Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
claonadh na heite deise right-wing leaning
" Tá an Páirtí Daonlathach tar éis claonadh na heite deise a thabhairt don Chomhrialtas FF/PD.
d'idé-eolaíocht na heite deise right-wing idealogy
" Ceapadh Letizia Moratti mar Aire Oideachais tar éis bhua na heite deise le teacht i gcomharbacht ar Luigi Berlinger agus tá sise ag féachaint le leasuithe a chur i bhfeidhm sa chóras scolaíochta chun go mbeadh rian d'idé-eolaíocht na heite deise le brath níos mó air.
na heite deise of the right wing
" Baineann na veaineanna dubha seo leis an *uyoku*, páirtithe agus eagraíochtaí na heite deise.
polaiteoirí de chuid na heite deise right-wing politicians
" Le cúpla bliain anuas, tá roinnt polaiteoirí de chuid na heite deise ag moladh go ndéanfaí na drúthlanna a athoscailt; tá siad mídhleathach faoi láthair ach tá siad ann mar sin féin, cé go mbíonn siad ag cur i gcéill gur gnó eile ar fad iad.
mheall a coise deise her right calf
" Shín sí síos a lámh agus mhothaigh sí thart fá mheall a coise deise.
os cionn na súile deise above my right eye
" Tailm! Bhuail mé mé féin os cionn na súile deise.
ag fáil deise getting an opportunity
" Idir dhrámaíocht ("Ros na Rún", "CU Burn" agus araile) agus thráchtaireacht ar chluichí, tá seirbhís den scoth á soláthar ag TG4 agus tá aisteoirí Gaeltachta agus Gaeilge ag fáil deise a ngairm a chleachtadh trí mheán na Gaeilge go gairmiúil agus caighdeán ard a bhaint amach ag an am céanna.
á dtiomáint ag ídéolaíocht sheanchaite na heite deise being driven by worn-out right-wing ideology
" Dea-scéala do phobail na gceantar sin gan amhras, ach ar chuir éinne an cheist fhollasach: dá mbeadh Eircom fós i seilbh an Stáit nach mbeadh sé níos fusa agus níos saoire treoir a thabhairt don chomhlacht na seirbhísí riachtanacha sin a chur ar fáil do chuile dhuine, ar mhaithe leis an leas coiteann? Botúin ======= Léiriú is ea an scéal truamhéalach seo ar na botúin a dhéanann rialtais nuair a bhíonn siad á dtiomáint ag ídéolaíocht sheanchaite na heite deise.
ag tabhairt na deise céanna dom giving me the same opportunity
" Cé go raibh deiseanna taistil iontacha agam le mo chairde Seiceacha ar fud na tíre, tá an Ghaeilge ag tabhairt na deise céanna dom, creid é nó ná creid.
dóthain deise enough opportunities
" AÓF: An mbíonn dóthain deise agat amhrán a chasadh? CÓCC: Ní bhíonn, faraor! Bhíos an-ghnóthach le dhá bhliain anuas agus níor éirigh liom freastal ar an méid ócáidí amhránaíochta is ba mhaith liom.
ar fhealsúnacht na heite clé nó deise on the philosophy of the left or right wing
" Nárbh fhearr i bhfad go mbeadh na páirtithe sinsearacha seo ina bhfreasúra do chúis i bhfad níos tábhachtaí, go mbeadh dearcadh i bhfad níos fadtéarmaí acu agus go mbeadh siad ar a ndícheall ar son a muintire uile? Go mbeadh na focail "frith-Chomhaontú" agus "frith-Aontacht" curtha sa bhosca bruscair agus go mbeadh an pholaitíocht bunaithe ar fhealsúnacht na heite clé nó deise chun leas achan bhall den tsochaí? Tuigtear cén fáth ar cuireadh ailtireacht Chomhaontú Aoine an Chéasta le chéile.
