an chomhairle a chur i bhfeidhm
to put the advice into practice
Má bhíonn deacrachtaí léitheoireachta agat ní bheidh tú in ann na bileoga comhairle a léamh ná
an chomhairle a chur i bhfeidhm.
curtha i bhfeidhm
implemented
Cén fhís atá agat féin don Ghaeilge?
An bille teanga a bheith
curtha i bhfeidhm.
cur i bhfeidhm
application
Tá claontacht láidir sheanbhunaithe i gceist i sochaí Mheiriceá maidir le
cur i bhfeidhm an phionóis bháis.
a chur i bhfeidhm
implement
Tá pleananna ag na húdaráis áitiúla chun láithreáin staid oifigiúla a sholáthar ach tá ag teip orthu na pleananna sin
a chur i bhfeidhm i gceart.
a chur i bhfeidhm
to implement
Thagair mé do chás Patten mar dhrochshampla den ról sin agus luaigh mé an dóigh nach rabhthas sásta an tuairisc a d'ullmhaigh seisean ar an phóilíneacht
a chur i bhfeidhm mar a bhí socraithe.
cur i bhfeidhm
implementation
"An rud atá de dhíth orainn anois ná
cur i bhfeidhm Thuarascáil Patten.
srianta nua a chur i bhfeidhm
to enforce new curbs
Tá gluaiseacht ann chun
srianta nua a chur i bhfeidhm ar an leibhéal Eorpach: tá na comhlachtaí fógraíochta ag éirí chomh buartha sin faoin scéal go gcaitheann a gcuid cumann gnó cuid mhór ama ag réiteach argóintí i bhfábhar an *status quo *agus ag cur brú ar pholaiteoirí gan éisteacht leo siúd atá i gcoinne na bhfógraí.
leis an dlí a chur i bhfeidhm
to enforce the law
In 2002, cruthaíodh dúinn nach bhfuil reachtóirí ár stáit ná na daoine atá ceaptha
leis an dlí a chur i bhfeidhm le trust ach oiread.
curtha i bhfeidhm
put into operation
Is córas Meiriceánach é an córas GPS, agus tá córas eile ar a dtugtar GLONASS
curtha i bhfeidhm ag an Rúis freisin.
atá á chur i bhfeidhm
is being implemented
An rud ba mhaith liomsa a chloisteáil ná cén plean
atá á chur i bhfeidhm chun Corn Mhic Cárthaigh a thabhairt go contae Chiarraí agus contaetha mar é.
ag iarraidh na rialacha a chur i bhfeidhm
trying to enforce the rules
Níl súile ar chúl a gcinn ag réiteoirí agus déanann siad botún ó am go ham, ach sa deireadh thiar níl siad ach
ag iarraidh na rialacha a chur i bhfeidhm.
dlí a chur i bhfeidhm
to implement a law
Tá aire sláinte na hÉireann, Mícheál Martin, ag brú ar aghaidh go fonnmhar leis an phlean atá aige
dlí a chur i bhfeidhm a chuirfidh cosc iomlán ar chaitheamh tobac i dtithe tábhairne agus i mbialanna na tíre.
ag cur polasaithe i bhfeidhm
implementing policies
Tarlóidh, áfach, má leanann Rialtas Mheiriceá ar aghaidh
ag cur polasaithe i bhfeidhm a ghríosfaidh Moslamaigh an domhain agus a dhéanfaidh baill bhreise a earcú do leithéidí Al- Qaeda.
cur i bhfeidhm iomlán an Chomhaontaithe
the total implementation of the (Good Friday) Agreement
Cuir i gcás go ndeachaigh Trimble chun tosaigh agus
cur i bhfeidhm iomlán an Chomhaontaithe, a bhíothas a thuar ar an Mháirt, 21 Deireadh Fómhair, a chur os comhair an phobail aontachtaigh, cad é a bhí le cailleadh aige? Aithním na fadhbanna inmheánacha agus seachtracha a bhí ag David Trimble, ach dá ndéanfadh sé a leithéid, bheadh cruth eile ar fad ar an toghchán atá le theacht.
