Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
dlúthbhaint strong link
" B'iontach an tseachtain í an tseachtain seo caite, *Groundhog Day* ach le suímh éagsúla - mí-úsáid phoiblí pháistí Scoil na Croise Naofa; fíochmhaireacht an fhoréigin i dtuaisceart Bhéal Feirste; buille eacnamaíochta don chomhlacht Shortts; moilleadóireacht an NIO fá stádas shos cogaidh na ndílseoirí agus, anois, dúnmharú iriseora a dhírigh solas geal ar an dlúthbhaint idir paramílitigh dílseacha agus drugaí.
dlúthbhaint close connection
" **PM:** Cén fáth? **ANO:** Le tríocha bliain anuas tá tionchar mailíseach ag an scata fear seo - 100 faoin chéad Protastúnach a bhfuil dlúthbhaint acu leis na Máisiúin - atá saor ó smacht, atá ina "fhórsa taobh istigh de fhórsa" a bhfuil líomhaintí seanbhunaithe agus forleathana curtha ina leith gur chuidigh siad le dúnmharaithe agus le coireanna eile, gur úsáid siad paramílitigh dhílseacha le hionsaithe a dhéanamh agus go ndearna siad a ndícheall moill a chur ar an dul chun cinn polaitiúil.
dlúthbhaint close connection
" Tuigtear chomh maith go bhfuil dlúthbhaint idir teanga agus cultúr; tugann an teanga guth mothúchánach do shochaí chun a féiniúlacht a chur in iúl.
dlúthbhaint close connection
" Is cinnte go bhfuil dlúthbhaint ag dílseoirí le cúrsaí drugaí le fada an lá.
dlúthbhaint close association
"dlúthbhaint ag ceoltóirí leis an áit agus tá Luka Bloom, Steve Cooney, Kíla, Liam Ó Maonlaí agus Martin Hayes i measc na ndaoine a sheinn ansin.
dlúthbhaint a strong link
" "Tá an t-uafás oideachais fríd an Bhreatnais againn, ach an bhfuil go leor ann do na páistí sin i ndiaidh am scoile? Tá fadhb eile ann sa mhéid is go bhfuil dlúthbhaint ag an Bhreatnais le hoideachas agus leis an scoil, agus tá sé níos faiseanta a bheith ag labhairt an Bhéarla," dar le hAled.
dlúthbhaint a strong connection
" Nuair a chanann amhránaithe i dteanga na tíre, bíonn dlúthbhaint ag na focail le saol an ghnáthdhuine.
dlúthbhaint close link
"dlúthbhaint againn le Gaelscoileanna, bunscoil agus meánscoil agus tá comhoibriú iontach ar bun againn leis na daltaí, na tuistí, na hoidí agus boird bhainistíochta.
dlúthbhaint strong connection
" Tá comóradh á dhéanamh i mbliana ar dhá eachtra i stair na hAstráile a raibh dlúthbhaint acu le hÉirinn agus le hÉireannaigh.
dlúthbhaint a close link
" “Tá fadhbanna agamsa le codanna áirithe de phobal na Gaeilge a bhfuil dlúthbhaint acu leis an bpoblachtánachas.
dlúthbhaint close connection
" Ba iad na ceardchumainn a bhunaigh an páirtí i 1900; d’íoc na baill as reáchtáil an pháirtí agus, mar sin, bhí dlúthbhaint eatarthu riamh anall.
dlúthbhaint close connection
" ” An dóigh a luaigh sé an tOrd Oráisteach, shílfeá gur cuid den rialtas áitiúil a bhí ann, seachas grúpa seicteach a bhfuil dlúthbhaint aige le sceimhlitheoirí sa chathair.
dlúthbhaint close link
" Cnuasach de dhánta ón traidisiún, nó a bhfuil dlúthbhaint acu leis an traidisiún, atá ann, aistrithe ag Tadhg féin agus nótaí i dteannta gach ceann díobh.
dlúthbhaint major involvement
" Aisteach le rá, ach tá dlúthbhaint ag Sasana le tús an spóirt Mheiriceánaigh seo.
dlúthbhaint intense involvement
" Bhí dlúthbhaint agam le formhór na maruithe a ndearna mé cur síos orthu sa leabhar – bhí mé ag scríobh faoi íospartaigh a raibh mé cairdiúil leo, a ndearna mé tuairisciú ar a ndúnmharú nó a raibh mé i láthair ag a sochraid.
