Pota Focal Intergaelic
Scríobh focal Gaeilge nó Béarla. Type a word in Irish or English.
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
chur faoi chois oppression
" Léiríonn an chlaontacht ó thaobh cine de i gcur i bhfeidhm an phionóis seo go n-úsáidtear anois é, agus gur úsáideadh i gcónaí é, mar uirlis don chur faoi chois, don chos ar bolg polaitiúil agus ciníoch, don leithcheal agus don díoltas.
curtha faoi chois suppressed
" "Tá tú curtha faoi chois anois, agus é thar am agat.
leis an Ghaeilge a chur faoi chois to suppress the Irish language
" An bhfuil a fhios agat, ghlac sé trí nó ceithre chéad bliain leis an Ghaeilge a chur faoi chois - níl sí ag gabháil a theacht ar ais in aon oíche amháin.
a chur faoi chois to suppress
" Tugann an dóigh a bhfuil lucht monatóireachta vótala agus "*challengers*", mar a thugtar orthu, á gcur sna hionaid vótaíochta teicníc a úsáideadh roimhe seo chun iarracht a dhéanamh vótóirí dubha a chur faoi chois sa *Deep South*, tugann sé léargas dúinn ar an tslí a raibh an saol i Meiriceá roimh thréimhse na gCeart Sibhialta, cé gur seo an bhliain 2004.
cur faoi chois na dteangacha the suppression of the languages
" Bhí cur faoi chois na dteangacha chomh holc is a bhí sé in Éirinn.
cur faoi chois fuilteach bloody oppression
" Dhiúltaigh an Ísiltír, an Spáinn agus an Eilvéis dul ann fosta mar agóid i gcoinne Aontas na Sóivéide, a raibh cur faoi chois fuilteach déanta aige ar éirí amach na hUngáire.
chur faoi chois to oppress
" Leithscéal an Chreidimh Ní hamháin go gcuireann an tSín srian le cleachtadh an Ioslamachais, ach tá creideamh na bhUígireach á úsáid mar leithscéal chun na Uígir a chur faoi chois is chun tacaíocht a fháil don chur faoi chois sin.
chur faoi chois suppress
" Cé gur éirigh leis na húdaráis an tÉirí Amach, nó ‘Tafsut’, an Earraigh a chur faoi chois, ba lena linn a fuair polaiteoirí sunatasacha Kabyle ár linne taithí ar chur chun cinn chás a bpobail.
cur faoi chois oppression
" Is deacair glacadh leis gur mionlach é grúpa atá chomh líonmhar sin, ach is é sin díreach atá i gceist leis na Dalit san India, tír a bhfuil breis is billiún duine beo inti, agus is mionlach iad na Dalit a bhfuil an chos ar bolg is an cur faoi chois is measa amuigh á fhulaingt acu le sinsearacht.
chur faoi chois to suppress
" Nuair a tháinig na Gearmánaigh chun an Fhrainc a chur faoi chois i 1940, thapaigh roinnt Briotánach an deis chun tacaíocht a fháil dá dteanga.
chur faoi chois to suppress
" Mar sin féin, d’éirigh leis na meáin a rabhadh maidir le “taobhú paiseanta” Mheiriceá do stát na nIosraelach a chur faoi chois.
an chur faoi chois the suppression
" Ba chóir do gach leanbh Albanach bunoideachas a fháil i nGaeilg, mar gan í níl siad ábalta léarscáil a dtír féin a léamh! Is é an sprioc atá ag Bórd na Gáidlig ná an líon Gaeilgeoirí a ardú ó 58,000 (daonáireamh 2001) go dtí 100,000 faoi 2041 agus níl MacIlleathain sásta cur suas leis an chur faoi chois a fuair an Ghaeilg in imeacht na mblianta.
chur faoi chois oppress
" Agus toisc go raibh níos mó bia, capall, claimhte, sceana agus saigheada a bhí déanta as iarann agus as cruach ag dreamanna áirithe daoine seachas a chéile, d’éirigh leis na dreamanna sin na dreamanna eile a chur faoi chois agus a chloí i gcogaí agus i gcathanna.
chur faoi chois to quell
" *’ (220) Go deimhin ghlac sé 200 phóilín le círéib a tharla ag cluiche sóisir i nDail Mheàrnaig i 1933 a chur faoi chois.
iad a chur faoi chois le lámh láidir to suppress them by force
" Ina dhiaidh sin chaith na fórsaí slándála go brúidiúil le lucht na hagóide agus rinneadh iarracht iad a chur faoi chois le lámh láidir.
a bhí curtha faoi chois ag which was conquered by
" Na 'Bamberger' seo, b'as Bayern iad, agus tar éis an chogaidh a raibh an Caisideach bocht páirteach ann, de bharr an tuath a bheith bánaithe, cuireadh slua den treibh sin go dtí ceantar Phoznań, áit a bhí curtha faoi chois ag na Prúisigh fada fíochmhara.