Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
próiseáil físe agus fuaime video and sound processing
" Beidh mionsliseanna cumhachta, teicneolaíocht úr leiriúcháin agus próiseáil físe agus fuaime sna gléasanna amach anseo.
teicneolaíocht físe video technology
" Leis an teicneolaíocht físe atá ar fáil faoi láthair, is féidir linn go léir iarracht a dhéanamh aithris a dhéanamh ar eachtraí Hector ar TG4 - ach cén fáth a bhfuil na comhlachtaí ríomhaireachta ag tabhairt na mbogearraí cuí amach saor in aisce? Is beag ríomhaire nua nach mbíonn bogearraí le fáil air a chuireann ar chumas duine eagarthóireacht a dhéanamh ar fhíseáin.
cúrsa Físe agus Ríomhaireachta a Video and Computing course
" An clár eile atá á reáchtáil againn ná cúrsa Físe agus Ríomhaireachta.
theileachomhdhálacha físe video conferencing
" Ná bac leis an gcaint faoi theileachomhdhálacha físe le cabhair nascanna leathanbhanda - má fhágtar seacht gcinn de ranna rialtais i mBaile Átha Cliath is ansin a bheas an fhíorchumhacht agus is ansin a bheas cuid mhaith de na daoine is cumhachtaí ag iarraidh a bheith.
mhíreanna físe video clips
" Idir mhíreanna físe, bheochain bhríomhara agus thaispeántais idirghníomhacha, tá áiseanna den scoth curtha ar fáil dóibh siúd a bhfuil spéis acu i Mars - agus sa teicneolaíocht agus san eolaíocht go ginearálta.
thraidisiúin físe visual tradition
" " Agus an smaoiníonn sí uirthi féin mar chuid de thraidisiúin físe na hÉireann? "Ní smaoiníonn! Faoi láthair tá claonadh i dtreo na péintéireachta tapaidh, taosaí ann, le neart léaslínte.
físe vision
" Tá a ndícheall déanta ag na Poblachtánaigh an eagla a chothú, le fógraí teilifíse, cuir i gcás, a thaispeánann mic thíre ag teacht níos cóngaraí agus níos cóngaraí don cheamara.
easpa físe lack of visioin
" Is amharclann sheanbhunaithe í Amharclann na Mainistreach agus b'fhéidir go bhfuil easpa físe agus easpa nuálaíochta inti.
Malairt físe alternative vision
seirbhísí físe video services
" In Éirinn freisin tá na stáisiúin teilifíse ag brú ar aghaidh le seirbhísí físe ar an idirlíon.
mar gheall ar mhíreanna maithe físe about good video excerpts
" I measc na mbuntáistí atá ann do chomhlachtaí agus d’eagraíochtaí físeáin a fhoilsiú ar an idirlíon tá (a) an costas íseal a bhaineann leo (má tá físeán nó fógra cruthaithe acu cheana féin ní chosnaíonn sé mórán é a chur ar fáil do lucht féachana domhanda ar an idirlíon) agus (b) an phoiblíocht chumhachtach (insíonn daoine dá chéile mar gheall ar mhíreanna maithe físe agus mar sin tugann daoine níos mó airde orthu).
suíomhanna físe idirlín internet video sites
" In aois seo na bhfón póca agus suíomhanna físe idirlín is beag is fiú a bheith ag díospóireacht faoi chúinsí eitice agus pé acu ar cheart nó nár cheart na pictiúir a thaispeáint.
ar cheamaraí físe on video cameras
" Go deimhin, is ar cheamaraí físe amháin a bhíonn grianghrafadóirí de chuid nuachtáin áirithe i SAM ag glacadh a gcuid pictiúr anois.
sa chartlann fuaime agus físe in the sound and vision archive
" Maireann lorg a láimhe ní hamháin sa chartlann fuaime agus físe a choimisiúnaigh sé ach, níos tábhachtaí fós, i misean Gael Linn, an t-eagras a chomhbhunaigh sé agus lenar chaith sé a shaol oibre.
