Pota Focal Intergaelic
Scríobh focal Gaeilge nó Béarla. Type a word in Irish or English.
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
daoine a rangú de réir cumais to categorize people according to ability
" Is fearr daoine a rangú de réir cumais agus díriú ar ghrúpaí éagsúla ar nós *ex-pats* agus daoine a labhraíonn an Ghaeilge gach lá.
ag neartú de réir a chéile gradually getting stronger
" Níl aon dabht ach go bhfuil pobal na Gaeilge ag neartú de réir a chéile ach caithfear freastal ar riachtanais an phobail seo.
de réir a chéile gradually
" '" D'athraigh a ndearcadh de réir a chéile, áfach, agus tá níos mó ná leath de na daoine a chríochnaigh na cúrsaí sin anois ag clárú ar chúrsaí Gaeilge.
de réir mar a thagann muid i méadaíocht as we grow up
" Is minic, áfach, a chailleann muid an tsaoirse seo de réir mar a thagann muid i méadaíocht.
beart a dhéanamh de réir a mbriathar to fit their actions to their words
" Anois, tá eagraíocht curtha ar bun chun brú a chur ar rialtais na dtíortha forbartha beart a dhéanamh de réir a mbriathar.
de réir a chéile gradually
" Tá rudaí ag athrú de réir a chéile, ach go dtí go ndéanfar leasú ar na dlíthe frith-cheardchumainn, beidh go leor deacrachtaí le sárú againne sna ceardchumainn.
de réir a chéile gradually
" Chuaigh siad i bhfeidhm orm de réir a chéile, mar ní thabharfá faoi deara ach ceann amháin ag an am.
de réir a mbriathra according to their words
" Níl an dara suí sa bhuaile ann - caithfidh an IRA, ní hamháin a rá go bhfuil deireadh lena bhfeachtas míleata, ach caithfidh siad gníomhú de réir a mbriathra.
de réir mar a leánn na leacacha móra oighir as the big sheets of ice melt
" Dá dtarlódh an tromluí ======= De réir an *scenario *a chuir Schwartz agus Randall chun cinn ina dtuarascáil, tiocfaidh deireadh tobann le Sruth na Murascaille am éigin thart ar 2010, toisc go bhfuil i bhfad níos mó fíoruisce ag teacht isteach san fharraige sna réigiúin Artacha de réir mar a leánn na leacacha móra oighir.
ag feabhsú de réir a chéile gradually improving
" Tá rudaí ag feabhsú de réir a chéile ó thaobh an chomhshaoil de, ach tá sé seo ag tarlú go han-mhall ar fad.
de réir mar a ardaíonn an ráta boilscithe as the inflation rate increases
" Cé go dtagann ardú ar an méid seo de réir mar a ardaíonn an ráta boilscithe, tá a fhios againn ar fad gur léim an saibhreas agus an costas maireachtála go mór sa tír seo le deich mbliana anuas nó mar sin.
de réir mar a scaiptear an scéal fúinn as news of us spreads
" Tá an t-éileamh atá ar ár seirbhísí ag fás de réir mar a scaiptear an scéal fúinn.
de réir a chéile gradually
" Measaimse go dtosóidh daoine ag éileamh níos mó airgid agus coinníollacha oibre níos fearr de réir a chéile.
de réir mar a éiríonn tú níos sine as you grow older
" "Ach tá Bealach an Doirín ar cheann de na háiteanna sin a thaitníonn níos mó leat de réir mar a éiríonn tú níos sine," a deir sí.
de réir mar a forbraíodh an teicneolaíocht as the technology was developed
" Laghdaíodh na costaisí de réir mar a forbraíodh an teicneolaíocht.
de réir a chéile gradually
" Chuaigh mé ar ais dhá mhíle bliain go dtí teacht na gCeilteach go hÉirinn - agus níos faide siar fiú - ansin tháinig mé ar ais de réir a chéile i dtreo an lae inniu.
de réir a thaithí féin according to his own experience
" Smaoiníonn gach uile dhuine de réir a thaithí féin.
is de réir a chéile a thógtar na caisleáin Rome wasn't built in a day
" Níl teorainn lena bhfuil i ndán dó ach is de réir a chéile a thógtar na caisleáin! AÓF: Má tá daoine ag iarraidh cabhrú leis an mBéal Binn, céard is féidir leo a dhéanamh? NNicCI: Bí linn ag na himeachtaí, tar chuig an gclub nó chuig an bhFéile Filíochta nó chuig dráma.
