Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
dtíortha atá i mbéal forbartha developing countries
" Ní cheapfadh mórán daoine go raibh baint ar bith ag an gComórtas Amhrán Eoraifíse le dul chun cinn na tráchtála leictreonaí i dtíortha atá i mbéal forbartha.
chun bochtanas na dtíortha neamhfhorbartha a chloí to overcome the poverty of the undeveloped countries
" Ach glactar leis gurb é an t-oideachas an eochair chun bochtanas na dtíortha neamhfhorbartha a chloí - agus muna bhfuil muid in ann an t-airgead a chur ar fáil chuige sin ní éireoidh linn na spriocanna forbartha eile atá againn a bhaint amach.
i dtíortha forbartha eile in other developed countries
" Agus, ar fhaitíos go gceapfadh duine go bhfuil mé ag déanamh éagóra ar mhuintir Liatroma, deir an Dr McMaster go bhfuil na torthaí ag dul le torthaí na suirbhéanna eile a rinneadh i gceantair eile sa tír agus go bhfuil an leibhéal raimhreachta inchurtha lena bhfuil ar fáil i dtíortha forbartha eile.
ar mhúnla na dtíortha Eorpacha on the model of European countries
" Córas dhá pháirtí Níl ach dhá pháirtí polaitíochta i Meiriceá, rud a chuireann iontas ar Eorpaigh, a fheiceann cúig nó sé cinn de mhórpháirtithe ina bparlaimintí féin, ach ní ar mhúnla na dtíortha Eorpacha a bunaíodh daonlathas Mheiriceá.
i dtíortha i gcéin in far-off countries
" Tá deireadh leis an fhánaíocht ó thír go tír ag na sluaite fear iarann a mhúnlaigh an dealbhóir Anthony Gormley agus an scéal amuigh, i ndiaidh conspóide a bhí teasaí go leor in amanna, nach i dtíortha i gcéin a bheidh siad ag cur fúthu go buan ach i ndúiche an dealbhóra féin ar bhruach an Mersey i Sasana.
ar mhúnla na dtíortha Eorpacha. like the model in European countries.
" Tá sé ina luaidreán gur íoc na comhlachtaí móra árachais airgead mór chun é a smálú mar gheall ar a phlean chun ollchóras sláinte náisiúnta a thabhairt isteach ar mhúnla na dtíortha Eorpacha.
calafoirt na dTíortha faoi Thoinn. the ports of the Low Countries.
" Bhí an-trádáil ar siúl le calafoirt Bhaltacha agus calafoirt na dTíortha faoi Thoinn.
an chaoi a maireann daoine i dtíortha bochta, how people live in poor countries,
" ”Agus céard é an buntáiste is mó a thugann an taisteal do dhuine, dar leis?“Nuair a fheiceann tú an chaoi a maireann daoine i dtíortha bochta, bíonn níos mó measa agat ar an méid atá agat.
i dtíortha iasachta in foreign countries
" Is é an rud is fearr liomsa faoi am a chaitheamh i dtíortha iasachta ná an deis a fhaigheann tú a bheith ag amharc ar an chultúr agus ar iompar na ndaoine, is é sin, an chuma atá ar mhuintir na háite, an dóigh a maireann siad agus an dóigh a gcaitheann siad a gcuid laethanta.
dtíortha forbartha developed countries
" Bhí tionchar ní nach beag freisin ar rochtain níos fairsinge ar leathanbanda sreangtha, gan sreang agus soghluaiste i dtíortha forbartha.
dtíortha countries
" Tá roghanna éagsúla ar fáil dúinn, ní hamháin san Astráil ach in oileáin an Aigéin Chiúin agus i dtíortha san Áise.
dtíortha bunaidh countries of origin
" Dar le Besson gur maith an rud é comhaontú MoneyGram International mar gur mian leis an rialtas forbairt i dtíortha bunaidh na n-inimirceach a chur chun cinn.
dtíortha countries
" Áirítear go bhfuil tuairim is 200 milliún duine ag cur fúthu i dtíortha nach a dtíortha dúchais iad sa lá atá inniu ann agus is féidir talamh slán a dhéanamh de gur beag tír ar dhroim an domhain nach bhfuil an imirce seo dulta i gcion air.
dtíortha éagsúla various countries
" Meabhraítear do phobal na Fraince go bhfuil ar rialtais i dtíortha éagsúla leasuithe ar an gcóras pinsin a chur i bhfeidhm.
dtíortha eile other counties
" Cloisim daoine ar RTÉ ag plé cuairt na banríona ar Éirinn roimh i bhfad, ach ní chloisim éinne i mbun scagtha faoi ról an teaghlaigh ríoga sa mharú in Afganastáin agus i dtíortha eile.