deise opportunity
" Maidir leis an imreoir, tá seans ann nach mbíonn mórán deise aige taitneamh a bhaint as an éacht atá déanta aige féin agus ag a chomrádaithe contae toisc go bhfuil orthu aghaidh a thabhairt ar an gcéad dúshlán eile i gcraobhchomórtas na gclub ina chontae féin.
de chuid na heite deise of the right wing
" Diúltaíonn polaiteoirí áirithe de chuid na heite deise go hiomlán do bhunú Saorstáit Bhascaigh.
eacnamaithe na heite deise right-wing economists
" Is léir gurb é an chomhairle atá á tabhairt ag eacnamaithe na heite deise ná gur cheart an aerlíne a phríobháidiú.
ag tapú gach deise a fhaigheann sé seizing every opportunity that he gets
" Tá an Taoiseach faoi láthair ag tapú gach deise a fhaigheann sé lena rá go gcreideann sé go bhfuil fíordhíospóireacht ar siúl laistigh den IRA, díospóireacht a bhfuil sé féin dóchasach a mbeidh scor an IRA mar thoradh uirthi.
ag cuardach deise looking for an opportunity
" Tá mé ag cuardach deise chun freastal ar ranganna Gaeilge mar tá a fhios agam go bhfuil deacrachtaí móra agam go fóill leis an tuiseal ginideach, le haimsirí na mbriathra agus le haidiachtaí.
ag tabhairt deise do dhaoine ó bhaile isteach giving outsiders a chance
" I dTír Chonaill, mar shampla, tá neart an phunta Sterling in éadan an euro ag tabhairt deise do dhaoine ó bhaile isteach tithe saoire a cheannach agus a thógáil.
cuma i bhfad níos deise a far nicer appearance
" Bíonn an prionsabal seo i gceist agus le feiceáil go soiléir nuair a leanann scannán an nuacht ar stáisiún teilifíse – bíonn cuma i bhfad níos deise ar an scannán de ghnáth toisc go raibh trealamh i bhfad níb fhearr in úsáid.
an chuimhne is deise the nicest memory
" AÓF: Cén uirlis cheoil is fearr leat? TM: An phíb uilleann, ar ndóigh! AÓF: An bhfuil aon uirlis nach dtaitníonn leat? TM: An bainseó! AÓF: Cad í an chuimhne is deise atá agat ar 2006 ó thaobh an cheoil nó na hamhránaíochta de? TM: Nuair a chas an fear sin Alan Burke, a luaigh mé ar ball, “Óró sé do bheatha abhaile!” ag seisiún amhránaíochta ag an bhféile sin in Copenhagen.
lucht vótála na heite deise, right-wing voters,
" Seachas breathnú orthu mar áiteanna a chuirfeadh coirpigh ar atreo, tá daoine, go háirithe lucht vótála na heite deise, ag iarraidh go gcuirfí pionós ar phríosúnaigh thar a dtréimhse ar fad sa phríosún.
ag fáil deise getting an opportunity
" “Tá mé anois 53 bliain d’aois, agus tá mé ag fáil deise roinnt eile de mo chuid fíorlaochra a phéinteáil.
na heite deise, of the right wing
" Ní raibh fágtha aige le ceacht a mhúineadh dó ach Huckabee Finn, laoch thar laochra na heite deise, Críostaí thar Chríostaithe.
foilseachán bolscaireachta na heite deise. the right wing's propaganda publication.
" Níl ann i ndáiríre ach foilseachán bolscaireachta na heite deise.
boic mhóra na heite deise the big right-wing bucks
" Rinne Moon teagmháil le boic mhóra na heite deise sa tSeapáin go luath sna seascaidí, nuair a chuir bunaitheoir CIA na Cóiré (KCIA), Kim Jong-Pil, é in aithne do Yoshio Kodama agus Ryoichi Sasakawa – beirt choirpeach cogaidh agus máistrí *yakuza* a thosaigh ag obair do CIA na Stát Aontaithe (SAM) i ndiaidh an Dara Cogadh Domhanda.
