Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
ag cur eitiltí in áirithe booking flights
" Rudaí dleathacha ======= Ar ndóigh, bíonn daoine ag déanamh gnáthrudaí dleathacha ar an idirlíon freisin - ag cur eitiltí in áirithe, ag ceannach leabhar agus ag seiceáil a sonraí bainc, mar shampla.
eitiltí na Sionainne the Shannon flights
" Sa Dáil féin rinne sé ceap magaidh dó féin nuair a thagair sé don Iaráin in áit na hIaráice, agus an díospóireacht faoi eitiltí na Sionainne faoi lánseol.
eitiltí flights
" Ach theip ar iarrachtaí an comhlacht a choinneáil i mbarr uisce agus cuireadh deireadh le heitiltí i Márta, 2002.
ag cur na n-eitiltí in áirithe booking the flights
" Seo an tríú bliain, mar a dúirt mé, agus tá muid ag cur na n-eitiltí in áirithe faoi láthair.
eitiltí flights
" Thig leo eitiltí, lóistín, bia agus deochanna a fháil ar feadh coicíse ar an phraghas céanna a bheadh ar sheachtain sa bhaile - gan trácht ar aimsir mhaith.
barraíocht eitiltí saora too may cheap flights
" Dúirt Peter Cranie ón pháirtí i Learpholl go raibh barraíocht eitiltí saora ó John Lennon Airport (JLA) go hÉirinn.
ag tairscint eitiltí offering flights
" Beidh comórtas ag Ryanair nuair a bhunófar *Polskair*, aerlíne a bheidh ag tairscint eitiltí idir an tír seo agus an Pholainn ar €3.
eitiltí saora cheap flights
" Bhí sé socraithe agam fanacht sa bhaile leis an teilifíseán agus le gloine fíona i mbliana ach ansin, buíochas leis an rud iontach sin, eitiltí saora, tháinig an deis chun cinn imeacht liom go Páras agus am a chaitheamh le cara liom.
eitiltí saora cheap flights
" Bhí sé socraithe agam fanacht sa bhaile leis an teilifíseán agus le gloine fíona i mbliana ach ansin, buíochas leis an rud iontach sin, eitiltí saora, tháinig an deis chun cinn imeacht liom go Páras agus am a chaitheamh le cara liom.
eitiltí flights
" Ní mór duit eitiltí a chur in áirithe, rud atá iontach furasta le Trailfinders.
ag cur go mór lena n-eitiltí adding greatly to their flights
" Loingeas úr Ba le teann íoróin a léigh mé lá i ndiaidh fhoilsiú an tuarascála go raibh Aer Lingus ag cur go mór lena n-eitiltí ar fud na hEorpa agus ag ceannach loingeas úr dá bharr.
eitiltí intíre internal flights
" Ní bhfuair muintir na hEorpa dhá rud a bhí á lorg acu sa chaibidlíocht: deis infheistíocht a dhéanamh sna haerlínte Meiriceánacha (ábhar an-ghoilliúnach faoi láthair), agus deis eitiltí intíre a dhéanamh sa tír sin.
tá béim curtha acu ar eitiltí gearraistir they have emphasised short-haul flights
" Ach go dtí seo, tá béim curtha acu ar eitiltí gearraistir - trí huaire, nó níos lú, san aer.
agus go n-aistreofaí cuid mhór eitiltí eile and that a lot of other flights would be transferred
" Thóg Aer Lingus an cinneadh i rith an tsamhraidh go gcuirfí deireadh leis na heitiltí díreacha idir an tSionainn agus Heathrow, agus go n-aistreofaí cuid mhór eitiltí eile go mol nua i mBéal Feirste.
eitiltí áirithe some flights
" Chuir easpa gnímh an chomhrialtais maidir le cinneadh Aer Lingus deireadh a chur le heitiltí áirithe idir Aerfort na Sionainne agus Aerfort Heathrow i Londain olc ar dhaoine sa chuid sin tíre.
an-éileamh ar eitiltí a big demand for flights
" Bhí an-éileamh ar eitiltí ó California go Sydney, agus dá bharr sin chur aerlíne amháin eitilt sa bhreis – ar tugadh *The Pink Flight* uirthi – ar fáil go speisialta.
eitiltí flights
" ***Buntáistí:*** Lán ábalta an fód a sheasamh in éadan brúghrúpaí ar nós na múinteoirí agus iad siúd a bhí i mbun feachtais in éadan chinneadh Aer Lingus deireadh a chur lena chuid eitiltí ó Londain go hAerfort na Sionainne.
eitiltí tráchtála commercial flights
" Bheinn go mór in amhras faoi fhiúntas cuid de na turais seo, go háirithe os rud é go raibh eitiltí tráchtála ar fáil mar mhalairt.
eitiltí flights
" Tá comhlachtaí turasóireachta go leor ag soláthar eitiltí timpeall an cheantair agus níl aon amhras ach gurb é seo an dóigh is fearr glasú agus fliuchadh an láir a fheiceáil.
eitiltí flights
" Ar ndóigh, is maith an rud é an saormhargadh do rudaí áirithe: eitiltí, éadaí, agus earraí leictreonacha, fágaim, ach níltear róchinnte in aon chor ar cheart cead a chinn a thabhairt don saormhargadh i gcúrsaí sláinte, oideachais, nó príosúntachta.
eitiltí flights
" Thug siad eitiltí, óstán agus gach rud dom.
eitiltí flights
" Tá daoine sásta athruithe beaga a dhéanamh (na bolgáin a athrú) ach níl aon chuma ar an scéal go bhfuil siad sásta na hathruithe móra a dhéanamh (staonadh ó eitiltí thar lear).
eitiltí flights
" D'fhoghlaimíomar as na cinn atá foilsithe go dtí seo go raibh Aire Dlí agus Cirt na hÉireann féin amhrasach faoi eitiltí seachadadh urghnách tríd an tSionainn, go raibh an Vatacáin maslaithe ag iarratas na hÉireann eolas a fháil mar gheall ar shagairt phéidifileacha, agus nár chreid foireann taidhleoireachta Mheiriceánach i mBaile Átha Cliath an míniúchán a thug an Roinn Airgeadais dóibh faoi ráthaíocht na mbanc – agus níl iontu sin ach scata cáblaí a bhaineann le hÉirinn.
eitiltí flights
" Ní raibh eitiltí díreach go meániarthar Mheiriceá ag an am, agus thograíos eitilt go Nua-Eabhrac mar sin agus leanacht ar aghaidh ar an traein nó ar an mbus.
eitiltí flights
" Nuair a thosaigh Ryanair ag díol eitiltí ar an idirlíon i 1999, bhí leisce ar go leor daoine ticéid a cheannach ar líne, ach tá athrú mór tagtha ar chúrsaí ó shin, mar a mhíníonn Diarmaid Mac Mathúna.
eitiltí hipearsonacha, cuir i gcás. hypersonic flights, for example.
" Beidh an chuma chéanna ar go leor de na heitleáin i gceann cúig bliana is fiche, a deir Pádraig Mac Éamoinn, ach tarlóidh go leor forbairtí móra i gcúrsaí eitlíochta mar sin féin – eitiltí hipearsonacha, cuir i gcás.
eitiltí hipearsonacha, hypersonic flights,
" Beidh an chuma chéanna ar go leor de na heitleáin i gceann cúig bliana is fiche, a deir Pádraig Mac Éamoinn, ach tarlóidh go leor forbairtí móra i gcúrsaí eitlíochta mar sin féin – eitiltí hipearsonacha, cuir i gcás.