Fear físe a man of vision
" Fear físe ab ea é Dónall Ó Móráin, duine de lucht bunaithe na heagraíochta sin, a bhí in ann daoine eile a spreagadh agus a thabhairt leis, mar aon le rudaí a bhaint amach a chuaigh i bhfeidhm go mór ar dhaoine agus a raibh tionchar inbhraite acu ar chur chun cinn na Gaeilge.
easpa físe lack of vision
" ” An síleann sé go bhfuil easpa físe i gceist i bhForas na Gaeilge, mar sin? “Sílim é.
na cineálacha éagsúla físe i leith thodhchaí na tíre the kinds of visions regarding the future of the country
" Mar a thugann an teideal le fios, bhain an plé a rinneadh lena linn leis na cineálacha éagsúla físe i leith thodhchaí na tíre ba mhian leo siúd a ghlac páirt sa chruinniu mullaigh a bheith bainte amach faoin mbliain 2020.
le haghaidh dháileadh ábhair físe for the distribution of visual material
" tv) ná seirbhís ar líne le haghaidh dháileadh ábhair físe a bhaineann le ceol.
Fíorú Físe bringing to life of a vision
" Fíorú Físe Ach bhí fís ag daoine i Ros Muc agus i gCamus, agus an fhís a bhí acu, páirc peile cheart agus ionad le seomraí feistis agus seomraí cruinnithe a thógáil.
fíorú na físe realising (this) vision
" Thuair saineolaithe go leor go mbeadh roinnt de na tíortha seo céim ar chéim leis na Stáit Aontaithe faoi lár na haoise seo, ach is í an tSín is mó atá ag fíorú na físe seo, geall leis.
físe visual
" Agus sí an teip is mó díofasan uilig ná teip bhunúsach scripte agus físe.
iareagarthóir físe former visual editor
" Stiúrthóir: **Risteard Ó Domhnaill** Léiritheoir: **Rachel Lysaght** Eagarthóirí: **Nigel O’Regan agus Stephen O’Connell** Cliar: **Pat (The Chief) O’Donnell, iascaire agus Willie Corduff, feirmeoir** Fad: 60 nóiméad Mar iareagarthóir físe, deirimse leat nach in éad le Nigel O Regan a bhí mé nuair a chuala mé an líon uaireanta an chloig de bhuntéip a leagadh os a chomhair; 400 céad! Tá ardmheas tuillte aige as an tsúil ghéar agus as an máistreacht theicniúil atá léirithe aige sa scannán An Píopa.
áilleacht na físe the visionary beauty
" “Maith dom, a mhórgacht, ach ar mhiste leat mé ag cur agallaimh ort?” “Cé atá ann?” a d’fhiafraigh Enda, agus é ag iarraidh teacht chuige féin ó áilleacht na físe a bhí aige.
tionscal na físe agus closamhairc audio visual industry
" Ba shin é bunú an tionscail seo agus is cuma céard déarfas muid, tá tionscal ann, tionscal na físe agus closamhairc.
cur leis an tionscal físe add to the visual production industry
" Meitheal Forbartha na Gaeltachta =================== **SMM: Cad é an dóigh chun cinn sa Ghaeltacht nuair a tchímid Meitheal Forbartha na Gaeltachta druidte dúnta agus srianta ar Údarás na Gaeltachta? Ar cheart cur leis an tionscal físe? - Go mbeadh seirbhís iomlán teilifíse Ghaeilge ann a bheadh ag freastal ar na cainteoirí is saibhre sa Ghaeltacht agus ar ‘Éire na Gaelscolaíochta’ fosta mar tá an ghlúin Gaeilgeoirí aníos sa Ghalltacht ag éirí iontach líonmhar?** DMFh: Aithním an obair a bhí á déanamh ag Meitheal Forbartha na Gaeltachta ó bunaíodh iad agus an freastal agus seirbhísí a thug siad do mhuintir na Gaeltachta.
físe vision
" Lios Tuathail 07 ====== **CNíA**: Agus chuireas glaoch ar mhuintir na féile i Lios Tuathail, mar bhíos ag smaoineamh go díreach ar chéard é atá i Sunday Miscellany, cén cinéal scríbhneoirí, cén cinéal lucht éisteachta, cén cineál físe atá aige mar chlár agus is dóigh le léiritheoirí éagsúla anuas tríd na blianta, tá físeanna éagsúla i gceist cé go bhfuil an rud bunúsach céanna ag tarlú an t-am ar fad ó 1968.
