♦
cad a rinne tú ag an deireadh seachtaine?
♦
what did you do at the weekend?
Foirmeacha gramadaí
Grammatical forms
Iontrálacha gaolmhara
Related entries
♦
déanann [duine] achomharc
♦
rinne siad achomharc ina éadan
♦
meastar go ndéanfaidh sí achomharc chuig an Ard-Chúirt
♦
it is thought she will appeal to the High Court
♦
déanann [X] aithris ar [Y]
♦
éisteann siad le hainmhithe agus déanann siad aithris orthu
♦
they listen to animals and they imitate them
♦
déanann [duine] a chomhairle féin
♦
[somebody] does what he likes
♦
is cuma cad a deirim, déanann seisean a chomhairle féin
♦
it doesn't matter what I say, he does his own thing
♦
déanann [A] comhghairdeas le [B] (ar [rud])
♦
[A] congratulates [B] (on [something])
♦
rinne mé comhghairdeas léi ar a breithlá
♦
I congratulated her on her birthday
♦
comhghairdeas ar do bhreithlá
♦
congratulations on your birthday
♦
déanann [duine] dearmad ar [rud]
♦
[somebody] forgets [something]
♦
an ndearna tú dearmad ar mo lá breithe?
♦
did you forget my birthday?
♦
déanann [duine] dearmad [rud a dhéanamh]
♦
[somebody] forgets [to do something]
♦
rinne mé dearmad glaoch a chur ort
♦
déan deifir, tá an traein ar tí imeacht!
♦
hurry up, the train is about to leave!
♦
déanann [duine] a dhícheall
♦
ní féidir liom geallúintí ar a bith a thabhairt ach déanfaidh mé mo dhícheall
♦
I can't promise anything but I'll do my best
STAITISTICÍ · STATISTICS
Is é déan an
20ú focal
is minice úsáid sa Ghaeilge.
Tagann sé chun cinn uair amháin i ngach 203 focal.
Déan is the
20th
most frequently used word in Irish.
It occurs once in every 203 words.
Samplaí gaolmhara
Related examples
♦
déanann an comhlacht táirgí áirithe a chur chun cinn ar mhargadh na hÉireann
♦
the company promotes certain products on the Irish market
♦
tá siad san abar de bharr na ráiteas atá déanta acu
♦
they are in trouble because of the statements they made
♦
dhéanainn jabanna beaga fánacha thall is abhus
♦
I used to do little odd jobs hefe and there
♦
an ndéanann tú mórán aclaíochta?
♦
is annamh a dhéanaim aclaíocht
♦
tá sé seo déanta as adhmad
♦
rinneadh athchóiriú ar an chaisleán agus tá an adhmadóireacht an-deas
♦
the castle has been renovated and the woodwork is very nice
♦
tá siad á n-adhradh ag an bpobal inniu ach déanfar dearmad glan orthu amárach
♦
people worship them today but they will be all fogotten tomorrow
♦
admhaím go ndearna mé botún
♦
I admit that I have made a mistake
♦
tá aiféala orm faoi na rudaí a rinne mé i mo shaol
♦
I regret the things I've done in my life
♦
bhail, sin an seachtú haithne agat, is déan a mhór nó a bheag di Séamus Ó Grianna: Caisleáin Óir, eag. Niall Ó Dónaill, Cló Mercier, 1976
♦
well, that's the seventh commandment for you, whatever you think of it
♦
déanfaidh muid san athbhliain é
♦
we'll do it in the new year
♦
rinne bean an tí bricfeasta dúinn
♦
the landlady made us breakfast
♦
déanann tú féin an stair de bharr do chinntí, do thuairimí agus do bhearta
♦
you yourself make history wth your decisions, your opinions and your actions
♦
you made a mistake in the exam
♦
bhí sí ar buile nuair a chuala sí nach raibh an obair déanta
♦
she was mad when she heard the work hadn't been done
♦
cén tslí a ndéanfaidh mé é sin?
