Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
dlús a chur leis an díospóireacht to speed up the debate
" Tá an rún seo cáinte ag cuid mhaith tráchtairí nuachtáin agus daoine eile agus tá sé tar éis dlús a chur leis an díospóireacht taobh istigh den Chumann Lúthchleas Gael faoi stádas amaitéarach imreoirí an Chumainn agus ceist na n-íocaíochtaí a chur faoin spotsolas arís.
leis seo a chur ina luí ar an mbreitheamh to convince the judge of this
" Ní móide gur leor cúpla nóta scríofa ar chúl clúdaigh leis seo a chur ina luí ar an mbreitheamh agus tá seans maith ann go mbeidh gá le cód cleachtais éigin a shocróidh foras ar leith.
leis an dlí a chur i bhfeidhm to enforce the law
" In 2002, cruthaíodh dúinn nach bhfuil reachtóirí ár stáit ná na daoine atá ceaptha leis an dlí a chur i bhfeidhm le trust ach oiread.
leis an Ghaeilge a chur chun cinn to promote Irish
" Bhunaigh grúpa gníomhaithe teanga an chraobh seo sa bhliain 1983 leis an Ghaeilge a chur chun cinn i measc phobal Dhoire agus leis an ráchairt a bhí ann ag an am ar ranganna Gaeilge a shásamh.
chuir sé a ghualainn agus a leis leis he put his shoulder and thigh to it
" Léim sé isteach sa veain agus chuaigh sé taobh thiar de agus chuir sé a ghualainn agus a leis leis agus bhrúigh sé an bocsa chun tosaigh.
leis an Ghaeilge a chur faoi chois to suppress the Irish language
" An bhfuil a fhios agat, ghlac sé trí nó ceithre chéad bliain leis an Ghaeilge a chur faoi chois - níl sí ag gabháil a theacht ar ais in aon oíche amháin.
le dlús a chur leis an ollscolaíocht trí Ghaeilge to get Irish language university education moving
" Rinneadh an Bille Teanga a achtú sa deireadh, ceapadh an Coimisinéir Teanga, fuarthas réiteach ar cheist liúntas cánach na mban tí Gaeltachta agus bunaíodh Acadamh na Gaeilge le dlús a chur leis an ollscolaíocht trí Ghaeilge.
ba mhian leis na húinéirí béim a chur ar chultúr na hÉireann the owners wanted to emphasise Irish culture
" Nuair a fosclaíodh an áit ba mhian leis na húinéirí béim a chur ar chultúr na hÉireann, agus le taobh ceol na Éireann bheith acu, d'iarr lucht an tábhairne seo ar Liam ranganna Gaeilge a mhúineadh san oíche.
a thaca a chur leis an bhalla to support himself against the wall
" " Rinne an máistir Ó Duibhir iarracht a thaca a chur leis an bhalla ach, cibé a tháinig air, baineadh truisle beag as.
tá dlús curtha leis an bhfeachtas the campaign has been speeded up
" I mbliana, áfach, tá dlús curtha leis an bhfeachtas mar gheall ar ghluaiseacht na síochána, gluaiseacht atá ag bailiú nirt in aghaidh an lae in ainneoin neamhshuim na mórmheán cumarsáide thall.
leis an ruaig a chur orthu to chase them away
" "An dóigh is fearr leis an ruaig a chur orthu," arsa Corinne, "ná do lámha a chuimilt le raideog.
cur leis na hiarrachtaí dul i ngleic le bánú na tuaithe add to the attempts to tackle the depopulation of the countryside
" Dá léireodh an Rialtas ceannaireacht áirithe sna cúrsaí seo, d'fhéadfaí foinsí beaga ioncaim agus cumhachta a scaipeadh fud fad chósta iarthar na hÉireann, cur leis na hiarrachtaí dul i ngleic le bánú na tuaithe sna ceantair chúlráideacha, agus dúshlán na mórchomhlachtaí ola a thabhairt.
