Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
síniú digiteach digital signature
" Cuireann Baltimore cláracha ar fáil chun eolas a incriptiú agus chun a chinntiú cad as a dtagann sé le "síniú digiteach", agus tá scéimeanna incriptiúcháin eile ar nós PGP ar fáil freisin saor in aisce ar an idirlíon.
eolais dhigitigh digital information
" Toisc go mbíonn ar na pictiúir taisteal i bhfoirm eolais dhigitigh thar gnáthlínte fóin, tá teorainn leis an méid eolais is féidir a chur.
asléamh dhigitigh digital readout
" Léirítear an t-eolas sin don úsáideoir i bhfoirm asléamh dhigitigh leis na comhordanáidí, nó ar léarscáil leis an láthair reatha marcáilte air.
eolais digitigh digital information
" Go dtí seo ní raibh mórán de mhargadh ann do na seirbhísí seo, ach anois go bhfuil gutháin shoghluaiste ar fáil a bhfuil scáileán daite acu atá ábalta glacadh le níos mó eolais digitigh, tá na comhlachtaí ag súil go bhfásfaidh an margadh.
cainéil dhigiteacha digital channels
" Cláracha ar bith eile a dhéanfadh muid, b'fhéidir go mbeadh siad le feiceáil ar an cainéil dhigiteacha, nó thiocfadh linn labhairt le TG4 fá roghanna eile.
grianghraif dhigiteacha digital photographs
" Tá cuid mhaith físcheamaraí maithe digiteacha ar fáil anois ar phraghas réasúnta, agus go deimhin is féidir le roinnt ceamaraí a ghlacann grianghraif dhigiteacha giotaí gairide físe a thaifeadadh freisin.
dhioscaí digiteacha ilúsáide DVDs
" Ar ndóigh, chabhródh diosca crua mór faoi leith freisin, agus tá gá le tiomántán DVD-R chun na scannáin a scaipeadh ar dhioscaí digiteacha ilúsáide.
athmháistriú digiteach digital remastering
" An rud a rinneamar leis an gcnuasach seo ná go ndeachamar siar chuig na máistrí, na buntéipeanna (tá siad againn i gcónaí), agus bhíomar ábalta athmháistriú digiteach a dhéanamh orthu.
cheamaraí digiteacha digital cameras
" An rud is fearr faoi cheamaraí digiteacha ná gur féidir an t-uafás grianghraf a ghlacadh leo.
chárta cuimhne digiteach digital memory card
" De ghnáth tugann tú na grianghraif dóibh ar chárta cuimhne digiteach agus déanann siad gach uile phictiúr a phróiseáil.
cheamara digiteach digital camera
" Nascann sé a cheamara digiteach leis an ríomhaire, agus ceann ar cheann preabann na grianghraif ar fad a ghlac sé ar laethanta saoire an tsamhraidh suas ar an scáileán.
físeán digiteach digital video
" Le linn do na healaíontóirí a bheith san Afganastáin, áit ar chuir an Imperial War Museum i Londain iad tar éis thitim réimeas an Taliban in 2001, thóg siad grianghraif den teach agus rinne siad físeán digiteach astu, chun cur ar chumas cuairteoirí a mbealach a dhéanamh thart ar iarbhaile bin Laden ag úsáid luamháin stiúrtha.
línte digiteacha rannpháirtí digital subscriber lines (DSL)
" Beidh Dempsey freagrach as méadú líon na n-úsáideoirí a bhaineann leas as leathanbhanda, agus go háirithe línte digiteacha rannpháirtí.
táirgí líne digití rannpháirtí DSL products
" Tá go leor comhlachtaí nach bhfuil in ann íoc as seo agus, mar sin, má theastaíonn uathu leathanbhanda a sholáthar dá gcustaiméirí, tá orthu táirgí líne digití rannpháirtí a cheannach ó Eircom ar bhonn mórdhíola, agus iad a dhíol ar aghaidh chuig na custaiméirí.