ní dhearna siad beart de réir a bhriathair they didn't act as he told them to
" Nuair a labhair Balor Fáidh leo níor éist siad lena fhírinne ghlan, agus ní dhearna siad beart de réir a bhriathair, agus chruaigh siad a gcroí agus chaith maslaí leis agus clocha agus cnagáin cháidheacha as cairn aoiligh.
de réir mar a lobh an corp as the body rotted
" Teoiric eile ======= Nuair a theip ar an teoiric seo, chuir na Gardaí an tuairim chun tosaigh go raibh cineál fola an linbh ag athrú de réir mar a lobh an corp.
ag laghdú de réir a chéile decreasing gradually
" Nuair a bhím sa tuaisceart aithním go bhfuil Béal Feirste caillte ag na Protastúnaigh, go bhfuil an móramh Protastúnach ag laghdú de réir a chéile agus cruthóidh sin fadhbanna.
ag éirí níos sine de réir a chéile getting older gradually
" Tá daonra na hÉireann ag éirí níos sine de réir a chéile – maireann na fir, ar an mheán, go dtí go mbíonn siad 75.
de réir mar a mhaíonn sé féin as he claims himself
" Fear mór spóirt é ar scor ar bith, de réir mar a mhaíonn sé féin.
de réir mar a athraíonn dreach an duine as the appearance of the person looking at it changes
" Úsáidtear dathanna go minic mar aidiachtaí radharcacha le cur síos a dhéanamh ar ghiúmar duine agus is é an bunsmaoineamh sin a spreag grúpa eolaithe ó na Stáit Aontaithe agus an Bhreatain le bealach a aimsiú chun ealaín a léiriú a athraíonn de réir mar a athraíonn dreach an duine atá á breathnú.
de réir mar a bhuaileann an tallann tú. as the fit takes you.
" I rith na féile, is féidir an-sult a bhaint as a bheith ag fálróid thart, de réir mar a bhuaileann an tallann tú.
cúlú de réir a chéile withdraw gradually
" Is féidir leis comhairle Ghrúpa Staidéir na hIaráice a leanacht agus cúlú de réir a chéile go leithscéalach, nó fanacht san Iaráic i bhfiontar an chogaidh.
de réir a bhuanna féin, according to its own merits,
" Is an rud a bhí i gceist agam ná gur chóir go ndéanfaí achan tionscadal Gaeilge a mheas de réir a bhuanna féin, ní i gcomhthéacs na mbuanna a bheadh aige do phobail eile.
De réir a chéile, Gradually,
" Bhíodh na tacaithe reoite leis an bhfuacht de cheal aon rud le déanamh! De réir a chéile, thosaigh mé ag baint taitnimh as an rugbaí agus bhínn ag imirt go rialta.
De réir a chéile, Gradually,
" De réir a chéile, faigheann muid amach cad ba chúis le bás Jackie, agus scaoiltear rúin a coinníodh i bhfolach le fada an lá.
de réir a chéile gradually
" Tháinig an dara duine agus de réir a chéile cuireadh leis an bhfoireann bheag.
nach ndéanann beart de réir a briathair. who don't do as she told them to
" Gan paidir capaill a dhéanamh de, seo mar a nochtaíodh dó: Go luath i mí na Samhna, ceapfar Twink mar bhainisteoir ar fhoireann sacair Phoblacht na hÉireann, cionn is go dtuigeann sí an dóigh le labhairt le fir nach ndéanann beart de réir a briathair.
de réir an dlí mar a bhaineann sé le dídeanaithe. according to the law as it pertains to refugees
" Locht mór eile atá ar an bpróiseas seo ná an sainmhíniú atá ar “theaghlach” de réir an dlí mar a bhaineann sé le dídeanaithe.
de réir a chéile gradually
" Seans go bhfuil an Rialtas den tuairim go mbeidh an pobal i gcoitinne níos toilteanaí glacadh le hathruithe má dhéantar iad de réir a chéile in ionad polasaithe móra radacacha a chur i bhfeidhm a chuirfidh olc ar dhaoine áirithe.
nuair a dhéanfaidh sé beart de réir a bhriathair. when he acts according to his word
" Creidfidh mé John Gormley nuair a dhéanfaidh sé beart de réir a bhriathair.
