Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
rugadh ar leathchois eisean he was born with one leg
" Ní raibh éinne acu sa staid sin ariamh, fiú cléireach an Bhainc mar gur rugadh ar leathchois eisean agus nár ghá fáil réidh lena leathchos nach raibh ariamh air.
Toghadh eisean he was elected
" Toghadh eisean, ach ar nós na dteachtaí neamhspleácha eile fágadh amuigh ar an bhfaraor géar é nuair a rinne Bertie cleamhnas leis an bPáirtí Daonlathach in athuair.
murach eisean if it wasn't for him
" Táimid an-bhuíoch freisin de Dermot McLaughlin, Príomhfheidhmeannach Temple Bar Properties; murach eisean, is beag seans go n-éireodh linn spás a fháil i mBarra an Teampaill.
murach eisean if it wasn't for him
" Táimid an-bhuíoch freisin de Dermot McLaughlin, Príomhfheidhmeannach Temple Bar Properties; murach eisean, is beag seans go n-éireodh linn spás a fháil i mBarra an Teampaill.
gurbh eisean ba chúis lena mbunú. that he was responsible for their foundation
" Tá iarrthóir de chuid an rialtais reatha ag maíomh gurbh eisean ba chúis lena mbunú.
Eisean a déarfaidh léi it is himself who will tell her
" Eisean a déarfaidh léi cén áit a mbeidh na himreoirí ag imirt ar an pháirc agus cad é atá le déanamh acu.
daoine eile seachas eisean people other than himself
" ” Bhí Lunny ar dhuine de bhunaitheoirí an lipéid ceoil Mulligan Records sna seachtainí ach, arís, daoine eile seachas eisean a ghnóthaigh airgead ón tionscadal sin.
ba eisean a mhol dúinn it was him who suggested, recommeded, to us
" Rinne PJ Curtis an chéad albam (ar ar tugadh *Scullion*) a léiriú agus ba eisean a mhol dúinn cuireadh a thabhairt do Jimmy O’Brien-Moran, píobaire arb as Port Láirge dó, seinm ar an gceirnín.
eisean he also
" Lean cáil chrógacht Jim Kenny eisean isteach sa tsíoraíocht chomh maith.
eisean he
" Níos déanaí isteach sa scéal, nuair nach bhfuil a fhios fós ag Oskar gur vaimpír í - ‘*If I wasn’t a girl would you still like me anyway?*’ Agus iad beirt ina luí ar leaba le chéile, ise croíbhriste tar éis di fear a mharú d’fhonn go mairfeadh sí féin, eisean i ndólás na maistíneachta is déanaí a imríodh ar scoil air – ‘*’I’m not a girl.
eisean him
" ‘Antichrist’, le Lars Von Trier Ná himigh i ngiorracht scread asail do ‘Antichrist’ le Lars Von Trier, fan iomlán glan ar an scannán a scoilt Féile Scannán Cannes ina dhá leath i mbliana, má cheapann tú nach bhfuil seans dá laghad, ‘dá laghad’ a deirim, go bhféadfaí go mbeadh fiúntas agus dleathacht ealaíne de shaghas éigin i scannán ina bhfuil neart míreanna mar seo a leanas tríd síos:- bean a ghearrann a brillín di féin le deimheas mór garraíodóireachta, nó siosúr maintín, ní fhéadfainn a bheith cinnte cioca gléas gearrtha a d’úsáid sí - i ngar-seat ollmhór caol díreach os comhair an cheamara, í dulta glan iomlán as a meabhair le ciontacht a mhíneod ar ball; an bhean chéanna i lár seisiúin suirí lena fear roimhe sin nuair a d’fhág sí gan aithne gan urlabhra é tar éis a mhagairle a bhataráil le ceap adhmaid, mar gur theastaigh uaithi eisean a ghortú as a ról féin sa chiontacht thuasluaite.
Eisean he
" Eisean a dúirt go raibh a fhios agamsa go raibh deacrachtaí ag na bainc.
seoltar eisean he’s sent
" Saolaítear mac óg léi ar ball agus seoltar eisean chuig dílleachtlann.
Gabhadh eisean he was arrested
" Gabhadh eisean i mí Eanáir 1989 de bharr a ghníomhaíochta in eachtraí cuimhneacháin Jan Palach na bliana sin.
toghadh eisean ina uachtarán he was elected president
" Bush nuair a toghadh eisean ina uachtarán sa bhliain 2000? Muna mbeidh, beidh deacrachtaí móra, agus b'fhéidir dosháraithe, aige a chlár oibre a chur i gcrích.
Eisean a labhair go líofa mar gheall ar it was he who spoke eloquently about
" Eisean a labhair go líofa mar gheall ar na ‘better angels of our nature’, íomhá dar mhúnlaigh Lincoln as nath difriúil dar thairg a chomhairleoir William Henry Seward dhó in 1861.
crochadh eisean san éagóir freisin he also was unjustly hung
" '”* Ar a bhealach go crann a chrochta, tuairiscítear gur dhúirt an Seoigheach: “Feicfidh mé Íosa Críost ar ball beag – crochadh eisean san éagóir freisin.
eisean a sheas amach he was the exception
Ní eisean a bhaineann an chraobh he’s not the winner
" Ní eisean a bhaineann an chraobh, áfach.
gortaíodh eisean he was injured
" An duine deireanach sa charr le Raouf, iriseoir eile darb ainm Hamid al-Barbary, gortaíodh eisean ach gabhadh é i ndiaidh cúpla lá agus scaoileadh ar na saighdiúirí curtha síos dó.
Eisean a ghlac ráitis ó na híobartaigh it was he who took the statements from the victims
" An rud is iontaí, duine amháin acu, i ndiaidh an ionsaí a raibh sé féin freagrach as, bhí sé ar ais sa bheairic leis an scairt gutháin éigeandála a fhail! Eisean a ghlac ráitis ó na híobartaigh! Ag seoladh an leabhair, bhris Ann Cadwallader síos agus í ag caint ar bhean a bhí chomh briste sin nuair a fuair sí amach gur scaoileadh a fear chéile gurbh éigean í a cheangal síos ar thocht san otharlann.
eisean taidhleoir an ardchultúir he (is) the high culture’s diplomat
" Ach bhí oilithreacht níos uilí á heagrú ag Langrishe freisin ós rud é gurbh eisean taidhleoir an ardchultúir, an tsiamsa agus an oideachais sa champa suarach mianadóireachta sin.
Níorbh eisean an chéad he wasn’t the first
" Níorbh eisean an chéad Chaisideach a chuir a ladar i gcúrsaí na hEorpa.
eisean he
" An áit ar sacadh eisean Leitir Fraic, níor thada na scéalta againne, le hais éigniú, dúnorgain nó marú agus uaigeanna nach dtugadh gaolta cuairt.
ní eisean a bheas he shall not be
" Fiafraíonn Robert McMillen, ar cheart go n-athainmneofaí an 11 sráid atá baiste as Banríon an Bháis, Victoria? Ceart nó mícheart, cuireadh Niall Mac Auslainn a bhundún dearg amach, ní eisean a bheas ina thrúig bháis ag teanga na Gaeilge, a deir Robert.