ag cur thar maoil leis na mílte ceap árasán overflowing with thousands of apartment blocks
" Tá PuDong ag cur thar maoil leis na mílte ceap árasán anois: suanliosanna do mheitheal oibre an gheilleagair nua ocraigh.
leis an ruaig a chur orthu to chase them away
" Seasann na mic thíre, ar ndóigh, do na "sceimhlitheoirí", agus is é teachtaireacht na bhfógraí seo ná nach bhfuil na Daonlathaigh láidir go leor leis an ruaig a chur orthu.
leis na tornapaí a chur i dtaisce to store the turnips
" D'úsáidtí ceann acu leis na tornapaí a chur i dtaisce agus fuair Elaine agus John ainm an tí as sin.
leis an ruaig a chur ar theaghlaigh to drive out families
" Chuaigh na scórtha paraimíleatach de chuid an UVF isteach sa cheantar – atá in aice le coláiste traenála an PSNI! – leis an ruaig a chur ar theaghlaigh a bhain leis an LVF.
leis an amhránaíocht a chur chun cinn to promote singing
" Tá an-mheas agam ar dhuine ar bith a dhéanfadh moltóireacht ag aon chomórtas - gan moltóirí ní bheadh aon chomórtas ann agus, mar a dúirt muid níos luaithe, ní gá gurb é an comórtas an bealach is fearr leis an amhránaíocht a chur chun cinn ach, mar sin féin tá ról an-tábhachtach aige.
leis sin a chur i gcrích to finish that
" Tabharfar glúin dóibh leis sin a chur i gcrích.
leis an Ghaeilge ar chur chun cinn to promote Irish
" Tá ceannaire Fhine Gael, agus duine a d’fhéadfadh bheith ina Thaoiseach ar an tír lá éigin, ag moladh gurb é an tslí is fearr leis an Ghaeilge ar chur chun cinn ná an rogha a thabhairt do dhaltaí scoile gan í a fhoghlaim! Bheadh sé beagáinín níos ciallmhaire dó a mholadh go dtabharfaí na deiseanna agus acmhainní nua-aimseartha cuí do scoileanna agus do mhúinteoirí le cur ar a gcumas múineadh na Gaeilge a dhéanamh éifeachtach agus taitneamhach.
ar bís leis an Ghaeilge a chur chun cinn very keen to promote Irish
" Ceann de na príomhrudaí a bheas le déanamh acu ná tacaíocht a chur ar fáil don iliomad eagraíochtaí agus grúpaí ar fud na tíre atá ar bís leis an Ghaeilge a chur chun cinn, bíodh siad i saol an ghnó, i bpobail, i scoileanna nó in ionaid eile nach iad.
ach tá dlús curtha leis le déanaí. but it has speeded up recently.
" Sílim gur thosaigh an t-athrú seo thart ar scór bliain ó shin, ach tá dlús curtha leis le déanaí.
cloí leis an chur chuige sin to stick to that approach
" Thug sí comhairle dom cloí leis an chur chuige sin agus go ndíolfadh muid i bhfad níos mó cóipeanna dá bharr.
agus go bhfuiltear ag smaoineamh ar dheireadh a chur leis ar fad. and that ending it completely is being considered.
" Tragóid Is é an feall é, dar liom , gur ligeadh Comórtas Chorn an Bhóthair Iarainn i ndearmad beagnach agus go bhfuiltear ag smaoineamh ar dheireadh a chur leis ar fad.
deireadh a chur ar fad leis an ólachán to put an end to drinking
" Go bhfios dom, níl sé mar aidhm ag na Gardaí deireadh a chur ar fad leis an ólachán agus mholfainn dóibh discréid a léiriú san ghné seo dá bhfeachtas.
tá tús curtha leis an gcath, the battle has begun,
" “I gcás an bhithsféir, a éiceachórais, tá tús curtha leis an gcath, ar a laghad.