de réir mar a théann siad anonn in aois as they go on in years
" Tagraíonn an teideal *An áit a n-ólann an t-uan an bainne *don fhonn a thagann ar dhaoine, de réir mar a théann siad anonn in aois, filleadh ar a n-áit dhúchais.
a dhéanann na vótaí a chomhaireamh de réir stáit which counts the votes by state
" Ba mar gheall ar an tuath a thug George Bush an toghchán leis i 2000 agus arís i 2004, a bhuíochas sin ar an gcóras "Coláiste Toghchánaíochta", a dhéanann na vótaí a chomhaireamh de réir stáit seachas de réir vótaí na dtoghthóirí féin.
de réir a chéile, gradually
" Bhí mé tar éis éirí bómánta agus ní ba bhómánta fós thar na blianta agus, de réir a chéile, d'éirigh mé chomh dúr sin gur dhúshlánach dom amharc ar *Friends* agus cos a choinneáil leis an phlota! Beidh mé ag freastal ar Ollscoil Luimnigh go ceann bliana ag déanamh MA in *Ethnochoreology*.
de réir a bhriathair at its word
" Cé gur mhóidigh rialtas SAM go ndéanfaidís a seacht ndícheall gan ligean lena leithéid d’ionsaí sceimhlitheoireachta tarlú arís, léiríonn scéal Sibel Edmonds nach féidir le muintir Mheiriceá mórán muiníne a bheith acu as an stát beart a dhéanamh de réir a bhriathair.
De réir mar a thuigim as I understand it
" De réir mar a thuigim, is mó an tionchar atá ag an gcúlú geilleagair ar an saol in Éirinn ná ar an saol anseo sa Fhrainc.
beart a dhéanamh de réir act accordingly
" Mhaígh sé nach raibh an darna suí sa bhuaile aige ach peann a chur le pár agus rabhadh a thabhairt do mhuintir na hÉireann faoina bhfuil i ndán dóibh mura n-éiste siad go cúramach le soiscéal Naomh George Lee agus David Beannaithe McWilliams, agus beart a dhéanamh de réir a mbriathar siúd.
De réir a chéile by and by
" De réir a chéile, tháinig an scéal amach faoin tallann a bhí ag Séamus agus rinne sé CD aonar 'The Road to Glenlough' chomh maith le 'The Brass Fiddle' le Con Ó Caiside, Vincent Mac Ailín agus Proinsias Ó Beirn.
de réir a chéile by and by
" Bíonn feidhmchláir, de réir a chéile, á gcrúthú a ligeann dúinn gach aon ní a bhíodh á dhéanamh againn trí phrotacóil éagsúla a dhéanamh trí prótacal aistrithe forthéacs ar an ngreasán anois.
De réir a chéile by and by
" fr/)De réir a chéile bhunaigh Le Châtelet é féin le clú idirnáisiúnta mar lárionad léirithe d’ardchaighdeán agus de nuálaíochtaí.
de réir a bhriathair keep to his word
" org/wiki/David_Blunkett) Ach an raibh a bheart de réir a bhriathair? Nuair a chuir mé scairt ar Roinn Oideachas inniu (14.
de réir a chéile gradually
" Tá an díomá agus an fhearg ag maolú de réir a chéile.
beart de réir a bhriathair action as promised
" Ba léir go ndearna sé beart de réir a bhriathair, tráth ar foilsíodh na meastúcháin ag deireadh na bliana mar go raibh buiséad agus cúraimí leagtha síos don Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta.
de réir a dtola as they wish
" ag ligean do na smaointe fánacha teacht agus imeacht de réir a dtola’.
de réir a bhriathair up to his word
" Tar éis an tsaoil, rinne Maradona beart de réir a bhriathair ar an ábhar gur gheall ag tús a réimis go mbeadh ainm na hAirgintíne sa bpota don chomórtas mór.
beart de réir a mbriathair act as they said
" Níl aon amhras dá mbeadh móramh glan acu, go ndéanfadh Fine Gael beart de réir a mbriathair.
de réir a shoiscéil according to his gospel
" Ba cheart, de réir a shoiscéil, cead a gcinn iomlán a bheith ag lucht ghnó.
de réir a chéile by and by
" Is é an fáth gur tharla an saol mar atá: easpa tuisceana a bheith againn féin ar an saol, go lárnaítear maoin agus airgead de réir a chéile go hiondúil, i lámha mhionlach an fhíorshaibhris, ach in amanna, is féidir leis tarlú de phlimp.
de réir a chéile by and by
" Ach tháinig feabhas ar chúrsaí de réir a chéile.