go digiteach digitally
" Léitear an t-eolas go digiteach agus ligtear tríd thú, fad is atá lucht na dticéad "traidisiúnta" fós sa scuaine.
ceamara digiteach digital camera
" An bhfuil aon rud níos measa ná daoine a fheiceáil ag glacadh grianghraf ag coirmeacha ceoil lena nguthán? Dúisígí agus éistigí leis an gceol a chairde! Tá sé ródhorcha chun grianghraif a ghlacadh agus tá do lámh i mo shlí! Is beag is fiú na ceamaraí saora atá le fáil sna gutháin – má tá ceamara digiteach uait téigh amach agus ceannaigh ceamara digiteach - lánstad.
ghrianghraif dhigiteacha digital photographs
" com, mar shampla, ar chumas custaiméirí “*revitalizing*” (mar a deir siad féin) a dhéanamh ar ghrianghraif dhigiteacha – is féidir leo ton a gcraicinn a athrú, fáil réidh le máchailí, agus a gcuid liopaí a dhéanamh níos mó.
chlódóireacht dhigiteach digital printing
" Níl seomra dorcha, trealamh téagartha ná saineolas grianghrafadóireachta riachtanach níos mó chun pictiúr measartha maith a thógáil, ach an forbairt í an teicneolaíocht nua seo ó thaobh na grianghrafadóireachta mar cheird? In ainneoin an eolais atá ag go leor againn mar gheall ar chlódóireacht dhigiteach, comhaid, dioscaí stórála agus araile, an bhfuil muid go fóill ag smaoineamh i dtéarmaí grianghrafadóireachta agus muid ag tógáil pictiúir? Tá argóint láidir ann a deir go bhfuil níos mó tuisceana againn anois agus níos mó smachta ar na híomhánna a chruthaíonn muid.
chlódóireacht dhigiteach digital printing
" Níl seomra dorcha, trealamh téagartha ná saineolas grianghrafadóireachta riachtanach níos mó chun pictiúr measartha maith a thógáil, ach an forbairt í an teicneolaíocht nua seo ó thaobh na grianghrafadóireachta mar cheird? In ainneoin an eolais atá ag go leor againn mar gheall ar chlódóireacht dhigiteach, comhaid, dioscaí stórála agus araile, an bhfuil muid go fóill ag smaoineamh i dtéarmaí grianghrafadóireachta agus muid ag tógáil pictiúir? Tá argóint láidir ann a deir go bhfuil níos mó tuisceana againn anois agus níos mó smachta ar na híomhánna a chruthaíonn muid.
bpaicéid bheaga dhigiteacha small digital packets
" Ach conas mar a bhí ag éirí leis an bhfear úd glao teileafóin a dhéanamh ó ríomhaire? Bhuel, bhí sé ag baint úsáide as teicneolaíocht a thiontaíonn guth an duine isteach i bpaicéid bheaga dhigiteacha is féidir a sheoladh thar an idirlíon chuig daoine eile.
teacht chun cinn na teilifíse digití the arrival of digital television
" Le teacht chun cinn na teilifíse digití, agus le TG4 10 mbliana ar an bhfód, beidh ábhar spleodrach san agallamh seo.
teacht chun cinn na teilifíse digití the arrival of digital television
" Le teacht chun cinn na teilifíse digití, agus le TG4 10 mbliana ar an bhfód, beidh ábhar spleodrach san agallamh seo.
teacht chun cinn na teilifíse digití the arrival of digital television
" Le teacht chun cinn na teilifíse digití, agus le TG4 10 mbliana ar an bhfód, beidh ábhar spleodrach san agallamh seo.
iomlán digiteach totally digital
" Is dócha go bhfuil Mike iomlán digiteach na laethanta seo?’ ‘Tá.