Tá ag éirí leis an gcur chuige the approach is working
" Tá ag éirí leis an gcur chuige sa tionscadal seo againne, go dtí seo ar aon chuma.
cur leis an réaltacht, to add to the reality,
" Ar ndóigh, is iarracht é seo cur leis an réaltacht, agus éiríonn leis mar sheift.
Is deacair gan aontú leis an chur síos sin it's difficult not to agree with that argument
"Is deacair gan aontú leis an chur síos sin agus cuireann sé téis de chuid an scoláire Breandán Ó Buachalla i gcuimhne dúinn.
Glacadh leis an gcur chuige seo this approach was accepted
" Glacadh leis an gcur chuige seo in ionad an chórais cómhargála a d’úsáidtí sa tír roimhe sin.
Is féidir leis a spící a chur amach He can put out his spikes
" Is féidir leis a spící a chur amach agus é féin a dhúnadh isteach chun a rud féin a dhéanamh, is cuma céard atá ag tarlú taobh amuigh.
a chuir leis an mhuintearas who added to the friendship
" Cé is mó a chuir leis an mhuintearas idir Éirinn agus an Bhreatain i rith na bliana atá díreach thart? Cé eile ach Laurel agus Hardy na Sé Chontae – an Brit dúchasach sin (dar leis féin) Ian Paisley, agus an tseoid sin de dhúchas na hÉireann (dar leis féin) Máirtín McGuinness.
teorainn a chur leis an méid ama to limit the amount of time
" Tá an tAontas Eorpach ag cur spéise sna cúrsaí seo freisin – agus i rith an tsamhraidh chur siad brú ar Google teorainn a chur leis an méid ama a choimeádann siad eolas pearsanta mar gheall ar dhaoine (laghdaithe go 18 mí).
dlús a chur leis an fheachtas ar son an neamhspleáchais. to speed up the campaign for independence.
" Saoithiúil go leor, d’fháiltigh Alex Salmond roimh an mholadh agus thapaigh sé an deis dlús a chur leis an fheachtas ar son an neamhspleáchais.
ní féidir leis achomharc in aghaidh an chinnidh a chur faoi bhráid boird neamhspleách, he cannot submit an appeal against the decision to an independent bord,
" Má dhiúltaítear d’iarratas atá déanta ag dídeanaí ar son a leanaí, ní féidir leis achomharc in aghaidh an chinnidh a chur faoi bhráid boird neamhspleách, rud a sháraíonn prionsabail an dlí bhunreachtúil agus an dlí nádúrtha, dar leis an Dr.
a chuir deireadh leis an chogadh who put an end to the war
" Bhur mbarúil cén chríoch a bhí lena chomhrá le Rudolph the Red Nosed Giuliani? Caidé eile ach “Breast thú!” John WayneAs go brách leis an Ghraoisín Mór ansin gur casadh dó John Wayne McCain, an fear a chuir deireadh leis an chogadh i Vítneam siocair nach raibh na Viet Cong ábalta cur suas leis níos mó i ndiaidh dó cúig bliana a chaitheamh mar chime acu.
cur suas leis níos mó put up with him any more
" Bhur mbarúil cén chríoch a bhí lena chomhrá le Rudolph the Red Nosed Giuliani? Caidé eile ach “Breast thú!” John WayneAs go brách leis an Ghraoisín Mór ansin gur casadh dó John Wayne McCain, an fear a chuir deireadh leis an chogadh i Vítneam siocair nach raibh na Viet Cong ábalta cur suas leis níos mó i ndiaidh dó cúig bliana a chaitheamh mar chime acu.
leis an tsraith a chur i láthair, to present the series,
" Ba é sin an fáth ar roghnaigh mé Neelo (Niall MacDonagh, láithreoir teilifíse a bhíonn le feiceáil ar TG4) leis an tsraith a chur i láthair, mar go bhfuil Gaeilge Bhaile Átha Cliath aige.
leis na malartuithe a chur i gcrích. to perform the exchanges
" Ar an dóigh seo, tá ceangal an-réalaíoch idir an saol fíorúil agus an fíorshaol! Is amhlaidh go bhfuil córas speisialta i gceist, LindeX, leis na malartuithe a chur i gcrích.
