Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
eangach net
" An chéad rud eile an sliotar i gcúl eangach Choláiste Chiaráin.
eangach riaracháin na Sealadach the administrative net of the Provisionals
" Díograiseoir cruthanta Gerry Adams, d’oibrigh Denis Donaldson laistigh d’eangach riaracháin na Sealadach, é i gcónaí sásta an choisíocht chrua a chur isteach, lasmuigh den spotsolas, chun clár oibre phróiseas na síochána a bhrú chun tosaigh.
leis an sliotar i gcúl na heangaí with the sliotar in the back of the net
" D’aimsigh Cian Mac Giolla Bhríde as Coláiste Eoin an cúl agus bhí baint ag a chomhscoláirí as Coláiste Eoin, Seán Ó Seanáin agus Joe Ó Meachair, leis an gcomhimirt a chríochnaigh leis an sliotar i gcúl na heangaí.
san eangach in the net
" Chuaigh Áth Cliath ar an ionsaí arís agus tar éis ruathair láidir trí chosaint Chiarraí bhí an liathróid san eangach arís.
ina eangach féin. in his own net.
" Beidh díomá air nár tugadh aireacht níos tábhachtaí dó, ach tá an baol ann i gcónaí go gcuirfidh sé an liathróid ina eangach féin.
téaduirlisí eangacha jagged strings
" Chuir intreoir an phoirt “Bróga Gorma” saothar an chumadóra Stravinsky i gcuimhne dom (é lán téaduirlisí eangacha) ach is éard atá sa phríomhshéis ná ceol traidisiúnta.
eangach net
" Dá mbáfadh sé san eangach é, b’shin deireadh le Tiobraid Árann.
eangach net
" Cluiche ab ea é a bhí idir dhá cheann na meá go dtí an nóiméad ar bháigh Máirtín Comartún an sliotar in eangach Bhreandáin Uí Choimín, cúl báire Thiobraid Árann, agus gan ach cúig nóiméad fágtha chun imeartha.
gcúl na heangaí back of the net
" Chuidigh an ghaoth le haimsiú an chéad chúil – poc saor i bhfad amach ag Seán Ó Féinneadha a chuaigh díreach isteach i gcúl na heangaí.
eangach net
" Tar éis 20 nóiméad chuir Fabregas (An Spáinn) an liathróid chomh fada le Nasri (An Fhrainc), a thug pas do Arshavin (An Rúis), a chuir ar ais ag Nasri é, chun go gcuirfeadh sé thar Hart (Sasana) san eangach é.
eangach sábhála an oideachais the educational safety net
" Seo na daoine a thiteann fríd eangach sábhála an oideachais agus a chríochnaíonn suas le fadhbanna drugaí agus an deoch mheisciúil nó sna paraimíleataigh nó an dá rud.
eangaí net
" Tá Toronto tógtha ar chóras eangaí agus mar gheall ar sin, is furasta taisteal timpeall na cathrach.
b’éigean eangacha a chrochadh nets had to be hung
" Tá cuid againn fliuch báite cheana féin – b’éigean eangacha a chrochadh ar na cúil agus brait a chur timpeall na páirce.
san eangach in the net
" Báitear an sliotar san eangach agus anois níl ach cúig cúilín farasbarr againn agus beidh gaoth agus báisteach inár gcoinne sa dara leath.
eangach net
" Ach ní hamhlaidh a tharla in ainneoin cúl de chineál nach bhfacthas riamh roimhe ná ó shin, cúl a léirigh dánacht agus clisteacht imreora amháin de chuid Átha Cliath, Ollie Freeney, nuair a chuir sé an pheil i gcúl eangach Chiarraí ó chic saor 21 slat amach agus seisear de chosantóirí Chiarraí i mbéal báire.
eangacha nets
" Níl aon chlaí ar an fharraige siar as Éirinn, thar mar a bhíodh daichead bliain ó shin nuair a bhíodh trálaeir na hÍsiltíre, na Danmhairge agus eile faoi fhad urchair don chósta ag stiúradh na warps sa mhullach ar eangacha trálaeir bheaga na hÉireann.
curtha go dleathach san eangach put in the net legally
" Bhí sé oibrithe amach go stairiúil agam go mbíonn cluiche amháin as gach 12 cluiche, thart air, a chríochnaíonn gan aon liathróid a bheith curtha go dleathach san eangach ag ceachtar den dá fhoireann.
le heangach náisiúnta na Breataine to the British national network
" Ar Nós Cuma Liom Faoin Scrios ============ Ní haon iontas é mar sin go bhfuil socrú déanta ag an Ríocht Aontaithe le rialtas na hÉireann go ndíolfaí an aibhléis a ghintear as feirmeacha gaoithe anseo le heangach náisiúnta na Breataine.
Eangach na polaitíochta the political (fishing) net
" " Eangach na polaitíochta ========== Téama coitianta ina chaint é an gá atá ann freastal ceart a dhéanamh ar fhoghlaimeoirí óga, idir lucht Choláiste Lurgan féin agus na gnáthscoláirí bochta a bhíonn gafa in eangach pollta na Gaeilge ar an dara leibhéal.
a bhíonn gafa in eangach pollta who are caught in the torn net
" " Eangach na polaitíochta ========== Téama coitianta ina chaint é an gá atá ann freastal ceart a dhéanamh ar fhoghlaimeoirí óga, idir lucht Choláiste Lurgan féin agus na gnáthscoláirí bochta a bhíonn gafa in eangach pollta na Gaeilge ar an dara leibhéal.
agus sinn gafa in ascar ina chuid eangacha as we’re caught fast in its nets
" Díol suime is ea an méid blaganna agus leabhar atá á fhoilsiú i láthair na huaire ar thábhacht an tosta agus na diúide sa saol iar-nua-aoiseach seo agus sinn gafa in ascar ina chuid eangacha.