Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
ag caitheamh drochmheasa casting aspersions on
" Le tríocha bliain anuas tá an leagan den stair atá á chur chun cinn ag na hathbhreithniúchóirí ag caitheamh drochmheasa ar ghaiscígh 1916.
drochmheas lack of respect
" Ach taispeánann sin drochmheas.
drochmheasa disrespect
" Ní hamháin sin ach is cosúil go bhfuil sé anois *cool*, mar a deir an dream óg as Béarla, suim a chur sna cluichí Gaelacha in áit an drochmheasa agus an chaithimh anuas a bhí coitianta roimhe seo.
drochmheas contempt
" Ní hé sin an cineál iompair a chleachtaítear sa ghalf de ghnáth agus cuireadh i leith fhoireann na Stát Aontaithe ina dhiaidh sin nach rabhadar spórtúil agus gur léirigh siad drochmheas ar a gcéilí comhraic agus ar chluiche an ghailf, cluiche a éilíonn ardchaighdeán ionracais - is minic imreoir ag admháil, cuir i gcás, go ndearna sé feall cé nach bhfaca éinne eile é.
drochmheas contempt
"drochmheas riamh anall ag Gearmánaigh an tuaiscirt ar chanúintí.
dhrochmheas contempt
" Agus déarfá leat féin, 'Cad chuige a bhfuil oiread de dhrochmheas ar na ceoltóirí sin agus go bhfuil níos mó airde ar na ceoltóirí eile? Cad chuige a bhfuiltear ag díriú i gcónaí isteach ar an rud beag cúng amháin seo? Cad chuige nach dtig linn achan rud a cheiliúradh ar chomhbhonn urraime?'" Tá Lillis bainteach leis an Léann Éireannach in Ollscoil Loyola Marymount, áit a bhfuil sé ag múineadh Gaeilge do ghlantosaitheoirí den chuid is mó.
drochmheas contempt
" * Ba ghearr gur frítheadh amach nach raibh a leithéid de dhuine ann agus Ern Malley, ná a dheirfiúr Ethel, agus gur bheirt fhilí as Sydney, James McAuley agus Harold Stewart, a chuir saothar iomlán Ern Malley le chéile tráthnóna amháin le drochmheas a chaitheamh ar stíl na bhfilí nua-aoiseacha agus a lucht tacaíochta.
drochmheasa contempt
" Ach éiríonn sé an-deacair pléisiúr a bhaint as an áilleacht nuair a fheiceann tú an méid drochmheasa agus drochíde agus ciníochais atá dírithe ar dhaoine mar mise.
drochmheasa lack of respect
" Bhí saghas drochmheasa againn, déarfainn, ar Ghaeilge m’athar toisc go rabhamar i gcónaí ag plé le múinteoirí ó Chiarraí agus ó Ghaillimh agus mar sin de.
ní raibh mé ag iarraidh aon drochmheas a léiriú, I wasn't trying to show any disrespect,
" “An chéad rud a dúirt mé ná, agus ní raibh mé ag iarraidh aon drochmheas a léiriú, agus bhí ríméad orm glacadh le honóir iontach mar seo, ‘ach nach seanl*ads* is mó a bhíonn ag plé leis?’” Is é dúirt Liam ar ais ná go mb’fhéidir gur cheart do Thadhg breathnú ar a theastas breithe agus an dáta a sheiceáil! Cineál ambasadóra don Fhéile is ea Uachtarán an Oireachtais agus beidh Tadhg ag freastal ar na trí phríomhócáid: Oireachtas na Cásca i Leitir Ceanainn, bronnadh na nduaiseanna liteartha i mBaile Átha Cliath, agus Oireachtas na Samhna i gCathair na Mart.
drochmheas disrespect
" ) Ré órga ab ea é cinnte agus ní le drochmheas ar Chill Chainnigh, Corcaigh agus ar Thiobraid Árann a deirim é.
drochmheas a léiriú to show contempt
" Ní raibh sé ar intinn acu drochmheas a léiriú agus díobháil a dhéanamh, ach mar sin féin thaispeáin scéal grinn an ghrúpa seo sean-Iodálach chomh deacair is a bheas sé fáil réidh leis an seandearcadh atá ag daoine áirithe sna Stáit Aontaithe i leith na nGormach.