Teilgean Físe agus Íoc an Cheadúnais projecting an image and paying the licence
" Teilgean Físe agus Íoc an Cheadúnais ================== Maidir leis an táille eile, is scéal eile ar fad í.
mílte bealaí físe ann thousands of methods of video in use
ngnóthaí físe agus craolta broadcasting and visual matters
" Má tá neamhfheidhmiúlacht Ghaeilge curtha i leith ranna rialtais ó bhunú an tSaorstáit anuas, tá athbheochaint i gceol na hÉireann, i saol rince agus dam(h)sa gaelacha – ar fud an domhain, i ngnóthaí spóirt (na Gaeil Óga, foireann ag Gael-Taca, Comórtas Laochra Loch Lao 7 eile nuair a thiocfas ann dóibh), sa damsa aonair, sna hamhráin sean-nóis, i scolaíocht lán-Ghaeilge, i ngnóthaí físe agus craolta na Gaeilge le glúin anuas.
scánnain agus físe film and visual
" Is é an catagóir scánnain agus físe an catagóir is mó idir líon na dtograí agus líon airgead ardaithe ag $59.
go háirithe nuair a taispeánadh athchraoladh físe particularly when a playback video was shown
" Tar éis do Luiz Suárez, imreoir sacair de chuid Learphoill, a chuid fiacla a bhá i gcraiceann a chéile comhraic Branislav Ivanovic (ag imirt le Chelsea) i gcluiche i bPríomh-Roinn Shasana, bhí alltacht agus déistin ar dhaoine a chonaic an eachtra go háirithe nuair a taispeánadh athchraoladh físe ó cheithre cheamara éagsúla arís is arís ar an teilifís.
a mhacasamhail d'ábhar físe similar visual material
"a mhacasamhail d'ábhar físe ag TG4 le seacht mbliana déag anuas gan trácht ar na cláracha Gaeilge a rinne RTÉ ó bhunú an stáisiúin i leith.
hiriseoir físe video journalist
" Ciallaíonn sin gur féidir le hiriseoir físe – nó tú féin, a léitheoir dhil – dul chuig seimineár éigin, ceamara beag a chur ar siúl agus imeachtaí an lae a chraoladh beo ar an idirlíon ar an bpointe (má tá ceangal leathanbhanda ar fáil san ionad); freastal ar an ócáid agus nótaí a ghlacadh; alt anailíse ar ábhar an tseimineáir a scríobh an oíche sin; agus pacáiste iomlán leis an alt, nasc chuig taifead den chaint, agus grianghraf a chrochadh ar do bhlag (nó a sholáthar do nuachtán idirlín) an mhaidin dár gcionn.
le hais na físe compared to the vision
" Déarfainn go raibh foireann Google ag obair ar an dtogra sin i bhfad sular tháinig Kurstzweil ar bord ach ní fheadar ar bhrúigh sé amach na forbairtí seo ionas go mbeadh siad in ann tús a chur le bailiú eolais faoin úsáid a bhaineann daoine as teanga aiceanta i gcuardach agus le huirlísí soghluaiste? Ach is beag an fhorbairt seo le hais na físe atá ag Kurzweil.
a lárnaí is atá tionscal na físe how central the film/visual/video industry is to
" Léiríonn nochtadh scéal Gaeltachta mar sin ag na Gradaim Chumarsáide a lárnaí is atá tionscal na físe i saol na Gaeilge.
i réimsí físe in the visual realms
" Reicimis a bhfuil le roinnt againn i réimsí físe i Londain agus i gcríocha i gcéin, mar nílimid gan chairde i dtíortha thar lear ná i dtíortha atá lasmuigh de dhomhan an Bhéarla.
shaol na físe the world of visual (media)
" Cuireann Pat Butler tús an mhí seo le dearcadh isteach ar shaol na físe ar fud an tsaoil mhóir.
tionscal físe (audio)visual industry
" Cíoradh tionscal físe na Gaeilge mar atá agus mar a bheas.