Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
an Cioclóp Curata the Brave Cyclops
" ” “Ach a Chú Chulainn, níor fhreagair tú mo cheist,” a dúirt an Cioclóp Curata, a bhí i ndiaidh a mhisneach a chrochadh suas, chomh maith lena bhríste, ar bhealach nach ndéanfadh Charlie Bird riamh.
an chuma churata, oscartha, laochta the brave, heroic, valorous appearance
" Cé a bhí ina sheasamh idir mé agus maidneachan ach Éamonn Ó Doornail, an tEagarthóir Téagartha; clogad crua na ceartaiseachta fána cheann, sciath nuachtán crochta lena thaobh, claíomh géar na fíréantachta ina láimh dheas agus péire peann ina láimh eile, agus nuair a chonaic mé é gléasta mar a bhí agus solas niamhrach na húrmhaidine ag lonrú fríd a chuid gruaige cataí ciardhuibhe, dúirt mé gur mhór an trua nach raibh mo Canon EOS Digital liom nó nach gcreidfeadh duine ar bith ar chlár an domhain an chuma churata, oscartha, laochta a bhí air an mhaidin sin.
Curata Heroic
" Fágfar sibh le bhur mbéal ar leathadh an mhí seo a lucht léite *Beo Ar Éigean*, nó is sibhse – sea sibhse! – chan léitheoirí an *Ulster Protestant *nó an *Bullyboy Bulletin* nó fiú an *Garvaghy Gazette* – a léifidh an chéad agallamh riamh i nGaeilge le hIan Kyle Cuireata Curata Paisley an Ghlóir Mhóir agus na Tóna Leithne.
Calma Curata brave and courageous
" Nuair nach raibh an Bhanríon Angela nó an Rí Barack, nó fiú Tánaiste na hÉireann, sásta dul chun cainte le hImpire an Domhain Thoir, dúirt Balor Calma Curata go rachadh sé féin chun na Rúise le bleid a bhualadh ar Vladimir Poitín ar bhruach na Mara Duibhe.