dtíortha eile other countries
" Seacht gCinn de Leideanna =========== - Bí ar an eolas: Ar an gcéad dul síos, tá sé i bhfad níos éasca fios do ghnó a bheith agat idir eolas a bhailiú faoi cad a dhéanann búistéirí i dtíortha eile leis na meáin sóisialta, nó leabhar a ordú a mhíníonn cúrsaí cuntais duit go beacht.
dtíortha éagsúla various countries
" An Ghéarchéim a Tuaradh ============ **SMM: An €uro mar athá, an gcaithfidh sé titim mar airgeadra agus an gcaithfear córas airgid na dtíortha éagsúla teacht i bhfeidhm an athuair, an punt inár gcás féin?** SÓhU: Dúramar ins an eite chlé sular tháinig an €uro i bhfeidhm in aon chor nach n-oibreodh sé agus nárbh fhéidir le tíortha a raibh geilleagar lag, cosúil leis an tír seo, cosúil leis an bPortaingéil agus leis an nGréig, a bheith ar an mbóthar céanna leis na geilleagair siúd a bhí thar a bheith láidir cosúil leis an nGearmáin agus go mbeadh géarchéim dá bharr san.
bhforbairt na dtíortha development of countries
" D’éirigh leis comhlachtaí móra Astrálacha go leor a spreagadh chun páirt a ghlacadh i bhforbairt na dtíortha sa tríú domhan freisin.
dtíortha countries
" I ndiaidh do Soros eagarfhocal a scríobh mar thaca leis an muirthéacht, tháinig sé chun solais ar Al Jazeera agus sa New York Times go bhfuair na gníomhaithe a d’eagraigh na léirsithe ar fud an Mheánoirthir oiliúint ó dhaoine a bhí páirteach sna muirthéachtaí síochánta sa tSeirbia, sa tSeoirsia, san Úcráin agus i dtíortha eile nach iad — dreamanna a bhí maoinithe ag eagraíochtaí neamhrialtasacha ar nós an *Open Society Institute* de chuid George Soros.
dtíortha countries
" Níor oibrigh sé agus ní oibríonn a mhacasamhail i dtíortha eile.
gcoimhlintí inmheánacha na dtíortha the internal conflicts of the countries
" ” An Uachtaránacht =========== Labhair muid faoi Barack Obama, faoi na haiséirithe sa Mheánoirthear - tá sé ceart sibhialtaigh a chosaint ach tá an chontúirt ann go dtarraingfear an tIarthar isteach i gcoimhlintí inmheánacha na dtíortha atá corraithe - agus labhair muid ar go leor eile ach anois agus gan cúraimí Dála air, tá Michael D ag beartú aistriú tí - go dtí Áras an Uachtaráin, mar iarrthóir tofa Pháirtí an Lucht Oibre.
dtíortha sárfhorbartha developed countries
" Maíonn an iris freisin go bhfuil geilleagar na hAstráile níos láidre ná beagnach gach geilleagar eile i measc na dtíortha sárfhorbartha mar gheall ar “mhaoirseacht fhaichilleach an Aire”.
mbunús na dtíortha daonlathacha most of the democratic countries
" Tá Teach Uachtarach i mbunús na dtíortha daonlathacha sa domhan iartharach go deimhin.
a dtíortha ionchollaithe their countries incarnate
" Is iad a dtíortha ionchollaithe an bheirt acu, cothaíonn siad dílseacht as an ghnáth agus tá finscéalta ag baint leo araon.
dtíortha countries
" Agus an aimsir mar a bhíonn sí in Éirinn, is beag seans go dtiocfaidh an eitpheil trá chun cinn go luath! Cuid mhór de na spóirt nó na cluichí atá mar chuid de na Cluichí Oilimpeacha, is spóirt mhionlaigh iad ach i dtíortha ina bhfuil daonra mór agus airgead ar fáil téann na spóirt mhionlaigh sin i bhfeidhm ar níos mó daoine.
dtíortha gur chuma leo countries where they don’t care about
" Bíonn siad amhlaidh i gcónaí, ar ndóigh, ag troid ar nós dream Ghurkha i dtíortha gur chuma leo saoirse nó beatha daoine in Angola, an Congó, Vítneam srl.
sheasamh na dtíortha eachtrannacha sin the stand taken by those foreign countries
" Ar sheasamh na dtíortha eachtrannacha sin a bhfuil spéis faoi leith acu sa cheantar sin a bhí na tosca sin ag brath – ar shlí amháin nó ar shlí eile.
d’achainí na dtíortha Iartharacha the western countries request
" Dhiúltaigh na Rúisigh d’achainí na dtíortha Iartharacha go rachaidís i mbun idirghabhála le réimeas al-Assad ar mhaithe le cosaint chearta daonna agus chun an foréigean a mhoilliú.