á chur i bhfeidhm
putting it into practice
"Bhí an rud brúidiúil ó thaobh a bheith
á chur i bhfeidhm go praiticiúil.
plean Hanly a chur i bhfeidhm go héifeachtach
to implement the Hanly plan effectively
Beidh todhchaí an Chorcaígh ag brath go mór ar conas mar a éiríonn lena chosc ar an tobac i dtithe tábhairne, mar aon le
plean Hanly a chur i bhfeidhm go héifeachtach.
á chur i bhfeidhm go praiticiúil
practically implemented
Beidh ionadaithe ag an Tóstal ón Roinn agus ó fhorais stáit eile, mar shampla Bord Sláinte an Iarthair, le samplaí a thabhairt den chaoi a mbeidh an tAcht
á chur i bhfeidhm go praiticiúil.
iad a chur i bhfeidhm
to implement them
De réir na tuarascála nua ó Choiste Uile-Pháirtí an Oireachtais ar an mBunreacht ní hamháin nach bhfuil, dar leo, moltaí an Bhreithimh Kenny míbhunreachtúil ach tá sé thar am
iad a chur i bhfeidhm.
curtha i bhfeidhm
implemented
Bhí, agus fuair mé amach gur chuir seisean an cheist chéanna orthu fá dtaobh díomsa," arsa Angie
Lean an rialtas ar aghaidh leis an pholasaí príobháidithe agus i 1991 fuarthas amach nach raibh ach ocht gcinn de na 26 mholadh sábháilteachta a rinne Fiosrúchán Fennell
curtha i bhfeidhm.
a chur i bhfeidhm
to implement
Is cúis díomá é do go leor daoine go bhféadfaí athruithe áirithe
a chur i bhfeidhm a laghdódh líon na dtimpistí bóthair go mór ach nach bhfuil seo á dhéanamh.
an cosc a chur i bhfeidhm
to implement the ban
Chuir an Chomhairle achainí chuig an Pharlaimint i Westminster ag lorg Acht Parlaiminte Áitiúil chun a bheith ábalta
an cosc a chur i bhfeidhm de réir dlí, agus tá súil acu go mbeidh sin ann an bhliain seo chugainn.
aon athruithe a chur i bhfeidhm
to implement any changes
AÓF: An bhfuil tú sásta leis na córais éagsúla moltóireachta a bhíonn in úsáid nó ar mhaith leat
aon athruithe a chur i bhfeidhm?
LÓM: Tá.
dlí an Stáit seo a chur i bhfeidhm
to implement the law of this State
Muna mbíonn, déanfaidh sé tuilleadh creimthe ar leibhéal muiníne an phobail sna daoine a bhfuil sé mar fhreagracht orthu
dlí an Stáit seo a chur i bhfeidhm.
an cosc a chur i bhfeidhm
to implement the ban
Seachtain i ndiaidh na léachta, vótáil Comhairle na Cathrach i bhfábhar cosc a chur ar chaitheamh tobac i ngach áit phoiblí faoi dhíon agus chuir siad achainí chuig an Pharlaimint i Westminster ag lorg Acht Parlaiminte Áitiúil chun a bheith ábalta
an cosc a chur i bhfeidhm de réir dlí.
dlí an Stáit seo a chur i bhfeidhm
to implement the law of this State
Muna mbíonn, déanfaidh sé tuilleadh creimthe ar leibhéal muiníne an phobail sna daoine a bhfuil sé mar fhreagracht orthu
dlí an Stáit seo a chur i bhfeidhm.
a chur i bhfeidhm
to implement
Dar leo, caithfear ceartú a dhéanamh ar Bhunreacht na Spáinne ó 1978 chun an reacht conspóideach Catalónach
a chur i bhfeidhm, rud atá loighciúil go leor.
