Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
tairgíodh gnéas airgíodh gnéas dóibh: they were offered sex
" Bhí an gliomach go breá ach baineadh siar as mo chuid compánach fir nuair a tairgíodh gnéas (bean go maidin ar $30) dóibh! Caithfidh tú a bheith ar d'airdeall i gcónaí.
atá i ndán dóibh is what awaits them
" Mura dtig leo beart a dhéanamh de réir a mbriathair, is é bosca bruscair na staire atá i ndán dóibh.
D'fhógair sé dóibh he ordered them
" D'fhógair sé dóibh gach aon Mheireánach a shuífidh ar an mbabhla ar an ochtú lá fichead den mhí seo a ionsaí agus greim a bhaint as.
nach maithfeadh an pobal dóibh é that the public would not forgive them
" Tá a fhios acu go maith nach maithfeadh an pobal dóibh é dá rachaidís isteach i rialtas le Fianna Fáil tar éis geallúint a thabhairt nach ndéanfaidís amhlaidh.
eachtraí a bhain dóibh that happened to them
" Deir siad go bhfuil na píosaí ceoil ar an albam "Foc" a d'eisigh siad anuraidh ag gabháil buíochais leis na daoine a casadh orthu agus ag ceiliúradh na n-eachtraí a bhain dóibh le linn a gcuid taistil.
le linn dóibh a bheith ar líne while they're online
" Deir céatadán suntasach de na daoine sin go mbíonn srian curtha ar úsáid an idirlín fhad is atá siad ag obair - nó go mbíonn an fostóir ag coimeád súil orthu i slí éigin le linn dóibh a bheith ar líne.
chun cur ar a súilibh dóibh to make them aware
" Beidh ceoltóirí ag dul timpeall chun cur ar a súilibh dóibh go bhfuil a leithéid ann agus an saghas ceoil a sheinneann siad.
dá ligfimis dóibh breathnú ar na fógraí ar fad if we allowed them to see all the adverts
" dá ligfimis dóibh breathnú ar na fógraí ar fad bheadh muid bodhraithe ceart ag na leaids ó mhaidin go hoíche.
ag cur as dóibh getting to them
" (Ina dhiaidh sin, d'admhaigh siad go raibh an aird ar fad a bhíothas ag tabhairt orthu ag cur as dóibh, agus bhí cuid acu an-searbhasach mar gheall ar an dóigh a cuireadh cuid dá gcomhghleacaithe i láthair i scannán teilifíse a rinneadh faoin eachtra.
dá mbainfí tuisle dóibh ar dhóigh ar bith if they tripped in any way
" Leoga tá sé ráite go raibh eagla ar dhaoine a theacht go Rann na Feirste nó dá mbainfí tuisle dóibh ar dhóigh ar bith go mbeadh cúpla rann filíochta cumtha fá dtaobh díobh sula mbeadh an baile fágtha acu.
a bhí leagtha amach dóibh which was laid out for them
" Níorbh iad na Meiriceánaigh amháin a chreid a gcuid amaidí, ach tuairisceoirí na mórchainéal satailíte sa domhan iartharthach a thug léargas chomh claonta dúinn ar a raibh ag titim amach gur fágadh ar snámh gan chompás iad nuair nár imir muintir na hIaráice an cluiche a bhí leagtha amach dóibh.
diúltaítear cearta bunúsacha dóibh they are denied basic rights
" Tá 4,000 eile acu a bhfuil glactha ag an leis rialtas gur teifigh iad, ach diúltaítear cearta bunúsacha dóibh.
a thairgtear dóibh that they are offered
" Agus cad é a deir an INTO ach "Cinnte, a Aire! Cén áit a léimfidh muid, a Aire?" Agus ní gá don Díomách pingin a chaitheamh riamh ar an ASTI nó diúltaíonn siad sin do gach rud a thairgtear dóibh.
dá mbraithfidís gur chóir dóibh leithscéal a ghabháil that they felt they should apologise
" Chúlaigh an slua cúpla coiscéim siar uaidh go scanrúil amhail is dá mbeadh stangadh bainte astu, nó dá mbraithfidís gur chóir dóibh leithscéal a ghabháil faoina bheith ar an láthair.