de réir a chéile by and by
" Bhí siad den bharúil go dtí bliain ó shin gur chóir é a athleasú ach de réir a chéile, ó lár na bliana seo caite, thiontaigh géarchéim an gheilleagair ina géarchéim pholaitíochta.
beart a dhéanamh de réir briathair to do as promised
" Neosfaidh an aimsir an n-éireoidh leis beart a dhéanamh de réir briathair.
de réir a chéile by and by
" Tá fréamhacha na faidhbe chomh fite fuaite le ceist chonspóideach úinéireacht na talún sa tír, áfach, gur dóichí ná a mhalairt gur de réir a chéile a rachfar i mbun leigheas an scéil.
De réir a chéile by and by
" De réir a chéile, tarlaíonn an rud céanna i bhfeachtas tar éis feachtais.
de réir mar a thogrófas tú as you wish
" Bhí a leithéid ann cheana ar mhéid A4 agus ba chliste an áis é, ach caithfidh sé go bhfuil an QuickGuide seo a sé nó ocht n-oiread níos mó ná é tharla gur i gcruth fillte atá sé, rud a chiallaíonn gur thig leat é a leathnú amach de réir mar a thogrófas tú teacht ar réim áirithe eolais.
de réir a chéile by and by
" Tá na Gaeil ag téarnamh de réir a chéile, d’ainneoin na mbacainní ar fad atá curtha roimh an *‘social fact par excellence’*.
de réir a chéile by and by
" Tiocfaidh na cathracha slán de réir a chéile: nuair a thosóidh an t-inneall geilleagrach ag casadh arís, tiocfaidh méadú ar an éileamh ar sheirbhísí airgeadais, ar earraí breisluacha, agus ar fhoirgníocht.
de réir a dtola according to their will
" Agus i ndiaidh do mhuintir bhocht na hÉireann dul ar ais go dtí an áit ar tháinig siad as, agus vótaí a chaitheamh de réir a dtola agus a méine agus a ndúile, thit mar a bheadh tost ar an tír, agus níor chualathas glór cantalach Chathail Mhic Ceithearnach Coille ag múscailt daoine ar maidin ná glór séimh binn Vincentius Brownius ag cur daoine ina dtámhnéal suain san oíche.
De réir a chéile finally
" Sáinniú gan Urchóid =========== De réir a chéile, bhí an slua ag brú timpeall orm agus iad ag súil le rud in aisce.
beart de réir a bhriathair his living up to his word
" Seo *‘Everyman’*, nó *‘Everyleanbh’*, agus sciobtar na cosa amach fúinn i bhfianaise ‘ghlaine a chroí, neart a ghéag’ agus an ‘beart de réir a bhriathair’.
De réir a chéile by and by
" De réir a chéile, tosaíonn sí ar a saol a atógáil ón bhonn arís.
rinne sé beart de réir a bhriathair he did as promised
" ”* “Maith go leor,” arsa Ó Cuinneagáin, agus rinne sé beart de réir a bhriathair nuair nár inis sé an scéal do Bhalor ach an t-aon uair amháin.
de réir a chéile gradually
" Bhí reachtaíocht an Stáit á haistriú go Gaeilge i Rannóg an Aistriúcháin, Tithe an Oireachtais, ó aimsir bhunú an Stáit agus, de réir a chéile, rinne an fhoireann simpliú ar an gcóras litrithe a bhí á úsáid i bhFoclóir an Duinnínigh.
an doras amach de réir a chéile gradually retreats out the door
" Cúlaíonn clann, comharsain agus an ceol féin an doras amach de réir a chéile.
de réir an chomhairle a chur according to the advice given
" Ní fhéadfadh an rialtas breitheamh gan Ghaeilge líofa a aistriú as limistéir ina raibh ceantar Gaeltachta ann, de réir an chomhairle a chur an Roinn Dlí is Cirt ar fáil i gcás cháiliúil chearta teanga a tionscnaíodh breis is 30 bliain ó shin.
de réir a chéile step by step
" Tá an ghluaiseacht ag forbairt de réir a chéile agus tá curaclam agus bonneagar fós idir lámha ag na teagascóirí.
ní a dhealaigh iad de réir a chéile something which separated them accordingly
" D’fhan na Sean-Ghaill lena seanchreideamh, ní a dhealaigh iad de réir a chéile le lucht cinsil nua na tíre, na Nua-Ghaill agus óna dtailte féin dá réir.
