Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
ag dul as gnó going out of business
" Tá muid ag cuartú anois ceannaireacht aontachtach agus dhílseach a fheiceann go bhfuil an IRA ag dul as gnó, a aontóidh an UUP taobh thiar de Chomhaontú Aoine an Chéasta, agus foireann na brionglóide, Jeffrey Donaldson agus Reg Empey, mar cheannairí úra an pháirtí i ndiaidh imeacht Trimble.
nach raibh aon dul as aige ach an ceathrar a dhíbirt that he had no choice but to send off the four
" Ní hamháin go ndeir John nach raibh aon dul as aige ach an ceathrar a dhíbirt, admhaíonn sé go raibh an pionós céanna tuillte ag Gaillimheach eile ach nach raibh sé in ann a uimhir a fheiceáil ná é a aithint i measc an tslua imreoirí.
Ní raibh dul as. There was no way out of it.
ní bhíonn dul as aige he has no choice
" Agus an té a léann an saothar, ní bhíonn dul as aige ach a bheith páirteach sa tagairt seo uilig a bhíonn ag titim amach de shíor sa teanga.
Níl aon dul as there is no choice
" Tá athruithe sa tír seo nach bhfuil mise sásta leo: Gan aon duine ag troid ná ag agóid mar a dhéanadh siad fadó; Níl aon dul as de réir an dlí anois ach *Union Jacks *a dhó Ó chuaigh Mary Mac isteach arís san Áras.
nach bhfuil aon dul as that there is no choice
" Is dóigh nach bhfuil aon dul as mar, tar éis an tsaoil, tá easpa fuinnimh sa tír, agus is trí thógáil an damba a bheidh siad in ann an fhadhb seo a réiteach.
ag dul as amharc disappearing
" Agus bhí na daoine sin ag dul as amharc isteach i gceo a bhí thart ar na plásóga sin.
ag baint lán a ndá súl as a raibh ag dul ar aghaidh taking in everything that was going on
" Shuífeadh siad ansin i rith na hoíche agus gloiní oráiste as a gcomhair agus gan bogadh astu agus iad ag baint lán a ndá súl as a raibh ag dul ar aghaidh.
ag dul as aithne becoming unrecognisable
" Bhí a mháthair ag dul as aithne, bhí an oiread sin meáchain caillte aici, agus bhí cuma ghiobach sheanchaite ag teacht ar a athair.
dul chun cinn as cuimse a huge improvement
" Bhraitheas dul chun cinn as cuimse maidir le raon agus saibhreas mo ghutha.
ní bhíonn aon dul as ach tabhairt faoin véarsaíocht. you have no choice but to start writing verse.
" Más duine thú atá ag smaoineamh ar an saol thart ort, tagann tú chuig áit taobh istigh agus ní bhíonn aon dul as ach tabhairt faoin véarsaíocht.
ag dul as a mheabhair going out of his mind
" Nuair a chuireann Lars a pháirtí nua – Bianca – in aithne dá dheartháir agus dá dheirfiúr chéile agus iad ag ithe dinnéir i dteach s’acusan, síleann siad go bhfuil sé ag dul as a mheabhair go dtí go míníonn comhairleoir dóibh go bhfuil Lars ag déanamh iarrachta a chuid fadhbanna síceolaíocha a réiteach agus go bhfuil Bianca, a leannán sileacóin, ag cuidiú leis.
ag dul as a gciall, going out of their minds
" Bhí an-spraoi ag baint leis: bhí daoine ag dul as a gciall, ach ar bhealach maith.
níl aon dul as it can't be avoided
" Sa ghearrthéarma, níl aon dul as: ní mór gearradh siar ar chostais na seirbhísí poiblí.
Níl aon dul as there’s no getting away from it
" Níl aon dul as, áfach, ach go bhfuil smál ar chraobh an tsacair san Úcráin mar gheall ar gheimhliú iar-Phríomh-Aire na tíre sin, Yulia Tymoshenko.
ag dul a athrú as a riocht going to change in appearance
" Bíodh dúil agat sa chinneadh faoi *Girdwood* nó ná bíodh, is léir go bhfuil tuaisceart Bhéal Feirste ag dul a athrú as a riocht sna blianta atá romhainn.
nuair nach raibh aon dul as aige when he had no alternative
" Duine daonna, tíriúil, greannúr, onórach, ach solúbtha, nuair nach raibh aon dul as aige – b’shin an Lincoln a chruthaigh Day-Lewis.
Níl aon dul as acu they’ve no choice
dul chun cinn as cuimse déanta great progress made
" A bhuíochas don Fhleadh Cheoil tá dul chun cinn as cuimse déanta chun gnaoi an phobail a tharraingt ar cheol traidisiúnta, go háirithe i measc na nÓg.
níl aon dul as there’s no alternative
" Idir daoine bheith i mbun téacsála, scimeála ar an idirlíon nó ag breathnú ar an mbosca sa chúinne, níl aon dul as ach go bhfuil ceird an chomhrá sa phub, mar a bhí, faoi bhagairt.
níl de dhul as agam I’m forced to
" Agus más trí mheán na putóga a oibríonn fíorscannán, go príomhga, agus creidim gurb é sin nádúr agus eisint scannáin, níl de dhul as agam ansin ach fíorscannán a thabhairt ar obair dhéanaí Steve Mc Queen, Sasanach.
nach raibh aon dul as aige he had no alternative
" **CMacS: Cén dearcadh a bhí agat ar fhógairt Sheáin Uí Chuirreáin go raibh sé le héirí as a phost mar Choimisinéir Teanga?** AÓC: Sílim gur rud an-tromchúiseach é gur bhraith Seán Ó Cuirreáin nach raibh aon dul as aige ach éirí as a phost toisc nach raibh an stát ag cloí leis an reachtaíocht agus go raibh teipthe air féin an ceann is fearr a fháil ar an státchóras.
rud chomh mór sin dul as amharc something so big go out of sight
" Cuireadh an cheist, cén chaoi ar féidir le rud chomh mór sin dul as amharc? Céad bliain ó shin ní fhéadfaí ceist mar seo a chur siocair gur síleadh an t-am sin go raibh an domhan chomh mór agus an fharraige chomh fada fairsing is gur ar éigean a d’fhéadfaí é a shamhlú go fisiciúil.