stop a chur leis an bhagairt mhór don teanga to stop the big threat to the language
" D’éirigh leis go pointe stop a chur leis an bhagairt mhór don teanga ó chomaitéirí as baile isteach.
ag teacht leis an chur síos that were the same
" Fuair mé féin scairteanna gutháin a bhí ag teacht leis an chur síos a dhéantar ar an gcamscéim seo ar líne.
leis an scéal seo a chur ina cheart. to rectify this matter
" Is léir go bhfuil obair mhór roimh ghluaiseacht na Gaeilge leis an scéal seo a chur ina cheart.
Leis an gcur chuige seo, with this approach,
" Leis an gcur chuige seo, tá an bhéim leagtha ar dhearadh an ghairdín, in ionad í a bheith leagtha ar mhionsonraí mar do rogha crann agus plandaí.
leis an Chomórtas Amhrán Eoraifíse a chur i láthair to present the Eurovision Song Contest
" Roghnaigh an stáisiún í leis an Chomórtas Amhrán Eoraifíse a chur i láthair i gcuideachta an amhránaí Ronan Keating i 1997, agus mheall an clár áirithe sin lucht féachana de níos mó ná 300 milliún duine ar fud na hEorpa.
leanfar leis an chur i gcéill. the pretence will continue.
" In éagmais a leithéid de bheart leanfar leis an chur i gcéill.
leis na bláthanna fiáine seo a chur agus a chaomhnú, to sow and to conserve these flowers
" Easpa síoltaAch cé gur mhian le a lán feirmeoirí talamh a chur ar leataobh leis na bláthanna fiáine seo a chur agus a chaomhnú, tá easpa síolta ar fáil le hé a dhéanamh.
dá nglacfaí leis an gcur chuige seo if this approach were adopted
" Mhaígh siad go mbeadh an iomarca cumhachta ag na polaiteoirí dá nglacfaí leis an gcur chuige seo, agus dá bhrí sin, vótáladh ina éadan.
gur féidir cosc a chur leis an homaighnéasachas that a stop can be put to homosexuality
" Tá nasc suntasach idir iad siúd a chreideann gur féidir cosc a chur leis an homaighnéasachas agus an creideamh.
leis an bhunachar fuaime a chur le chéile to put together the sound database
" Rinne muid seisiún taifeadta léi a mhair ar feadh timpeall fiche uair an chloig leis an bhunachar fuaime a chur le chéile.
leis na tionscadail a chur i gcrích. to execute the projects
" D’fheadfaí comórtais a reáchtáil leis na cainteoirí is fearr a aimsiú – leagan Ultaise de X-Factor atá i gceist aige – agus fiafraíonn sé cén fáth nach bhfuil tionscadail dhrámaíochta, scannánaíochta, theilifíse agus raidió á moladh? Cén fáth nach bhfuiltear ag déanamh físeán d’fhilí agus d’aithriseoirí an lae inniu láithreach? Mar achoimre – agus bhí i bhfad ní ba mhó i gceist sa litir ná an méid atá scríofa sa chuntas gairid seo – bhí USAIG i bhfoirgneamh nach raibh fóirsteanach dóibh; bhí fadhbanna acu ó thaobh daoine a earcú le tabhairt faoi na tionscadail; bhí cúrsaí airgeadais – íocaíochtaí agus soláthar – ina bpraiseach agus ní raibh an grúpa ag baint úsáide as na teicneolaíochtaí is úire leis na tionscadail a chur i gcrích.
d'éirigh thar barr leis an gcur chuige nua seo. this new approch had great sucess
" Mar a léiríonn na torthaí i mBéising, d'éirigh thar barr leis an gcur chuige nua seo.
leis an ruaig a chur ar Uachtarán na hIúgslaive, with expelling the President of Yugoslavia
" Bhí Miles ag obair i mBéalgrád roimhe sin, áit a raibh baint lárnach aige leis an ruaig a chur ar Uachtarán na hIúgslaive, Slobodan Milosevic.
