Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
mórán doghrainne much trouble
" D'fhéadfaí a rá nach raibh na polaiteoirí ach ag freastal ar mhian na ndaoine mar, sa deireadh thiar thall, nach bhfuilimid go léir mar a gcéanna: táimid tugtha don fhorbairt gheilleagrach agus nílimid sásta mórán doghrainne a chur orainn féin ar son na timpeallachta.
doghrainn pain
" nuair a chaithfeas tú cuidiú a thabhairt do dhaoine eile duds a roghnú, níl doghrainn ar bith ar an domhan mhór ann atá níos measa domhsa.
dua ná doghrainn stress or difficulty
" Rinne lucht fiontraíochta a lán airgid gan mórán dua ná doghrainn a chur orthu féin.
dua agus doghrainn hardship and difficulty
" Thit an tóin as geilleagar na tíre dá dheasca sin agus tá a fhios ag gach duine cén dua agus doghrainn a bhí le fulaingt ag deireadh na n-ochtóidí nuair ab éigean d’fhear na scine, Ray Mac Sharry, ciorruithe uafásacha a chur i bhfeidhm.
níos lú doghrainne less discomfort
" B’fhearr liom féin cupán caifé: bheadh níos lú doghrainne ag baint leis.
ar an doghrainn the pain
" Creidim go bhfuil an-bhrí ag baint leis na lirící, agus í ag déanamh cur síos ar an bhfulaingt is ar an doghrainn a bhí sa bhriseadh croí seo.
doghrainne trouble
" Míníonn Bearnaí Ó Doibhlin dúinn go bhfuil a gcuid doghrainne féin ar muintir na hIndia san Astráil le tamall anuas.
doghrainn difficulty
" Má tá doghrainn go leor agus éirí amach ag eascairt as drochlámh agus saint na mbancanna abhus in Éirinn, níl na Stáit Aontaithe róshocair do lucht polaitíochta ach oiread.
dochar agus doghrainn harm and bother
" Caithfear leasú na poblachta a chur i gcrích, nó fágfar dochar agus doghrainn roimh an nglúin inár ndiaidh dar le Ciarán.
cé go raibh doghrainn ag baint le roinnt acu although there were problems recently with some of them
" Spéis agat sa Toyota Avensis, ar athláimh? Bhí Daragh Ó Tuama á fhéachaint agus cé go raibh doghrainn ag baint le roinnt acu le gairid, tá sé sásta leis an gcarr seo.