a chur i bhfeidhm
to implement
Dar leo, caithfear ceartú a dhéanamh ar Bhunreacht na Spáinne ó 1978 chun an reacht conspóideach Catalónach
a chur i bhfeidhm, rud atá loighciúil go leor.
reachtaíocht a chur i bhfeidhm
to enact legislation
Ní hamháin sin ach chaithfí an Bunreacht a leasú sula bhféadfadh an stát seo
reachtaíocht a chur i bhfeidhm a d’aithneodh pósadh hómaighnéasach.
a chur i bhfeidhm
to implement
Dar leo, caithfear ceartú a dhéanamh ar Bhunreacht na Spáinne ó 1978 chun an reacht conspóideach Catalónach
a chur i bhfeidhm, rud atá loighciúil go leor.
a chur i bhfeidhm
to implement
Mar sin féin, níl aon dabht ach gurb é uafás an phobail i leith bhuamáil na hÓmaí a chuir ar chumas na n-údarás reachtaíocht bhreise éigeandála
a chur i bhfeidhm a úsáideadh le deireadh a chur leis an Real IRA.
a chur i bhfeidhm
to implement
Mar sin féin, níl aon dabht ach gurb é uafás an phobail i leith bhuamáil na hÓmaí a chuir ar chumas na n-údarás reachtaíocht bhreise éigeandála
a chur i bhfeidhm a úsáideadh le deireadh a chur leis an Real IRA.
cur i bhfeidhm
implementing
Ina measc, bhí Roinn an Taoisigh agus an Roinn Airgeadais, a bhfuil cúraimí faoi leith uirthi maidir le
cur i bhfeidhm rialacha na státseirbhíse.
a chur i bhfeidhm
to implement
Na héilimh atá i gceist ná:
=======
Go nglacfaidh CLG le scéim deontais an Rialtais d’imreoirí idirchontae agus go gcuirfidh CLG brú ar an Rialtas an scéim
a chur i bhfeidhm láithreach.
a chur i bhfeidhm
to implement
**C**
Brian Cowen, an tAire Airgeadais:
Éirithe leis a chuid polasaithe airgeadais
a chur i bhfeidhm gan mórán dua agus gan conspóid a tharraingt air féin.
maidir le cur i bhfeidhm moltaí Choimisiún na mBradán
as regards the implementation of the recommendations of the Salmon Commission
Thíolaic sé cúraimí mara an phoist ar a Aire Sóisearach, Pat the Cope Ó Gallchóir, rud a chothaigh neart deacrachtaí
maidir le cur i bhfeidhm moltaí Choimisiún na mBradán.
an tslándáil a chur i bhfeidhm
to ensure security
De réir na poiblíochta oifigiúla, tá dhá phríomhaidhm ag baint leis an mhisean, mar atá, infrastruchtúr an limistéir a atógáil agus
an tslándáil a chur i bhfeidhm.
cur i bhfeidhm
implementing
Go deimhin, beidh orainn €500m a dhíol idir 2008 agus 2012 as a bheith ag tarraingt na gcos maidir le
cur i bhfeidhm mholtaí Kyoto.
dlí a chur i bhfeidhm
to implement a law
Ní raibh sé de mhisneach ag na polaiteoirí seasamh in aghaidh an bhrúgrúpa chéanna agus
dlí a chur i bhfeidhm a chosnódh iad siúd nach gcaitheann tobac ón ngal nimhneach a dhéanann an-dochar don tsláinte.
tá an dlí á chur i bhfeidhm!
the law is being implemented!
Anois tá an spriocleibhéal íslithe go mór agus
tá an dlí á chur i bhfeidhm! Tá sciar den locht, mar sin, ar na Gardaí as cuid den phobal bheith ar nós cuma liom maidir le bheith ag ól agus ag tiomáint.
trí pholasaithe ar leith a chur i bhfeidhm.
by implementing certain policies.