dlúthbhaint close/intense involvement
" Is cinnte gur rith an smaoineamh céanna le Gearóid Ó Cairealláin, Eoghan Ó Néill agus daoine eile nach iad a raibh dlúthbhaint acu le blianta luatha an nuachtáin agus iad ar a mine ghéire á chur amach ar acmhainní suaracha.
dlúthbhaint close involvement
" Mar bhean iar-uachtaráin, tá dlúthbhaint aici le réimeas eile cheana féin.
dlúthbhaint close connection
" “Ach déarfaidh mé an méid seo faoi: bhí díospóireacht bhreá ann ar an lá! Tá dlúthbhaint ag an bhfoirgneamh sin le tús an Stáit – bhí banc Shinn Féin lonnaithe istigh ann ag tús na haoise seo caite, cuir i gcás, bhíodh Michael Collins ag feidhmiú as an áit ag tráthanna éagsúla agus rinneadh toghchán na bliana 1918 a phleanáil ansin.
dlúthbhaint strong association
" **De Dhéantús na hÉireann** Luaigh tú an dlúthbhaint a bhí ag gluaiseacht na hAthbheochana le déantúsaíocht na hÉireann ag an am.
dlúthbhaint part and parcel
" ” Saol na Polaitíochta Is léir gur bean í Ivana atá thar a bheith cumasach is lán de bhrí, ach ar tháinig iarracht den aiféala uirthi riamh nár dhírigh sí a cuid fuinnimh go léir ar an aon réimse amháin a bhféadfadh sí a rian a fhágáil air? “Tá dlúthbhaint ag na réimsí go léir lena chéile – an cleachtas, an obair acadúil agus an pholaitíocht, ní bhraithim go bhfuil mo chuid fuinnimh á scaipeadh go róleathan agam.
dlúthbhaint definite connection
" Tiús Tráchta a Thugann an Slad Má dhéantar na staidrimh a scrúdú, tugtar faoi deara go bhfuil dlúthbhaint ag an méid tráchta a bhíonn ar na bóithre agus líon na dtimpistí bóthair iad féin.
dlúthbhaint an integral participation
" Ach déarfá, cad is brí le hathneartú teanga nuair nach bhfuil ach cúigear cainteoirí, nó níos lú, fágtha ag do theanga? Tá dlúthbhaint ag Leanne Hinton leis an scéal agus chuaigh John Walsh go Berkeley le déanaí chun a thuilleadh eolais a fháil uaithi.
dlúthbhaint a strong connection
" Tá eisceachtaí ann: leabhar Séamus Ennis mar shampla, ach bhí dlúthbhaint aige le Conamara.
dlúthbhaint close link
" Cé is moite de chorrthagairt do Dhubhghlas de hÍde, níl trácht ar ghréasán sóisialta an Chonartha a raibh dlúthbhaint aici leis.
an dlúthbhaint idir strong connection between
" Ba léir do na póilíní sul i bhfad an dlúthbhaint idir an dá eachra.
an dlúthbhaint the close connection
" com) agus a thuig go luath an dlúthbhaint atá ag caitheamh airgid le barrfheabhas inneall cuardaigh agus le fógraíocht sin íoc na cliceála (PPC).
bhfuil dlúthbhaint idir there’s a firm connection
" Déanann sé dochar mar measann Protastúnaigh go bhfuil dlúthbhaint idir an teanga agus poblachtachas, dar léi, ach glacann sí leis go bhfuil an ceart ag poblachtachas an Ghaeilge a chur chun cinn.
bhí dlúthbhaint ag played a central part
" Leis sin, bhí tús curtha le ré órga nua i stair an chlub agus bhí dlúthbhaint ag Alex Ferguson lena cruthú.
dlúthbhaint intimate pertinence
" Tugann an fo-alt seo cosaint do thaifid Rialtais, cáipéisí a ullmhaíodh do bhall den Rialtas ar mhaithe le cruinniú Rialtais agus a bhfuil dlúthbhaint acu le cruinnithe Rialtais agus le cumarsáid idir beirt bhall den Rialtas.
thug le fios go raibh dlúthbhaint informed of the strong connection
" An lá sin, d'fhoilsigh nuachtán eile as Nua-Gheirsí scéal a thug le fios go raibh dlúthbhaint ag an nGobharnóir Christie le dúnadh na lánaí tráchta ar Dhroichead George Washington trí mhí roimhe sin le linn feachtas atofa an uachtaráin.
dlúthbhaint close connection
" Léiríonn leabhar nua faoi thraenacha faoi thalamh Nua-Eabhrac an dlúthbhaint atá ag na hÉireannaigh le fada leis an chóras, atá céad bliain d'aois i mbliana.