gur tairgíodh airgead dóibh that they were offered money
" Airgead ======= Tá daoine éagsúla tar éis teacht chun tosaigh thar na blianta ag rá gur tairgíodh airgead dóibh ar an gcoinníoll go n-oibreoidís do MI6, Tony agus Margaret Hyde as Baile Átha Cliath mar shampla.
ar tharla timpiste dóibh who had an accident
" Louis Bagot institiúid i Roscoff sa Bhriotáin a bhain úsáid as uisce te mara agus feamainn le feabhas a chur ar dhaoine a raibh dathacha orthu nó ar tharla timpiste dóibh.
ar tagraíodh dóibh referred to
" " Mar a léiríonn na tuairimí go léir nach bhfuil ag teacht le chéile ar tagraíodh dóibh san alt seo, tá gaol fíorchasta ag an duine daonna le bia.
faoina bhfuil i ndán dóibh about all that is in store for them
" Mhaígh sé nach raibh an darna suí sa bhuaile aige ach peann a chur le pár agus rabhadh a thabhairt do mhuintir na hÉireann faoina bhfuil i ndán dóibh mura mbíonn breith acu ar a n-aiféala.
gur acmhainn dóibh a cheannach that they can afford to buy
" AÓF: Cén chomhairle a chuirfeá ar thuismitheoir atá ar tí uirlis cheoil a cheannach dá pháiste? SC: Braitheann sé ar an uirlis, ar ndóigh, ach mholfainn d'éinne gan an ceann is saoire atá ar fáil a cheannach, ach an ceann is fearr gur acmhainn dóibh a cheannach.
gur chóir dóibh glanadh leo they should pack up and leave
" Dhírigh sí freisin ar dhaoine as an Áis, ag rá nach gcloíonn siad le nósanna agus traidisiúin na tíre seo agus gur chóir dóibh glanadh leo.
a gheall an Roinn Comhshaoil dóibh which the Department of the Environment promised them
" Mar shampla, i gcás an ionaid d'fhir gan dídean a bhíothas ag iarraidh a thógáil in aice le Cúl an tSúdaire, deir an tUasal Digan go bhfuil moill shíoraí ar airgead a gheall an Roinn Comhshaoil dóibh agus, muna n-athraíonn seo, go mbeidh orthu na pleananna le haghaidh an ionaid chéanna a chur ar ceal.
Tugadh bata is bóthar dóibh They were sent packing
ag déanamh buartha dóibh bothering them
" Ní bhíonn sé chomh deacair céanna ag mná é seo a dhéanamh, deirtear, mar go bhfuil an nós acu aon rud atá ag déanamh buartha dóibh a phlé lena gcairde nó lena máithreacha.
a gealladh dóibh that they were promised
" Bhí feilméaraí siúcra na hAstráile le ceangal nuair a chuala siad an scéala tar éis an mhéid a gealladh dóibh le blianta.
i ngan fhios dóibh féin unwittingly
" Creideann iar-uachtarán an CLG, Seosamh Mac Donncha, gur de bharr gur mhothaigh muintir na hÉireann ciontach as an Ghaeilge a thréigean, is cúis cuid mhór, i ngan fhios dóibh féin, gur thacaíodar chomh mór sin leis an CLG.
bia a sholáthar dóibh to provide food for them
" Dhiúltaigh rialtas Londain cuidiú a bith a thabhairt dóibh, ach rinne na húdaráis áitiúla iarracht bia a sholáthar dóibh agus bhailigh muintir na háite airgead dóibh fosta.
más acmhainn dóibh é if they can afford it
" Ní féidir locht a chur ar dhaoine as imeacht thar lear cúpla uair sa bhliain más acmhainn dóibh é.
i ngan fhios dóibh without them knowing
" tabharfaidh mé a dhúshlánI'll challenge him scrogalllong thin neck á bodhradhdeafening her obair athleictritherewiring work meirgrust ag smúrthachtprowling around go teanntightly tiubhthick tréanstrong bolta righinstiff bolt i ngan fhios dóibhwithout them knowing lomnochttotally naked ar thóir rud éigin eileafter something else ar tí cnagadhabout to knock ag iarraidh sárú ar an eaglatrying to overcome the fear le neart a tola is a réasúinwith the strength of her will and her reason
nach ndiúltóinn dóibh that I wouldn't refuse
" "Dá mbeadh orm teideal a chur ar mo chreideamh polaitíochta, agus tá go leor teideal nach ndiúltóinn dóibh, déarfainn go bhfuil mé i mo shóisialaí go cinnte, Marxach.