íomhá dhigiteach digital image
" Baineadh úsáid as ceamara gréasáin le scrúdú a dhéanamh ar aghaidh duine chun príomhthréithe na haghaidhe a aithint – cruth an bhéil, mar shampla, malaí cruinnithe nó éadan rocach – agus an t-eolas sin a sheachadadh chuig bogearra speisialta a dhéanann anailís air agus a dhéanann íomhá dhigiteach de.
i bhfoirm dhigiteach, in digital form,
" Tá 16,000 leabhar agus irisleabhar ar fáil, 10,000 grianghraf, 9,000 fonn i bhfoirm dhigiteach, 6,500 bileog bhailéid, 2,500 clár teilifíse, 1,000 fístéip agus DVD agus go leor ábhair eile, póstaeir agus uirlisí san áireamh.
i bhfoirm dhigiteach in digital form
" Tá na dioscaí sin bunaithe ar chórais mhaighnéadacha agus tá an t-eolas orthu i bhfoirm dhigiteach i maighnéid bheaga bhídeacha.
i gcórais eagarthóireachta dhigiteacha in digital editing systems
" Mar thoradh ar dhul chun cinn i gcumarsáid na satailíte agus i gcórais eagarthóireachta dhigiteacha thig le hiriseoirí a gcuid tuairiscí teilifíse a tharchur go gasta ó achan chearn den domhan.
comhaid fuaime dhigiteacha digital sound files
" Dornán beag de bhlianta tar éis chéadcheapadh an phodchraolta – comhaid fuaime dhigiteacha a chuirtear ar fáil do ghairis éisteachta ar nós an iPod ina dtig linn a roghnú cad leis ar mhaith linn éisteacht agus cá huair – tá na stáisiúin raidió uile in Éirinn nach mór ag soláthar na seirbhíse sin.
na cnaipí ar cheamaraí digiteacha the buttons on digital cameras
"na cnaipí ar cheamaraí digiteacha á mbrú gan tairiseamh agus roinnt de na déagóirí ag spraoi agus ag suairceas mar a bheidís i bpáirc aonaigh nó in iarsmalann ina bhfuil stair ársa á léiriú nach bhfuil aon bhaint acu in aon chor léi.
teicneolaíocht shoghluaiste agus dhigiteach mobile and digital technology
" Beifear ábalta leas a bhaint as teicneolaíocht shoghluaiste agus dhigiteach ar nós PDAs, an iPhone, BlackBerry agus gairis eile nach ann dóibh fós, le cláracha a íoslódáil lom láithreach, pé áit ina bhfuiltear.
dáileadh chomharthaí craolacháin digiteacha. the distribution of digital broadcasting signals.
" Is ar an Roinn Cumarsáide, Mara, agus Acmhainní Nádúrtha atá an fhreagracht maidir le polasaí na hÉireann a dhréachtú i dtaca le dáileadh chomharthaí craolacháin digiteacha.
réabhlóid dhigiteach digital revolution
" Le fada an lá, táimid ag éisteacht le scéalta mar gheall ar dhúshaothrú sa tionscal ceoil, ach faoi dheireadh, leis an réabhlóid dhigiteach agus an dul chun cinn sa teicneolaíocht, is cosúil go bhfuil an lámh in uachtar ag na ceoltóirí.
aois dhigiteach, digital age
" San aois dhigiteach, áfach, agus deireadh beagnach leis an dlúthdhiosca, b’fhéidir go bhfuil sé níos deacra do cheoltóirí luach a chur ar an obair a dhéanann an dream seo a bhíonn idir iad féin agus an pobal.
