Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
doirteadh fola the spilling of blood
" Bhí baint ag a mháthair le bunú Mhuintir na Síochána i 1972 agus chonaic sé doirteadh fola timpeall air go leanúnach agus é ag éirí aníos.
doirteadh fola bloodshed
" Mar sin, fiú le linn na stailce ocrais, mura mbeadh dearcadh fíorchlaonta agat ar chúrsaí, ní dóigh liom go bhféadfá dearmad a dhéanamh ar an doirteadh fola a bhí ar bun taobh amuigh de na príosúin, fhad is a bhí an agóid chróga seo ar bun ag na príosúnaigh.
doirteadh fola bloodshed
" Táthar ag súil gurb é Feabhra 2004 a luafar amach anseo mar an uair a thosaigh na cainteanna a chuir deireadh le doirteadh fola sna Sé Chontae agus a réitigh ar deireadh thiar thall ceist achrannach Thuaisceart Éireann.
ag doirteadh pouring
" Agus Réamó ag doirteadh *amach *cupán tae eile dó féin deir sé le hÉamó dul suas agus comhairle a chur ar an chréatúr bhocht *thuas *staighre sa seomra folctha atá ar shiúl sa chloigeann agus ar crith leis an fhuacht.
doirteadh fola bloodshed
" ” An raibh an foréigean agus an doirteadh fola riachtanach mar sin, dar leis? “Ní dóigh liom go raibh sé riachtanach ar chor ar bith.
ag doirteadh anuas pouring down
" Bhí sé ag doirteadh anuas agus ní raibh an dara rogha agam ach rith ar ais go dtí an teach.
ag doirteadh airgid isteach pouring money into
" * Ní thuigeann sé cén fáth a bhfuil na comhairlí contae ag tabhairt cead pleanála do na céadta teach nach labhrófar Gaeilge go deo iontu le linn do Roinn na Gaeltachta agus Údarás na Gaeltachta a bheith ag doirteadh airgid isteach sna ceantair Ghaeltachta leis an teanga a bhuanú.
ag doirteadh báistí pouring rain
" Lá breá a bhí ann (bhí sé ag doirteadh báistí in Éirinn!) agus ba mhór an taitneamh a bhaineamar as an atmaisféar, as na cluichí, as an mbia agus as an gcúpla deoch a d’ólamar i rith an lae.
doirteadh spill
" Meastar go bhfuil an doirteadh ola seo ar an tubaiste timpeallachta is measa riamh i stair na Stát Aontaithe.
fhuil a doirteadh blood was spilt
" Rinneadh trácht ar 1916 agus ar an Éirí Amach, agus ar an fhuil a doirteadh ar son an neamhspleáchais.
doirteadh fola blood spill
" Nil sa Straitéis ach Marú na ‘dTalaban’ ================ Ach cén fáth nach bhfuil sé ag míniú don dream óg in Éirinn gur doirteadh fola in aisce atá i gceist, go mór mór sa chogadh san Afganastáin.
doirteadh ola oil spill
" Áirítear an eachtra seo ar cheann de na timpistí timpeallachta is measa riamh agus de réir saineolaithe ón nGníomhaireacht Eorpach Comhshaoil, tá impleachtaí fadtéarmacha ann don timpeallacht agus do phobail chósta áit ar bith a dtarlaíonn doirteadh ola san fharraige.
neart doirteadh fola plenty of blood spilt
" Buíochas le Dia, ní bhfuair duine ar bith bás san ionsaí fíochmhar a rinne an SPG orainn, cé go raibh neart doirteadh fola ann.
ag doirteadh pouring
" Bhí puthanna gaile ag doirteadh isteach sa seomra ó sheomra mór an hammam.
doirteadh ollmhór na fola massive bloodletting
" Chuir sé síos ar an chaimiléireacht, an tsaint, an craos chun cumhachta, na gealltanais nár comhlíonadh agus doirteadh ollmhór na fola nuair a bhí an ceathrú cuid de dhaonra an domhain faoi smacht ag Impireacht na Breatáine.
doirteadh fola blood letting
" Cuirfidh an doirteadh fola vaimpíreach fonn aisig orthu san ar ghráin leo a leithéid.
an doirteadh fola grafach graphic bloodletting
" Ach ní shásódh aon rud eile fear Oxford ach síniú aitheantais Tarantino – an doirteadh fola grafach.
ag doirteadh tinne leáite pouring molten mettle
" I bhfreascó amháin feictear saighdiúirí ag doirteadh tinne leáite síos scornach mairtíreach agus i bpictiúr eile tá mairtíreach ina sheasamh go séimh i gcorcán lán le huisce bruite.
is iomaí braon fola a doirteadh i ngeall ar much blood has been spilt over
" Ó chuir na hairm Mhoslamacha ruathair faoin Impireacht Bhiosántach go dtí na crosáidí agus anuas go dtí an lá inniu, is iomaí braon fola a doirteadh i ngeall ar an chaidreamh theann idir an dá chreideamh.
doirteadh go leor fola plenty of blood was spilled
" Agus doirteadh go leor fola idir an dá éacht ghránna úd.
Doirteadh go leor fola a lot of blood was spilled
" Doirteadh go leor fola agus tá teannas fós sa tír.
i mbun doirteadh na fola slaughtering
" Míníonn Seosamh Ó Riain an tslí gur fhág dearcadh amscaí údaráis na Gearmáine drong bheag dúnmharfóirí i mbun doirteadh na fola agus marú daoine ar feadh na mblianta.