Deirtear gur éirigh le Ceanada agus an Fhionlainn an rannpháirtíocht a ardú
trí pholasaithe ar leith a chur i bhfeidhm.
cur i bhfeidhm phróis chuí an dlí.
the implementation of due process of law.
Is é an chloch is mó ar phaidrín an bhreithimh ná
cur i bhfeidhm phróis chuí an dlí.
ar an mbeart a bhí curtha i bhfeidhm acu
on the policy which they had implemented
“Ní hamháin sin, beidh cuntais ar stailceanna ocrais a raibh éifeacht mhór leo thall agus abhus; an chríochdheighilt a tharla i 1947 san Ind, a múnlaíodh, de réir cosúlachta, ar an gcríochdheighilt sin,
ar an mbeart a bhí curtha i bhfeidhm acu in Éirinn.
a chur i bhfeidhm
to implement
Tá níos mó aerlínte ag iarraidh samhail ghnó Ryanair nó easyJet
a chur i bhfeidhm ar a n-eitiltí cianaistir.
a chuir an rialtas i bhfeidhm anuraidh.
which the government enacted last year.
B’fhearr leis an rialtas go mbeadh aird an phobail dírithe ar bhainistiú an gheilleagair, ach is ríléir go bhfuil aird á díriú ar na dlíthe nua caidrimh thionsclaíoch
a chuir an rialtas i bhfeidhm anuraidh.
a chur i bhfeidhm
implement
Is féidir leis foghlaim ó na dúshláin sin agus straitéis úr
a chur i bhfeidhm mar thoradh orthu.
an t-acht a bhí molta a chur i bhfeidhm.
to implement the proposed act.
Tá an pionós á ghearradh ag aontachtaithe a chaith vóta in éadan an achta ar bhunús seafóideach polaitiúil agus ar bhunús eile bréagach – go gcosnódh sé an dú-rud airgid
an t-acht a bhí molta a chur i bhfeidhm.
a bheidh á gcur i bhfeidhm
which will be implemented
Más Caitliceach, coimeádach, traidisiúnta an dearcadh agus na polasaithe a bhí ag PiS maidir le cúrsaí eacnamúla agus sóisialta, is liobrálach iad na polasaithe
a bheidh á gcur i bhfeidhm ag PO, páirtí atá go mór i bhfabhar an Aontais Eorpaigh.
a chur i bhfeidhm
to implement
Éileamh eile atá ag Feachtas Rothaíochta Átha Cliath – beartas a bhfuil an Comhaontas Glas i bhfách leis freisin – ná luaisteorainn de thríocha ciliméadar san uair
a chur i bhfeidhm i mBaile Átha Cliath.
a chuir an t-iar-rialtas i bhfeidhm
which the last government brought into effect
WorkChoices* *a tugadh ar na dlíthe seo, a
a chuir an t-iar-rialtas i bhfeidhm go luath in 2006.
an córas breá nua a bhí curtha i bhfeidhm acu
the fine new system that they had implemented
Ní nach ionadh, mar sin, go raibh ar fhoireann Facebook leithscéal a ghabháil lena n-úsáideoirí ar fad agus
an córas breá nua a bhí curtha i bhfeidhm acu a athrú ó bhonn.
a bhí curtha i bhfeidhm
which they had implemented
Ní nach ionadh, mar sin, go raibh ar fhoireann Facebook leithscéal a ghabháil lena n-úsáideoirí ar fad agus an córas breá nua
a bhí curtha i bhfeidhm acu a athrú ó bhonn.
trí dhlíthe deighilte a chur i bhfeidhm.
by implementing segregationist laws.
I ndiaidh gur “saoradh” na sclábhaithe i stáit an deiscirt in 1865, rinneadh cinnte de nach mbeadh ach áiseanna ar chaighdeán íseal ar fáil do na Gormaigh
trí dhlíthe deighilte a chur i bhfeidhm.
