Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
de bhrí go sílim because I think
" Mar atá an scéal, tá mé ag fhoghlaim Ghaeilge na hÉireann faoi láthair de bhrí go sílim go gcabhródh sí liom focail nua a chruthú dúinne - b'fhéidir go mbeinn in ann téarmaíocht ón Oireachtas a athchóiriú? Dála an scéil, caithfidh mé a rá go bhfuil an Ghaeilge cuid mhaith níos deacra ná an Ghàidhlig.
De bhrí go raibh sé á chothú leis an gcíoch, because he was being breast-fed,
" De bhrí go raibh sé á chothú leis an gcíoch, d’fhan sé lena mháthair.
de bhrí go bhfuil Ahern an-ghafa leis an scannal because Ahern is very tied up with the scandal
" Cén chaoi ar bhraith siad, mar sin, agus iad ag caitheamh vóta ar son an Taoisigh nuair a bhí an tairiscint mímhuiníne i gceist sa Dáil? Ar mhothaigh siad ciontach i ndiaidh na vótála?An mbeidh an Comhaontas Glas sásta fanacht sa Rialtas? An bhfuil aiféala anois orthu mar gheall ar an “deal with the devil”, mar a thug Ciarán Cuffe air, a rinne siad le Fianna Fáil?Mar bharr ar gach donas, de bhrí go bhfuil Ahern an-ghafa leis an scannal faoi láthair, níl sé ar a chumas dul i ngleic le gnó tábhachtach an rialtais – níl Teachtaí ceaptha go fóill mar bhaill ar na coistí agus na fochoistí rialtais, cuir i gcás.
de bhrí nár éirigh leis because he didn't succeed
" Tháinig sé go hÉirinn agus é ocht mbliana déag d’aois de bhrí nár éirigh leis áit a ghnóthú in aon ollscoil sa Bhreatain.
de bhrí é a bheith ar fáil ar an idirlíon. because of it being available on the internet
" Ach tá *Lá Nua* slán arís, a bhuíochas sin le scairshealbhóirí atá ag dul i bpáirt le Grúpa Meán Bhéal Feirste le tuilleadh airgid a chur ar fáil don tionscadal tábhachtach seo; tionscadal atá ceannródaíoch de bhrí é a bheith ar fáil ar an idirlíon.
de bhrí gur tharla drocheispéireas dóibh because they had a bad experience
" Is mian leo smacht iomlán a bheith acu, de ghnáth, de bhrí gur tharla drocheispéireas dóibh ina saol roimhe seo a raibh baint aige le cúrsaí gnéis agus fágadh iad náirithe dá bharr.
de bhrí because
" Tá mórán daoine an-mhíshásta faoi seo de bhrí go laghdaíonn sé an daonlathas logánta, dar leo siúd, agus deirtear go mbeidh deacracht ag na páirtithe seo foireann a fháil amach ag gríosú vótaí do na hiarrthóirí ceaptha.
De bhrí because
" De bhrí go bhfuil a oiread sin tubaistí pearsanta bainteach leis an eachtra seo, níl achan duine den tuairim go bhfuil sé de cheart ag Deller leas a bhaint as an charr ar an tslí seo.
de neart agus de bhrí na hóige of strength and youthful vigour
" Tubaiste agus ábhar dobróin is ea bás duine óg gan amhras agus ar bhealach áirithe, tá brón ar leith ag baint le bás an chleachtóir spóirt ar eiseamláir de neart agus de bhrí na hóige é.
de bhrí go bhfuil ár n-acmhainní teoranta because our resources are limited
" D’fhoglaim mé faoi ‘deischostas’ nuair a bhí mé san ollscoil - de bhrí go bhfuil ár n-acmhainní teoranta, caithfear rud amháin a roghnú seachas rud eile.