is i ngan a fhios dóibh it's without them knowing
" Ar ndóigh, is i ngan a fhios dóibh a bhím ag tógáil na n-amhrán go minic agus mé á bhfoghlaim óna gcuid ceirníní! AÓF: An bhfuil mórán amhrán agat? ÁNíD: Tá suas le dhá scór amhrán agam ar fad is dóigh, ach bíonn cuid acu ligthe i ndearmad agam ó am go chéile.
go ngéillim dóibh that I give in to them
" Mheasfainn go raibh siad an-docht daingean agus ní thaitníonn sin anois liom, ach san am chéanna aithním fosta go ngéillim dóibh i mo chroí istigh.
mar gur fhóir sé dóibh because it suited them
" Ar an chéad dul síos, cuirtear an milleán ar fad ar na ceannairí polaitiúla - Gerry Adams, Martin McGuinness agus Gerry Kelly ach go háirithe - siocair gurb iad a chothaigh na fir chrua mar gur fhóir sé dóibh go mbeadh a leithéid ag déanamh póilíneachta ar na ceantair náisiúnacha.
réitíodh bia agus deoch dóibh food and drink were prepared for them
" " Agus lean Micí Mealltach Mímhúinte agus Bertie Buíoch Beannachtach Balor Fáidh isteach sa tábhairne agus réitíodh bia agus deoch dóibh, agus d’ith siad agus d’ól siad a sáith, agus dúirt go raibh méid an bhia agus méid na dí de dhíth, agus bhí.
Is acmhainn dóibh a leithéid a dhéanamh. They can afford to do such a thing.
gur acmhainn dóibh a cheannach that they can afford
" Ceannaíonn siad na himreoirí is fearr gur acmhainn dóibh a cheannach ionas go mbuafaidh siad cluichí agus coirn chun an lucht leanúna a mhealladh le ticéid, léinte agus araile a cheannach.
nach bhfuil siad in oiriúint dóibh that they're not suited to
" Is ionann an scéal i gcás na heitlíochta: bhainfeadh sé eitleáin ó na bealaí gearra, bealaí nach bhfuil siad in oiriúint dóibh, agus ní chaithfí rúidbhealaí nua a thógáil chun feabhas a chur ar tháirgiúlacht sna haerfoirt.
mar a gealladh dóibh as they were promised
" In áit talaimh thorthúil in aice leis an bhá, mar a gealladh dóibh, bhí cuid mhaith de na deonuithe talaimh níos faide isteach, i measc foraoiseacha dlútha.
nach bhfuil siad in oiriúint dóibh that they're not suited to
" Is ionann an scéal i gcás na heitlíochta: bhainfeadh sé eitleáin ó na bealaí gearra, bealaí nach bhfuil siad in oiriúint dóibh, agus ní chaithfí rúidbhealaí nua a thógáil chun feabhas a chur ar tháirgiúlacht sna haerfoirt.
an próiséas a éascú dóibh to make the process easier for them
" “Ní féidir linn tabhairt ar daoine a gcuid gnó leis an Stát a dhéanamh trí Ghaeilge, ach is féidir linn an próiséas a éascú dóibh.
i ngan fhios dóibh féin unbeknown to themselves
" Cuimhingh go raibh an galar á iompar ar a gcraiceann ag breis is 6,000 duine sa tír seo anuraidh, i ngan fhios dóibh féin.
ar tugadh an bóthar dóibh who were sacked
" Bhí an tAire Stáit sa Roinn Iompair, Ivor Callely, i measc iad siúd ar tugadh an bóthar dóibh anuraidh.
muid in iúl dóibh we informed them
" "Seachtain roimh an dunmharú, d'eagraigh an MRHPU cruinniú leis na póiliní agus leis an chomhairle áitiúil agus chuir muid in iúl dóibh chomh holc is a bhí rudaí sa cheantar.
más gá dóibh é a shiúl if they have to walk it
" Ní rás go baileach atá i gceist agus deirtear leo nach ea agus go bhfuil cead acu an cúrsa a rith ar luas atá compordach dóibh féin, fiú amháin más gá dóibh é a shiúl.
is acmhainn dóibh they can afford
" Dar ndóigh, ar nós mórán eile sa tír seo, má tá go leor airgid ag tuismitheoirí is acmhainn dóibh a gclann a chur chuig scoil phríobháideach agus bheith cinnte go mbeidh togha na n-áiseanna oideachais agus spóirt ar fail dóibh.
