Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
mhothaigh mé dobrón mairbhleach pobail I felt the numbing sadness of a people
" Scríobh an t-iriseoir Hugh Lunn: "Chonaic mé an t-imeacht sin, chonaic mé fimínteacht lucht polaitíochta an domhain, mhothaigh mé dobrón mairbhleach pobail agus cine eile ag glacadh seilbhe orthu.
dobrón grief
" “Ní raibh aithne ag duine ar bith againn ar Bobby Sands, ach nuair a bhí sé ar leaba an bháis, shíl muid go raibh aithne againn air i rith ár saoil, agus bhí dobrón inar gcroí.
faoi dhobrón grieving
" D’fhág a bhás an chathair ní hamháin faoi dhobrón ach go mór trína chéile maidir leis an bhealach ab fhearr leis an eaglais a chríochnú nuair nach raibh aon phleananna fágtha ag Gaudi.
i lear dobróin agus báis. in an ocean of grief and death.
" Sa saothar atá idir lámha agam faoi láthair, agus a dtabharfaidh mé anois *Guernica* mar theideal air, agus sa saothar ealaíne uilig atá déanta agam le blianta beaga anuas, níl ach rud amháin á rá agam: go bhfuil gráin shíoraí agam ar an aicme mhíleata sin a bhfuil an Spáinn báite acu i lear dobróin agus báis.
an dobrón the intense sorrow
" Go minic, ní fhaigheann daoine léargas fírinneach i dtuairiscí meán mar gheall ar an uafás agus an dobrón a leanann cogaí.
dobrón mourning
" Nuair a léigh muintir na hAstráile faoin mbeirt seo, agus faoin seachtar eile a cailleadh ar a mbealach go dtí an áit naofa seo, bhí dobrón náisiúnta le sonrú.
dobrón great sadness
" Tá sé beo beathach inár measc sa dobrón a mhothaíonn daoine na deicheanna de bhlianta i ndiaidh duine a raibh grá acu dó nó di a bheith maraithe, gan aon chúis go minic.
Tubaiste agus ábhar dobróin a tragedy and a matter of great sadness
" Tubaiste agus ábhar dobróin is ea bás duine óg gan amhras agus ar bhealach áirithe, tá brón ar leith ag baint le bás an chleachtóir spóirt ar eiseamláir de neart agus de bhrí na hóige é.
dobrón a luigh ar chroí ’ch éinne acu sadness in all of their hearts
" Ba gheall le holagón é ach ní raibh ann ach iarracht ar an dobrón a luigh ar chroí ’ch éinne acu a mhaolú beagán.
an dobrón a chur dínn get rid of the immense sadness
" Ba chóir dúinn an dobrón a chur dínn agus dul i ngleic leis na ceisteanna móra a réiteoidh cén cineál tíre a fhágfaimid ag an ghlúin aníos inár ndiaidh, ár gcuid páistí.