Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
bord eadrána stáit a state arbitration board
" Cuireadh dlús leis an chaint ar dhul ar stailc sa NYPD an tseachtain seo caite nuair a tuairiscíodh sa *New York Daily News* go mb'fhéidir nach dtabharfadh bord eadrána stáit ach ardú de 5% sa bhliain do na póilíní, thar dhá bhliain.
do luachanna na headrána agus na measarthachta the values of mediation and moderation
" Ról tairbheach idirnáisiúnta é sin a ligeadh do Rialtas Cheanada a fhógairt sa bhaile agus i gcéin gur sheas arm Cheanada, dála an náisiúin féin, do luachanna na headrána agus na measarthachta.
lucht eadrána mediators
" Má tá tú ag lorg polaiteora i láthair na huaire, mar sin, go háirithe ceann atá sa Pháirtí Daonlathach, nó i measc lucht eadrána an Pháirtí Phoblachtánaigh, féach suas sna crainnte, nó isteach sna pluaiseanna.
dul i mbun eadrána to engage in mediation
" Ar ndóigh, b'aighneas thar a bheith binibeach a bhí i gceist i gcás Áth na Sceire agus mhol an Breitheamh John McMenamin gur cheart go mbeadh iachall feasta ar na páirtithe dul i mbun eadrána i gcaingin dá leithéid.
córas eadrána náisiúnta a national mediation system
" Ar ndóigh, tá córas eadrána náisiúnta i bhfeidhm sa tír ón bhliain 2004, tráth ar bhunaigh an tIar-Aire Éamon Ó Cuív Comhairle na Tuaithe le réiteach a aimsiú ar aighnis idir feirmeoirí agus siúlóirí agus le clár oibre náisiúnta a chur ar bun ina leith.