diúltaíodh dóibh they were refused
" Nuair a d’iarr na mionpháirtithe ar na stáisiúin teilifíse seans a thabhairt dá n-iarrthóirí páirt a ghlacadh i ndíospóireachtaí náisiúnta roimh an toghchán, diúltaíodh dóibh.
san áit ba dhual dóibh where they belong
" I mbliana bhíodar ar ais san áit ba dhual dóibh, agus shiúladar tharainn go bródúil crosta, gléasta go fóill in éide ghioblach an ghaineamhlaigh.
nach n-oireann focla dóibh that words don't suit
" Tá fáinne eochrach an tseomra fós agam, meabhrú laethúil ó shin dom ar na huafáis a chonaiceamar, uafáis nach n-oireann focla dóibh.
ordaíodh dóibh filleadh they were ordered to return (to)
" Nuair a shroicheadar an Caisleán Glas, ordaíodh dóibh filleadh ar an gCarraig Mhór toisc go raibh an réiteoir meáite ar an gcluiche a imirt san ionad a bhí ceaptha dó de réir na socruithe.
a bhí dlite dóibh that they were entitled to
" D’fhéadfaidís a mhaíomh gur cuireadh cor leatromach ina gcinniúint ó tharla b’fhéidir nach bhfuair siad dóthain pointí le tabhairt faoina rogha cúrsa ollscoile, nach bhfuil siad sona sásta ina ngairm bheatha agus nach dtuilleann siad an oiread is a d’fhéadfaidís dá mba rud é gur bronnadh na marcanna orthu a bhí dlite dóibh.
gur oir sé dóibh that it suited them
" Dá mba rud é go bhfuair sé bás de bharr taom croí, seachtain sular chinn mangairí faisnéise na Corónach gur oir sé dóibh an fear bocht seo a nochtadh mar spiaire dá gcuid féin, luífeadh sé inniu faoi ghradam i bplásóg na laochra poblachtánacha i Reilig Bhaile an Mhuilinn.
mar dheis nár mhór dóibh a thapú as an opportunity that they had to seize
" Fuair an grúpa cuireadh ó Rialtas na hÉireann bheith mar chuid de thoscaireacht a bhí ag dul ansin leis an nasc idir an dá thír a láidriú agus, cé go raibh siad gnóthach ag an am, chonaic siad é seo mar dheis nár mhór dóibh a thapú.
ní dhearnadh tagairt dóibh no mention was made of them
" Luadh na tuairiscí ar an mhír What the papers say ar chlár nuachta na maidine, “Good Morning Ulster”, ach ní dhearnadh tagairt dóibh ina dhiaidh sin.
nuair a oireann sé dóibh when it suits them
" Ach thar aon rud eile is é an tuairim i measc an phobail nach bhfuil aon leisce ar urlabhraithe na heaglaise bréag a insint nuair a oireann sé dóibh agus seo an príomhchúis, dar liom, go bhfuil go leor daoine ann nach bhfuil ag diúltú amach is amach do theoiricí The Da Vinci Code.
níorbh fholáir dóibh bheith cinnte they would need to be sure
" Agus níorbh fholáir dóibh bheith cinnte cé mhéad a chosnódh an leictreachas i gceann fiche nó tríocha bliain, chun go mbeadh go leor brabúis chinnte freisin.
iad na cúiseanna a ndiúltófar cead pleanála dóibh what reasons they'll be refused planning permission
" I dtíortha eile, bíonn srianta iontach soiléir leagtha síos agus bíonn a fhios ag an díoltóir agus ag an cheannaitheoir cad iad na cúiseanna a ndiúltófar cead pleanála dóibh.
fíordheacair dóibh extremely difficult for them
" Go fiú dá mbeadh an fhoireann ar fad ar fáil agus iad aclaí agus i mbarr a sláinte, bheadh sé fós fíordheacair dóibh éacht 2005 a bhaint amach arís in 2006.
aon chúiteamh síorghabhálach a thabhairt dóibh siúd to give an retrospective compensation to those
" Mar sin féin, beidh díomá ar lucht na Gaeilge gur dhiúltaigh sí aon chúiteamh síorghabhálach a thabhairt dóibh siúd a ndearnadh leithcheal orthu, mar a bhí sonraithe i dtuarascáil bhliantúil an Choimisinéara Teanga.
