Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
Go fíorannamh very seldom
is fíorannamh it's seldom
" Pléitear cinntí coistí smachta go mion go rialta, ach is fíorannamh a dhéantar plé ar ról an bhainisteora agus lucht bainistíochta.
go fíorannamh very seldom
" Níos suntasaí fós, le blianta beaga anuas níl fiú na ceoltóirí Gearmánacha a bhfuil clú agus cáil bainte amach acu lasmuigh de na ceantracha Gearmánacha le cloisteáil ach go fíorannamh, leithéidí Herbert Grönemeyer, Marius Müller-Westernhagen, Die Ärzte agus Die Toten Hosen.
is fíorannamh it is seldom
" Ní hamháin go mbíonn an bheirt againn ar fáil chun an obair a roinnt agus cabhrú le chéile, ach cé go mbíonn fonn orainn dís roinnt mhaith taistil a dhéanamh le linn na bliana, is fíorannamh nach mbíonn duine againn i láthair.
Is fíorannamh it is seldom
" Is fíorannamh a dhéanann imreoir gaisce sa pheil agus san iomáint, ach i gcás Dinny tá sé le rá faoi go raibh trí chluiche máistrithe aige.
is fíorannamh it is very seldom
" Ní hé nach bhfuil go leor Éireannach sa tír seo a dtig leo an Ghaeilge a labhairt, ach is annamh a bhímid le chéile agus is fíorannamh nach mbíonn daoine eile inár gcuideachta nach mbíonn ach Béarla acu.
fíorannamh very seldom
" Is fíorannamh a bhíonn bearna mar sin eatarthu chomh gar seo do thoghchán.
go fíorannamh. very seldomly
" Ba chuma cén comórtas gailf ar domhan a raibh sé páirteach ann, bheadh daoine ag cur na ceiste ar a chéile ar mhachairí gailf na tíre: "Cén chaoi a bhfuil ag éirí le Harrington?"Bhí an cháil ar Phádraig ar feadh na mblianta mar imreoir a chríochnaíodh sa dara háit go minic i gcomórtais ar fud an domhain agus mar dhuine nach raibh sé ar a chumas aige an chéad áit a bhaint amach, ach amháin go fíorannamh.
go fíorannamh very seldom
" Nuair a thugadh sé ceann, rud a tharla go fíorannamh, thiteadh a chuid figiúirí faofa láithreach.
fíorannamh very seldom
" Is fíorannamh go deo a théann na meáin chorporáideacha go croílár an scéil, agus ní haon eisceacht é an scéal seo.
fíorannamh very seldom
" Is go fíorannamh a bhím ag tiomáint.
fíorannamh very seldom
" Eagraítear scuabgheallta sna hionaid oibre, a thugann deis do na daoine iontu geallta beaga a chur ar an rás, agus is fíorannamh nach mbíonn teilifíseán ar siúl in ionad oibre le linn an rása mhóir.
go fíorannamh very seldom
" Lena chois sin, baintear úsáid go fíorannamh as an CASA (ar chostas €2,821 san uair) mar chúltaca don tSeirbhís Aerthaisteal Aireachta, agus tá na turais sin san áireamh san anailís seo.
fíorannamh very seldom
" Is léir gur sochaí shaolta í an Astráil agus, dá bhrí sin, is fíorannamh a bhíonn cúrsaí creidimh i lár an aonaigh abhus.
fíorannamh seldom
" “Ní thagann bród orm ach go fíorannamh.
is fíorannamh it's very seldom
" Cé go mbíonn siad réidh i dtólamh a ndúiche a chosaint, is fíorannamh a dhéanann ceann acu ionsaí ar aon duine.
fíorannamh a thagadh sé isteach ar obair he seldom came into work
" I súile an tseanréimis, a raibh ceannas acu ar COG le fada, bhí sé sách dona go mbeadh lucht acadúil ag dul isteach i gceardchumann, ach níos measa fós, bhíodar tar éis ballraíocht a ghlacadh sa WUI, an ceardchumann céanna ina raibh na gnáthoibrithe – na feighlithe, na glantóirí agus na teicneoirí! Bhí alltacht níos mó ar chuid de na ollaimh nuair a shocraigh na léachtóirí dul ar stailc! Léachtóirí ollscoile ag dul ar stailc! Níor tharla sé riamh cheana i stair na tíre! Duine de na hollaimh seanbhunaithe, a raibh sé de cháil air gur fíorannamh a thagadh sé isteach ar obair, thiomáin sé thar an bpicéad.
fíorannamh áfach very seldom however
" Is fíorannamh áfach go mbíonn aon leabhar i nGaeilge ina measc.
is fíorannamh it’s very seldom
" An Móramh faoi Dhó a Theastófas =============== Ní féidir aon athrú a dhéanamh ar bhunreacht na hAstráile ach trí mheán reifrinn agus is fíorannamh a d’éirigh le reifreann abhus.
is fíorannamh very seldom
" Hominid a bhí iontu - daoine a bhí ann roimh an Néandartálach fiú, agus is fíorannamh go n-aimsítear aon rian uathu.
Is fíorannamh anois it’s very seldom now
" Is fíorannamh anois a bhíonn níos mó ná trí leathanach de fholúntais i bhforlíonadh gnó an Irish Times ar an Aoine.