i gcogadh mínaofa na heite deise in the right wing's holy war
" Le beagnach 50 bliain anuas, is amhlaidh go bhfuil páirt lárnach glactha ag lucht leanúna Moon i gcogadh mínaofa na heite deise i gcoinne an daonlathais.
níos deise dúinn closer to us
" ?) Cionn is go raibh sé chomh beag, bhí sí féin níos deise dúinn agus bhí an t-atmaisféar iontach ar fad.
is deise nicest
" Tá an ceann is deise, uimhir 600 amuigh ar cíos ag lánúin aerach is cosúil, a scríobhann scéalta grá faoin ainm cleite “*Judith Gould*”.
dtír na deise land of opportunity
" Sílim nár mhiste na trí ráithe, nach mór, atá caite agam i ‘dtír na deise’ a mheas.
an t-am ba deise the most opportune time
" Ní hí an tréimhse a bhfuilimid anois ann faoi láthair an t-am ba deise riamh, ar ndóigh, ar a lán údar.
i dtreo na heite deise to the right wing
" A cháil titithe go mór ar na mallaibh, áfach, de dheasca na tubaiste a bhain le príosún Halla Uí Dhroighneáin a bheith caite i dtraipisí agus faoina chuid claonadh i dtreo na heite deise agus coir an Diamhaslú á dhleathú aige.
is deise nicest
" Cumann Peile an Phiarsaigh nó ‘Na Piarsaigh’, cad eile, is ainm don chumann áitiúil agus in ainneoin na heisimirce, na dífhostaíochta agus na bochtaineachta sna blianta atá thart, tá ceann de na staid pheile is deise atá le feiceáil in Éirinn tógtha ag cumann na bPiarsach i Ros Muc.
heite deise right wing
" Mac polaiteora na heite deise is ea Roman.
is deise dó a léine his shirt is closer still
" ‘Mar is deas do dhuine a chóta, is deise dó a léine’ a deir an seanfhocal, agus is deise agus is glaise domsa mo léine ná cóta ar bith, má thigeann tú leat mé, a Bhaloir.
is deise prettiest
" Ach conas a tharla gur áiríodh í ar an gCorcaíoch mná is deise? “Bhuel, is cailín aimsire mé i Scoozi’s, bialann i lár na cathrach, agus déanann mo chomhghleacaí Amanda roinnt oibre ar son Comórtas Áilleachta Miss Cork is d’iarr sí orm go gcuirfinn isteach air.
ba deise grandest
" Anuraidh, thógas tros ar abhainn an Sionainne agus déanaim amach gurb é ceann desna laethanta ba deise a bhí agam ar aon bhád, mar bím ag imeacht i gcónaí agus bím ag imeacht ana-thapaig.
heite deise right wing
" Ba é Sarkozy laoch na heite deise, polaiteoir a raibh chuile dhuine ag caint faoi agus a bhí á ullmhú féin le teacht i gcomharbacht ar Jacques Chirac mar uachtarán ar an tír.
is deise nicest
" ’ Seafóid, faoin chosán is deise in Éirinn.
deise right(wing)
" Tá dronganna éagsúla i bPáirtí an Lucht Oibre le fada an lá, leithéidí na droinge clé agus drong na deise, agus bhí cumhacht láidir acu i stiúradh an pháirtí.
is deise finest
" Ar láimh amháin, bíonn na cainteoirí is deise ar domhan le cloisteáil ag caint ar an dá mheán sin, RnaG agus TG4.
heite deise right wing
" Pamela Geller, cuir i gcás, blagadóir as Nua-Eabhrac a bhfuil luí aici le polaitíocht na heite deise ("Atlas Shrugs" is ainm dá blag, in ómos don fhealsúnaí frithchumannach Ayn Rand) agus leis an bhfrith-Ioslamachas (bhunaigh sí grúpa darb ainm *Stop Islamization of America* ar mhúnla na buíne *Stop Islamisation of Europe* sa Danmhairg agus sa Ríocht Aontaithe).