cur leis a bheifí one would be adding to it
" Dá mbeadh córas ‘Glór an Phobail’ forbartha, ní hionann sin agus iarracht deireadh a chur leis an chóras mar atá, ach cur leis a bheifí, agus iarracht a dhéanamh cinntiú go mbeadh an daonlathas ag feidhmiú gan ansmacht ardoifigí na bpáirtithe polaitiúla i mBaile Cliath 4.
chur leis to add to
" Tá mé in ann sé ainm eile a chur leis an ghinearál.
deireadh a chur leis to end
" Mhol Enda Kenny an mhí seo caite gur cheart deireadh a chur leis an tSeanad agus táthar ag caint fosta ar athruithe ar an rialtas áitiúil.
gan Cur Leis unfulfilled
" Mian, gan Cur Leis Déarfaidh go leor daoine gur beag is fiú Cóbanhávain i gcomórtas le Kyoto mar aontú.
deireadh a chur leis to bring an end to
" Is ceart go mbeadh tús áite feasta ag leas an phobail seachas ag leas an duine aonair agus deireadh a chur leis an mbochtaineacht.
cur go mór leis to add greatly to
" Dá ndéanfadh Gilmore a pháirtí a thabhairt isteach sa bhfreasúra, tíocht an chéad olltoghchán eile, bheadh an Lucht Oibre in ann cur go mór leis an líon suíocháin Dála agus b’fhéidir go mbeadh bunús éicint leis an mana ‘Gilmore for Taoiseach’ a bheith ar na postaeirí.
chuir tús leis started
" Dar ndóigh, mé féin a chuir tús leis an dream sin, agus a chuir an maoiniú ar fáil do Focal.
cur suas leis to endure
" Bhí sé doiligh go leor cur suas leis na léinte gorma, ach anois tá daoine ann le léinte bándearga! Ní chaitheann a leath acu carbhait agus tá an leath eile ag iarraidh aos bearrtha ribí gruaige a chur as gnó.
cur go mór leis to add greatly to
" Dá ndéanfadh Gilmore a pháirtí a thabhairt isteach sa bhfreasúra, tíocht an chéad olltoghchán eile, bheadh an Lucht Oibre in ann cur go mór leis an líon suíocháin Dála agus b’fhéidir go mbeadh bunús éicint leis an mana ‘Gilmore for Taoiseach’ a bheith ar na postaeirí mar a bhí.
litir a chur a fhad leis send him a letter
" Bhí an tOifigeach Ceannais ag iarraidh iad a sheoladh chuig cúrsa traenála d’fhonn iad a ullmhú roimh An Iaráic agus bhí ar an príomhoide litir a chur a fhad leis ag impí air gan é seo a dhéanamh go dtí go mbeadh a gcúrsa oideachais sa choláiste críochnaithe.
cur leis to increase
" Bhí lúcháir orm go mbeadh sé de dheis agam cur leis an mhéid teorannta seo roimh dheireadh na scoilbhliana.
curtha go mór leis has been much appreciated
" D’eisigh Gael Linn ceirnín leis i 1970 agus tá curtha go mór leis ar an eisiúint nua seo, a bhuíochas de RTÉ Raidió na Gaeltachta.
chuir leis an teannas added to the tension
" Bhí 5,000 trúpaí ar dualgas sa chathair agus bhí long chogaidh HMS Antrim ar ancaire in abhainn na Mersey, dhá ní a chuir leis an teannas i Learpholl ar ndóigh.