á chur i bhfeidhm
being implemented
Ach cén mhaitheas a leithéid a bheith ann mura bhfuil sé
á chur i bhfeidhm ach ar bhealach *ad hoc* i go leor de na contaetha Gaeltachta? Thig a bheith ag súil, i mo thuairimse, le cás cúirte amach anseo ó ghníomhaithe teanga in éadan forbróirí nó Comhairle Contae éigin faoin bhealach fuarbhruite atá an chuid seo de dhlí na tíre
á chur i bhfeidhm.
a chur i bhfeidhm
to enforce
Bhí go leor daoine den tuairim, áfach, go mbeadh sé ionann is dódhéanta an coinníoll teanga
a chur i bhfeidhm agus monatóireacht a dhéanamh air.
ag cur dhlíthe na tíre i bhfeidhm?
implementing the laws of the country?
Tuige, mar sin, nach bhfuil Comhairle Contae Chiarraí
ag cur dhlíthe na tíre i bhfeidhm?
Seo é an míniú a thug siad féin: “Kerry County Council is currently finalizing details of a scheme which addresses the Irish language clause in Planning Applications.
á chur i bhfeidhm
being implemented
Ach cén mhaitheas a leithéid a bheith ann mura bhfuil sé
á chur i bhfeidhm ach ar bhealach *ad hoc* i go leor de na contaetha Gaeltachta? Thig a bheith ag súil, i mo thuairimse, le cás cúirte amach anseo ó ghníomhaithe teanga in éadan forbróirí nó Comhairle Contae éigin faoin bhealach fuarbhruite atá an chuid seo de dhlí na tíre
á chur i bhfeidhm.
beartais a chur i bhfeidhm
to implement policies
Mona O’Moore, ó Ionad Frithbhulaíochta Choláiste na Tríonóide, ag iarraidh ar an Rialtas
beartais a chur i bhfeidhm le dul i ngleic leis an bhfadhb seo.
ag iarraidh dialathas a chur i bhfeidhm
trying to start a theocracy
Ach is léir go bhfuil an DUP
ag iarraidh dialathas a chur i bhfeidhm ó thuaidh.
nach bhfuil siad á gcur i bhfeidhm.
they aren't being implemented
Ach tá neart pleananna agus dlíthe ann chéanna féin – is í an fhadhb a bhaineann leo ná
nach bhfuil siad á gcur i bhfeidhm.
an tslí a bhfuil sé curtha i bhfeidhm
the way in which it is implemented
Costais ardaCaithfidh mé a admháil go bhfuil an prionsabal taobh thiar den chóras nua go maith, ach ní maith liom
an tslí a bhfuil sé curtha i bhfeidhm agus na costais arda a bhaineann leis.
iad a chur i bhfeidhm
to enforce them
“Tá an t-uafás rialúchán ann cheana féin a bhaineann leis na bainc, an cheist is tábhachtaí ná
iad a chur i bhfeidhm i gceart” ar seisean.
a chur i bhfeidhm
to enforce
Is fada an lá, cinnte, ó bhí éileamh ag grúpa polaitiúil nó ag eagraíocht eile abhus, pionós an bháis
a chur i bhfeidhm arís.
chur i bhfeidhm
implementing
Glacaim leis nach mbaineann an tAire Oideachais, an tAire Airgeadais nó an Taoiseach aon sult nó pléisiúr as a leithéid de chiorrú a
chur i bhfeidhm ach thuigfeá do fhrustrachas an phobail i bhfianaise an €7bn d’athchaiptliú a déanadh ar Bhanc na hÉireann agus ar Bhanc Aontas Éireann i dtráth an ama chéanna is a fógraíodh na ciorruithe i leith múinteoirí acmhainne.
