh amuigh den Bhreatain ó thosaigh sé i 1984.
Cuir san áireamh take into consideration
" Cuir san áireamh an laghdú mór atá tagtha le déanaí i gceannaireacht an pháirtí, agus is beag an baol go rachadh teachtaí Fhianna Fáil ar ais chuig an lucht vótála a rá go mbeadh cruatan breise i ndán dóibh.
nuair a chuirtear san áireamh when it’s considered
" Is breá le lucht leanúna spóirt na hAstráile a mhaíomh go rialta go ngnóthaíonn fir agus mná spóirt na tíre i bhfad níos mó sna comórtais idirnáisiúnta éagsúla ná a mbeifí ag súil leis, nuair a chuirtear san áireamh nach bhfuil ach daonra de 22.
chuirtear san áireamh taken into account
" Beidh le feiceáil cé bheidh sásta an droichead a úsáid sa deireadh thiar thall, nuair a chuirtear san áireamh go gcaitheann formhór an dá traidisiúin saol measartha scartha óna chéile ó thaobh sráideanna, scoileanna, imeachtaí spóirt agus eaglaisí de.
má chuirtear san áireamh if one takes into account
" ” Ní raibh sé íoróineach ar chor ar bith, áfach, má chuirtear san áireamh an cogadh fada Iosraelach i gcoinne a sean-namhad Libiaigh agus an ról lárnach a bhí acu i dtonnbhriseadh an tseanghnáthaimh sa deireadh thiar thall.
cuireadh an oiread agus ab fhéidir de san áireamh as much as was possible was included
" Bailíodh agus cíoradh é agus cuireadh an oiread agus ab fhéidir de san áireamh sa cháipéis deiridh.
curtha san áireamh taken into account
" Ba chóir go mbeadh an t-éacht oibre atá déanta ag leithéidí an choimisinéara agus an ollaimh thuas curtha san áireamh nuair a dhéantar meas ar cháil na nGael abhus.
chuirtear san áireamh taken into account
" Ciallaíonn sé seo go bhfuil easpa treoirlínte foilsithe is easpa soiléireachta maidir leis na slata tomhais a chuirtear san áireamh agus cinneadh á dhéanamh faoi chearta is teidil inimirceach in Éirinn.
curtha san áireamh ann taken into account in it
" Foilsíodh an Treoir nua (2012/26/EU) - agus leasú na hÉireann curtha san áireamh ann - ar an 25 Deireadh Fómhair 2012.
oiriúnach go leor nuair a chuirtear san áireamh suitably so when one considers
" Chreach na Gaeil teanga na Breatnaise agus thóg a n-ainm féin, más fíor, ó Gwyddel na teanga sin – oiriúnach go leor nuair a chuirtear san áireamh gurbh é ceann de bhunbhríonna an fhocail sin ná creachadóirí.
má chuirtear é sin san áireamh if that’s taken into account
" Ach fiú má chuirtear é sin san áireamh, tá amhras á léiriú faoin chur chuige.
nuair a chuirtear san áireamh when it’s remembered / considered
" Ní aontóinn le gach athrú a rinneadh sa cháinaisnéis ach sílim go ndearna an rialtas iarracht an leigheas anróiteach a scaipeadh go cothrom, go háirithe nuair a chuirtear san áireamh na hathruithe pianmhara a cuireadh i bhfeidhm orainn le cúig bliana anuas.
ní chuirfear san áireamh shall not be enumerated, considered
" Ach chun an riachtanas airgid £18,600 a chomhlíonadh ní chuirfear san áireamh tuarastal an duine atá ag iarraidh teacht chun na Breataine, ná an t-airgead atá ag tuismitheoirí an tsaoránaigh Bhriotanaigh.
chuirtear coinníoll nó cáilíocht bhreise san áireamh a condition or extra qualification is included
" (Tá gach airgeadóir feimineach ina hairgeadóir, agus laghdaíonn an dóchúlacht nuair a chuirtear coinníoll nó cáilíocht bhreise san áireamh).