Pota Focal Intergaelic
dodo | doim | dom | dome | domh
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
níos cóngaraí do mo chroí nearer my heart
" Is beag áit atá níos cóngaraí do mo chroí ná áit ar bith eile, ach amháin trá Mhálainn Bhig i nGleann Cholm Cille lá breá samhraidh, b'fhéidir.
do mo mhaslú insulting me
" Ag an bpointe sin thosaigh na mná do mo mhaslú go fíochmhar agus dúirt, "You ain't lettin' us in cause we're black".
do mo ghléasadh féin dressing myself
" Beidh mé do mo ghléasadh féin chomh luath agus a imíonn tú síos an staighre!" B'fhearr liom mura ndéanfadh Neain an oiread peataireachta orm.
gurbh fhóirsteanaí an tsamhail í seo do mo leithéid that this image was more suitable for the likes of me
" Chonacthas dom an iarraidh seo gurbh fhóirsteanaí an tsamhail í seo do mo leithéid.
do mo stiúradh guiding me
" Bhí Susan tar éis breith ar uillinn orm do mo stiúradh go discréideach go dtí coirnéal neodrach.
do mo mhacasamhailse for someone like me
" Is é ábhar bróid do mo mhacasamhailse go n-éisteodh siad liom.
do mo mharú killing me
" "Tá mé ag obair ar leabhar eile anois, ach *God bless us*, tá sé do mo mharú! Tá sé ghearrscéal críochnaithe agam ach níl iontu ach an chéad dréacht agus níl meas dá laghad agam orthu.
do mo thamhladh ar ais catapulting me back
" Na carraigeacha agus an fheamainn do mo thamhladh ar ais go Trá an Dóilín ar an gCeathrú Rua.
Má tá sé i do shásamhsa, tá sé i mo shásamhsa, If it pleases you, it pleases me.
" " "Má tá sé i do shásamhsa, tá sé i mo shásamhsa," arsa Colm.
do mo réiteach féin preparing myself
" Agus ar eagla mo theipe an iarraidh seo, tá mé do mo réiteach féin fá choinne jab mar dhamhsóir gabhail sa halla rince úr atá á oscailt ag Peadar Mac an Stringfellow i mBaile Átha Cliath.
do mo mhaslú insulting me
" ” “Nach raibh tú ag éisteacht liom ar chor ar bith, a Bhaloir? Nár mhínigh mé duit gur i mbréagriocht a bhíonn siad, gur cumann rúnda atá iontu, go bhfuil siad thart orainn i ngan fhios dúinn? B’fhearr duitse bheith ar d’aire ná bheith do mo mhaslú.
tugadh aire mhaith do mo mhuintir i gcónaí ann my parents/people were always well looked after there
" Cén fáth ar tháinig tú ar an gcinneadh sin? Agus cén fáth an oiread sin spéise agat sna hospidéil? EO’B: Tá spéis agam in Ospidéal an Aonaigh toisc gurb é m’ospidéal áitiúil é agus tugadh aire mhaith do mo mhuintir i gcónaí ann uair ar bith go raibh orainn dul ann.
do mo dhalladh. blinding me
" Soilse na gcarranna eile do mo dhalladh.
a bhíonn do mo cheistiú who are asking me
" Ní chuireann sé iontas ar bith orm go dtagann dreacha marbha ar na daoine a bhíonn do mo cheistiú nuair a fhreagraím, “Canberra”.
do mo ghlúin for my generation
" Is ar éigean a bhím sa phictiúrlann níos mó mé féin – 42 bliain d’aois atá mise agus is ar éigean go mbíonn scannán fiúntach ann do mo ghlúin.
do mo chraplú crippling me
" Is maith liom a bheith ag siúl, agus siúlaim an t-am ar fad nuair a bhím thall (diomaite de chúpla tacsaí nuair a bhím ró-ólta le mo bhealach féin a dhéanamh go dtí an t-óstán), ach an chrágáil fánach seo thart ar shiopaí gan sprioc ná aidhm – bheir sé cráphian mhillteannach in íochtair mo dhroma – síceasómatach, gan amhras, ach fós do mo chraplú.
do mo ghríosadh enticing me
" ‘Proszę bardzo, isteach libh,’ arsa duine de na bouncers liom agus é do mo ghríosadh isteach.
an ealaín is gaire do mo chroí féin the art I most love
" “Cé thú atá sásta an scian a shá isteach i gcroí an Lúibín – an ealaín is gaire do mo chroí féin… sea! é sin agus an amhránaíocht ar an sean-nós a bhfuil an-ráchairt air i mo dháilcheantar féin; agus an tAgallamh Beirte atá an-láidir faoi Chorr na Móna; agus an damhsa ar an sean-nós atá thar a bheith láidir i gConamara, agus a bhfuil muintir Iarthar na Gaillimhe ina máistrí air… agus ina máistreásaí air, chomh maith.
Do mo leithéid to someone like me
" Do mo leithéid a raibh an fhuacht, an tae agus *Marie biscuits* mar chuid lárnach de shaol foghlamtha Gaeilge, léiríonn an foirgneamh ar Mhórshráid Shéamais an dul chun cinn atá déanta ag an Ghaeilge le 40 éigin bliain anuas.
deis do chairde mo ghasúir an opportunity to my boyfriend’s friends
" Tá a fhios agam go dtabharfaidh dúnmharú tubaisteach David Black deis do chairde mo ghasúir a bheith anuas orm.
post do mo leithéid a job to the like of me
" Níl fágtha anois ach siopaí na gCaitliceach fá lár na cathrach, agus ní thabharfaidís post do mo leithéid.
a bhí mé do mo thiomáint which was sending me there
" Chuig an taispeántas Visages cachés/Hidden Faces maidir le saol agus saothar Salvador Dali (1904-1989) a bhí mé do mo thiomáint.
seachas do mo bhród apart from my pride
" D'ainneoin sin, leagadh faoi dhó mé ach ba bheag dochar a deineadh, seachas do mo bhród.
insím do mo scaifte I tell my group
" “Seo an teach inar rugadh an scríbhneoir cáiliúil Patrick McGinley i 1937,” a insím do mo scaifte ar an chúrsa siúl sléibhe ag Oideas Gael.
mar dhíoltas do mo mhallacht in return for my cursing
" Mallacht orthu! Faoi dheireadh éirionn liom iad a scoitheadh, ach go tobann, mar dhíoltas do mo mhallacht, tosaíonn scréachaíl i mo láirig.
nó do mo mhacasamhail or for the like of me
" (gáire) Ba mhór an onóir domhsa, nó do mo mhacasamhail dul síos agus na rudaí sin a fheiceáil, iad a léamh agus dul fríofu.
mo láimhe do bhriseadh broken my arm
" sular fhág An Caisideach Éirinn ar chor ar bith, d'éirigh mí-ádh dó: 'Tar éis mo láimhe do bhriseadh i Sliabh Dá Chon, do b'éigean an muinchille do bhuain nó do scaoileadh dem' chóta.