Pota Focal Intergaelic
dar | dár | dír | dor |
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
dúr hardy, tough
" dúrtsa leis gur claoníomhá a fuaireamar inár ngasúir scoile dúinn ó bheith ag léamh na ngreannán Sasanach.
samhlaigh a bheith chomh dúr! imagine being so thick!
" Agus iad ag baint mí-úsáide as a ainm baiste (toisc go raibh amadán nó dhó sa Choláiste thíos i bPort Láirge nach raibh in ann Setanta a rá i gceart - samhlaigh a bheith chomh dúr!), chuir an *Sunday Tribune* an scéala in iúl mar seo a leanas "How Santy ruined Cork's Christmas".
dúr hardy
" Dheineadh an gadhairín dúr miongharanna dá mháistir an lá ar fad, idir léamair fhadruballacha, ghlice an dúthaigh a ruaigeadh uair go mbeadh a gcinn sa bhruscar bídh, agus phéint a chur ar an sciobóilín cluthar a roinneadar beirt cois Zambezi uair sa bhliain, nuair a thagadh an bláth den chéad uair ar chrainn lasracha an *savannah*.
dúr stupid
" dúradh léi ag an am go raibh sí ag cur a súile thar a cuid á cur féin chun tosaigh os comhair na léachtóirí mar sin agus go mb'fhearr di a cloigeann a choinneáil síos.
dhúire thickness
" Agus é ag iarraidh teacht ar shamhail a chuirfeadh *síos *go héifeachtach ar ghamalacht agus ar bhómántacht agus ar dhúire na beirte eile deir sé: “Níl ciall dá laghad ag an bheirt sin *thuas *staighre.
dúr stupid
" Agus murach go raibh duine de na robálaithe dúr go leor le fianaise a fhágáil ina dhiaidh, bheimis fós dall go dtí an lá inniu ar cé a bhí freagrach as róbáil na mbanc seo.
dúr dour
" Agus d’imigh Balor Fáidh as measc an phobail sin nó bhí siad dúr agus dolúbtha agus diúnasach, agus ghlan sé brus na háite sin dá chuid cuarán agus d’imigh leis siar an bealach go dtí an Muileann gCearr.
dúr thick
" Ní ligfí isteach sinn in aon chor, a dúradh linn, gan cuardach iomlán a cheadú ar gach duine sa ghrúpa.
dúr thick or stupid
" Ní raibh lá rúin ag Sinn Féin sa Tionól agus diaidh ar ndiaidh, mhaolaigh baill an pháirtí ar ráiteas dúr Uí Chaoláin.
d'éirigh mé chomh dúr sin I got so thick
" Bhí mé tar éis éirí bómánta agus ní ba bhómánta fós thar na blianta agus, de réir a chéile, d'éirigh mé chomh dúr sin gur dhúshlánach dom amharc ar *Friends* agus cos a choinneáil leis an phlota! Beidh mé ag freastal ar Ollscoil Luimnigh go ceann bliana ag déanamh MA in *Ethnochoreology*.
éirithe dúr have become obstinate
" Déagóirí atá éirithe dúr, stalcánta, doicheallach.
is dúire silliest
" Caithfidh sé gur muid an tír is dúire ar an domhan.
dúra thick
" Shíl tú go raibh mé chun scian a rá ansin, a Bhaloir, ach tá mé i bhfad róchliste chun a leithéid a chur ar taifead, fiú do léitheoirí dúra dallintinneacha Beo Ar Éigean!” Ach tá dea-scéala agam daoibh, a léitheoirí dílse: sular imigh An Gunnadóir O Dea, d’fhág sé amhrán beag deas le huacht againn, mar fheartlaoi le nach ligfear Laoch Luimnigh i ndearmad – cibé rud eile a ndéanfar dearmad air.
duairc dúr dark and gloomy
" Is fada íomhá ag lucht an aineolais den Ghaeilgeoir mar dhuine duairc dúr gan aoibh ar leasc leis a bheith ag magadh faoi féin nó faoi éinne eile.
is dúire most rigid
" Is mór an trua é mar sin go bhfuil coimhlint ghéar ar siúl idir na páirtithe móra leis an dúnghaois inimirce is dúire agus is danartha a chur faoi bhráid mhuintir na tíre agus iad ar tí a nguth a thabhairt san olltoghchán ar 21 Lúnasa.
dúr difficult
" Deirtear go bhfuil Am Mònadh Liath dúr agus murtallach mar is maolchnoic cuid mhaith acu agus níl siad chomh suntasach le Beinn Neimh Bhathais nó Am Mònadh Ruadh.
dúire lack of lustre, staleness
" Ar an ábhar sin, tá an baol ann go dtiocfadh dúire ar an teanga.
dúire gloom
" Titim Tóna na Gréige =========== Agus má chuireann na scéalta sin duairceas agus dobhracht agus dúire oraibh, a léitheoirí dílse, fanaigí go léann sibh an scéal seo: bhí croí bocht brúite Bhaloir ar tí briseadh nuair a chuala sé faoi chás cara eile dá chuid, Achilles Drinkadropulous.
dúra insensitive
" Táim féin den tuairim gurb iad foighde agus stuacacht na tréithe is mó atá de dhíth ar ríomhchláraitheoir: foighde chun chur suas le cliaint dúra cosúil liomsa agus stuacacht chun leanúint leat i gcoinne constaicí loighice agus dothuisceana a bhíonn, go minic, féinchruthaithe.
tabhairt faoi chúinne dorcha dúr get into a dark and gloomy nook
" Chuige sin, níl an dara rogha ag lucht na teanga (lasmuigh den Ghaeltacht) ach dreamanna comhrá eagraithe a chur ar bun agus tabhairt faoi chúinne dorcha dúr chun dul i mbun cainte.
seachas ar an gcosaint dhúr rather than (just) obstinate defence
" Dream peileadóirí fíorchumasacha iad a leagann an bhéim ina modh imeartha ar luas imeartha ó cheann ceann na páirce, ar chiceáil na liathróide seachas ar iliomad seachadadh láimhe mar atá in uachtar sa chluiche le roinnt blianta anuas, ar an ionsaí mear, rialta seachas ar an gcosaint dhúr, agus ar dheiseanna scórála a chruthú chomh minic agus is féidir.