i dtaithí air de réir a chéile used to it by and by
" Táthar ag súil nach mbeidh ach an t-ainm bunúsach i bhfeidhm ar ball nuair a théann muintir na tíre i dtaithí air de réir a chéile.
bheidís á leasú go mall de réir a chéile they’d improve it with deliberation
" Thógfaidís bonneagar cumarsáide a mhairfeadh tríocha bliain, agus ar feadh an ama sin bheidís á leasú go mall de réir a chéile.
de réir a chéile gradually
" Ach bhí rudaí ag athrú de réir a chéile: shíl cuid de na hÉireannaigh, go háirithe Éireannaigh núíosacha a tháinig go Learpholl le post a fháil sna 1950aidí, go raibh Conradh na Gaeilge seanaimseartha, sáinnithe i *‘time warp’* mar a déarfá Meath an Chonartha ======== Bunaíodh Comhaltas Ceoltóirí Éireann i 1951 agus bhí sé tarraingteach do dhaoine a raibh suim sa cheol traidisúnta acu ach nach raibh spéis acu sa teanga.
a mheas de réir estimated according to
" Cleas an Philibín ======= ’Sé an cur chuige atá ag an Aire ná '*never mind the quality feel the grades*' ach i ndeireadh ama, níor cheart fiúntas an tsiollabais a mheas de réir torthaí arda, ach de réir cumas cainte agus tuisceana na ndaltaí.
De réir a athar according to his father
" De réir a athar, bhíodh “dúil aige sa ghalf agus bhí cis aige a bhí thart ar a naoi nó a deich.
De réir mar a éiríonn leo according to how they succeed
" De réir mar a éiríonn leo, beidh a fhios againn cé acu is aontachtaithe Caitliceacha iad, nó aontachtaithe measartha nó gur náisiúnaigh iad a chreideann gurb ionann an rialtas ó dheas agus foireann The Sopranos agus gurbh fhearr leo suí ar an chlaí ar feadh tamaillín go bhfeicfidh siad aiséirí an Tíogair Cheiltigh, ní hamháin saor ach Gaelach chomh maith.
de réir a chéile more and more
" Le linn an leabhair, cuireann muid aithne ar Cheradenine Zakalwe, de réir a chéile, go dtí go dtuigeann muid nach mar a shíltear a bhítear i gcónaí.
i bhfeidhm de réir a chéile into effect by and by
" Ach is cosúil nach raibh an toradh ceart ar na cóid iompair a chuir na corparáidí móra i bhfeidhm de réir a chéile ó na nóchaidí.
De réir na dtuairimí a bhí á nochtadh according to the opinions expressed
" De réir na dtuairimí a bhí á nochtadh, d’fhéadfadh sé gur náisiúntóir agus aontachtóir, Caitliceach agus Protastún, Gaeilgeoir agus Béarlóir a bhí i gcomhluadar liom, seachas beirt phósta as Chrisnau, ealaíontóir agus fear gnó.
de réir a chéile over time
" ’ Ach de réir a chéile, scaip an scéala faoin rogha iontach sléibhte sa Spáinn: idir na Piréiní agus Na Sléibhte Cantabracha i dtuaisceart na tíre, Sierra del Gata agus de Gredos sa lár, agus sa deisceart na Sierra Morena, Sierra Nevada agus Valencia.
de réir a chéile eventually
" Ní raibh mórán thart ag an am sin go bhféadfainn tagairt dó i dtaobh cumadóirí ceoil comhaimseartha Gaeilge, seachas léithidí Thaidhg Mhic Dhonnagáin agus Na Fíréin – thaitin a gcuid ceoil go mór liom agus de réir a chéile thosaigh mé ag scríobh i mo theanga féin, ar mo stíl féin.
de réir a chéile gradually
" "Ar scoil, theagasc iarchimí mé, agus na daoine seo, d'inis siad scéalta faoin dóigh ar fhoghlaim siad an teanga agus iad i ngéibheann agus chuir mé an dúrud ceisteanna orthu agus de réir a chéile bhí a fhios agam gur mhaith liom rudaí a thabhairt le chéile agus rinne mé sin do thráchtas a bhí mé ag scríobh mar chuid den chúrsa dochtúireachta a bhí idir lámha agam in Ollscoil na Ríona, ach ba é an sprioc a bhí i gcónaí agam ná rud éigin a fhoilsiú.
beart a dhéanamh de réir briathair action to match the sentiment
" Tá an tuiscint ann, níl de dhíth anois ach beart a dhéanamh de réir briathair.
a fheidhmíonn de réir which functions according to
" Bhí an maisiú gutha go forleathan inti, maisiú a fheidhmíonn de réir mar is rogha don amhránaí é.