na heite deise right wing
" Creideann sé i bpolaitíocht na heite deise agus i gceart na ngnólachtaí agus na bhfostóirí.
heite deise right wing
" Tá tú ar thaobh na heite deise, nó ar thaobh na heite clé, agus sin a bhfuil de.
is deise ar domhan nicest in the world
" Is dócha gurb é seo an codladh is deise ar domhan, an geimhriú a dhéanann an t-ainmhí, nuair a mhoillíonn buille an chroí agus na hanála chomh maith ar an mbolg lán agus greim bia in aice lapa fosta, ligfidh an t-ainmhí néal an gheimhridh as a cheann ar a sháimhín só! Deirtear go mbíonn sé an-deacair ainmhí mar seo a dhúiseacht.
heite deise right wing
" Bhí na Tóraithe acu ar thaobh amháin agus Páirtí an Lucht Oibre faoi Blair, mar shampla, a bhí ag feidhmiú polasaithe na heite deise.
níos deise closer
" Bheadh sé le cur i mbun na Roinne Gnóthaí Eachtracha ach gur fearr leis a bheith níos deise do bhaile de bharr drochshláinte a mhná.
lucht na heite deise the right wing group
" Is minic lucht na heite deise i gceannas sa stát sin, ach dála na hÉireann, is polaiteoirí ‘den lár’ iad, a bheadh chomh sásta céanna plé le ceardchumainn agus a bheidís ag deighleáil le comhlachais tráchtála.
i dtreo na heite deise towards the right wing
" “Ar an drochuair, bhí an Eoraip ag bogadh i dtreo na heite deise agus bhí mise ag dul sa treo eile, mar sin, ní thiocfadh liom an díospóireacht a thionscnamh ar -, mar shampla, cad é ba cheart don Eoraip a bheith a dhéanamh le fórsa a chruthú a bhéarfadh dúshlán fhorlámhas chultúr chósta thiar Mheiriceá?”
 Beith an Duine a Fhorbairt ============ Agus é ag caint i mBéal Feirste an mhí seo caite, labhair Michael D ar thábhacht na n-ealaíon don tsochaí.
drong na heite deise the right wingers
" Sheas mé an fód in San Salvador sa bhliain 1980 nuair a dhúnmharaigh drong na heite deise – cairde Mheiriceá – an tArdeaspag Oscar Romero.
is deise nicest
" Is minic gurb é seo an seomra is deise sa teach, le diwan bog, nó mataí, ar an urlár timpeall ar na ballaí, agus adhairteanna ar fáil le haghaidh compoird don droim.
is deise agus is cáiliúla nicest and most famous
" Mar aon leis na dioscaí, tá leabhar 40 leathanach le clúdach crua a dhéanann an t-ábhar a chíoradh: Faightear anseo an saothar is deise agus is cáiliúla dá chuid, idir cheol don cheolfhoireann agus do Cheoltóirí Chualann.
neart deise plenty of opportunity
" Ach d’fhéadfadh an comóradh seo níos mó dochar ná maitheas a dhéanamh don Lucht Oibre ar an gcúis seo: tabharfaidh sé neart deise do Joe Higgins ón bPáirtí Sóisialach, Richard Boyd Barrett ón gComhghualaíocht Aontaithe ar Chlé agus do Gerry Adams ó Shinn Féin a mheabhrú don phobal gur mór an difríocht idir an leagan amach atá ag an Lucht Oibre i 2012 faoi cheannas Gilmore agus Burton agus an leagan amach a bhí ag an bpáirtí a bhunaigh Connolly agus Larkin.
maidir le dúnghaois na heite deise in regard to right wing polici(es)
" B'éigean don Pháirtí Poblachtánach dul i bhfad amach ar an eite dheis chun iad féin a idirdhealú ó na Daonlathaigh, agus b'é a tháinig as ná gur thosaigh ceannairí an pháirtí ag sárú a chéile maidir le dúnghaois na heite deise.