a dtíortha agus a muintire of their lands and people
" Tuiscint ar an Chos ar Bolg ============ Coirdínigh, Airméanaigh, Bascaigh, chomh maith leis na Palaistínigh, tá gnéithe de scéalta crua a dtíortha agus a muintire a léiríonn roinnt gnéithe den chos ar bolg agus den díothadh a tharlaíonn go rómhinic in áiteanna éagsúla ar an domhan.
dtíortha i bhfad is i ngar countries far and wide
" , nach bhfuil an duine in ann éirí aniar leis na deacrachtaí a eascraíonn as míreachtú nó forlámhas phobail an domhain ar a chéile? Ar cheart do na hÉireannaigh a gcuid féin a dhéanamh de thaighde agus de staidéar na síochána agus torthaí a n-iarrachtaí a roinnt le muintir eile an domhain ar dhóigh a dhéanfadh leas na comhdhaonnachta? Bíonn *‘Centre for Peace Studies’* thall is abhus sna forais tríú leibhéal in Éirinn agus i dtíortha i bhfad is i ngar.
le gur fearr a roinnfidh na saoránaigh nua so that the new citizens shall share all the more luachanna na dtíortha sin their countries values
" Sa réamhrá a scríobh an tSiúr Stanislaus Kennedy leis an tuairisc deir sí go dtugann tíortha eile uchtach d’inimircigh saoránacht a lorg le gur fearr a roinnfidh na saoránaigh nua luachanna na dtíortha sin.
ag feitheamh i dtíortha éagsúla san Áise waiting in various countries
" Ciallaíonn an prionsabal (mar dhea) seo nach mbeadh aon bhuntáiste ag muintir na mbád thar na teifigh eile atá ag feitheamh i dtíortha éagsúla san Áise le cead oifigiúil a fháil teacht chun na hAstráile ar imirce.
a rugadh i dtíortha lasmuigh who were born in countries outside
" Ceann de na rudaí ba mhó a nocht an staidreamh sin ná gur inimircigh iad 13% de dhaonra Shasana is na Breataine Bige, is é sin daoine a rugadh i dtíortha lasmuigh den Ríocht Aontaithe.
crosa na dtíortha ar fad all the countries crosses
"crosa na dtíortha ar fad a bhí ar son King Billy ar an bhratach uasal álainn sin: Sasana, Albain, An Bhreatain Bheag, An Ísiltír agus Cúige Uladh.
a dtíortha dúchais their country of origin
" Ach in ionad iad a chur ar ais go dtí a dtíortha dúchais, is gnách leo na hinimircigh a scaoileadh saor ar thalamh thréighte gar don chathair Oujda ag an teorainn idir Maracó is an Ailgéir.
gur thit an tóin as géilleagar na dtíortha that the bottom fell out of the countries economies
" Ní léir domsa gur thit an tóin as géilleagar na dtíortha ina labhraítear na teangacha sin nó gur cuireadh beatha othair i mbaol dá bharr.
dála na dtíortha eile like the other countries
" Mhothaigh an rialtas abhus dá bharr, dála na dtíortha eile sa Chomhlathas, gur loic Éire ar a comhghleacaithe in am an ghátair.
dtíortha na himpireachta empire lands
" Luann Rolston na teagmhálacha a bhí idir Éireannaigh agus daoine eile nár den chine gheal iad, anseo in Éirinn, i dtíortha na himpireachta, i Meiriceá Thuaidh, an caidreamh acu difriúil, ag brath ar shiocracha áirithe na linne agus na háite.
a dtíortha dúchais a thréigean to leave their countries
" Mar a deir González féin, arbh inimirce ó Phórtó Ríce é a athair, “ní mhúineann siad dúinn ar scoil go bhfuil an méid sin Laidin-Mheirceánach sna Stáit mar gheall ar ainghníomhartha rialtas SAM a thug ar na milliúin daoine a dtíortha dúchais a thréigean agus triall ar na Stáit Aontaithe.
nach iad a dtíortha dúchais iad which are not their native countries
" Tugtar imircigh idirnáisiúnta ar dhaoine a chónaíonn i dtíortha nach iad a dtíortha dúchais iad.
ina dtíortha breithe in the land of their birth
" Is é is mó is cúis le daoine aghaidh a thabhairt ar an gcoigríoch, ar ndóigh, ná an easpa deiseanna dul chun cinn ina dtíortha breithe.
