Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
diomaite de thréimhsí gairide apart from short periods
" Is mór an dul chun cinn atá déanta ag an fhear deisbhéalach seo a rugadh agus a tógadh i Mín na Leagha agus a bhfuil bunús a shaoil caite aige sa cheantar álainn seo, diomaite de thréimhsí gairide in áiteanna mar Londain, Chill Dara agus Luimneach nuair a bhí sé níos óige.
Diomaite díobh sin atá róthraochta apart from those who are too worn out
" Diomaite díobh sin atá róthraochta ag fanacht leis na haontachtaithe cumhacht a roinnt, tá an-phléisiúr á bhaint as an gheáitsíocht atá ar siúl ag an DUP agus an réaltacht réidh le hiad a bhualadh sa ghaosán.
Diomaite de sin apart from that
" Diomaite de sin, is beag buntáiste eile a bhronntar ar an ghnáthdhuine sa Ghaeltacht i gcaitheamh a shaoil.
Diomaite de Shinn Féin, Apart from Sinn Féin
" Diomaite de Shinn Féin, léireoidh formhór pháirtithe an fhreasúra comhdhearcadh polaitiúil i leith na ceiste seo.
Diomaite de na bróga a bheith difriúil aside from the shoes being different
" Diomaite de na bróga a bheith difriúil – agus cé go bhfuil “batar” (bunfhuaim) bunúsach an tsean-nóis níos mó cosúil le batar an tseitrince – is ionann an dá chineál damhsa aonair sa dóigh is go baineann siad araon le cruthú rithime leis na cosa in am leis an cheol.
Diomaite de apart from
" Diomaite de na hamanna a gcuirtear iallach orthu Gaeilge a úsáid, níl siad ag labhairt na teanga, agus dá bhrí sin seans nach bhfuil an saibhreas céanna acu i nGaeilge is atá ag daoine as an scoil nó ceantar céanna, nó as an teach céanna fiú (deartháireacha agus deirfiúracha móra) atá deich mbliana nó 15 bliana níos sine ná iad.
Diomaite de lá nó dhó apart from a day or two
" (Seo anois mé ag obair!) Diomaite de lá nó dhó in oifig, caithim bunús mo chuid ama ag scríobh ar an ríomhaire agus ag craobhscaoileadh mo chuid gaoise fud fad na hÉireann agus na cruinne.
Diomaite de except for
" Diomaite de na ceantair Ghaeltachta agus de chorr siopa mór nuachtán sna cathracha, níl aon bharántas ann go mbeidh na nuachtáin Ghaeilge le feiceáil ar sheilfeanna.
diomaite den fhuacht apart from the cold
" Tá an Academy iontach mar ionad cheolchoirme, diomaite den fhuacht.
diomaite de apart from
" Bheir sé saoire iontach duit, agus diomaite de landáil isteach i bpub nó i rang ar an choláiste agus an t-allas ina rith leat, tá an rothaíocht ar an rud is fearr a thiocfadh leat a dhéanamh duit féin, do dhaoine thart ort agus don timpeallacht.
diomaite den am apart from when
" Tá caidreamh an-chairdiúil idir an Astráil agus an iar-choilíneacht eile sa réigiún inar chuir daoine Briotanacha fúthu, an Nua-Shéalainn – diomaite den am a mbeidh cluichí spóirt ar siúl eatarthu! Caidreamh leis na comharsana Níl an caidreamh cairdiúil céanna idir an Astráil agus a comharsana réigiúnacha bochta, ar an drochuair.
Diomaite de apart from
" Diomaite de Nua-Eabhrac, Chicago agus a leithéid, tá go leor cathracha sna Stáit Aontaithe mar seo.
diomaite de apart from
" Is maith liom a bheith ag siúl, agus siúlaim an t-am ar fad nuair a bhím thall (diomaite de chúpla tacsaí nuair a bhím ró-ólta le mo bhealach féin a dhéanamh go dtí an t-óstán), ach an chrágáil fánach seo thart ar shiopaí gan sprioc ná aidhm – bheir sé cráphian mhillteannach in íochtair mo dhroma – síceasómatach, gan amhras, ach fós do mo chraplú.
diomaite de dhath na gréine apart from a suntan
" Ach tá achan rud ar fáil san Iorua, a bhí mise ag rá léi (diomaite de dhath na gréine, ach níl sin furasta a fháil in Éirinn ach an oiread).
diomaite de apart from
" ” An tSeirbhís Phoiblí Díblithe ========== **Balor: “Cén sórt athruithe atá i gceist agat, a Thaoisigh?”** Enda: “Bhuel, diomaite de na teachtaí Dála, tá tuarastal i bhfad ró-ard ag lucht na seirbhíse poiblí.
diomaite de apart from
" Tá sé tréigthe le tamall fada de bhlianta, diomaite de choimeádaithe theach an tsolais, ach tá sin uathoibríoch anois fosta.
diomaite díofa sin apart from those
" Casadh beirt nó triúr linn ar Shliabh a Liag, an cnoc is airde sa cheantar, ach diomaite díofa sin, is linn féin a bhí muid.