cur i bhfeidhm
put into effect
Ba mhaith liom chomh maith, go ndéarfadh cumann na n-imreoirí, an GPA, go soiléir go bhfuil siad ar son
cur i bhfeidhm rialacha na gcluichí agus údarás an réiteora, agus i gcoinne gach saghas calaoiseadóireachta, claonbheartaíochta, bréagadóireachta, imirt neamhspórtúil agus drochbhéasa ag imreoirí.
a chur i bhfeidhm
to enforce
Shílfeá go mbeadh sé an-éasca coinníoll a leagan síos, go mbeadh ar fheilméir ar bith atá faoi scéim REPS, plaisteach dubh an tsadhlais a bhailiú suas agus fáil réidh leis i mbealach ceart? Ní bheadh sé deacair coinníoll mar é
a chur i bhfeidhm.
gcur i bhfeidhm
enforced
Cé nach bhfuil táilllí tionchoisc le tabhairt isteach láithreach bonn, beidh siad á
gcur i bhfeidhm an bhliain seo chugainn.
cur i bhfeidhm
putting into effect
Ní hé go raibh teicneolaíocht nua i gceist; is
cur i bhfeidhm nua a bhí i gceist agus tuiscint níos fearr ar na bealaí a raibh daoine sásta úsáid a bhaint as an dteicneolaíocht sa saol gnách laethúil.
chur i bhfeidhm
put into effect
Bliain chorraithe a bhí ann i measc mac léinn agus lucht ollscoile toisc go ndearna an tAire Ard-Oideachas, Valérie Pécresse, raon leathan leasuithe ar an gcóras ollscolaíochta sa Fhrainc a
chur i bhfeidhm, leasuithe ar chuir mic léinn agus múinteoirí araon ina n-aghaidh.
chur i bhfeidhm
to put into effect
Más buan mo chuimhne, ní raibh léitheoirí in ann tráchtaireachtaí a fhágáil fiú: is cuimhin liom seirbhís eile a shuiteáil i gcód mo bhlag chun tráchtaireacht a
chur i bhfeidhm.
chur i bhfeidhm
to put into effect
Bheartaigh mé ó mhí roimhe sin maireachtáil shláintiúil a
chur i bhfeidhm – neart aclaíochta a dhéanamh, gan an iomarca a ól, agus gan a dhath ach bia follán a ithe.
chur i bhfeidhm
enforcing
org/wiki/The_White_Ribbon)
Deir Haneke in agallamh le ‘Sight and Sound’ gur suim leis an ceangal idir phiúratánachas Liútarach thuaisceart na Gearmáine agus ‘cosaint’ na Naitsithe sin a mhaígh dá gcosaint féin nach raibh ach ord agus eagar á
chur i bhfeidhm acu trí orduithe dleathacha a leanúint.
chur i bhfeidhm
enforce
Déanann an Comhlathas iarrachtaí cuntair a fhorchur ar na deontais seo lena ndúnghaoisí féin a
chur i bhfeidhm sna stáit agus sna críocha.
chur i bhfeidhm
put into effect
Beartais an Lucht Oibre
===
D’éirigh go maith leis an Lucht Oibre beartais a
chur i bhfeidhm a shásódh an dearcadh nua oscailte liobrálach.
chur i bhfeidhm
to enforce
Bhí an réiteoir ar a mhíle dícheall freisin ag iarraidh an cluiche a stiúradh agus na rialacha a
chur i bhfeidhm.
cur i bhfeidhm
put into operation
Ní raibh i gceist aige ach go ndéanfaí an doiciméad a chur os comhair an Chomhchoiste Oireachtais, a bhíonn ag déileáil le cúrsaí Gaeilge agus, mar a bhainfeá smeach, bheadh sé réidh le cur os comhair an Rialtais roimh an Nollaig agus á
cur i bhfeidhm ó thús na bliana.
