Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
idé-eolaíocha idealogical
" Dala an té a chuir mé faoi agallamh ar an raidió an uair úd, is fear é Higgins atá an-tógtha leis na ceisteanna móra polaitiúla agus idé-eolaíocha agus braitheann tú gur beag fonn atá air labhairt faoina shaol féin.
deighilt idé-eolaíoch idealogical split
" Chuirfeadh an deighilt idé-eolaíoch seo idir an dá bhloc na ceisteanna ar mian leis an Lucht Oibre a bheith ag caint fúthu i gcroílár an fheachtais toghcháin, ceisteanna ar nós: "Cánacha níos ísle nó seirbhísí poiblí níos fearr?".
fianaise eolaíoch a bhailítear scientific evidence that is collected
" Más fíor don iar-Choimisinéir, is tábhachtaí an ceistiú mar sin do na Gardaí ná aon obair bhleachtaireachta a dhéantar ná fianaise eolaíoch a bhailítear.
mo mhála droma a dearadh go heolaíoch my scientifically designed rucksack
" Ach b'fhéidir go raibh sé níos éasca orthu siúd ná ar mo leithéidse, le mo ghlóthach ceatha agus glóthach speisialta do m'aghaidh, mo *factor 60*, mo thaos fiacla, mo spéaclaí gréine, mo stocaí agus bútaí siúil, mo bhríste siúlóide speisialta le pócaí agus zipeanna speisialta, mo mhála droma a dearadh go heolaíoch, agus na *plasters *speisialta do na spuaiceanna.
mheastachán eolaíoch scientific estimate
" Tá na moltaí sin bunaithe ar mheastachán eolaíoch ar an méid is mó éisc ba chóir a mharú gan dochar fadtéarmach a dhéanamh do na stocanna.
eolaíoch scientific
" Ach *tá* siad ag rá go bhféadfadh siad tarlú agus, go deimhin, go bhfuil fianaise láidir eolaíoch ann go bhfuil muid ar thairseach na dtarlúintí seo - go bunúsach, go bhfuil olltubaiste dhomhanda i ndán dúinn uaidh seo go ceann 20 bliain, go scriosfar codanna móra den phlainéad agus go gcaillfear na milliúin dá bharr.
taispeántas ollmhór idé-eolaíoch massive ideological display
" Cé go gcuireann tiománaithe Éireannacha greamaitheoirí ar fhuinneoga a gcuid carranna nó ar a dtuairteoirí chun a ndílseacht dá gcontae nó don fhoireann pheile is ansa leo a léiriú, ní faic é seo i gcomparáid leis an taispeántas ollmhór idé-eolaíoch a bhíonn ar an ghnáthfheithicil i Meiriceá.
staidéar eolaíoch scientific study
" Thug mé faoi deara gur chaith a lán daoine a raibh AMD orthu tobac agus rinne mé staidéar eolaíoch ar an cheist," a dúirt sé liom.
eolaíoch scientific
" Dúirt sé féin go raibh gné chruinn eolaíoch ag baint le méarú na píobaireachta, rud a léiríonn gur oibrigh sé amach go cúramach agus go comhfhiosach a raibh ar siúl aige.
ainneoin nach léir go bhfuil aon fhianaise eolaíoch aici despite it being unclear as to whether or not she has any scientific evidence
" Tá sé ráite arís is arís eile aici nach dtiocfaidh sí ar mhalairt intinne faoina ciorclán conspóideach, ainneoin nach léir go bhfuil aon fhianaise eolaíoch aici a thacaíonn lena cinneadh.
ar bhonn idé-eolaíoch on an ideological basis
" Is dócha go raibh mé i gcoinne ‘nóisean na gairme’ ar bhonn idé-eolaíoch mar gur bhain mé go láidir le polaitíocht na heite clé – creid é nó ná creid!”Is dócha, mar sin, go n-aontódh Myers le ráiteas cáiliúil Winston Churchill: “If a man is not a socialist by the time he is 20, he has no heart.
athrú íde-eolaíoch ideological change
" Aiste shuntasach is ea í mar go ndéantar plé suimiúil inti, ní hamháin ar an nGaeilge, ach ar an dóigh ar tháinig athrú íde-eolaíoch ar an Stát sna caogaidí nuair a thángthas ar an tuiscint go raibh teipthe ar fhís de Valera – is é sin, go raibh teipthe ar nóisean na hathbheochana agus ar an gcaomhnaitheacht.
staidéar eolaíoch ar phróisis intinne agus ar iompar a scientific study of thought processes and of behaviour
" Sampla amháin ná, “is éard atá i gceist le ‘síceolaíocht spóirt’ ná staidéar eolaíoch ar phróisis intinne agus ar iompar i gcomhthéacs an spóirt.