cur leis an tionscal físe add to the visual production industry
" Meitheal Forbartha na Gaeltachta =================== **SMM: Cad é an dóigh chun cinn sa Ghaeltacht nuair a tchímid Meitheal Forbartha na Gaeltachta druidte dúnta agus srianta ar Údarás na Gaeltachta? Ar cheart cur leis an tionscal físe? - Go mbeadh seirbhís iomlán teilifíse Ghaeilge ann a bheadh ag freastal ar na cainteoirí is saibhre sa Ghaeltacht agus ar ‘Éire na Gaelscolaíochta’ fosta mar tá an ghlúin Gaeilgeoirí aníos sa Ghalltacht ag éirí iontach líonmhar?** DMFh: Aithním an obair a bhí á déanamh ag Meitheal Forbartha na Gaeltachta ó bunaíodh iad agus an freastal agus seirbhísí a thug siad do mhuintir na Gaeltachta.
cur suas leis to suffer
" Ba chóir do gach leanbh Albanach bunoideachas a fháil i nGaeilg, mar gan í níl siad ábalta léarscáil a dtír féin a léamh! Is é an sprioc atá ag Bórd na Gáidlig ná an líon Gaeilgeoirí a ardú ó 58,000 (daonáireamh 2001) go dtí 100,000 faoi 2041 agus níl MacIlleathain sásta cur suas leis an chur faoi chois a fuair an Ghaeilg in imeacht na mblianta.
luach a chur leis to value, price
" Conas gur féidir luach a chur leis an mbunrud mar sin? Ach fós tá costais ag baint le cruthú cultúir: go bunúsach, caithfidh ealaíontóir ithe agus ar thaobh eile an scéil, is gá foireann a íoc i dtionscail idirnáisiúnta an cheoil is na scannánaíochta.
bac a chur leis putting a stop to
" , thug sí cinnireacht mhisniúil do mhuintir Thaobh an Bhogaigh i nDoire, tar éis do mhuintir na háite bac a chur leis an RUC briseadh isteach sa gceantar náisiúnach.
deireadh a chur leis to end
" Ba olc an mhaise é dá ndéanfadh pobal na tíre seo cinneadh gearrthréimhseach deireadh a chur leis an tSeanad mar thoradh ar an tsáinn geilleagair ina bhfuilimid.
le cur leis an gconamar to add to the bit
" Sa scoil bheag a bhfuilim ag obair inti, bíonn go leor daoine ag freastal ar ranganna Béarla san oíche, le cur leis an gconamar beag a thugadar leo sa mheánscoil.
ag cur leis an tuairim is adding to the opinion
" Fiú más í an Ghaeilge teanga an chumann peile nó teach an phobail, tá iompar na nGardaí ag cur leis an tuairim gurb é an Béarla teanga an státchórais agus teanga na cumhachta.
deireadh a chur leis an tuairim smolchaite to end the spent idea
" Ach tríocha bliain ó cuireadh deireadh le pionós corpartha i scoileanna na tíre, meas tú an bhfuil sé in am anois deireadh a chur leis an tuairim smolchaite gur buaileadh an teanga isteach ionainn? Ocht mbliana déag ó baineadh Peig den Ardteist an bhfuil sé in am fosta ag an ghlúin úr teacht ar phearsa fuatha eile chun a ngráin don teanga a chur in iúl? Agus cén chomhairle a chuirfinn orthu siúd uilig a shamhlaíonn gurb é cuimhní cinn seanmhná as Ciarraí tús agus deireadh gach oilc? Mar a déarfadh Muimhneach cáiliúil eile, Roy Keane, *'Get over it!'*
deireadh a chur leis to end
" Ar eagla na míthuisceana, nílim ag iarraidh deireadh a chur leis na Coláistí Ghaeilge.
