Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
dúthrachtach diligent
" Cad iad an laigí agus na láidreachtaí a bhaineann leis an Áras? Láidreachtaí: Tá foireann againn atá díograiseach, dúthrachtach i mbun a gcuid oibre agus iad bródúil as an Áras agus an obair atá idir lámha acu.
daoine dúthrachtacha devoted/diligent people
" Cé nach raibh an Ghaeilge riamh chomh láidir leis na teangacha eile a bhí á labhairt sa tír, bhíodh méid áirithe daoine dúthrachtacha ann i gcónaí a bhíodh dílis di.
an-dúthrachtach very diligent
" "Tá na comhairleoirí sa státseirbhís an-oilte agus an-dúthrachtach i gcónaí agus ba cheart gur go hannamh a lorgófaí comhairle ó shaineolaithe ón taobh amuigh.
dúthrachtacha diligent
" Ach is iad láidreachtaí s'againne ná samhlaíocht, fuinneamh, foighne, agus daoine dúthrachtacha tiománta a bheith ar bord.
iarrachtaí dúthrachtacha diligent attempts
" Tá saol úr sa 21 haois geallta don lúbra meánaoiseach, Julian’s Bowers i Lincolnshire Shasana, i ndiaidh iarrachtaí dúthrachtacha caomhantóirí comhshaoil leis an lúbra a shábháil agus a atógáil.
ba iad Polannaigh óga ba dhúthrachtaí a ghlac páirt sa toghchán, It was the young Poles who most zealously took part in the election
" Mar ba léir ó na híomhánna de na mílte Polannach a sheas i scuaine chun vóta a chaitheamh in Éirinn, i Sasana, agus i dtíortha nach iad, ba iad Polannaigh óga ba dhúthrachtaí a ghlac páirt sa toghchán, agus ní foláir ná gurbh é an dream seo ba mhó a thug 209 suíochán do PO sa *Sejm*, teach íochtarach Pharlaimint na Polainne ina bhfuil 460 suíochán san iomlán.
dúthrachtacha diligent
" Bhí an suíomh ar fáil, criathrach garbh ar aghaidh na gairmscoile, agus an fhís, an toil agus an tsamhlaíocht ag daoine cróga, dúthrachtacha an cheantair.
go dúthrachtach unsparingly
" Shaothraigh foireann bheag, fhuinniúil na heagraíochta seo go tréan is go dúthrachtach, le barr feabhais a chur ar oideachas Gaeltachta agus Gaeilge agus is mór an chaill don teanga a bheas ina n-imeacht.
dhúthrachtach zealous
" Bhí an dá chúis aige leis an mholadh sin, a dúirt sé: ar an chéad dul síos, níl rud ar bith ar thalamh na hÉireann chomh glas leis an Ghaeilge, agus ar an dara dul síos, níl duine ar bith ar chlár na cruinne a chruthaíonn an oiread sin CO2 lena bhladar gan stad gan staonadh chomh flúirseach fras fairsing leis an Ghaeilgeoir dhúthrachtach.
dúthrachtacha zeal
" Bhí an suíomh ar fáil, criathrach garbh ar aghaidh na gairmscoile, agus bhí an fhís, an toil agus an tsamhlaíocht ag daoine cróga, dúthrachtacha an cheantair.
go dúthrachtach earnestly
" Tá Michael Lowry faoi iontas ag líon a thacaíochta i dTiobraid Árann agus ag líon na n€uro a chruinnigh sé le hallas a mhalaí féin go dúthrachtach.
fear dúthrachtach séimh an affable diligent person
" Saothar Mór Joe Mitchell, an Foclóir Breatnais-Gaeilge ========================= Duine díobh sin, fear dúthrachtach séimh, tá blianta maithe caite aige ag cur an chéad fhoclóir Breatnais-Gaeilge i dtoll a chéile.
dhúthrachtaigh fervent
" Is fear aerach é Barr agus ba dheacair dó srian a choimeád ar a bhraistintí agus a mhothúcháin le linn a aithisc dhúthrachtaigh.