míchlú agus drochmheas ill repute and contempt
" Tharraing an stailc míchlú agus drochmheas ar fhoireann Chorcaí agus ar CLG.
drochmheas no respect, disrespect
" Más fíor do na suirbhéanna faoi dhearcadh na nAstrálach i leith na ngairmeacha éagsúla – a fhoilsítear sna meáin abhus go rialta – tá drochmheas ag muintir na tíre seo ar pholaiteoirí, mar atá acu ar dhlíodóirí, ar dhíoltóirí carranna athláimhe agus, sa lá atá inniu ann, ar lucht na teileamhargaíochta.
drochmheas ill feeling
" Is é sin, an cineál a bhaineann le daoine a bhíonn i gcarranna, agus an drochmheas atá acu ar an chuid eile a roghnóidh an rothar mar mhodh taistil le fáil ó áit go háit.
drochmheas dislike
" Sir Kenneth Pugh Thompson (1909-1984) a bhí ina fheisire i Walton agus bhí drochmheas aige ar na hÉireannaigh agus ar cheardchumainn.
drochmheas bad opinion
" Chaith an t-iriseoir Paul Foot drochmheas ar an *Widgery Report* - thug sé *‘Widgery bullets’* ar na hurchair a chuala na paras ach nár ghortaigh duine ar bith.
drochmheas low esteem
" Léirigh Bertie Ahern an drochmheas a bhí aige ar an oireachtas tamall ina dhiaidh sin.
drochmheas contempt
" Tá fírinne áirithe ag baint leis mar sin, sa chaoi go léiríonn sé an drochmheas a bhí ag údaráis náisiúnta na Fraince ar theangacha réigiúnda – agus an chaoi a chuaigh sé sin i bhfeidhm ar fhéiníomhá na gcainteoirí.
ciontach as drochmheas agus fuath a tharraingt ar guilty of drawing contempt and hatred on
" Ghearr an breitheamh dhá bhliain charcrach ar Nadezhda Tolokonnikova (22), Maria Alyokhina (24) agus Yekaterina Samutsevich (30) as a n-agóid, a mhair 40 soicind agus dúradh leo, ‘gur diamhasla míofar a bhí ann a bheith ag mallachtú san eaglais’ agus go raibh siad ciontach as drochmheas agus fuath a tharraingt ar an Eaglais Cheartchreidmheach.
le magadh nó drochmheas a chur in iúl to express distain or to mock
" I mBéarla a bhí an dráma, ach bhí focla Máltaise ann freisin le magadh nó drochmheas a chur in iúl.
deargmhasla agus drochmheas caite uair amháin eile ar grave insult and contempt caste once more at
" Bhí na míreanna ag teacht aníos ar an Smutleabhar: deargmhasla agus drochmheas caite uair amháin eile ar dhream na Gaeilge ag an journal.
tharraingeodh fíor-dhrochmheas ar would draw really bad disrepute on
" Ach níorbh iad na rudaí sin ba mheasa; bhí baol mór ann go rithfeadh an tír as airgead reatha chun iasachtaí a íoc, rud a tharraingeodh fíor-dhrochmheas ar na Stáit Aontaithe mar fiachóir.
drochmheas contempt
" Labhair sí le hÉamonn Ó Dónaill faoin fheachtas seo agus na cinn eile a raibh sí bainteach leo cheana, faoin drochmheas atá aici ar pháirtí Fhianna Fáil agus faoina saol mar scoláire Sean-Ghaeilge.
drochmheasa contempt
" Tuigtear do Bhearnaí Ó Doibhlin go bhfuil an t-athmheas, in ionad an drochmheasa mar a bhíodh, ag muintir na hAstráile ar na sluaite saighdiúirí a fuair bás ar an mblár catha ag Gallipoli sa Tuirc in earrach na bliana 1915.
Tá drochmheas léirithe contempt is being demonstrated
" Tá drochmheas léirithe le tamall anuas ar dhíoltóirí madraí ar líne gur beag a machnamh ar leas na gcoileán.