An rud nach bhfuil leigheas air caithfear cur suas leis the incurable must be endured
" An rud nach bhfuil leigheas air caithfear cur suas leis, deir siad, ach d’ainneoin sin, bítear ag síorghearán sa tír seo samhradh i ndiaidh samhraidh faoin easpa gréine.
gur cheart deireadh a chur leis an mhóid the oath ought to be ended
" Seans fosta gur cheart deireadh a chur leis an mhóid a thugann an tUachtarán i láthair 'Dia na n-uile chumhacht' ar na cúiseanna céanna atá luaite agam thuas.
deireadh a chur leis an sciúirse seo to end this scourge
" Fad is a bheidh éileamh ar thaobh amháin den domhan ó fhostóirí ar sclábhaithe-oibrithe d’fhonn costais a laghdú is brabúis a ardú, agus daoine ar an taobh eile a bhfuil saol chomh anróiteach sin acu gur éasca gáinneáil a dhéanamh orthu, beidh sé deacair deireadh a chur leis an sciúirse seo.
d’fhonn tús a chur leis in order to start
" Agus sinn ag iomrascáil leis an dtraidisiún ársa caillte seo, scríobh sé mar gheall ar “coimcne” nó *“a shared universe of Irish cultural discourse and identification”*, ré chaillte a chuireann iachall orainn *“selective construction”* a dhéanamh d’fhonn tús a chur leis an staidéar stairiúil ex post facto.
caithfear cur suas leis has to be endured
" B’fhearr leis an *‘landlady’* nach mbeadh an lóistéir sa teach ach caithfear cur suas leis mar go dteastaíonn an tíocht isteach ón gcíos.
leis an mhilleán a chur orthu in order to blame them
" Rinne siad untermenschen scáfara den phobal Chaitliceach leis an mhilleán a chur orthu agus maireann a oidhreacht sin.
srian a chur leis to curb
" ========== Ós rud é go mbeadh deacracht faoi leith ag baint le srian a chur leis an gceart gluaiseachta ar fud an Aontais Eorpaigh atá ag daoine ó na ballstáit éagsúla, caithfidh an Bhreatain díriú ar inimircigh ó thíortha lasmuigh den Aontas Eorpach chun ráta na hinimirce a laghdú.
chun deireadh a chur leis an éirí amach ann to end the rising there
" ”* Ba léir do Chruise O’Brien gur bhagair na Náisiún Aontaithe go n-úsáidfí foréigean in Katanga dá mba ghá chun deireadh a chur leis an éirí amach ann agus chun ionracas fisiciúil Phoblacht an Chongó a athbhunú.
a bheadh sástaí cur leis who’d be happy to help with it
" An bhfuil a fhios agat, tá go leor leor daoine anseo taobh istigh d’Iorras iad féin a bheadh sástaí cur leis.
leis an teanga a chur ar a cosa i measc an phobail to put the language on a good footing in the community
" Ba léir don Rinneach áfach nach gcabhródh an cur chuige docht seo leis an teanga a chur ar a cosa i measc an phobail.
an domhandú ag cur leis globalization (is) increasing
"an domhandú ag cur leis an teannas sin ar bhealaí go leor, ach theip ar Benedict XVI dul i ngleic leis an fhadhb seo.
b’olc an tús a chuir sé leis an obair he made a bad start of it
" Má bhí sé de rún aige athmhuintearas a chothú idir an dá phobal, b’olc an tús a chuir sé leis an obair nuair a thug sé aitheasc sa bhliain 2006 ina ndearna sé athfhriotal ar shliocht a chuir i leith Muhammad go raibh an t-olc ag baint le cuid mhór dá ndearna sé.
shocraigh siad deireadh a chur leis they decided to bring it to an end
" Níor thaithin an fhánaíocht leis na coilínigh agus shocraigh siad deireadh a chur leis.
ag iarraidh deireadh a chur leis an nós trying to end the habit
" Tuigim fosta cad tuige go mbeadh an tAire Quinn ag iarraidh deireadh a chur leis an nós go dtugtar buntáiste iontrála do dhalta a bhfuil a chuid deartháireacha nó deirfiúracha ag freastal ar an Ghaelcholáiste.
samhlaítear suáilce pholaitiúil leis an gcur chuige sin ana-mhinic that approach is very often seen to be a political virtue
" Go deimhin, má bhaintear na spriocanna polaitiúla amach trí bhíthin an Tadhg-an-dá-thaobhachais réamhluaite, samhlaítear suáilce pholaitiúil leis an gcur chuige sin ana-mhinic.