nach mór dóibh bheith imithe arís that they have to be gone again
" Níl a bpáirc féin ag na Jackals, fiú - imríonn siad i staid daorchluiche na hollscoile áitiúla, rud a chiallaíonn nach mór dóibh bheith imithe arís sula dtosaíonn an scoilbhliain nua.
cé go dtuigim dóibh siúd nach bhfuil ag iarraidh bogadh although I understand how the people who don't want to move feel
" Cad is fiú D Four a mhalartú le C Four? Sa chomhthéacs sin, is doiligh cur i gcoinne pholasaí Aire na Gaeltachta cuid d’Fhoras na Gaeilge a dhílárú go Gaoth Dobhair, cé go dtuigim dóibh siúd nach bhfuil ag iarraidh bogadh de bharr a gcuid teaghlach etc a bheith socraithe i mBaile Átha Cliath.
gurb é an freasúra atá i ndán dóibh that they are bound for the opposition
" Bheadh brú fosta ar FF aird a thabhairt ar ghuth an phobail agus glacadh leis gurb é an freasúra atá i ndán dóibh.
gar dóibh near to them
" Ar ndóigh is ar uaigheanna a ndaoine muinteartha is mó a chuireann cuairteoirí coinnle agus bláthanna ach ní annamh a thagann daoine go reilig atá gar dóibh nach bhfuil gaolta leo curtha inti.
gurbh éigean dóibh Caitlicigh a mharú that they had to kill Catholics
" ” Go rómhinic, dúirt an tOirmhinneach go raibh na Sé Chontae i lár géarchéime agus ghlac daoine leis gurbh éigean dóibh Caitlicigh a mharú le theacht slán as an “ghéarchéim”.
sa spás a chuirtear ar fáil dóibh. in the space provided to them.
" Is suíomh é inar féidir le daltaí scoile agus ollscoile cuntais a chruthú dóibh féin, agus neart rudaí a scríobh agus a chur sa spás a chuirtear ar fáil dóibh.
go bhfuil bua i ndán dóibh that they are destined to win
" Agus go dtí go n-aithníonn Meiriceánaigh nach leor siopadóireacht, agus go mbeidh orthusan fulaingt ar mhaithe leis an tír, leanfaidh siad orthu ar bhóthar na cogaíochta leis an mbrionglóid go bhfuil bua i ndán dóibh san Iaráic.
t-oideachas a bhí ag déanamh tinnis dóibh education is what concerned them
" An dara glúin, an t-oideachas a bhí ag déanamh tinnis dóibh agus iad ag iarraidh dul ar aghaidh sa saol.
mura mian leat ábhar a thabhairt go buan dóibh, if you don't want to give them material on a permanent basis,
" Agus mura mian leat ábhar a thabhairt go buan dóibh, is féidir é a thabhairt ar iasacht le do ndéanfadh siad cóip de, bíodh sé ina phictiúr, ina 78, ina uirlis nó cibé.
i ndiaidh dóibh na scórtha euro a íoc after they had paid scores of euro
" (Cuimhnigh ar ár gcairde as deisceart Chill Chainnigh agus cé chomh háiféiseach is a bheadh sé dá gcaillfidís a gceadúnas de bharr iad a bheith beagán os cionn na sprice an mhaidin i ndiaidh dóibh na scórtha euro a íoc le hiad a thabhairt cúpla míle slí abhaile!) Ba cheart go mbeadh sé mar chuspóir ag na Gardaí nósmhaireacht úr a chruthú – is é sin, go bhfágfadh daoine an carr sa bhaile nuair a bheadh fonn dí orthu.
chuir ar a súile dóibh go raibh lá na láimhe láidre thart persuaded them that the time for physical force was over
" ” Thug an páirtí ról do na fir chrua ina measc, chuir ar a súile dóibh go raibh lá na láimhe láidre thart agus go mbainfeadh siad a gcuspóir amach trí mheán na polaitíochta.
i ndiaidh dóibh titim ar gcúl le deich bpointe after they had fallen ten points behind
" Dáiríre, seans maith gur fháiltigh go leor daoine roimhe ar an ábhar gur amhrán poblachtánach é! An chéad chluiche rugbaí mar chluiche, céard tá le rá faoi? Díomá is mó a bhí ar lucht leanúna na hÉireann toisc gur scóráil an Fhrainc úd sna soicindí deireanacha chun an bua a “robáil” tar éis d’Éirinn troid ar ais i ndiaidh dóibh titim ar gcúl le deich bpointe go luath sa chluiche.
