Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
dheisbhéalach articulate
" Is údar í an tsiúr dheisbhéalach, chróga, shéimh seo ar chúrsaí a bhaineann le bochtanas mar gurb í a bhunaigh an eagraíocht Focus Ireland (FI) i 1985.
deisbhéalaí articulate
" Arís agus arís eile, is iad seanadóirí na nOllscoilleanna a thugann na hóráidí is eolaí agus is deisbhéalaí, ní hamháin sa Seanad ach i dtithe an Oireachtais trí chéile.
deisbhéalach articulate
" Is mór an dul chun cinn atá déanta ag an fhear deisbhéalach seo a rugadh agus a tógadh i Mín na Leagha agus a bhfuil bunús a shaoil caite aige sa cheantar álainn seo, diomaite de thréimhsí gairide in áiteanna mar Londain, Chill Dara agus Luimneach nuair a bhí sé níos óige.
dheisbhéalach articulate
" Ach nach sásta atá muid go bhfuil Balorina, a dheirfiúr dhiabhlaí dheisbhéalach dheargnaimhdeach ar shiúl ar ais go dtí an phluais a dtáinig sí as, agus í i ndiaidh feic saolta a dhéanamh di féin agus dá muintir ar "Beo Ar Éigean" na míosa seo caite.
deisbhéalach articulate, witty
" Duine é, mar sin, atá go mór sa nuacht agus cad ina thaobh nach mbeadh - tá saol suimiúil á chaitheamh aige, mórobair déanta agus á déanamh fós aige i léann na Gaeilge, agus é deisbhéalach, tapaidh, cneasta agus mórchroíoch ina theannta.
deisbhéalach articulately
" Is duine í a labhrann amach go líofa deisbhéalach.
comhráite deisbhéalacha witty conversations
" " Tá an méid seo le rá ag Murphy fosta: "Agus tá finéid aici nach bhféadfá dearmad a dhéanamh orthu: an fháilte a cuireadh roimpi sna botháin, comhráite deisbhéalacha, an damhsa a eagraíodh mar chomhartha ómóis di i mBaile Eoin, an tsiúlóid trasna sléibhe i gCiarraí le buachaill bó, mná na tuaithe ag bailiú feamainne ar thrá i gCiarraí agus Nicholson ag bualadh le páistí scoile.
deisbhéalaí readiness of speech
" Níorbh fhiú a bheith ag súil le deisbhéalaí ón gcarachtar seo.
deisbhéalach, oilte, éirimiúil agus béasach well-spoken, educated, intelligent and mannerly
" Ní shéanann siad go bhfuil ocras agus fulaingt agus SEIF i gceist, ach tá siad an-bhródúil as na dea-rudaí a bhaineann leis an tír: an tslí a bhfuil am ag daoine dá chéile, an dúlra, chomh deisbhéalach, oilte, éirimiúil agus béasach atá go leor de na daoine.
tiománaí deisbhéalach scéalach a witty newsbearing driver
" Isteach sa bhus idirchathrach go Kerikeri liom, agus bhí tiománaí deisbhéalach scéalach againn, a d’inis dúinn faoi thorthaí agus ghlasraí na háite agus muid ag taisteal ó thuaidh.
colúnaí deisbhéalach witty columnist
" ”**Cogaíocht** Seans maith go síleann go leor daoine faoi thríocha bliain d’aois nach bhfuil in Myers ach colúnaí deisbhéalach a raibh post bog sábháilte aige leis an *Irish Times* ar feadh na mblianta.
deisbhéalach well spoken
" Rinne Bush oiread praisigh le linn a réimis ocht mbliana is gur fáiltíodh roimh iarrthóir a bhí difriúil uaidh ar mórán chuile bhealach, seachas a ghnéas: óg agus dubh seachas bán agus meánaosta, daonlathach ón tuaisceart seachas poblachtánach ón deisceart, deisbhéalach agus síochánta ina chuid cainte in áit a bheith místuama agus trodach.
dheisbhéalaí well spoken
" Is minic go gceapann siad go raibh an cainteoir sin, an cainteoir deireanach mar dhea, ní ba dheisbhéalaí nó ní b’fhearr ná iad.
deisbhéalach eloquent
" Fear deisbhéalach é Noonan agus tá sé de bhua aige go dtig leis dul i ngleic go han-ghasta le fadhbanna agus le dúshláin úra.
deisbhéalach well spoken
" Bhí na focail deisbhéalach, milis, binn ach bhí an cur i láthair cantalach, ceanndána, colgach.
ba dhaoine deisbhéalacha bríomhara iad they were lively loquacious people
" Samhlaímis muintir na leabhar sin, an tOileánach, nó Allagar na hInise, ba dhaoine deisbhéalacha bríomhara iad a casadh linn ansiúd! Ar an láimh eile, feictear Ciaran Mc Cauley agus is féidir liom a rá gur bhuaicphointe an dráma é Mc Cauley mar an seanlad.
stuama, oilte, deisbhéalach prudent, skilled, well spoken
" Níl siad sásta nach bhfuil sé ar bhonn uile-Éireann, ach dar linne, má táimid le freastal ar na pobail as a dtagaimid agus seasamh ar son a gcearta siúd, caithfimid ár gcás a chur chun cinn i bhfoirm ionadaithe poiblí atá stuama, oilte, deisbhéalach, atá in ann taighde a dhéanamh agus cás a throid ar na ceisteanna ar fad atá tábhachtach don phobal.