ó thaobh chórais dhigiteacha teilifíse de. in terms of digital television systems
" Agus ar ndóigh, tá satailítí fós lárnach i gcúrsaí teileachumarsáide – tá siad ag éirí níos tábhachtaí mar go bhfuil leathanbhanda á sholáthar tríothu go forleathan anois agus tá siad ag éirí níos lárnaí i rith an ama ó thaobh chórais dhigiteacha teilifíse de.
i bhfoirm dhigiteach in digital form
" Leoga, is é *Lá Nua* an t-aon nuachtán laethúil in Éirinn a sholáthraíonn podchraoladh laethúil agus a bhfuil an nuachtán iomlán le léamh i bhfoirm dhigiteach ar a shuíomh agus, d'ainneoin na ndeacrachtaí, táimid ag súil go gcuirfimid leis na seirbhísí idirlín, go háirithe dár léitheoirí thar lear nach bhfuil teacht acu ar an eagrán clóite.
ceamara digiteach proifisiúnta professional digital camera
" Níl aon amhras faoi ach go gcuirfear ceamara digiteach proifisiúnta ar fáil roimh i bhfad a bheidh ar comh-mhéid le ceamara digiteach baile ach lena bhféadfar caighdeán an cheamara teilifíse a bhaint amach.
réabhlóid dhigiteach digital revolution
" Is cuid den réabhlóid dhigiteach é an gnó seo; tá daoine ag dul i ngleic le ceol ar bhealaigh dhifriúla gach lá agus táthar ag seachaint cuairt a thabhairt ar shiopaí ar nós Mojo Records.
nuair a mhaolóidh ar an réabhlóid dhigiteach. when the digital revolution will abate
" Tá mé cinnte go dtiocfaidh an t-am nuair a bheas cúrsaí níos socra; nuair a mhaolóidh ar an réabhlóid dhigiteach.
dúchasaigh dhigiteacha digital natives
" Dóibh siúd ar a dtugtar anois, dúchasaigh dhigiteacha, daoine idir aois 15 agus 25, is é an t-idirlíon an chéad phointe eolais agus teagmhála dóibh.
acmhainn digiteach a digital resource
" Go fiú má dhéantar iarracht acmhainn gann a dhéanamh de acmhainn digiteach agus é a chosaint ó dháileadh agus ó athrú, bíonn daoine ar líne ar na saolta seo agus níl faic níos gaire dá gcroí ach cosaint na hacmhainne sin a bhriseadh agus an acmhainn a scaipeadh fud fad an ghreasáin, má's féidir.
digiteach digital
" Seo an chéad eagrán sa tsraith nua ‘Kino – an Cineama Domhanda’ ina mbeidh saol fairsing na ceallalóide, mar a bhí, agus an domhan mór digiteach, mar atá, á chogaint agam.
Digiteach digital
" Le mo phócaí folmha, ar ndóigh, ní bheidh mé ann róluath is dócha! OED Digiteach I ngeall ar chúrsaí teaghlaigh i mbliana, shocraíomar fanacht in Éirinn agus thug mé mo ríomhaire glúine ar saoire liom don chéad uair riamh.
dúchasaigh digiteacha digital natives
" Seo an ghlúin ar a dtugtar ‘dúchasaigh digiteacha’ agus tá siad ag brath ar an teicneolaíocht atá thart fá 40 bliain ar an bhfód! Tá sé uilig ráite i bhfís amháin ar YouTube (http://www.
dúchasaigh digiteacha native digitals
" Ach do na dúchasaigh digiteacha, is réidh a roinnfidh siad mianta agus sainroghanna pearsanta leo chun greim a fháil ar an tairiscint is nuálaí.
dúchasaigh dhigiteacha digital natives
" Ceaptar go minic go bhfuil na dúchasaigh dhigiteacha seo níos sofaisticiúla in úsáid na nuamheán seo.
na teicneolaíochta digití of digital technology
" Léiríonn an taispeántas féin stair na teicneolaíochta, ón osteilgeoir seanaimseartha go féidearthachtaí na teicneolaíochta digití, agus tá an comhoibriú a bhain le léiriú an taispeántais mar mhacalla ar an obair bhuíne a bhain le Conradh na Gaeilge nuair a bhí Ní Mhaolagáin páirteach ann.
ré dhigiteach digital era
" “Nuair a bhunaigh mé TnaG, nó TG4 mar atá anois air, bhí sé ar intinn againn i bhfad níos mó a dhéanamh de réir mar a bhí an teicneolaíocht ag forbairt agus an ré dhigiteach ag teacht isteach, ach fiú len é a chur ar an aer sa chéad dul síos, bhí sé uafásach.
ré dhigiteach digital era
" Is masla é bheith ag caint ar *"old -Labour"* mar a bheadh sé chomh háisiúil le gramafón sa ré dhigiteach.
