Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
Dílárú na cumhachta decentralisation of power
" Dílárú na cumhachta? Ní lá go dtí é! *Is as Baile Átha Cliath d'Uinsionn Mac Dubhghaill ach tá sé ina chónaí i gConamara anois, áit ina bhfuil sé ag obair mar shaoririseoir, scríbhneoir scripte agus aistritheoir.
go bhfuil siad le dílárú that they are to be decentralised
" Tá ráfla ag dul thart le bliain nó mar sin go bhfuil siad le dílárú go Gaoth Dobhair, ach tá faighte amach ag Balor an Bleachtaire nach bhfuil sé sin ar na bacáin anois ar chor ar bith.
a dhílárú to decentralise
" Tuairimí maithe curtha chun cinn aige maidir le "gorlanna gnó" i gConamara ach má bhí fiúntas ina mholadh go ndéanfaí cuid mhór de ghnó an Údaráis a dhílárú go Casla, theip air é a chur ina luí ar mhórán.
an phróiseas díláraithe cumhachta the decentralisation of power process
" Faoin bhliain 1999, mar shampla, bhí Comhairle nan Eilean agus Parlaimint na hAlban bunaithe mar thoradh ar an phróiseas díláraithe cumhachta sa Bhreatain agus Comhaontú Aoine an Chéasta sa tuaisceart, agus chruthaigh sé seo comhthéacs nua polaitiúil ina bhféadfadh tionscadail mar *An Leabhar Mór *bláthú.
conspóid an díláraithe the decentralisation controversy
" ” B’in mar a rinne an tAire Stáit Tom Parlon, cur síos ar chur chuige an rialtais nuair a bhí conspóid an díláraithe in ard a réime an mhí seo caite.
le foirgnimh a thógáil dá bhfoireann díláraithe to build buildings for their decentralised staff
" Agus ainneoin na himní atá léirithe ag an Roinn Oideachais ina scéim teanga, tá an rialtas ar tí an dlaoi mhullaigh a chur ar chonradh, ar fiú €300m é, le foirgnimh a thógáil dá bhfoireann díláraithe.
an dílárú decentralisation
" Bhí tuairimí aige maidir leis an dílárú – bhí sé ag caint ar go leor de na hinstitiúidí a bhogadh amach as Baile Átha Cliath agus tá an rud céanna ag tarlú faoi láthair.
díláraithe decentralised
" Is maith an rud é go bhfuil na meáin Ghaeilge díláraithe ó Bhaile Átha Cliath ach an bhfuil sé in am anois iad a dhílárú ó Chonamara? B’fhéidir go fiú go bhfuil sé in am “súil eile” a aimsiú laistigh den tsúil eile.
dílárú na n-eagraíochtaí agus na meán Gaeilge the decentralising of the Irish language organisations and media
" Óir tá géarghá le dílárú na n-eagraíochtaí agus na meán Gaeilge, ní hamháin ó Bhaile Átha Cliath ach ó Ghaillimh fosta.
moill ar dhílárú, a delay in decentralisation,
" Tá fuarchúis an rialtais i leith na gceantar “BMW”, mar a thugtar orthu sa Bhéala, léirithe arís agus arís le blianta anois – moill ar dhílárú, easpa gnímh maidir le forbairt an bhonneagair, liostaí feithimh níos faide sna hospidéil, má bhíonn ospidéal ann – téann an liosta ar aghaidh is ar aghaidh.
trí dhearcadh an díláraithe by the removed view
" Go hiondúil is trí dhearcadh an díláraithe, a léirítear iad.
dílárú decentralisation
" Sa tuairisc eisiach seo, insíonn Balor dúirt faoin dílárú atá i ndán do na heagraíochtaí Gaeilge.
ag cur pholasaí díláraithe an rialtais i bhfeidhm implementing the government's decentralisation policy
" D’éirigh le Balor agallamh eisiach a fháil leis an aire rialtais atá ag cur pholasaí díláraithe an rialtais i bhfeidhm.
go bhfuil polasaí díláraithe an Rialtais ina phraiseach that the Government's decentralisation policy is a mess
" Measann Breandán Delap go bhfuil polasaí díláraithe an Rialtais ina phraiseach cheart agus go mbeidh impleachtaí tromchúiseacha aige seo san am atá romhainn.