chur i bhfeidhm
to put in place
Ní mór dúinn ciorruithe géara a
chur i bhfeidhm, breis cánach a ghearradh and tuairisc ráithiúil a sholáthar d’ár n-iasachtóirí go bhfuil an toradh ceart ar ár gcuid iarrachtaí sula n-íocfar an t-airgead linn.
curtha i bhfeidhm
enforced
Is léir an meas atá ag Hessel ar mhuintir Gaza agus ar an dóigh ina dtéann siad i ngleic leis an saol in ainneoin an ghátair i measc an phobail de dheasca coscanna trádála atá
curtha i bhfeidhm ag na hIosraelaigh.
cur i bhfeidhm
enforcing
Pé ní faoi pholasaithe oifigiúla, is cosúil go mb’fhéidir go bhfuil deighilt idir fhoclaíocht agus
cur i bhfeidhm na rialach agus go bhfuil a leagan féin ag na réiteoirí air mar scéal.
chur i bhfeidhm
put into effect
Agus is é an chéad rud atá ar mo liosta ná an beartas cúig phointe a
chur i bhfeidhm.
chur i bhfeidhm
to put in place
Níorbh fhada tofa é gur éirigh leis an beartas seo a
chur i bhfeidhm.
Cur i bhfeidhm
enforcing
Cur i bhfeidhm na rialacha agus stiúradh an chluiche a bhíonn á mheas.
á cur i bhfeidhm
being put into effect
Ba faoin Lucht Oibre a bheadh sé bínsí an fhreasúra a líonadh agus Fine Gael a choinneáil faoi bhrú leanúnach sa Dáil agus taobh amuigh dhó maidir leis an dúnghaois gheilleagair agus cánach a bheas
á cur i bhfeidhm faoi threoracha an CAI agus an AE.
cur i bhfeidhm
enforcing
Táim ag smaoineamh go háirithe ar thosca ar nós dromchla páirce, séasúr imeartha, líon agus minicíocht na gcluichí, déine agus minicíocht na traenála,
cur i bhfeidhm rialacha a bhaineann le himirt chontúirteach, tionchar agus dearcadh bainisteoirí i leith a gcuid uaillmhianta pearsanta féin, an brú a chuirtear go hindíreach ar imreoirí de dheasca ról craosach lucht fógraíochta, urraíochta, teilifíse agus maoinithe.
a chur i bhfeidhm
to put in place
Nuair a thug Rodford iarracht leasuithe
a chur i bhfeidhm chuir sé olc ar na heochróirí agus maítear gur chuir siad féin mionsonraithe an gobharnóra i gcillín McConville, a bhfuil dúnmharú an Chonstábla Steven Carroll curtha ina leith.
á cur i bhfeidhm
being put into effect
Ba faoin Lucht Oibre sa gcás sin a bheadh sé bínsí an fhreasúra a líonadh agus Fine Gael a choinneáil faoi bhrú leanúnach sa Dáil agus taobh amuigh dhó maidir leis an dúnghaois gheilleagair agus cánach a bheas
á cur i bhfeidhm faoi threoracha an CAI agus an AE.
lena gcur i bhfeidhm
to put them into practice
Cosúil le moltaí maithe eile a cuireadh os a chomhair, ní dhearna Éamonn Ó Cuív tada
lena gcur i bhfeidhm.
cumhacht a chur i bhfeidhm
to enforce power
Is allagar é a bhain le
cumhacht a chur i bhfeidhm, cumhacht síceach agus fisiceach a bhfuil easpa cothromaíochta agus an leatrom le sonrú ann.
chur i bhfeidhm
to put in place
Tá ceist na pokies agus na gcearrbhach anó go mór i mbéal an phobail faoi láthair mar gheall ar thuarascáil de chuid an Productivity Commission ar Chearrbhachas, agus ar iarracht chonspóideach atá faoi chaibidil ag an rialtas cónaidhme córas nua náisiúnta a
chur i bhfeidhm le gealltóireacht ar na meaisíní a riaradh.