♦
cibé duine a rinne é, íocfaidh sé as
♦
whoever did it, he will pay for it
♦
ní gá duit seoladh a thabhairt, ach má dhéanann tú amhlaidh, beidh muid in ann freagra pearsanta a thabhairt
♦
you do not have to state your address but if you do so, we will be able to reply personally
♦
ní dhéanaim go minic é, cibé ar bith
♦
I don't do it often, anyway
♦
déanfaidh muid mar is cóir é
♦
rinne siad iarracht úsáid na Gaeilge a chur chun cinn i measc daoine óga
♦
they tried promoting the use of Irish among young people
♦
tá cuma na maitheasa ar an suíomh Gréasáin a rinne tú
♦
the website you made looks good
♦
is cuma leis cad a rinne mé
♦
he does not care what I did
♦
seo é ceann de na botúin a rinne tú
♦
this is one of the mistakes you made
♦
cad a dhéanfaidh muid san earrach?
♦
what will we do in the spring?
♦
cad a dhéanfaidh tú feasta?
♦
what will you do in the future?
♦
déantar an cháis seo ar fheirm
♦
this cheese is made on a farm
♦
déanfaidh muid é gan a thuilleadh moille
♦
we'll do it without further delay
♦
geallaim duit go mbeidh sé déanta
♦
I promise you that it will be done
♦
rinne mé gearán leis an Chomhairle Contae
♦
I made a compaint to the County Council
♦
an ndéanfá gar dom? - go breá, cad atá uait?
♦
would you do me a favour? - okay, what do you need?
♦
cé a d’íocfadh airgead ar éadaí a bhí déanta chomh dona sin?
♦
who would pay for such badly made clothes?
♦
Déanann tú féin an stair de bharr do chinntí, do thuairimí agus do bhearta.
♦
You yourself make history with your decisions, your opinions and your actions.
♦
Ní gá duit seoladh a thabhairt, ach má dhéanann tú amhlaidh, beidh muid in ann freagra pearsanta a thabhairt.
♦
You do not have to state your address but if you do, we will be able to reply personally.
♦
Rinne sí staidéar ar an leigheas.
♦
Céard a dhéanann tú i nGaillimh? Bíonn tú ag dul isteach go minic. Colloquial Irish: The Complete Course for Beginners, Routledge, 2008
♦
What do you do in Galway? You go in often.
♦
Céard a dhéanann tú nuair a bhíonn am saor agat? Colloquial Irish: The Complete Course for Beginners, Routledge, 2008
♦
What do you do when you have free time?
♦
Céard a dhéanann Aisling nuair a bhíonn am saor aici? Colloquial Irish: The Complete Course for Beginners, Routledge, 2008
♦
What does Aisling do when she has free time?
♦
Tá sé sin déanta cheana féin. Colloquial Irish: The Complete Course for Beginners, Routledge, 2008
♦
That one is done already.
♦
Céard is féidir liom a dhéanamh duit? Colloquial Irish: The Complete Course for Beginners, Routledge, 2008
♦
Tá sé ag déanamh cúrsa ar an gCeathrú Rua faoi láthair. Colloquial Irish: The Complete Course for Beginners, Routledge, 2008
♦
He is doing a course in An Cheathrú Rua at present.
♦
Tá mé ag déanamh dioplóma san aisteoireacht. Colloquial Irish: The Complete Course for Beginners, Routledge, 2008
♦
I am doing a diploma in acting.
♦
Tá mé ag déanamh cúrsa altranais. Colloquial Irish: The Complete Course for Beginners, Routledge, 2008
♦
I am doing a nursing program.
♦
Tá mé féin agus Tomás ag déanamh céimeanna taighde agus mar sin níl uaireanta cinnte againn. Colloquial Irish: The Complete Course for Beginners, Routledge, 2008
♦
Tomás and I are doing research degrees and as a result we do not have fixed hours.