De réir mar a thuigtear do as (D.) sees it
" De réir mar a thuigtear do Dhónall, bíonn drogall ar dhaoine aeracha na cathrach a spéis sa nGaeilge agus i saíocht traidisiúnta na hÉireann a léiriú de dheasca tuiscintí coiméadacha a bhíodh nasctha go haineolach leis an nGaeilge, rud nach bhfuil fíor a thuilleadh dar leis.
ba bheag a spéis, de réir dealraimh she had little interest, apparently
" Níor fheil an féinscrúdú do Margaret óg, agus ba bheag a spéis, de réir dealraimh, i smaointí teibí fealsúnachta taobh amuigh dá páirtí caomhach muirneach.
De réir a chéile gradually
" De réir a chéile tá fianaise ó fhoinsí éagsúla ag teacht le chéile maidir leis an gheilleagar féin, agus buíochas mór le Dia, tá loinnir bheag an dóchais ar an scéal don chéad uair le fada an lá.
De réir a chéile a thógtar na caisleáin things happen by and by
" De réir a chéile a thógtar na caisleáin, deir siad.
de réir mar a bhualann an fonn iad whenever they’re inclined to
" Ligeann na ceoltóirí corr-liú áthais astu ó am go chéile, nó cuireann siad lúibíní cainte leis an gceol de réir mar a bhualann an fonn iad.
de réir a chéile gradually
" Ach de réir a chéile, chuaigh na páistí chuig ranganna ceoil, le Scoil clúiteach Mhic Phéice ar dtús agus chuig Patrick Dave ina dhiaidh sin.
de réir a chéile gradually
" Nuair a théann tú i dtaithí ar bhéascna tíre eile agus nuair a thosaíonn tú ag cleachtadh nósanna na tíre sin, athraíonn an tslat tomhais i d’intinn de réir a chéile, uaireanta i ngan fhios duit.
De réir a chéile gradually
" De réir a chéile tá an aibhléis agus an t-uisce a gcur ar fáil dóibh siúd a bhfuil cónaí orthu sna ceantair is boichte.
chaithfinn beart a dhéanamh de réir na mbriathar I'd have to deliver the goods
" Ach chaithfinn beart a dhéanamh de réir na mbriathar.
a chruthaigh iad de réir finscéil who created it as the story goes
" Is iad na reacairí ansiúd a thosaigh é ar dtús (Chris Messina a chruthaigh iad de réir finscéil <http://www.
de réir a chéile gradually
" Cé gur chuir cinneadh míofar GM go leor daoine le báiní abhus, bhí sé i gcomhfhios don saol mór le deich mbliana anuas go raibh an comhlacht ag sracadh leis an saol agus laghdú ina sciar den mhargadh le sonrú de réir a chéile.
De réir a chéile gradually
" De réir a chéile cuireadh le líon na scáileán teilgeora sin ionas go bhféadadh na híomhánna gluaiseacht níos tapúla agus go raibh leanúnachas níos fearr le sonrú orthu.
De réir a suíomh idirlín according to their internet site
" De réir a suíomh idirlín (<http://www.
de réir tuarascáil a d'fhoilsigh an taighdeoir according to a report published by the researcher
" I gceantar uirbeach i mBaile Átha Cliath 10, tá fiacha fóntais ag 60% dá gcliaint, formhór na ndaoine sin ag fanacht i dtithe nach bhfuil morgáistí ar bith acu, de réir tuarascáil a d'fhoilsigh an taighdeoir Dr Stuart Stamp i Mí Iúil 2013.
scaip an slua de réir a chéile the crowd gradually dispersed
" Nuair a bhí an léacht thart, scaip an slua de réir a chéile.
de réir a chéile gradually
" Ach nuair a tháinig siad a chónaí in Buenos Aires, mheasc siad leis na ciníocha eile agus de réir a chéile laghdaíodh an tÉireannachas a bhí iontu.
de réir a chéile gradually
" Chroch mé liom iad de réir a chéile thar thréimhse roinnt seachtainí agus leag iad sa dóigh go raibh an taobh a bhí gearrtha sáite go domhain faoi uisce srutháin.