tionlacan a chur leis to put accompaniment with
" Pléadh é ar chlár Mháirtín Tom Sheáinín agus shíl go leor daoine gur drochrud a bhí ann tionlacan a chur leis an sean-nós ach ní sin a bhí i gceist ar chor ar bith.
cur leis an líon de mhílte adding to the miles
" Is deas liom a bheith ag rothaíocht ar Tow Path an Lagáin agus cur leis an líon de mhílte a dhéanaim gach seachtain.
cuir leis add to
" Cláraigh le Gaeilge Amháin agus cuir leis an 2,500+ atá ann cheana féin.
tús a chur leis an bhfeachtas to start the campaign
" Tá sé in am tús a chur leis an bhfeachtas chun go mbeidh reifreann againn le hAirteagail 40.
leis an leagan éithigh seo a chur in iúl to spin this false version
" Rinne daoine áirithe staicíní áiféise díobh féin in amanna leis an leagan éithigh seo a chur in iúl.
Focal Mór agus Droch-Chur leis all talk and no action
" Focal Mór agus Droch-Chur leis? ============= Ina fhianaise sin go léir, an fiú a bheith dóchasach go ndéanfar aon dul chun cinn le linn an dara Idirphlé Ardleibhéil de chuid na NA a bheidh ar siúl 3 – 4 Deireadh Fómhair? Tá an tÉireannach Peter Sutherland ina Ionadaí Speisialta de chuid Ard-Rúnaí na NA um Imirce agus ba eisean a mhol bunú an GFIF i 2006.
leanfar leis an gcur i gcéill the pretence shall continue
" Dá bharr sin, leanfar leis an gcur i gcéill go bhfuil 100,000 ina gcónaí i gceantair Ghaeltachta, nuair atá a fhios ag an saol mór nár cheart ach a leath acu sin, ar a mhéad, a bheith áirithe taobh istigh de theorainneacha Gaeltachta, a bheadh bunaithe ar critéir theangeolaíocha.
Cuir leis sin on top of that
" Cuir leis sin gur mó uair ar theip ar Ó hIfearnáin sna blianta atá thart an bua a shantaigh sé a ghnóthú ach gur choinnigh sé air ag obair agus ag traenáil, idir dhá uair agus ceithre huaire déag in aghaidh na seachtaine, go huaigneach, aonarach agus é ag siúl na mílte míle ar shráideanna Chorcaigh sa mhodh aisteach siúil sin a bhaineann leis an spóirt is ansa leis.
chuir fad leis an gcluiche lengthened the game
" Bhí go leor sosanna le linn an chluiche chun fógraí a thaispeáint ar an teilifís rud a chuir fad leis an gcluiche agus ní mó ná sásta a bhíonn an lucht tacaíochta féin leis na stopanna céanna.
leis, maidir leis an gcóir is gá a chur ar also, in regard to the rights due to
" Tá comhrialacha i bhfeidhm san AE anois a phléann le cearta náisiúnach tríú tíortha atá san Aontas ar bhonn dleathach agus fadtéarmach, agus tá rialacha Eorpacha, leis, maidir leis an gcóir is gá a chur ar dhaoine a theitheann chun na hEorpa ón ngéarleanúint.
deireadh a chur leis an aighneas tionsclaíoch to end the industrial action
" Bealach Éalaithe ======== Ní maith liom an tsáinn ina bhfuil an ASTI agus tá súil agam go mbeifear in ann bealach éalaithe a aimsiú sna cainteanna atá ag tiocht aníos idir an ceardchumann agus an tAire, sa gcaoi is go mbeidh deis ag an ASTI deireadh a chur leis an aighneas tionsclaíoch atá ar bun acu sna meánscoileanna.
chun cur leis an gcomhluadar sóisialta to add to the social circle
" Níor cheart go mbeadh an áis in ionad an ghnáthshaoil ar aon nós, ach go mbeadh sí mar rud breise ann chun cur leis an gcomhluadar sóisialta atá agat.