Pota Focal Intergaelic
Scríobh focal Gaeilge nó Béarla. Type a word in Irish or English.
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
Dhá bharr sin as a result, consequentally
" Dhá bharr sin, bhí tábhacht mhór le hOileáin Árann mar ionaid faire agus cosanta ariamh anall, ach go mór mór sna meánaoiseanna.
dá bharr sin as a result of that
" Tá coláistí cáilúla na hiomána, an Mhainistir Thuaidh agus Fearann Phiarais, comhnasctha le chéile anois mar níl líon na ndaltaí sách mór le haghaidh dhá scoil agus is laige an iománaíocht i gcathair Chorcaí dá bharr sin.
dá bharr sin as a result of that
" Ach dheineadh sé féin an traenáil in éineacht leo agus bhí meas acu air dá bharr sin.
dá bharr sin consequently
" Tá rialtas na hAstráile ag caint faoin gcomhaontú seo le tamall de bhlianta agus ag rá go mbeadh buntáistí móra ag dul leis don Astráil - go háithrid maidir le cúrsaí talmhaíochta - agus, dá bharr sin, bhí na feilméaraí ag tnúth go mór leis.
agus go n-ardódh luach an chapaill dá bharr sin and that the value of the horse would rise as a result
" Capall rása, nó leath de chapall ba chirte a rá, a bhí ann agus an plean ná go mbeadh an bainisteoir feicthe in éineacht leis an gcapall ag na hócáidí móra rásaíochta agus go n-ardódh luach an chapaill dá bharr sin - nó rud éigin mar sin, sílim.
dá bharr sin as a result of that
" Mar a dúirt mé le linn m’óráide ag an ócáid ar an 14 Bealtaine, tháinig cuid mhór daoine chuig ranganna Gaeilge thar na blianta, daoine a raibh baint acu leis an rince Gaelach nó le Cumann Lúthchleas Gael ach fuair siad amach go raibh sé i bhfad níb fhusa coiscéim damhsa a fhoghlaim, nó cúl a scóráil sa pheil, ná greim a fháil ar ghramadach na Gaeilge! Luigh Seán isteach ar fhoghlaim na Gaeilge le díograis agus, dá bharr sin, tá an ghramadach agus an comhrá ar a thoil aige.
dall dá bharr sin. blind as a result of that.
" Cuir i gcás, an fear álainn sin, an mac is sine a bhí ag Joe (Jackie Heaney), fear a raibh diaibéiteas air agus a bhí dall dá bharr sin.
dá bharr sin as a result
" Sílim go bhfuilimid oscailte agus leathanintinneach dá bharr sin.
dá bharr sin as a result of that
" Tá geilleagar na hÉireann ar cheann de na geilleagair is oscailte ar domhain agus, dá bharr sin, táimid ag brath go mór ar an trádáil.
Dá bharr sin for that reason
" Dá bharr sin cuireann sé isteach ar an léiriú agus, chun an fhírinne a dhéanamh, ar Lehane freisin.
Dá bharr sin for that reason
" Dá bharr sin, freastalaíonn sé ar thuismitheoirí a dteastaíonn uathu oideachas lán-Ghaeilge dá bpáistí ar neamhchead don chúlra creidimh atá acu, mar feictear scoileanna ar an mbunús Caitliceach, Ilchreidmheach, agus Idirchreidmheach (Caitliceach / Protastúnach).
Dá bharr sin as a result
" Dá bharr sin, leanfar leis an gcur i gcéill go bhfuil 100,000 ina gcónaí i gceantair Ghaeltachta, nuair atá a fhios ag an saol mór nár cheart ach a leath acu sin, ar a mhéad, a bheith áirithe taobh istigh de theorainneacha Gaeltachta, a bheadh bunaithe ar critéir theangeolaíocha.
dá bharr sin for that reason
" Ná Déan Nós is Bris Muinéal ========== Níor chaith mé tréimhse ní b’fhaide ná aon bhliain amháin ar an gcoigrích agus dá bharr sin ní dóigh liom go bhfuil an t-údarás céanna agam is atá ag Hijmans le bheith ag trácht ar an suaitheadh saíochta, ach fós féin tá ruainne beag de airithe agam.
dá bharr sin for that reason
" Agus, dá bharr sin, i bhfianaise Ordú Catagórach Kant fadó, ’sé m’fhocal scoir ná go bhfuil sé d’fhiachaibh orainn go léir an scannán seo d’fheiscint.
Dá bharr sin because of that
" Dá bharr sin tá rialú an stáit níos casta agus níos deacra.
Rómhinic dá bharr sin too often because of that
" Rómhinic dá bharr sin go bhfágann siad foirne eile fann, lag, tnáite, brúite, briste faoi dheireadh cluiche.