a chur i bhfeidhm
to put into effect
C
- Bheadh gá leasaithe radacacha
a chur i bhfeidhm ar na struchtúir a bhain leis an gcluiche.
chur i bhfeidhm
to enforce
Tugtar pacáistíocht phléineáilte ar an togra seo agus tá reachtaíocht chun an rialú nua seo a
chur i bhfeidhm faoi bhráid na parlaiminte náisiúnta faoi láthair.
na coscáin a chur i bhfeidhm
to put on the brakes
Bhí náire ar m’fhear céile nuair a chonaic sé mé ag sleamhnú síos i dtreo grúpa daoine gan a bheith in ann
na coscáin a chur i bhfeidhm! Ar ndóigh, bhí timpistí ag beagnach gach duine sa bhunrang nuair a thosaigh muid amach ach d’aimsigh mé na bunscileanna sar i bhfad agus ní raibh mé ar an duine ba mheasa sa bhuíon ar chor ar bith.
a bheas á gcur i bhfeidhm acu
which they shall put into effect
Breathnaíonn urlabhraithe an Lucht Oibre truamhéileach ar an dteilifís agus iad ag iarraidh leithscéal a dhéanamh faoi na ciorruithe
a bheas á gcur i bhfeidhm acu.
chur i bhfeidhm
to put into effect
Deiseanna iontacha iad fosta dóibh siúd a bheadh ag iarraidh an bonn a bhaint de na cearta teangan atá bainte amach ag lucht labhartha na Gaeilge tar éis blianta fada stocaireachta agus ciorruithe a
chur i bhfeidhm ins na heagraíochtaí a dhéanann ionadaíocht orthu.
dlí na tíre a chur i bhfeidhm
enforcing the law
I bhfocail eile, bhí an dream ar a dtiteann sé
dlí na tíre a chur i bhfeidhm, ag sárú an dlí!
Cás thar a bheith tromchúiseach é seo.
chur i bhfeidhm
to bring into force
Cheap Mac Gearailt go raibh cead faighte aige cheana féin an dá reacht seo a
chur i bhfeidhm in Éirinn nuair a thoiligh na Daoine leis an tríú leasú den Bhunreacht i 1972, leasú a thug cead don Rialtas glacadh le conarthaí Eorpacha nua a chuirfeadh ar a chumas bundhualgaisí na tíre mar bhall den aontas a chomhlíonadh.
a bheith ag cur moltaí i bhfeidhm
putting resolutions into effect
De réir tuarascáil de chuid an Choimisiúin Eorpaigh maidir le ballstáit
a bheith ag cur moltaí i bhfeidhm ó thaobh cosaint a thabhairt do pháistí sa domhan digiteach, níl treoirlínte tugtha isteach ach ag deich gcinn acu.
chur i bhfeidhm na bpleananna sin
the implementation of those plans
Beidh orthu fosta maoirseacht a dhéanamh ar
chur i bhfeidhm na bpleananna sin.
faoi bhrú a ardchumhacht a chur i bhfeidhm
pressurised to use his power
Tá an tUachtarán Putin
faoi bhrú a ardchumhacht a chur i bhfeidhm i dtír nach bhfuil chomh báúil leis níos mó ó thosaigh sé ar an tríú téarma mar Uachtarán ar an Rúis ar an 7 Bealtaine, ach tuigeann sé chomh maith an tábhacht a bhaineann le híomhá dhearfach a chruthú i measc lucht a cháinte.
a chur i bhfeidhm
to enforce
“Is dóigh leis an gCoiste Gnó go mbeadh sé náireach amach is amach dá ndéanfadh an stát iarracht anois an pionós úd a gearradh ar Thomás Ó Monacháin i 1976
a chur i bhfeidhm.
gcuirfí i bhfeidhm cur chuige eile
another approach be put into effect
Mhol an coiste dóibh go
gcuirfí i bhfeidhm cur chuige eile ar ar thug siad an “no advantage principle”.