a thugann tacaíocht dóibh who give them support
" “Caithfidh Tionól nó Údarás Thuaisceart Éireann bheith in ann rannpháirtíocht dhearfach a chuid ball uilig a spreagadh, le hiad a shásamh go bhfuil ról le himirt acu féin agus ag na daoine a thugann tacaíocht dóibh i rialtas an Chúige *(sic)*,” a dúradh ann.
cheadaítear dóibh they are not allowed
"cheadaítear dóibh solas an lae a fheiceáil in aon chor, agus mar sin níl fuinneoga sna cillíní.
mar gur shaothraigh mo chuid iarrachtaí airgead dóibh. because my efforts earned money for them.
" Bhí dearcadh eile ag an National Science Foundation maidir leis na cúrsaí seo, buíochas le Dia, agus thug an ollscoil cead mo chinn dom mar gur shaothraigh mo chuid iarrachtaí airgead dóibh.
a shaothróidh turais saor in aisce dóibh go dtí an Mhongóil, which will earn them free trips to Mongolia,
" Bhí sé i mo chinniúint go mbeadh orm leanúint ar aghaidh ag obair, mar tá go leor acu nach bhfuil suim acu in aon rud ach amháin bheith ag úsáid na dteangacha chun páipéir léannta a scríobh, a shaothróidh turais saor in aisce dóibh go dtí an Mhongóil, agus áiteacha mar sin.
le haitheantas a thabhairt dóibh. to give them recognition.
" AB: Sea, agus chun ealaíona agus ealaíontóirí áitiúla a aithint agus a chur chun cinn, le haitheantas a thabhairt dóibh.
le cur in iúl dóibh to inform them
" Chuir mé scairt ar mo chairde ar mo ghuthán póca le cur in iúl dóibh go raibh gach rud ceart go leor, focail dheireanacha cháiliúla, mar a deir an Béarla, mar cúpla bomaite ina dhiaidh sin thit mé i muc shneachta.
tar éis dóibh baghcat a thionscnamh after they had initiated a boycott
" In 2001, tar éis dóibh baghcat a thionscnamh in aghaidh Smith and Wesson, ghéill an comhlacht sin don bhrú agus chuir sé ar ceal socrú a rinne sé le réimeas Clinton a chuirfeadh glais ar thruicir a ghunnaí.
Gealladh talamh maith dóibh they were promised good land
" Gealladh talamh maith dóibh ach ní bhfuair siad talamh maith.
ag breathnú ar an tubaiste a bhain dóibh looking at the disaster that befell them
" Bainfidh páirtí Gerry Adams sólás as macallaí sin na staire agus iad ag breathnú ar an tubaiste a bhain dóibh ar an 24 Bealtaine.
ón ghríosáil a tugadh dóibh from the drubbing they were given
" Ach foghlaimeoidh siad ceacht ón ghríosáil a tugadh dóibh agus ní gá dóibh dul chuig ranganna oíche i riar Stát Neamhspleách nó *Economics for Dummies* a léamh.
a bhí suntasach dóibh nuair a tharla siad. but were eminent to them when they happened.
" Tá cuimhne ag gach duine ar éachtaí nó ar mhórghníomhartha nach raibh coinne leo agus a bhí suntasach dóibh nuair a tharla siad.
an crá croí atá i ndán dóibh the heart-break that is in store for them
" Agus ansin an crá croí atá i ndán dóibh toisc go bhfuil an dóchas sin acu.
Saolaíodh clann dóibh, They had a children,
" Saolaíodh clann dóibh, ach lean an bheirt orthu ag atáirgeadh go dtí nach raibh go leor spáis ann do na mic.
b'éigean dóibh bogadh they had to move
" Shocraigh Tauhara agus Putauaki go rachaidís i dtreo na farraige le mbeidís in ann breathnú amach ar éirí na gréine, ach b'éigean dóibh bogadh in aon oíche amháin.
Ní ann dóibh níos mó. They no longer exist.
cad a bhí i ndán dóibh. what lay in store for them.