forais chultúrtha na dtíortha éagsúla cultural institutions from the various countries
" Teachtaireachtaí sa Taispeántas =============== Spreagann scála an taispeántais iomaíocht ghéar idir ealaíontóirí agus forais chultúrtha na dtíortha éagsúla a ghlacann páirt ann.
gheilleagair na dtíortha seo the economies of these countries
" Tá bunús maith leis seo nó tháinig méadú mór ar an choiriúlacht sna seachtóidí agus i dtús na n-ochtóidí i roinnt tíortha saibhre, agus ar ndóigh, tugadh suaitheadh láidir do gheilleagair na dtíortha seo le linn na tréimhse úd.
i dtíortha bundúchais na n-imirceach chomh maith in the emigrants' native countries also
" Bíonn torthaí is iarmhairtí na himirce le sonrú go géar i dtíortha bundúchais na n-imirceach chomh maith.
gur minic a bhíonn forbairt na dtíortha bunaidh thíos leis the countries of origin often suffer as a result
" Aithníonn sé go gcuireann imircigh le forbairt na dtíortha saibhre is gur minic a bhíonn forbairt na dtíortha bunaidh thíos leis nuair a théann saoránaigh oilte thar lear.
atá á labhairt i dtíortha go leor – seachas in Éirinn being spoken in many countries – other than Ireland
" Trí ní a thuig mé i gceart i Trier na Gearmáine i mí Lúnasa ag an *First European Symposium in Celtic Studies*: an cúlú mór atá i saol an léinn; an saibhreas ollmhór a bhí ag cuid de na Sean-Cheiltigh fadó; an Ghaeilge mhaith atá á labhairt i dtíortha go leor – seachas in Éirinn.
ina mhonarchana i dtíortha éagsúla in their factories in various countries
" Nuair a d’fhógair Holden go mbeadh deireadh lena tháirgeadh san Astráil, cuireadh an milleán ar chostas ard táirgthe sa tír seo, costas ard saothair ach go háirithe i gcomórtas le costas saothair ina mhonarchana i dtíortha éagsúla san Áis.
dtíortha an rachmais the wealthy countries
" Is tír í an Pholainn a mbítear ag gréasaíocht agus ag tincéaracht agus ag deisiúchán inti fós, ní hionann agus i dtíortha an rachmais.
ná mar is ghnáth i dtíortha than usual in countries
" Tá an deighilt idir daoine bochta agus saibhre ceithre uaire níos mó in Éirinn ná mar is ghnáth i dtíortha ECFE.
le freagra na dtíortha iartharach ar the western countries answer
" Ach léiríonn an neamh-éifeacht a bhaineann le freagra na dtíortha iartharach ar an ghéarchéim úd a laige is atá siad.
mhuintir na dtíortha úd the people of those countries
" Is é ábhar maíte an CLG faoin socrú seo go mbeidh ar chumas mhuintir na hÉireann i gcéin, go háirithe sa Bhreatain agus san Astráil, na cluichí úd a fheiceáil ‘beo’ (má tá siad sásta an táille chuí a íoc le Sky dar ndóigh) agus go mb’fhéidir go bhfeicfidh daoine eile sna tíortha sin cluichí na nGael á n-imirt agus go meallfaí lucht féachana breise i measc mhuintir na dtíortha úd.
i dtíortha thar lear in overseas countries
" Reicimis a bhfuil le roinnt againn i réimsí físe i Londain agus i gcríocha i gcéin, mar nílimid gan chairde i dtíortha thar lear ná i dtíortha atá lasmuigh de dhomhan an Bhéarla.
dtíortha níos faide i gcéin countries further afield
" B'anseo a d'fhág an t-aos óg slán ag cairde is ag gaolta sular imigh siad siad chun na héiginnteachta san Oileáin Úr nó i Sasana nó i dtíortha níos faide i gcéin.
stair na dtíortha the countries’ histories
" Cé nach bhfuil ‘stair i gcoitinne’ ag Éirinn agus Sasana, téann stair na dtíortha thar a chéile in amanna (dúirt sé).
i bhformhór na dtíortha san Eoraip in most of the countries in Europe
" Tá fáil ag níos lú daoine in Éirinn ar an leathanbhanda ná mar atá i bhformhór na dtíortha san Eoraip agus is ar Eircom is mó a chuireann Caoimhe Ní Laighin an milleán go bhfuil cúrsaí amhlaidh.
dtíortha countries
" Éireannaigh ina saighdiúirí tuarastail ag marú daoine i dtíortha thar lear faoin ainm ‘Irish Guards’ agus a bheith á marú ag daoine thar lear chomh maith mar a mhíníonn Tony Birtill.
i dtíortha thar lear in countries overseas
" Is iomaí duine i dtíortha thar lear a thugann cluas do Gharraí Pheter William ar an tsuíomh idirlín.