antoisceachas na heite deise right wing extremism
" D’fhág antoisceachas na heite deise deichniúr marbh, ar a laghad, agus na scórtha croíbhríste i ré uafáis sa Ghearmáin le blianta beaga anuas.
níos deise nicer
" Tuigeann an suíomh seo go bhfuil sé níos deise obair ar son sprioc dhearfach dhéanasach in ionad a bheith in ísle brí faoi mhéad do rian coise a chaithfidh tú a laghdú.
níos deise nicer
" Ach bhí cósta Gleann Cholm Cille níos deise ná é, dar léi.
seachas ó dheireadh na heite deise rather than from the extremity of the right wing
" Is dócha gurb é sin an faraor géar is mó dó, mar is léir cheana féin óna stair mar rialtóir ar Massachusetts gur polaiteoir stuama é a rialaíonn ón lár, seachas ó dheireadh na heite deise.
lucht na heite deise those on the right wing
" Ní maith le lucht an Tea Party é (lucht na heite deise) mar tá sé róthoilteanach comhoibriú leis na daonlathaigh, agus ní maith le lucht an láir é mar tá faitíos orthu go ndíolfaidh sé amach iad le lucht na gcomhlachtaí móra.
má bhíonn siad níos deise if they’re closer
" ’Sé sin, go réitíonn sé go measartha leis an tsúil roinnt muilte a fheiceáil i bhfad siar ar bharr cnoic, ach gur scéal eile é nuair a fheictear sraith mhór muilte, go háirithe má bhíonn siad níos deise don tsúil.
ar thaobh na láimhe deise to the righthand side
" Feictear ar thaobh na láimhe deise mac le Tornabuoni agus Piero di Lorenzo de Medici.
de chuid na heite deise from the right wing
" Ar ndóigh, beidh go leor dá gcuid lucht tacaíochta glan in éadan margadh a dhéanamh le ceachtar den dá pháirtí de chuid na heite deise.
i bhfad níos deise a lot nicer
" Tá stíl i bhfad níos deise ar an gcorp – agus roinnt athruithe déanta ar an inneall freisin.
ar na peileadóirí is deise stíl agus is oilte one of the most stylish and skilled players
" Is breá an rud é An Cábhán a fheiceáil i bPáirc an Chrócaigh arís agus tá súil agam go mbeidh cluiche maith ag Martin Ó Duinn in aghaidh Chiarraí mar go bhfuil sé ar na peileadóirí is deise stíl agus is oilte atá feicthe agamsa i mbliana.
is deise nicest
" Cé gurb iad roinnt de na daoine is clistí agus is deise ar bhuail mé leo riamh, níl aon amhras go dtagann an-chuid dá dtuiscint agus tiomantas ó mhíshuaimhneas.
agus iad ar beagán deise having little chance
" San áit a raibh talamh phríobháideach ann, agus na tiarnaí talún i réim, bhí na daoine bocht dearóil agus iad ar beagán deise chun cultúir.
mórán deise much opportunity
" Gaelainn Keswick ====== Ach, an mbíonn mórán deise ag Paul a chuid Gaeilge a labhairt i gKeswick? “Tá aithne agam ar Ghaeilgeoir amháin eile sa bhaile, fear as Tiobraid Árann.
is deise dó a léine his shirt is closer still
" De réir an tseanfhocail, más deas do dhuine a chóta is deise dó a léine, ach níorbh amhlaidh a bhí cúrsaí an iarraidh seo.
i bhfad níos deise a lot nicer
" Tá na tránna i dTír Chonaill i bhfad níos deise.
fuathghríosóir na heite deise a right wing hate inciter
" D’eascair cinneadh an rialtais an t-alt a athrú as cás cúirte mícháiliúil sa bhliain 2011 in éadan Andrew Bolt, fuathghríosóir na heite deise.
is deise liom féin which I prefer myself
" Déan cuardach ar ‘Healing Mantras’, cuir i gcás, agus tiocfaidh tú ar chuid de na samplaí is deise liom féin agus iad á gcanadh ag Dúitseach, Hein Braat.