taighde eolaíoch scientific research
" Is go tomhaiste a ba cheart tabhairt faoin díospóireacht seo in áit moltaí a chur chun tosaigh nach bhfuil bunaithe ar aon taighde eolaíoch.
tuarascáil eolaíoch a scientific report
" D’fhoilsigh Roinn Chomhshaoil na hAstráile tuarascáil eolaíoch dhá bhliain ó shin ar an dochar uafásach don chomhshaol atá déanta ag ainmhithe coimhthíocha atá scaoilte amach san éiceachóras ar Oileán Mhic Guaire.
bhonn eolaíoch scientific basis
" Cén fáth gur mar sin a bhíonn? Cén bunús atá leis an rud ar a dtugtar traidisiún agus cén tábhacht a bhaineann leis? An rud é atá ginte sa ghasúr, cuid dá DNA a bheith níos fearr ag an bpeil nó ag an iomáint ná mar a bheadh a mhacasamhail as contae eile? Ceisteanna iad seo nach féidir a fhreagairt ar bhonn eolaíoch, ach is ceisteanna iad a spreagann cur agus cúiteamh agus iaróga bríomhara ar oícheanta dorcha na dúluachra.
eolaíoch scientific
" Níl bunús eolaíoch ar bith leis an sprioc de 250,000 cainteoirí laethúla Gaeilge.
eolaíoch scientific
" Iarradh ar an dá staidéar critéir theangeolaíochta a leagan síos do phobail ag a dtabharfaí stádas Gaeltachta.
bunús eolaíoch scientific basis
" Níl bunús eolaíoch ar bith ag baint leis an uimhir 250,000, a cheap Éamonn Ó Cuív as an aer, nuair a bhí an Straitéis á chur le chéile.
céim idé-eolaíoch ar leith a distinct ideological step
" Anglachánaigh Chorn na Breataine, Modhaigh na Breataine Bige, Preispitéirigh, agus Saor-Phreispitéirigh go háirithe, na hAlban, is céim idé-eolaíoch ar leith ar shiúl iad ó chreidimh Londain, Protastúnachas Anraí viii.
Creideamh Idé-Eolaíoch ideological believe
" Seo agaibh an paradacsa, más ea: chreid Bohr i gcreideamh nár chreid sé féin ann! Creideamh Idé-Eolaíoch ========== Baineann an fealsamh Slavoj Žižek earraíocht chliste as an scéal seo d’fhonn an tslí pharadacsúil ina bhfeidhmíonn idé-eolaíochtaí sa tsochaí chomhaimseartha a léiriú.
ní dhearnadh cur síos ceart eolaíoch air but it wasn’t correctly described scientifically
" Mura mBíonn ach Galar Agat, Bí i Lár an Aontais Eorpaigh Leis ============================== Tugadh an galar faoi deara ar dtús sa Pholainn i 1992 ach ní dhearnadh cur síos ceart eolaíoch air go dtí 2006.
bainimis an brach idé-eolaíoch dár súile let’s open our eyes ideologically
" An Reitric nó an tAllagar? ============ Ná bíodh aon chorrabhuais orainn feasta agus bainimis an brach idé-eolaíoch dár súile d’fhonn an fhírinne shearbh atá folaithe faoi screamhóg mhullaigh na reitrice poiblí seo a nochtadh.
a luacháil go cruinn eolaíoch or value it accurately and scientifically
" Má deir beirt chara leat go bhfuilid i ngrá, abraimis, an féidir leatsa an grá s’acu a thomhas nó a luacháil go cruinn eolaíoch d’fhonn grá na beirte a chur i gcomórtas lena chéile? An bhfuil aon chóras sásúil ann a léireoidh go bhfuil tosaíocht ag an ngrá atá ag duine amháin acu ar an ngrá atá ag an duine eile? Níl.
i gcomhair taighde eolaíoch for research purposes
" Thug alt amháin den státchairde cead do bhaill an Choimisiúin míolta móra a mharú ar bhonn neamhthráchtála, áfach, i gcomhair taighde eolaíoch.
torthaí an chláir eolaíoch seo réamhráite the results of this fore mentioned scientific program
" Níor foilsíodh torthaí an chláir eolaíoch seo réamhráite agus measann saineolaithe go leor gur féidir an t-eolas thuas a fháil gan an t-ainmhí mara a mharú.
In alt san iris eolaíoch in an article in the science journal
" In alt san iris eolaíoch Plos one (www.
chreidimh, acadúil nó eolaíoch religious, academic or scientific
" Ní bhainfí an t-alt nua le ‘focail, fuaimeanna, íomhánna nó scríbhneoireacht… (atá) mar chuid de dhíospóireacht phoiblí ar aon cheist pholaitiúil, shóisialta, chultúrtha, chreidimh, acadúil nó eolaíoch’.