" Ní foláir mar sin nó gur léir do dhaoine a bhí ina seasamh i scuaine chun dul isteach i bhfoirgneamh na seomraí gáis cad a bhí i ndán dóibh.
i ndán dóibh, ahead of them,
" Bhí siad lán dóchais agus uaillméine, iad ag súil go raibh saol níos fearr i ndán dóibh, in áit a mbeadh siad mar ríthe.
aon chuidiú dóibh any help to them
" Thosaigh siad ag ól agus níorbh aon chuidiú dóibh é an t-oideachas Caitliceach a fuair siad.
a fhóireann dóibh. which suits them.
" Meastar sa todhchaí go mbeidh an teilifíseán ag feidhmiú mar a bheadh bialann ghreim gasta ann, agus é de chumas ag daoine amharc ar a rogha clár am ar bith a fhóireann dóibh.
Ní ann dóibh ach inár n-aigne! They only exist in our minds!
" Ní ann dóibh ach inár n-aigne! Leanann Dee ag seinnt an fhoinn agus a lámha ag éirí tuirseach.
ba í an dífhostaíocht fhadtéarmach a bhí i ndán dóibh. long-term unemployment was what was in store for them.
" Agus mar thoradh ar dhúnadh na monarchana ar eastáit thionsclaíocha in áiteanna mar Croxteth, ba í an dífhostaíocht fhadtéarmach a bhí i ndán dóibh.
a thagann ar ais chun cuimhne dóibh but which comes back to memory
" AÓF: Deir ceoltóirí go minic freisin go spreagann ceoltóirí eile iad le tiúin faoi leith a sheinm – tiúin, b'fhéidir, nach bhfuil seinnte acu le fada ach a thagann ar ais chun cuimhne dóibh nuair a bhuaileann siad le ceoltóir ar leith.
ag ceannach ceart dáileacháin dóibh. buying distribution rights for them.
" **Athruithe ** Tháinig athrú faoi chúrsaí beorach i Meiriceá ó na hochtóidí amach nuair a thosaigh na grúdlanna ag ceannach grúdlann eile, nó ag ceannach ceart dáileacháin dóibh.
tábhachtach dóibh. important to them.
" Fáiltímis roimh na beoracha nua seo, a chruthaíonn go bhfuil a leithéid ann go fóill agus comhlachtaí a bhfuil níos mó ná brabús tábhachtach dóibh.
tar éis dóibh a gcéimeanna a bhaint amach. after they had graduated.
" D'imir siad peil agus iad ar an ollscoil, agus lean siad orthu ag imirt nuair a fuair siad postanna i Learpholl tar éis dóibh a gcéimeanna a bhaint amach.
Níl áit ar bith tugtha dóibh sa stair. They have been given no place in history.
" Níl áit ar bith tugtha dóibh sa stair.
níl mórán dóchais i ndán dóibh. there's not much hope for them
" Mura bhfuil lucht Fhianna Fáil oilte ar a gceird faoin am seo – i ndiaidh dóibh a bheith i mbun rialtais le fada – níl mórán dóchais i ndán dóibh.
nach dtig léi airgead breise a thabhairt dóibh that she can't give them more money
" Tá ráite ag an Aire Ruane go bhfuil “bá” aici leis na cúntóirí ach, ag an am chéanna, tá sí ag rá leis na Boird Oideachais nach dtig léi airgead breise a thabhairt dóibh leis an fhadhb a réiteach.
a thug tacaíocht dóibh roimhe seo who supported them in the past
" Bhí MLA amháin i láthair a thug tacaíocht dóibh roimhe seo ach a bhí anois ag rá go raibh sé ag tacú leis an Aire, Caitríona Ruane.
níl bata agus bóthar tugtha ag scríbhneoirí dóibhsean. writers haven't gotten rid of them
" Ach, murab ionann agus go leor ceoltóirí, níl bata agus bóthar tugtha ag scríbhneoirí dóibhsean.
go bhfeileann modhanna eile iompair níos fearr dóibh, that other modes of transport suit them better
" Nochtadh sa suirbhé go bhfuil trí phríomchúis le nós na rothaíochta a bheith dulta i léig: braitheann comaitéirí go bhfeileann modhanna eile iompair níos fearr dóibh, síleann siad go bhfuil an trácht róchontúirteach agus tá siad den tuairim go bhfuil an aimsir ródhona le dul amach ar rothar.