♦
Céard a dhéanann tú sa bpost sin? Colloquial Irish: The Complete Course for Beginners, Routledge, 2008
♦
What do you do in that job?
♦
Ná déan dearmad ar an bpáipéar mar a bhíonn againn gach lá. Colloquial Irish: The Complete Course for Beginners, Routledge, 2008
♦
Don't forget the newspaper that we usually have each day.
♦
Ná déanaigí sin! Colloquial Irish: The Complete Course for Beginners, Routledge, 2008
♦
Déan deifir. Colloquial Irish: The Complete Course for Beginners, Routledge, 2008
♦
Ná déan dearmad ar an bpáipéar. Colloquial Irish: The Complete Course for Beginners, Routledge, 2008
♦
Don't forget the newspaper.
♦
Cén t-am a dhéanfas muid an cáca? Colloquial Irish: The Complete Course for Beginners, Routledge, 2008
♦
What time will we make the cake?
♦
An bhfuil mórán le déanamh san oíche ann? Éamonn Ó Dónaill: Turas Teanga, RTÉ/Gill & Macmillan, 2004
♦
Is there much to do there at night?
♦
Céard a dhéanann tú ag an deireadh seachtaine de ghnáth? Éamonn Ó Dónaill: Turas Teanga, RTÉ/Gill & Macmillan, 2004
♦
What do you usually do at the weekend?
♦
Dé Domhnaigh, bím ag obair - ag déanamh réidh don tseachtain úr. Éamonn Ó Dónaill: Turas Teanga, RTÉ/Gill & Macmillan, 2004
♦
Sundays, I work - getting ready for the new week.
♦
An ndearna sibh an obair go léir? Éamonn Ó Dónaill: Turas Teanga, RTÉ/Gill & Macmillan, 2004
♦
An ndéanann tú aclaíocht ar bith? Ní dhéanann - ach amháin bheith ag caitheamh saighead. Éamonn Ó Dónaill: Turas Teanga, RTÉ/Gill & Macmillan, 2004
♦
Do you get any exercise at all? I don't - except throwing darts.
♦
Céard a dhéanann tú? 'Gaeilge gan Stró!', Beginners Level, ranganna.com
♦
Tá sé de bhua ag na cláir thaithí oibre go bhfaighidh tú eolas ar an obair trí í a dhéanamh.
♦
The advantange of work experience programs is that you learn the work by doing it.
♦
Déanann sé ceap magaidh d'Éirinn.
♦
He makes a laughing stock out of Ireland.
♦
Ise a rinne ceap magaidh dínne agus dár gcreideamh!
♦
It was she who turned us and our faith into a laughing stock!
♦
Tá na meáin ag déanamh ceap milleáin asainn.
♦
The needs are putting the blame on us.
♦
Rinne duine amháin drannadh liom agus bhraith mé chomh beag le mo lúidín. Alan Titley: Gluaiseacht, An Gúm, 2009
♦
One of the people snarled at me and I felt as small as my little finger.
♦
Dhein na madraí drannadh. Alan Titley: Gluaiseacht, An Gúm, 2009
♦
Muise, déanfar naomh díot go fóill! Alex Hijmans: Aiséirí, Cois Life 2011
♦
Well, you'll be made a saint one day!
♦
níl sé déanta i gceart agat
♦
you haven't done it properly
♦
cad a rinne tú i ndiaidh an chruinnithe?
♦
what dod you do after the meeting?
♦
rinne siad in aghaidh mo thola é
♦
they did it against my will
♦
bhrúigh an fear a shrón in aghaidh na fuinneoige agus rinne straois Alex Hijmans: Aiséirí, Cois Life 2011
♦
the man pushed his face against the window and made a grimace
♦
déanfar in am agus i dtráth é
♦
it will be done in its own proper time
♦
rinne sé íobairt ar son na tíre
♦
he made a sacrifice for the country
♦
is amhlaidh go ndearna an Taoiseach roinnt botún
♦
it is the case that the Prime Minister has made some mistakes