Chraolacháin Digiteach Trastíre Digital Terrestrial Television
" Cac ar na hUibheacha ========= Ach is dócha gurb é bunú an chórais Chraolacháin Digiteach Trastíre - CDT - an cheist is conspóidí.
roinneann daoine deartha digiteacha people share digital designs
" com/) ina roinneann daoine deartha digiteacha do chlódóirí 3D.
féilire digiteach a digital calendar
" Is féidir é a nascadh le féilire digiteach freisin ionas go mbeidh tú cinnte nach bhfuil na himeachtaí atá ag teacht aníos ar siúl ag an am céanna is a bheas na himeachtaí priobháideacha atá á n-eagrú agat féin.
cé leis d’ábhar digiteach who owns your digital material
" Mar a tharlaíonn ní fíorscéal a bhí ann ón Daily Mail ar chor ar bith, ach mhúscail sé ceist spéisiúil atá cíortha agam i gcás na líonraí sóisialta i gcoitinne anseo cheana: cé leis d’ábhar digiteach i ndiaidh do bháis? Sea, ábhar iontach do mhí Eanáir! De réir scéal an Daily Mail bhí Willis ag tabhairt dúshláin Apple faoin gclásal ina dtéarmaí is coinníollacha a léiríonn go n-éagann úinéireacht do chuid ábhair leo.
meáin chlóite agus digiteacha print and digital media
" Machnamh ar idirghníomhú an duine leis na meáin chlóite agus digiteacha.
gClár Oibre Digiteach digital work program
" Gheall an Coimisinéir um an gClár Oibre Digiteach, Neelie Kroes, go mbeidh margadh aonair i réimse na teileachumarsáide faoi cheann cúpla bliain.
cartlannú digiteach digitalized archiving
" Ba cheart de réir mo bharúlsa go ndéanfaí cartlannú digiteach den ábhar seo uilig (idir thaifid chraolta agus scríofa) agus go mbunófaí suíomh idirlín ar nós Cartlann Nuachtán na hÉireann (www.
ceamaraí digiteacha digital cameras
" Féachann Diarmaid Mac Mathúna ar na buntáistí agus ar na míbhuntáistí a bhaineann le ceamaraí digiteacha.
ghrianghrafadóir digiteach digital photographer
" Labhair Ciara Nic Gabhann leis an ghrianghrafadóir digiteach Diane Fenster, atá lonnaithe i San Francisco, faoi shuiteáil dá cuid a dhíríonn ar an ábhar céanna.
cheamara digiteach digital camera
" Tá comhairle ag Diarmaid Mac Mathúna don té a bheadh ag smaoineamh ar cheamara digiteach a cheannach.
grianghraif dhigiteacha a chlóbhualadh to print digital photographs
" Bíonn sé costasach go maith grianghraif dhigiteacha a chlóbhualadh sa bhaile ach tá roghanna eile ann anois le tamall anuas, mar a mhíníonn Diarmaid Mac Mathúna.
píosa ealaíne digití a athrú to change a piece of digital art
" Tá grúpa eolaithe tar éis teicneolaíocht a fhorbairt a chuireann ar chumas daoine píosa ealaíne digití a athrú le dreach a n-aghaidhe.
réabhlóid dhigiteach digital revolution
" Céim eile chun tosaigh sa réabhlóid dhigiteach is ea é, ach tá súil ag Colm Ó Snodaigh nach mbeidh deireadh iomlán choíche leis na siopaí beaga ceirníní i mBaile Átha Cliath.